Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Meirge an Laoich

le Ceaití Ní Bheildiúin
Coiscéim. BÁC, 2013. €10



Sliocht as caint a thug Pádraig Ó Héalaí ag an seoladh le linn Scoil Cheoil an Earraigh i Músaem Chorca Dhuibhne, Baile an Fhirtéaraigh, 15 Feabhra 2013




Táim an-bhuíoch do Cheaití agus go deimhin faoi chomaoin aici, as cuireadh a thabhairt dom an leabhar is déanaí léi, Meirge an Laoich, a sheoladh, mar is údar mórtais dom cnuasach filíochta chomh breá leis seo a chur i láthair an phobail.

Is ócáid phléisiúrtha, ócáid cheiliúrtha, i gcónaí í seoladh leabhair. Bíonn tréimhse luí seoil curtha di nó de ag an údar, agus anois tá toradh ar an dua agus ar an bhfoighne atá caite leis an saothar á chur os comhair an tsaoil go lúcháireach i bhfoirm leabhair. Tá an bábán beag curtha ar an saol, nó i gcás cnuasach filíochta mar atá i gceist tráthnóna, is geall le bunóicín ag an údar gach ceann de na dánta ann, ionas gur féidir a rá go bhfuil an t-ál go léir saolaithe. Is rud an-nádúrtha é, go mbaileodh cairde agus comharsana isteach chun fáiltiú roimh an déantús nua atá cruthaithe, agus fonn orthu a bheith páirteach i gcóisir bheag ina ómós.

Ar ndóigh, leanann ríméad faoi leith saolú linbh comharsan agus sin é atá i gceist againn tráthnóna le Meirge an Laoich, leabhar Cheaití, mar roghnaigh sí féin agus a fear céile Billy, pobal Chorca Dhuibhne mar a gcomharsana nuair a lonnaigh siad ar an gClais, in uachtar pharóiste Múrach roinnt blianta siar. Is dearbhú ar shaibhreas thaithí saoil Cheaití sa phobal seo cuid mhór de dhánta an leabhair, agus ní miste dúinn a bheith bródúil as tuairisciú chomh fileata sin a bheith déanta ar ár dtimpeallacht. Féach mar atá a bá leis an áit agus a hómós dá traidisiún curtha in iúl aici ina dán ar thuras Chnoc Bréanainn:
Taibhsítear bhur gcosa dom
ag rith, ag rince, ag rás,
gach bonn coise ag pógadh na talún.
Santaíonn mo chnámha bhur macnas.
Mothaím mian diamhair mo chine
ag cothú rithim na hársaíochta ionam …

Ón gcré atá beo le seanchas
súim stair agus scéalta
fios agus draíocht … (lgh 64-5).

Is múinteoir bunscoile í Ceaití, agus aithne mhaith uirthi sa taobh seo tíre mar gur beag scoil sa leathinis ná fuil tréimhse ionadaíochta déanta aici inti. Ní hí an mhúinteorieaht an t-aon cheard atá aici, mar tá scil leis aici sna meáin leictreonacha, agus oiliúint mhaith uirthi ag plé le cúrsaí fuaime agus scannánaíochta. Le tamall anois, áfach, is le healaíon an fhocail, agus go sonrach leis an bhfilíocht atá sí gafa, den chuid is mó, agus is léir gur duine í nach ndéanann aon dá leath dá dícheall nuair a théann sí i ngleic le rud éigin.

Cheana féin tá dhá chnuasach filíochta foilsithe aici, An Teorainn Bheo 2007, agus Púca gan Dealramh 2010. Ghnóthaigh An Teorainn Bheo duais Oireachtais agus bhuaigh dánta dá cuid duais faoi dhó sa chomórtas gradamúil a eagraítear go bliantúil ag Féile Bhéal Átha na mBuillí, Co. Ros Comáin. Bíonn sí páirteach i gceardlanna filíochta sa Díseart faoi threoir mháistriúil an Mhons. Pádraig Ó Fiannachta, agus sa bhFéile Bheag Filíochta a eagraíonn Louis Mulcahy anseo i mBaile an Fhirtéaraigh — féile nach féile bheag in aon chor í, ach féile a mbíonn spéis ag go leor daoine inti agus freastal maith uirthi bliain i ndiaidh bliana.

Tá aitheantas tugtha do chumas Cheaití ag an gComhairle Ealaíon a bhronn sparánacht liteartha uirthi sa bhliain 2010, agus dhá bhliain roimhe sin ceapadh í faoi scéim Ealaíon na Gaeltachta mar fhile cónaitheach sa Díseart. Tá eolas pearsanta agam ar a dícheall i mbun oibre ó chuireas aithne ar dtús uirthi mar dhuine den bhuíon dhúthrachtach a bhí páirteach i gcúrsa dioplóma a d’eagraigh Ollscoil na hÉireann Gaillimh, ar Léann an Traidisiúin, i bPobal Scoil an Daingin 2008-2010. Bhain sí an Dioplóma sin amach gan stró agus tá a bá le béaloideas soiléir ó na dánta. Mar shampla beag amháin de sin luafad an dán ‘Ómós’, agus an t-aitheantas a thugtar ann don seantuiscint go raibh bua leighis is maitheasa in uisce a luífeadh i bpoll carraige:
… Ar fhalla cosanta aimsím log i gcloch
Is báisteach bailithe ann.

Tumaim mo lámh sa mhias
gan ordú uaim
dom bheannú. (lch 66)
Bímid ag súil leis go ndéanfaidh an file éachtaint éigin a thabhairt dúinn ar an saol ionas gur fearr a thuigfimid sinn féin is ár dtimpeallacht. Léiríonn focail an fhile agus í nó é os cionn a b(h)uille, mianach an duine agus imeachtaí an tsaoil i slí níos gléine ná mar a fheictear dúinn féin iad. De bharr íogaireacht thuiscintí an fhile agus a c(h)umais friotal beacht a chur ar bhraistintí agus ar thaithí, scaoiltear isteach i ndomhan duine eile sinn, mar roinneann an file a shaol príobháideach linn, agus sa tslí sin, osclaítear as an nua ár súile agus bíonn úire ag baint leis an rud a fheicimid. Is ansan go díreach a luíonn an fiúntas a bhaineann leis an gcnuasach filíochta seo mar éiríonn leis an bhfile seo samhailtí agus íomháineachas a aimsiú a bhaineann geit thaitneamhach as an léitheoir agus a nochtann fírinne dó.

Ní haon údar ar fhilíocht mise, agus níl fúm a dhéanamh anseo ach tagairt do chúpla rud a thaitníonn liom i ndánta an leabhair seo. Déarfad ar dtús gur mór an chreidiúint do Cheaití agus gur mór an sásamh don léitheoir, an saibhreas cainte atá curtha i láthair aici ina cuid dánta. Tá foclóir fairsing iontu, leaganacha breátha cainte agus scata tagairtí a bhaineann macalla as traidisiún na Gaeilge: sa dán ‘Cumhachtaí’ mar shampla, luaitear ‘iomas na gréine is cnóite coill’— focail atá dlúite le scéal bhradán draíochta na Bóinne óna bhfuair Fionn a bhua feasa; de réir an tseanchais d’ith an bradán úd na cnóite coill a bhí lán d’fhios diamhrach —iomas an focal a bhíodh ar sin — nuair a thit siad in uisce na Bóinne, iad aibidh ag teas na gréine san alltar. Buaileann sí tor na seanlitríochta arís sa dán ‘Altóir na Maisiúlachta’, nuair a shamhlaíonn sí a hiarrachtaí le hí féin a ghléasadh go maisiúil, le bheith sa tóir ar an leann a bhí luaite le seandia na gaibhneachta, Goibniu.

De réir na seanscéalta bhíodh an deoch seo á roinnt aige ag an bhféasta síoraí ar an saol eile, agus bhí sé ráite go mbronnadh an deoch seo crot na hóige ar a té a ólann é:
Tá linnte mo shúl caillte i ngleann
dorcha, eagla orm go bhfuil
léas m’óige imithe go tóin poill.

Caite scáinte i gculaith m’iníonachta
á hathnuachan agam i gcomhair
oíche scléipe, a snua á ionladh agam,
leanna Goibhne á lorg. (lch 29-30)

Tugann Ceaití radharc isteach dúinn ar réimsí leochaileacha den saol agus ar phóirsí folaithe na haigne sa leabhar seo. Sa dán ‘Altram’, blaisimid aoibhneas an tsonais a fhaigheann tuismitheoirí ón seal a thugann leanbh altramais ina bhfochair agus ansan an folúntas a fhágann an leanbh nuair a imíonn sé uathu. Tá cur síos breá aici sa dán ‘Scaradh’ ar scarúint chairde agus mar a bháitear le himeacht na mblianta an t-aoibhneas a bhí ann tráth:
Snámhann
cuimhne ár laethanta

i gcomchantain
i gcomhluadar

i gcomhcheangal a chéile
go cuilitheach anois

ar an abhainn
dála duilleoga feoite

ag imeacht róthapaidh
i dtranglam an tsaoil. (lch 72)

Is cuí ar fad a lua anseo gur do Mháirín Feirtéar atá an dán sin tiomnaithe, mar i liosta de na rudaí ab ansa léi a chuir Máirín féin le chéile, tá seoladh leabhair i gCorca Dhuibhne luaite aici ar cheann acu. Guímid suaimhneas i measc na bhfíoraon anocht uirthi!

Ag iompó ar threo eile, féach mar a thugann an file seo léi an t-aoibhneas a bhaineann tuistí as na pictiúiri beaga a dhéanann leanaí dóibh:
Triantán mór comhshleasach
sin é mo chrot le haghaidh an lae …

Níl guaillí orm ná muineál
dhá láimh ag fás go géagach ó mo smig …

Mothaím éadrom is leanbaí
curtha ar snámh ar do leathanach bán … (lch 12)

Téann sí i ngleic le ceisteanna deacra agus imeachtaí náireacha sa saol comhaimseartha: tá caoineadh mothálach aici ar Ann Lovett, an cailín óg cúig bliana déag a fuair bás ag saolú linbh ag grotto na Maighdine i nGranard i 1984. Feictear dom gur cumhachtach an píosa é ‘Meirge an Laoich’, an dán as a n-ainmnítear an cnuasach. Má thuigim i gceart é, cuirtear bean i láthair anseo ar imir a fear céile spídiúlacht agus cruáltacht uirthi, go fiú go mbaineann sé an chluas di. Ach ní dhéanann sí scéal air seachas grianghraf dá cluas stoite a chur amach óna fón póca — seo é meirge íorónta an laoich, comhartha sóirt a laochais. Tá cor spéisiúil ag deireadh an dáin, nuair a thugtar le fios gur mar gheall ar a taithí ar mhí-úsáid a fuair sí ina hóige, nach gciontaíonn sí a fear — feiniméan go bhfuilimid eolach inniu air ó chásanna faoi mhí-úsáid ghnéis.
… Cloisim,
áfach,
glór uaigneach i do chroí,
is tuigim go gceileann tú

eachtra ó t’óige, an síolchneá féin —
ní rabhais ach a naoi —
go doimhin ionat fós.

Agus filleann an feallaire
arís agus arís
i gcultacha difriúla. (lch 20-1)

Tá an oiread samhlaíochta agus doimhneachta i gcuid de na dánta seo go dtuilleann siad plé oilte cuimsitheach. Tá dhá dhán roghnaithe agam ar deireadh a léiríonn cumas Cheaití mar fhile, agus ba mhaith liom iad sin a chur i láthair mar chlabhsúr ar an gcaint seo.

‘Éist leis an gCóta’ is teideal don chéad dán, agus anseo samhlaíonn sí saibhreas cainte Sheáin an Chóta le fallaing nó brat atá á shníomh aici féin do dhuine atá ag foghlaim Gaeilge. Tá imeartas deas focal i gceist leis an teideal seo mar, ar ndóigh, Éist leis an gCóta ba theideal don leabhar a chuir Niall Ó Brosnacháin amach ar fhoclóir Sheáin an Chóta.
Tá fallaing á sníomh agam duit,
íochtar go talamh uirthi
uachtar gan mhuinchillí,
scóip d’fhocail bláthú inti.

Fógraím inneach is dlúth san uige a fhím,
Foclóir leathan is comhréir theann,
Bóna gréasach fíneálta d’aidiachtaí,
As órshnáth gach síneadh, gach séimhiú binn.

… Folaithe i gcuas an chochaill
gheobhaidh tú filíocht gach éigse beo,
seanchas na gcianta siar, sábháilte go deo na ndeor. (lch 49)

Tá paiste istigh i gCom an Lochaigh a dtugtar Com Caillí air, agus sa dán deireanach a luafad, samhlaíonn an file fórsa na stoirme i gCom an Lochaigh le cailleach a bhíonn á hionsaí, ag díriú fuinneamh bagarthach neamhshaolta uirthi, ag iarraidh crúcaí a chur inti. Is dóigh liom gur éifeachtach an íomhá í seo, agus níorbh ionadh go neadódh sí in aigne an léitheora:
Tá an ghaoth ag ardú sa Chom.
… Óna com crochta féin
Gáireann an chailleach.

Ag bualadh a bos preabann sí anuas sa rince
Chun coipeadh is rothlú i mo ghaobhar.

… Tá graí capall gaoithe chugam
ag seitreach is ag cuachaíl,
a gcrúba troma meara ag réabadh na móna.
Bús beithíoch allta na doininne ar mhullach a chéile,
scaoilte i mo choinne ag an gcailleach …

Scréacha callánacha, cága ciardhubha i mo dhiaidh,
ealta ingneach chrúbach chleiteach
ag scrabhadh is ag tabhairt fogha fúm.

Cleas na caillí féin foghlamtha agam
daingním mo chos i bhfeac
is buailim mo bhosa san aer. Scaipeann
na préacháin de ruaig reatha. Priocaim liom
go dtéarnaím ar bhruach eile na habhann.
Ní bhead i mo scroid airneáin anocht agat, a chailligh. (lgh 51-2)
Bhaineas an-taitneamh as an leabhar seo a léamh, leabhar dúshlánach go bhfuil substaint ann, agus go bhfuil seoda fileata neadaithe sna dánta ann. Tá ardmholadh agus an-chreidiúint ag dul don údar, Ceaití Ní Bheildiúin, agus gura fada i mbun pinn í.


Feasta, Aibreán 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais