Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údair

Naisc


- - íosmhéid vótóirí riachtanach? - -

Is tar éis an bhirt a aithnímid ár leas. Gan amhras dá mba léir don rialtas a achrannaí agus a bheadh an reifreann faoi chearta leanaí is é is dóichí ná go bhfanfaidís glan ar fad de. Is é an scéal is déanaí anois ná go bhfuil beirt éigin le dul chun na cúirte chun dúshlán an reifrinn a thabhairt, agus é le rá acu go raibh sé neamhbhailí i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí, go raibh an t-eolas a scaip an rialtas faoi claonta agus míchothrom. Ní hé an t-aon bheartas le déanaí ag an rialtas é atá imithe sa bhfaopach orthu.

An raibh, i ndáiríre, aon dian-riachtanas ar aon chor leis an reifreann seo, nó an amhlaidh nach bhféadfaí pé deacrachtaí a bhain le cosaint agus le cearta leanaí a shárú trí ghnáthreachtaíocht an stáit? Mar sin féin, bhain sé iarracht de gheit asainn a léamh ar an idirlíon le déanaí — curtha ann ag grúpa éigin sna Stáit Aontaithe, a bhain go mór leis an eite dheis ba dhóigh leat — gur ionsaí a bhí sa reifreann seo ar chearta an teaghlaigh agus tuismitheóirí, agus gurb amhlaidh go rabhthas ag cur an Stát i dtús áite orthu. Ba idé-eolaíocht de chuid na heite clé a bhí i gceist, dar leo!

Táimid, b’fhéidir, ró-shaonta sa tír seo agus níor rith sé mórán linn go raibh aon rian de chomhcheilg dá leithéid sin i gceist. Cad a déarfadh ár dTánaiste faoi nó an Taoiseach féin? Nach bhfuil dóthain mór fadhbanna acu na laethanta seo!

Ach is féidir gurb é an ceacht is mó atá le foghlaim ón reifreann seo, ag an rialtas ach go háirithe, nach cóir a bheith ag leasú an bhunreachta gan fíor-riachtanas a bheith leis. An de bharr an pobal a bheith ar a leithéid sin d’aigne nár vótáil ach thart ar thrian díobh sin a raibh vóta acu, agus fiú, b’fhéidir, gur vótáil níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis in aghaidh an leasaithe.

Agus cén chiall atá le leasú ar an mbunreacht mura bhfuil ach thart ar vótóir as cúigear ina fhábhar. Ar chóir, fiú, go gceadófaí leasú ar bith mura mbeadh íosmhéid díobh sin a bhí i dteideal vótála ar a shon? Is cinnte go bhfuil stádas ar leith ag an mBunreacht, agus tá sé tábhachtach nach mbeadh mionleasuithe á ndéanamh uirthi de thruip na huaire. Tá sé tábhachtach leis é sin a lua faoi láthair, nuair atá conbhinsiún bunreachtúil á thionól go luath i mBaile Átha Cliath. Tá ábhair ar an gclár a mbaineann impleachtaí leo don Bhunreacht. Go deimhin is deacair gan a bheith in amhras faoi thábhacht cuid de na hábhair atá á bplé, agus go deimhin faoi bhallraíocht an choinbhinsiúin, ach go háirithe an bealach ina bhfuil baill den phobal á roghnú. Cén fáth go mbeidh na baill seo anaithnid?

Is deacair éaló ón tuairim go bhfuil baint ag an gcoinbhinsiún le geallúintí toghcháin Fhine Gael faoi leasuithe móra a bhí i gceist ar ár gcóras polaitiúil agus vótála. Aisteach go leor níl trácht ar dheireadh a chur leis an Seanad.

Feasta, Nollaig 2012

Abhaile | barr | clár na míosa seo