Dán
le Seán Ó Leocháin
Do Leanbh nár Saolaíodh
Tá an ghrian ag dul faoi ar deireadh
go mall mall caithréimeach
an lá is faide sa bhliain:
gan níos mó is féidir léi a dhéanamh
gluaiseann sí léi ar a cúrsa
agus fágann an dorchadas ina diaidh.
D'éirigh sí go moch ar maidin,
thug sí léi an bheatha is an solas,
thug sí léi an ghile is an teas
ach ní féidir léi bás a fháil:
gan dul níos faide ná an bás
ní féidir léi cabhrú leat.
Níor tháinig tú i gcruth mar a cheapamar,
slán in aigne is i gcorp,
gan i ndán duit teacht chun solais
ná dul ón ngreim a bhí ort.
Agus tá an ghrian ag dul faoi ar deireadh,
ní raibh sí riamh chomh mall:
ní féidir léi fanacht níos faide
agus críoch le cur le do lá,
a chuid le ligean leis an dorchadas
ó scar tú linn roimh am
nó paidir na maidine le rá
cé nach bhfuil an mhaidin ann.
21.6.2012, Seán Ó Leocháin
Feasta, Nollaig 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo