Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údair
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
An tráth seo bliana, sa bhaile agus i gcéin, le Seán Ó Loingsigh
An féidir gur ró-scrupallacht nó easpa misnigh a bhí ann ó thaobh dochtúirí, nó imní go mbeadh a ngairm bheatha i mbaol dá gcuirtí isteach ar aon bhealach ar an ngin?
——◊——
Nuair a bhíomar ag trácht ar cheannairí agus ar cheannaireacht mí ó shin, níor dheineamar aon tagairt do Barack Obama atá atofa anois mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Nach é siúd an ceannaire is mó cumhachta díobh uile, mura bhfuil an gradam sin, nó an t-ualach sin, gafa anois ag Xi Jinping na Síne, fear a thug cuairt ar an tír seo ní rófhada ó shin.
Pé ní, tá an dara téarma bainte amach ag Obama. Ag féachaint siar dúinn ar an ngealltanas agus an dóchas a bhain lena theacht i láthair, déarfar nár mhaith a mhair sé a cháil, nó nár chomhlíon sé ar an ngealltanas. Ag breathnú thart, tá go leor nár athraigh. Leanann an chogaíocht sa Mheán-Oirthear agus san Afraic. Tá na ladrainn, na drónanna feallmharfacha úd, sna spéartha os cionn na Pacastáine. Is beag an faoiseamh atá ann dóibh sin atá faoi léigear in Gaza. Tá deachtóirí curtha de dhroim seoil, ach amháin iadsan atá i ngéillsine don Pheinteagán i Washington. Tá Guantanamo ann go fóill. Is léir go bhfuil cead a chinn i gcónaí ag Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael.
An féidir a rá mar sin go bhfuil cúrsaí a bheag nó a mhór mar a bhí an lá a d’fhág George W. Bush an Teach Bán? Tá fhios againn nach bhfuil, agus bheadh sin amhlaidh pé acu an bhfuilimid ag caint ar na Stáit féin nó ar na críocha thar lear ina a bhfuil a ladar ag na Meiriceánaigh. Agus, ar ndóigh, thiocfadh dúinn a bheith ag tuairimíocht faoi cé chomh mór níos measa a d’fhéadfadh cúrsaí a bheith dá mbeadh George W. nó a leithéid fós i gceannas i Washington.
Is eol don saol go raibh deacrachtaí móra le sárú ag Obama le linn a chéad téarma oifige. Bhain siadsan cuid mhór leis an easpa tacaíochta a bhí aige sa Chomhdháil, go háirithe tar éis do smacht a chailliúint i dTeach na nIonadaithe in 2010. Ina fhochair sin d’fhéadfaí a rá go raibh cúlú tubaisteach an gheilleagair in 2008 mar oidhreacht aige. Níor bheag ar aon chor mar bhacanna iad, agus go deimhin leanfaidh a dtionchar ag srianadh pé dul chun cinn is féidir a dhéanamh sa dara téarma oifige.
Mura bhfuil an fhaisnéis nó an todhchaí chomh gléigeal agus a bhí ceithre bliana ó shin, nó mura bhfuil an tnúthán céanna meisiasach ag gabháil le dara téarma an Uachtaráin Obama, is féidir gur fearr mar sin é. Maireann an phearsantacht agus cuid mhór den tarraingteacht ar leith a ghaibh le Obama. Seans nach mbeidh sé chomh mór ar a aire agus a bhí sa chéad téarma. Caithfear dul geábh beag eile den bhóthar leis, ach mar a bhí ag an ‘Iolar’ sa Sciobairín fadó beimid ag coinneáil ár súil air.
—◊—
Anseo sa bhaile, amhail is nár leor ár bhfadhbanna eacnamaíocha, tá claonadh againn malairt fadhbanna a chruthú dúinn féin, nó b’fhéidir gur d’aon ghnó a deintear é. Tá, gan amhras, drochbhuiséad eile romhainn. Gan amhras deineadh a bheag nó a mhór de chiseach den reifreann faoi chearta leanaí agus tá cás cúirte ag bagairt faoi sin. Ní hé sin is measa, ná is mó imní, ach bás tragóideach Savita Halappanavar sa Ghaillimh. Tá diminsean breise ag roinnt leis sin, de bhrí gur beatha duine atá i gceist agus go bhféadfadh beatha daoine eile a bheith i mbaol. Agus, ar ndóigh, tá na himpleachtaí polaitiúla ann freisin.
Tá dainséar ann go gcasfaí an cheist ina conspóid idir iadsan atá ‘ar son na beatha’ agus iad atá ‘i bhfábhar rogha’. Leanfaidh an choimhlint sin. Scéal eile ar fad é an chóir leighis atá ar fáil do mhná torracha in ospidéil na tíre seo. Cé chomh sábháilte agus atá sin? An bhfuil srianta i gceist ó thaobh eitice nó reiligiúin, nó fiú ó thaobh na móráltachta, a chuireann beatha na mná i mbaol? Is dóigh liom gur shíleamar nach raibh, agus nach raibh aon cheist ach go bhféadfaí toircheas a thabhairt chun críche i gcás go raibh aon bhagairt ann do bheatha na máthar. Anois tá dúshlán tugtha don tuiscint sin.
Nó an bhféadfadh gur neamhéifeacht ó thaobh foirne nó na córach leighis a bhí i gceist? An féidir gur ró-scrupallacht nó easpa misnigh a bhí ann ó thaobh dochtúirí, nó imní go mbeadh a ngairm bheatha i mbaol dá gcuirtí isteach ar aon bhealach ar an ngin? An fíor, mar a dheimhníon Praveen Halappanavar, gur éiligh sé féin agus a bhean chéile, Savita, go gcuirfí deireadh leis an toircheas sula bhfuair Savita bás agus gurbh é a fuair siad mar fhreagra ná gur ‘tír Chaitliceach’ í an tír seo.
Tá go leor cainte faoi ‘soiléire’ agus fiche bliain atá curtha amú gan reachtaíocht. Is féidir go mbaineann deacrachtaí lena leithéid de shoiléiriú. Céard go díreach a chiallaíonn sé? An amhlaidh go gcaithfí liosta fada a dhéanamh a chlúdódh gach uile chás agus go bhféadfaí cur leis an gconspóid dá bharr, agus gur doiléire a bheadh mar thoradh air in áit na soiléire. Mar sin féin, is cosúil anois go gcaithfear dul ar aghaidh leis an reachtaíocht seo, bíodh gur cinnte go leanfaidh raidhse eile conspóide é sin.
Pé ní a shásaíonn Praveen Halappanavar maidir leis an gcineál fiosrúchán a dhéanfar is léir, ó thaobh sábháilteachta in ospidéil, go bhfuil riachtanas le fiosrú sa ghearrthéarma chun dul i bhfeidhm air sin, pé fiosrú eile a bheidh riachtanach ar ball.
—◊—
Dheineamar leath-thagairt níos luaithe don bhuiséad atá ag bagairt orainn, agus bí cinnte gur bagairt atá i gceist. Ba chóir go mbeimis ag dul i dtaithí a leithéidí. Seo an cúigiú buiséad as a chéile ó aistríodh iad ó mhí na Márta go tús mhí na Nollag — ná bí ag trácht ar bhrontanais Nollag. Ba sa bhliain chéanna in 2008 a thosnaigh an ghéarchéim sa gheilleagar agus bhíomar ag tuairimíocht go leanfadh sí ar feadh cúig bliana. Bhí breall orainn. Tá na cúig bliana caite agus is dána a bheadh ag tuar anois cén iolrú ar an tréimhse sin a bheidh i gceist sula mbreacann an lá arís.
An bhfuil an pobal ag dul i dtaithí na mbuiséad cruálach seo, nó an bhfuil teip misnigh i gceist, easpa meanman. ‘Múscail do mhisneach, a Bhanba’ a dúirt an file fadó nuair a bhí ár gcás i bhfad níos mó in ísle brí ná mar atá againne. ‘Conas atá an misneach’ a deirtí i gCorca Dhuibhne mar bheannú. Ní fhiafrófaí díot conas mar bhí agat ná leat. A fhad a bhí do mhisneach ard níor bhaol duit.
An tráth seo bliana leis ba ghnách dúinn staid na Gaeilge a mheas, agus iontas na n-iontas, ní haon dea-thuairisc atá againn i mbliana ach oiread. Is beag dul chun cinn a fheictear dom féin, cé go dtuigim go maith go bhfuil go leor nach n-aontódh liom, daoine a bhfuil cur amach níos fearr acu ar staid na teanga ná atá agamsa. Is fíor go maireann dea-thoil na gnáthmhuintire agus go bhfuil sé sin amhlaidh freisin i gcás na bpolaiteoirí. Luaitear go léiríonn suirbhéanna éagsúla é sin mar a dheineann na daonáirimh go rialta.
Ní dóigh liom go bhfuil sé fíor i gcás struchtúir an stáit. Is cinnte nach bhfuil sé fíor i gcás na státseirbhíse. Tá faisnéis an Choimisinéara Teanga againn maidir leis sin. Más minic ráite cheana anseo é, ní mór é rá arís agus arís go bhfuil sé go mór in amhras gur féidir an Ghaeilge a thabhairt slán mura bhfuil sí ina hábhar riachtanach iontrála don státseirbhís. Dá bhféadfaí é sin a chur ina luí ar pholaiteoirí ba mhór an ní é, mar is féidir anois gurb é sin an t-aon bhealach chun aon dul chun cinn a dhéanamh.
Gan amhras níl staid na Gaeilge sa chóras oideachais go maith ach oiread, mar a d’admhaigh an Roinn Oideachais féin cúpla bliain ó shin, agus níl an staid sin gan baint a bheith aige lena raibh le rá faoin státseirbhís. Ón taobh sin ba í an Ghaelscolaíocht an t-ábhar dóchais ba mhó dá raibh againn. An bhfuil an ghluaiseacht sin beagnach ina lánstad faoi láthair? Ní miste a rá ná gur chúis áthais agus dóchais go raibh a dteacht le chéile bliantúil ag Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta agus ag Gaelscoileanna i bhfochair a chéile i mbliana. Nach mbeidh dóthain le foghlaim acu óna chéile!
I gcás na Gaeltachta tá an bhéim ar theorainneacha agus teorannú, laghdú ar stádas an Údaráis agus gan amhras ar a gcuid airgid. Tá deireadh curtha le scéimeanna seanbhunaithe gan tada ina n-áit ach pleananna teanga nach eol céard a chiallaíonn siad ná céard a bheidh mar thoradh orthu.
Nach liodán diúltach go maith é sin. Is féidir cur leis gan ach tagairt don leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil a tháinig amach le déanaí, — nach bhfuil sé soiléir ar fad cén stádas atá aige, nó go gcaithfí fanacht trí bliana sula mbeadh a fhios againn. An bhfuil an seanleagan as feidhm? Conas, leis an éiginnteacht seo, gur féidir do mhúinteoirí an teanga a mhúineadh, ná do lucht foghlama í fhoghlaim?
Is cinnte, go háirithe i gcás an lucht foghlama, nach gcuireann an éiginnteacht, gan trácht ar an gcastacht bhreise atá i gceist, le tarraingteacht na teanga. Dála an scéil, cá luíonn an t-údarás i gcás mar seo, an focal deireanach, mar déarfá?
Tar éis a raibh le rá againn níos luaithe faoin misneach, is baolach go bhfuilimid an-diúltach agus sinn ag druidim le deireadh na bliana. B’fhéidir go mbeadh port níos dearfa againn le teacht na hathbhliana. Go dtí sin, Nollaig shona!
Feasta, Nollaig 2012
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|