Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Is dócha gur de bharr gurb í Seachtain na Gaeilge a bhí ann a dhírigh Prime Time ar RTÉ 1 a aird ar staid na Gaeilge le déanaí. Gan amhras nuair a dhíríonn an clár céanna aird ar ghné ar bith dár saol comhaimseartha, ní gnách gur lena bheith moltach a bhítear. Níor thaise don chlár seo é, bíodh sé ina Sheachtain na Gaeilge nó ná bíodh.
Cuirtear inár leith gur minic dúinn a bheith róghoilliúnach sna cúrsaí seo, ach is é a déarfaimis féin nach mbíonn á éileamh againn ach an chothromaíocht: dhá thaobh an scéil, b’fhéidir. Sa chás seo áiríodh ar an scáileán gach uile euro a chaitheann an Stát leis an nGaeilge. Ó thaobh na cothromaíochta, mar sin, nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh léargas beag éigin ar fáil maidir leis an raison d’etre, an chúis lena gcaitear na milliúin seo, nó mar a tugadh le tuiscint dúinn, murar dúradh go hoscailte é, an chúis lena gcuirtear airgead poiblí amú?
Anois, tá a fhios againn go gcaitheann an Stát airgead le réimsí leathana dár saol, ina measc cúrsaí oideachais, sláinte, leasa shóisialaigh, bonneagair agus go leor eile. Níl tír ar domhan nach gcaitheann an Stát sciar dá acmhainní ar ghnéithe a bhaineas leis an gcultúr, agus gan amhras bheadh aird níos mó ar ghnéithe ar leith a bhaineas níos dlúithe, nó go sonrach, le haon tír ar leith. Is eol na gnáthghnéithe a bhíonn i gceist, ach ina measc bíonn an ealaín, drámaíocht, an ceol, iarsmalanna, dánlanna, leabharlanna, séadchomharthaí agus suíomhanna stairiúla agus a leithéidí eile.
Ar ndóigh, is réimse leathan é sin a bhaineas leis an gcultúr agus an oidhreacht. Séard ba mhian linn a rá, agus go deimhin a rá go grod, gur doiligh linn a shamhlú sa réimse sin gné ba thabhachtaí, ba luachmhaire ná teanga bheo ach teanga ársa, leithéid ár dteanga dhúchais féin. Ba bharbartha an gníomh dúinn faillí a dhéanamh inti, agus ba leasc linn go mbeadh a tréigean le casadh linn ag glúnta atá le teacht.
Nílimid ar aon chor ag rá gur barbaraigh na daoine maithe in RTÉ, ná iadsan a bhí i mbun an chláir ag Prime Time. Ach arís, is trua linn an diúltachas, agus fiú an doicheall a léiríodh. Ba thrua an bhéim agus an athrá a bhain leis an téarma díspeagúil sin ‘compulsory Irish’, gan é a chur i gcomhthéacs ar bith, ach atá anois mar a bheadh ina lón lámhaigh ar chláir den chineál seo.
Agus cén ceart atá ag RTÉ a bheith chomh drochmheastúil agus a bhíothas faoin líon mór den phobal a dheimhnigh ar an bhfoirm daonáirimh is déanaí go raibh ar a gcumas an Ghaeilge a labhairt. Más ceist mhaol go maith a bhí ann, agus fiú go bhféadfaí a bheith in amhras faoi líofacht na ndaoine seo, ní cuí go ndéanfaí beag is fiú iomlán de, pé braistint a spreag a ndearfacht.
Go méadaí Dia ar a líon.
|