Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
An Chipir agus an euro ar snámh fós!
le Seán Ó Loingsigh
Is cur chuige nua é go mbeadh dleacht le leagadh ar an ngnáthchuntas taisce bainc, … Níltear ag caint anseo ar shealbhóirí bannaí na drochcháile, an dream beannaithe sin nach ceadmhach barra méire
a leagadh orthu.
———◊———
Féach nach bhfuil aon éaló ón Eoraip na laethanta seo, ná ó dhán guagach an Aontais Eorpaigh go háirithe. Ní luaithe fadhb éigin réitithe nó cúinne éigin casta ná sinn ar ais i bhfaopach eile as an nua. Má bhíomar mí ó shin, idir phobal agus pholaiteoirí, ag ceiliúradh an fhaoisimh a fuaireamar maidir leis na nótaí gealltanais úd, táimid arís anois imníoch faoi ghéarchéim airgeadais na Cipire, agus conas mar a fhéadfadh sí sin cur isteach ar ár gcúrsaí leochailleacha féin.
Má táimid i bhfad ó chéile, oileáin mhara ar imill an Aontais, ní hionann sin agus nach cás dúinne a dtarlaíonn sa Chipir, agus a mhalairt sin ar ndóigh. Ar a laghad ar fad, léiríonn sé dúinn gur fada ó réiteach fadhbanna an Aontais, ach níos measa ná san, más bagairt í a bhfuil tarlaithe sa Chipir do bhuaine an Aontais, conas mar a ráineodh dá mba í an Spáinn nó an Iodáil a bheadh i gceist. I gcás na hIodáile amháin, agus an drochstaid ina bhfuil a gcúrsaí polaitiúla ansin, gan trácht ar an ngeilleagar, thuigfí gur thubaist thar cuimse é dá gclisfeadh ar a mbainc, mar a tharla in Éirinn agus anois sa Chipir.
Thairis sin is ábhar imní ann féin an modh tarrthála atá beartaithe don oileán sin ag an AE agus ag an mBanc Ceannais Eorpach. Is cur chuige nua é go mbeadh dleacht le leagadh ar an ngnáthchuntas taisce bainc, – fiú ar an gceann is lú? Níltear ag caint anseo ar shealbhóirí bannaí na drochcháile, an dream beannaithe sin nach ceadmhach barra méire a leagadh orthu. Is féidir a rá, ar ndóigh, gur cuma rómhór conas mar a éilítear nó a bhaintear an t-airgead, gurb é an toradh céanna a bhíonn i gceist, pé acu an cháin ar uisce nó ar theach cónaithe nó ar ioncam é, nó anois ar chuntais taisce.
Ar chuma éigin, tá casadh breise á bhaint as an scriú anois, agus ní maith an tuar é. Ná ní haon trua atá againn do na holagarcaigh Rúiseacha úd, a ndeirtear linn go bhfuil a milliúin i dtaisce acu i mbainc na Cipire, agus a ndeirtear leis go bhfuil an cháin seo dírithe orthu. Go deimhin, is mór an t-ábhar buartha é go bhféachann sé go bhfuil na dliteanais nua a bhaineann leis an ngéarchéim dírithe ar an seang oiread agus atá ar an sách. Ní hionadh ar fad go mbeadh Teachtaí Dála an Lucht Oibre ar na cúlbhinsí ag éirí corrthónach.
Tá tráchtairí agus saineolaithe ag éirí amhrasach maidir leis an mbealach ina bhfuiltear ag dul i ngleic leis an ngéarchéim is déanaí sa Chipir. Tá tuairim ann go bhfuil cur chuige an Aontais, an Bhainc Ceannais agus an IMF tuatach, agus fiú baolach. Ní cúnamh ach oiread an bhaint atá ag an Rúis leis an scéal. Níltear cinnte anois an mó d’fhadhb pholaitiúil atá ann ná fadhb sa gheilleagar.
Ach i ndáiríre is é is mó imní ná an chosúlacht nach bhfuil aon mhaolú ag tarlú ar an ngéarchéim seo, bíodh go raibh sé sin á chogar le tamall anuas. Ní á chogar a bhí sé ag an Taoiseach, ná ag an Aire Airgeadais, ach amach go hard tar éis a ngaisce leis na nótaí gealltanais, agus tar éis an éilimh a léiríodh arís le déanaí ar bhannaí an Stáit seo ag an dream sin a cheannaíonn a leithéidí. Ba dheacair a bheith ró-mhilleánach ar fad orthu sa mhéid sin, ach de bharr drochscéala na Cipire, beidh an mí-amhras ag méadú arís anois. Agus mar a dúradh, tá an Iodáil agus an Spáinn ag bagairt i gcónaí.
An bhfuil aon dea-scéala againn mar sin? Nach bhfuil moladh á thuilleamh againn i gcónaí go hidirnáisiúnta, de bharr a fheabhas atáimid ag dul i ngleic lenár ndeacrachtaí eacnamaíocha? Nach molann na Gearmánaigh féin sinn, agus ní fhéadfaí a bheith ag súil le moladh níos airde ná sin! Is minic tagairt déanta anseo d’fhorlámhas na Gearmáine anois i gcúrsaí an Aontais.
Léiríodh an forlámhas sin arís sna téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le tarrtháil na Cipire. Is léir leis nach gcreideann siad i ró-theoiriciúlacht i gcúrsaí eacnamaíocha. Níl siad aon phioc tógtha le heasnaimh i mbuiséid, agus is fuath leo geáitsíocht mar éascú cainníochta – quantitative easing, dóibh sin nach bhfuil focal.ie acu. Creideann siad go gcaitheann tú — agus go tíosach — de réir mar a thuilleann tú.
Chun a gceart a thabhairt do na Gearmánaigh, nuair a bhí cosúlacht ann thart ar deich mbliana ó shin go raibh a mbúiséid ag dul ó smacht, chuaigh Seansailéir na linne Gerhard Schroeder i ngleic leis an bhfadhb. Gearradh cánacha, ach gearradh liúntais leasa shóisialaigh freisin. Cuireadh an tír ar ais, mar a chonacthas don Seansailéir é, ar an mbóthar díreach. Ní bheadh sé inghlactha ag aon rialtas sa Ghearmáin a bheith ag teacht i gcabhair ar thíortha nach mbeadh sásta nó inniúil ar chabhrú leo féin, agus iad féin a rialú go cothrom agus go ciallmhar. Ní dócha gur aon dea-scéala dúinne in Éirinn é sin ach oiread.
Ní mór a rá, ar ndóigh, nach nglactar gan cheist le dearcadh seo na nGearmánach maidir leis an eacnamaíocht, agus leis an ró-chaiteachas go háirithe. Is maith is eol go bhfuil go leor eacnamaithe a deir go bhfuil sé riachtanach airgead a chaitheamh nuair a bhíonn lag trá sa gheilleagar, fiú mura bhfuil an t-airgead sin agat! Is ansin a thagann an t-éascú cainníochta úd i gceist, nó priontáil airgid, más fearra leat.
Nuair nach bhfuil aon ní ag bogadh, an eacnamaíocht ina lánstad, ní mór sonc a thabhairt do, cic sa tóin mar a déarfá. Ach is léir go bhfuil an cheist thar ár n-acmhainn chun go mbeimis ag tuairimíocht. Is fearr í fhágaint mar chnámh spairne ag na saineolaithe.
——◊——
Ní bheadh sé cuí tar éis a bhfuil de phlé déanta ar chúrsaí an Aontais gan tagairt a dhéanamh don Comhbheartas Talmhaíochta, an CAP, an polasaí sin ar a gcaitheann an tAontas sciar chomh mór sin dá chuid airgid. Is polasaí é a thuilleann go leor aithise laistigh agus lasmuigh den Aontas, agus ba mhinic cheana casaoid faoi anseo. An sách agus an seang atá i gceist arís; go bhfuil formhór an airgid ag dul go dtí na feirmeoirí is mó, nó is fearr as. Déarfaidís féin gurb iad is táirgiúla agus gurb iad a thuilleann formhór an chaiteachais.
Pé ní, tá leasuithe ar an CAP aontaithe anois ag na hairí talmhaíochta, ach iad fós le deimhniú ag an gCoimisiún. De thoradh na leasuithe beidh breis le fáil ag feirmeoirí leis na gabháltais is lú, agus ciorrú éigin i sciar na bhfeirmeoirí is mó. Níltear chun athphlé a dhéanamh ar an bpolasaí seo de chuid an Aontais arís, ach a rá mura dtéann an leasú i bhfeidhm ar mhóreasnaimh an CAP, go bhfuil dul chun cinn éigin déanta mar sin féin.
Is é is mó atá suimiuil faoi láthair, b’fhéidir, ná an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gceist seo ar an bhfothoghchán a bheidh ar siúl go luath i gCo. na Mí. Bheadh sé réasúnta a mheas go mbeadh go leor de na feirmeoirí is mó agus is fearr as ina gcónaí sa chontae sin. Cá rachaidh a vótaí siúd? Tá leis, ar ndóigh, an dáilcheantar seo gar do Bhaile Átha Cliath, agus go leor ag taisteal isteach agus amach go dtí an chathair in aghaidh an lae, is é sin muran díomhaoin dóibh.
Deirtear gur dóichí go bhfanfaidh an suíochán seo le Fine Gael, ach ní fhéadfaí a bheith cinnte ar aon chor gur mar sin a bheidh. Má tá Fianna Fáil ag teacht chun cinn arís, mar a deirtear, d’fhéadfadh athrú a bheith i gceist. Ach ní dócha, leis an móramh mór atá acu, go gcuirfidh sé sin isteach rómhór ar an gcomhrialtas.
——◊——
Tá an líon is mó riamh de Theachtaí Dála neamhspleácha sa Dáil faoi láthair. Faigheann siad go leor poiblíochta leis, muran dea-phoiblíocht i gcónaí é. Ming Flanagan as Co. Ros Comáin ís déanaí sa nuacht, agus útámáil éigin le pointí pionóis tráchta is cúis lena dhrochphoiblíocht siúd.
Ní rabhamar riamh anseo róthógtha leis na teachtaí neamhspleácha, bíodh go raibh cuid díobh i gcónaí, gan cheist, ar fheabhas. Tá ár gcóras toghchánaíochta agus rialacháin bunaithe, agus ag brath, ar fheidhmiú an pháirtí pholaitíochta . Ní hé go bhfuil an córas sin gan locht, go háirithe i gcás aoire an pháirti, an fhuip mar a thugtar air de ghnáth, agus an brú a chuirtear ar theachtaí vótáil slí amháin nó eile, go minic in aghaidh a dtola.
Ach is é an dualgas is tábhachtaí i gcás na Dála ná an tír a rialú go héifeachtach agus go cothrom. Go rómhinic, ní hé sin an chloch is mó ar phaidrín an teachta neamhspleách. Ní cead bainte móna ar phortaigh na hÉireann an fhadhb is mó atá againn.
Bítear coitianta ag gearán faoinár gcóras rialacháin, agus faoi neamhéifeacht na Dála agus an tSeanaid. Ach glactar leis go hidirnáisiúnta go bhfuil an córas vótála is amscaí agus is lú éifeachta againn, an t-aonvóta inaistrithe. Cén chiall atá le cúigear teachtaí dála ag freastal ar an dáilcheantar céanna, mar atá i ndáilcheantar an Taoisigh. Is é an t-ionadh nach n-itheann siad a chéile.
Feasta, Aibreán 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|