Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Cat Crainn
Gearrscéal le Frainc Ó Murchadha
‘Tá an cat crainn gaolmhar leis an easóg, leis an dobharchú, agus leis an mbroc. Is den aicme chéanna ainmhithe iad go léir. Ainmhí caol is ea an cat crainn, chomh mór le cat tí, aghaidh bhiorach air agus eirbeall fada mothallach. Tá fionnadh tiubh, síodúil, donn-dorcha feadh a choirp, ach an scórnach agus an brollach buí-bhán.’
——◊——
Bhí Cian ag léamh as leabhar a thóg sé amach ón leabharlann.
‘Tá pictiúr anseo de chat crainn,’ ar seisean lena athair. ‘Féach air. Nach álainn an t-ainmhí é?’
‘Ní fhaca ceann beo i mo shaol riamh ach uair amháin,’ arsa Marcus, an t-athair. ‘Ní raibh ann ach spléachadh ar feadh soicind. Bhí sé ag scinneadh feadh craobh crainn agus ag léim ó chrann amháin go ceann eile sa choill sin amuigh in Áth na Sítheach.’
‘Rachaidh mé amach ann ar chamchuairt uair éigin féachaint an bhfaighinn radharc ar cheann acu,’ arsa Cian.
‘Drochsheans. Ainmhí an-chúthail atá ann. Fanann sé i bhfolach nuair a bhíonn daoine i ngar dó.’
‘Tá ceann sa zú i mBaile Átha Cliath,’ arsa Cian.
‘Cá bhfios sin duit?’
‘Tá sé sa leabhar seo.’
‘B’fhéidir go bhféadfaimis dul ann uair éigin.’
‘Cathain?’
‘Nuair a bheidh costas an taistil agam.’
——◊——
Dóbair nár thit Marcus i bhfanntais nuair a fuair sé amach go gcosnódh sé breis is céad euro chun dul go dtí Baile Átha Cliath agus teacht ar ais ar an traein. Bhí Cian anonn sna déaga, scrúdú na hard-teistiméireachta roimhe sa samhradh, agus bheadh gar do chéad euro ar a thicéad sin chomh maith.’
D’imigh na seachtainí thart agus na míonna. Ar deireadh thiar thall bhí dóthain acu le spáráil, ach ar éigean, tar éis do Mharcus post a fháil ar feadh gearrthréimhse ag sluaisteáil gairbhéil sa choiréal taobh thuaidh den bhaile. Níor dhein éinne acu tagairt don turas go Baile Átha Cliath go fóill. Níor theastaigh ó Chian é a lua ar eagla go measfadh a athair go raibh sé ag iarraidh brú a chur air, agus níor luaigh a athair é mar ní raibh sé sin siúráilte go raibh dóthain acu chun go bhféadfaidís greim bia a cheannach nó costais eile a íoc a thitfeadh orthu ar thuras den sórt sin.
Litir a fuair siad ó dheartháir Mharcuis (uncail John Joe mar a thugadh Cian air) a chinntigh dóibh i ndeireadh báire go rachaidís ar an turas.
… ceithre shiopa anois agam, ceann i nDomhnach Broc, ceann eile in Inse Chór, ceann i gCabrach Thiar, agus ceann i gCluain Tarbh, iad go léir ag bisiú in aghaidh na seachtaine. Tá deichniúr fostaithe agam. Geallaimse daoibh go bhfuil an saol go maith againn anseo. Ba chóir daoibh turas a dhéanamh aníos chugainn, agus chuirfimis cóir mhaith oraibh, agus bhainfeadh sibh taitneamh as …
——◊——
Thaitin compord na traenach go mór leo: suíocháin bhoga sheascaire, teas inmheánach, agus fuinneoga móra leathana a thug radharc fairsing dóibh ar an tírdhreach ag brostú thart lasmuigh.
‘Bhfuilir cinnte go bhfuil sé cóngarach go leor don stáisiún go bhféadfaimis dul ann de shiúl ár gcos?’ d’fhiafraigh Marcus de Chian.
‘Táim. Chonac ar an léarscáil é, trasna an droichid, casadh ar chlé, tamaillín ina dhiaidh sin ar dheis, suas trí Shráid Gheata na Páirce agus beimid ann.’
D’imigh giolla thart trí lár an charráiste agus é ag sá tralaí roimis ar a raibh deochanna agus greimeanna le n-ithe. Níor cheannaíodar aon ní uaidh mar go raibh beartán beag cuimseach acu de cheapairí, a dhein máthair Chéin dóibh, agus buidéilín bainne. Ag Cian a bhíodar, i mála droma a bhain sé dá ghuaillí, agus a chuir in airde ar an raca nuair a chuaigh sé isteach sa charráiste. Thóg sé anuas iad nuair a d’imigh fear an tralaí thart agus bhí an bheirt acu ag ithe ar a sástacht chomh maith le cách.
——◊——
Bhí John Joe ina sheasamh ar an ardán nuair a shroich an traein stáisiún Droichead an Rí. D’fháiltigh sé rompu go croíúil le rilleadh cainte a rith uaidh mar shruthán geabach ag rith le fána:
‘Críost, Marcus, a bhuachaill, tá cuma na sláinte agus an rachmais ort, agus mothall breá cas ar do cheann. Féach ormsa,’ agus d’ardaigh sé a hata chun a phlaitín maol ar bharr a bhaithise a thaispeáint dóibh.
‘Agus an é seo Cian? Dia dhuit, a Chéin. Fáilte romhat chun na cathrach móire. Cad a b’fhearr libh a dhéanamh, dul isteach sa bheár anseo agus greim le n-ithe agus le n-ól a bheith againn sula dtabharfaimid aghaidh ar an zú, nó dul láithreach go dtí an zú agus ansin teacht thar n-ais anseo chun béile a bheith againn. Is cuma liom féin mar níl sé rófhada ó d’itheas féin bricfeasta, ach tá turas fada curtha díbh agaibhse, agus níl aon bhus ag dul díreach go dtí an zú ón áit seo agus chaithfimis siúl ann, agus …’
‘Raghaimid go dtí an zú láithreach,’ arsa Cian ag briseadh isteach air.
‘Bhí greim le n-ithe againn sa traein,’ arsa Marcus, ag míniú do John Joe an chúis nach raibh fonn ithe orthu an uair sin.
Shiúil an triúr acu chomh fada le geata an zú, John Joe ag geabaireacht feadh na slí. Bhí fógra ar an bhfalla taobh le doras an zú, Cead isteach: €5 an duine. Páistí €2.
‘Tá san millteach daor,’ arsa Marcus. ‘Caithfidh tú dul isteach leat féin, a Chéin. Ní bheadh sé ar mo choinsias an méid sin airgid a dhíol chun dul isteach chun féachaint ar ainmhithe. Fanfaidh mé anseo go bhfillfidh sibh.’
‘Aontaím leat,’ arsa John Joe. ‘Ní raghaidh mé isteach ach an oiread leat. Mar agóid. Ar phrionsabal. Fanfaidh mé anseo ag caint leatsa, a Mharcuis, fad a bheidh Cian istigh, agus téidís in ainm an diabhail lena gcuid cúig euro.’
‘Seo dhuit a Chéin,’ arsa Marcus agus shín sé bonn dhá euro chuige. ‘B’fhéidir go scaoilfidh sé isteach tú ar an méid sin. Bain triail as. Abair leis gur macléinn tú agus nach bhfuil agat ach an méid sin.’
Chuir an dóirseoir cúpla ceist ar Chian nuair a d’inis sé dó nach raibh aige ach an dá euro. Dúirt Cian leis go raibh suim ar leith aige sa chat crainn agus go raibh sé chun aiste a scríobh air, rud a bhí fíor mar bhí an intinn sin aige. Scaoileadh isteach é. Chaith sé tamall maith ag siúl timpeall ag lorg gnáthóg an chat crainn agus ar deireadh bhí air ceist a chur ar dhuine de ghiollaí an zú.
Ní raibh an t-ainmhí le feiscint ag Cian nuair a bhain sé amach é. Bhí tor aonair istigh i lár baill agus fána géar ar an talamh síos go bun an bhalla teorann. Bhí an talamh lom ar fhéar faoi mar a bheadh sé siúlta agus brúite faoi chois ag ainmhí a bheadh ag siúl de shíor ó thaobh go taobh sa spás cúng a bhí ann. Bhí a fhios ag Cian go gcaithfeadh an t-ainmhí sin a bheith taobh thiar den tor, i bhfolach ó dhaoine a stopfadh ag an áit chun bheith ag breathnú air. Bhí duilleoga beaga glasa go tiubh ar an tor agus bhí sé deacair aon ní a fheiscint a bheadh taobh thiar de. Sheas Cian gan chorraí ag stánadh ar an tor.
Ar deireadh thiar thall tharla rud éigin. B’fhéidir gur chorraigh leoithne bhog aeir agus gur brúdh duilleoga beaga i leataobh, nó b’fhéidir gur bhog an t-ainmhí beagán ar chlé nó ar dheis, agus leis an ngluaiseacht sin gur osclaíodh spás beag idir duilleoigíní sa tor agus go bhfuair Cian radharc ar an míol a bhí ina bheatha ag análú agus ar bior le faitíos ar an taobh thall den tor.
Bhí dhá spréach solais dírithe ar Chian trí spás dorcha idir dhuilleoga an toir, dhá spréach de bhuí-sholas, agus iad seasmhach, gan bhogadh. Ní raibh a fhios ag Cian ar le heagla nó le mailís a bhí na soilse sin ag glinniúint air. Níor bhog sé féin ach d’fhan mar a bhí ag stánadh ar an dá shúil sin. Lean an dá shúil gan bhogadh ag stánadh air féin. Bhí sé ag súil leis dá bhfanfadh sé socair go dtiocfadh an t-ainmhí amach agus go bhfaigheadh sé radharc lán a shúl air.
Bhraith sé go raibh thart ar dheich nóiméad caite aige ag breathnú ar dhrithleacht an dá shúl sin i measc duilleoga an toir. Bhí sé mar a bheadh dhá mhiodóg solais á shá. Ní raibh le feiscint aige ach an dá phonc solais sin; bhí an corp ar leis iad i bhfolach taobh thiar de dhuilleoga an toir. Bhain na súile sin le saol aduain a raibh a dteanga féin ag na díolúnaigh ann, a rialacha féin i bhfeidhm, agus nósanna aisteacha nach raibh aon bhaint ag an gcine daonna leo. Ní fhéadfadh Cian riamh bheith bainteach lena leithéid.
——◊——
Nuair a tháinig sé amach bhí an tseanbheirt ina seasamh agus a gcúil le balla, John Joe ag cadráil leis agus Marcus, a cheann claonta beagán i leataobh, ag éisteacht. Labhair John Joe go spleodrach le Cian.
‘Tánn tú linn i ndeireadh báire. Mheasas go rabhais glanta leat i dteannta na mbabún.’
Níor fhreagair Cian é, agus chuir Marcus an cheist: ‘An bhfaca tú é?’
‘Chonac!’ arsa Cian. B’fhíor sin, mar bhí a fhios aige go raibh an t-ainmhí ann agus bhí a shúile le feiscint agus chonaic sé iad.
‘Cén sórt é?’
‘Tá sé díreach mar atá sé sa phictiúr sin a chonaiceamar sa leabhar.’
Ba dhóichí go raibh an méid sin fíor chomh maith, ach bhí an baol ann go raibh Cian ag tabhairt le fios go bhfaca sé an t-ainmhí go hiomlán, agus níorbh fhíor sin. Bhris John Joe isteach ar an gcomhrá.
‘Seo libh,’ ar seisean, ‘bogaimis thar n-ais go dtí an beár sa stáisiún agus bíodh greim le n-ithe nó deoch againn, agus beimid ag caint agus ag ceiliúradh ar feadh tamaill go dtí go bhfaighidh sibh an traein thar n-ais abhaile arís.’
Chuadar thar n-ais go dti an beár, agus chomh luath agus a bhíodar socraithe síos ag bord a bhí tamall ón gcuntar d’fhiafraigh Marcus de John Joe cad é a rogha dí.
‘Pionta,’ arsa John Joe. ‘Ach fág fúmsa é. Gheobhadsa an chéad deoch dúinn.
Bhí fíoruisce ag Marcus agus gloine de shú oráiste ag Cian. Thóg John Joe súmóg fhada dá phionta agus lig osna mór as nuair a leag sé an ghloine ar an mbord os a chomhair amach. Smailc a bheola agus labhair faoi mar a bheadh óráid á tabhairt aige: ‘Dea-phionta,’ ar seisean, ‘agus is deise agus is blasta go mór a bheith á ól i dteannta mo dhearthár óig agus a mhac atá tagtha chun na cathrach ó cheart lár na tuaithe, ó bhaile beag aerach thíos in iarthuaisceart Chorcaí, baile codlatach leath-mharbh, déistineach, meata. Anois, a fheara, tá an seans agaibh na laincisí a chaitheamh i dtraipisí agus ceol a bhaint as an saol. Caithigí uaibh an stuif sin atá á ól agaibh agus ólaigí deochanna cearta, deoch a chuirfidh sinséar faoi bhur dtóineanna, a chuirfidh ag poc léim sibh ar fud na háite.’
‘Tóg bog é, a John Joe,’ arsa Marcus. ‘Tánn tú gairid do bheith ag béiceadh agus tá daoine ag féachaint ort.’
‘Nach cuma sa diabhal iad a bheith ag féachaint orm?’ scread John Joe. ‘Bainidís taitneamh as, mar ní bheidh mo leithéid arís ann.’
‘Aon seans go bhféadfaimis turas a thabhairt ar cheann éigin de na siopaí sin atá agat?’ d’fhiafraigh Cian.
‘Seans dá laghad. Tá muinín agam as na daoine atá ag obair dom iontu. Ní chuirim isteach ná amach orthu fad atá an cuntas a fhaighim uathu in aghaidh na seachtaine macánta agus brabúsach, an teacht isteach de bhreis ar an gcaiteachas, an dtuigeann tú?’
‘Iad féin a áiríonn agus a scríobhann na cuntais sin duit, an ea?’ arsa Cian.
‘Sea, gan amhras. Cé eile a dhéanfadh é.’
‘Agus conas a dhearbhaíonn tú go bhfuil an méid cheart á gcur síos acu sna cuntais a thugann siad? B’fhéidir go bhfuilid ag goid uait.’
Bhris Marcus isteach ar an gcomhrá: ‘Tóg bog é, a Chéin. Tann tú á cheistiú mar a dhéanfadh bleachtaire nó duine de na gardaí.’
‘Scaoil leis,’ arsa John Joe. ‘Ní theastaíonn uaidh ach eolas a chur ar chúrsaí gnó. Déanfaidh sé fear gnó den scoth ar ball, má thugann sé aire dos na mionsonraí faoi mar atáid ag cur tinnis air i láthair na huaire.’
‘Tá rudaí sa saol nach dtuigim conas ar tharla siad,’ arsa Cian. ‘Cúpla mí ó shin bhí Uncail John Joe ag obair i dtigh ósta ag bailiú bruscair agus ag glanadh leithris ar phinginí suaracha agus ansin gan choinne — ’
‘Fainic!’ arsa John Joe, agus shleamhnaigh síos ón gcathaoir go dtí go raibh sé ina shuí ar an urlár.
‘Cad tá ort?’ arsa Marcus.
‘Ná bí ag breathnú síos orm mar sin,’ arsa John Joe. ‘Beidh a fhios acu go bhfuil duine éigin i bhfolach ann.’
Thosaigh an bheirt ag breathnú timpeall orthu, ag ligint orthu nach raibh aon duine eile sa chomhluadar ach iad féin. Labhair John Joe: ‘An bhfeiceann sibh an duine a tháinig isteach an doras anois díreach?’
‘Chím é,’ arsa Cian, ‘Tá sé ina sheasamh ag féachaint timpeall faoi mar a bheadh sé ag lorg duine éigin.’
‘Sin é an focar is dainséaraí sa chathair seo. Is mó duine atá leonta agus loite aige, gan trácht ar an méid atá curtha ar shlí na fírinne.’
‘An fear sin a tháinig isteach anois díreach?’ a d’fhiafraigh Cian, agus ionadh air.
‘Sea. Ná cuireadh an chuma shaonta atá ar a phus dallamullóg ort. Scriostóir mioscaiseach, mailíseach, marfach é siúd.’
‘Ach féach anois air,’ arsa Cian. ‘Tá bean thall ag croitheadh láimhe chuige. Tá sé ag dul ina treo. Tá an dealramh air i ndáiríre gur ghnáthdhuine é i mbun a chúraimí féin.’
‘Sin é an íomhá a chothaíonn sé nuair a bhíonn sé i mbun a chuid urchóide.’
‘Ach cad é sin duitse?’ arsa Marcus. ‘Níl sé ar do thóir ar chúis éigin. Bhfuil?’
‘Bí siúráilte go bhfuil,’ arsa John Joe. ‘Tá síntiús míosúil cosanta á éileamh aige orm chun mo chuid siopaí a chaomhnú ar chreachadóirí agus sladairí. Dhiúltaigh mé faic a thabhairt dó go nuige seo.’
‘Ach ar éigean a dhéanfadh sé aon ní dochrach duit in áit mar seo agus an oiread sin daoine ag faire air.’
‘Ní dhéanfadh. D’fhanfadh sé go dtí go bhfaigheadh sé lasmuigh de dhoras mé. Seo anois leaids. Seasaimis agus sleamhnaímis amach an doras go deas ciúin gan aird a tharraingt orainn féin. Nuair a bheimid taobh amuigh de dhoras, baileoidh mé liom síos feadh an ché. Rachaidh mé i bhfolach ar feadh tamaill i measc an tslua i Sráid Uí Chonaill sula mbainfidh mé an baile amach.’
Sheas an bheirt. Thosaíodar ag siúl amach go hútamálach ar shleaschéim i dtreo an dorais, ach bhí a gcinn ag casadh timpeall ag iarraidh súil a chaitheamh i ngach aon treo. D’éirigh John Joe agus chuir sort gúnga air féin, á ísliú féin chun go mbeadh sé folaithe ag an mbeirt eile ar radharc an raispín. Bhí an fear úd, um an dtaca sin, suite síos agus ag caint leis an mbean a ghlaoigh i leith air.
Nuair a bhí an triúr i ngiorracht cúpla slat den doras baineadh geit astu ag scread a ligeadh fúthu ‘Haigh. Sibhse ag an doras!’
Stad Marcus agus Cian agus chonaic siad giolla an bheáir ag léim thar an gcuntar agus ag déanamh orthu faoi lán rith. Stad Marcus agus Cian agus bhíodar ag breathnú le halltacht ar an duine a bhí ag déanamh orthu go fuadrach tríd an mbeár. Bhí gach aon phéire súl san áit dírithe orthu. Thapaigh John Joe an deis agus scinn sé amach an doras.
‘Níor díoladh as na deochana sin a bhí agaibh,’ arsa an giolla nuair a tháinig sé chucu..
‘Ó, gabh mo leithscéal,’ arsa Marcus. ‘Mheasas gur dhíol Jo––, … astu … an fear a d’ordaigh uait iad.’
‘Níor dhein, dúirt sé go ndíolfása astu.’
Ó, níor thuigeas sin,’ arsa Marcus, agus thosaigh ag cuardach ina phócaí. ‘Cé mhéid atá agat orainn?’
‘Ocht euro agus seachtó pingin.’
Chuardaigh Marcus a phócaí agus tharraing sé amach a raibh de bhoinn airgid a bhí ina phóca. Chomhairigh sé iad agus fuair sé amach go raibh ocht euro agus caoga pingin aige.
Bhfuil fiche pingin agat?’ D’fhiafraigh sé de Chian.
‘Tá,’ arsa Cian agus thug sé dó é. Thug Marcus an t-airgead ar fad d’fhear an bheáir agus bhailigh an bheirt acu leo amach as an áit. Taobh amuigh den doras ní raibh rian de John Joe.
‘Tá sé glanta leis,’ arsa Marcus. ‘Ní fheicfimid arís é. Tá sé chomh maith againn dul thar n-ais go dtí an stáisiún agus an chéad traein eile a bheidh ag dul ó dheas a thógaint.’
‘Níl aon dul as againn, is dócha, ach é sin a dhéanamh,’ arsa Cian.
——◊——
Ar ball, nuair a bhíodar suite ar aghaidh a chéile ag bord taobh leis an bhfuinneog sa traein, bhíodar ciúin gan aon chaint acu. Bhog an traein amach as an stáisiún, agus nuair a bhí fothram na gluaiseachta ag múchadh mhonabhair na cainte a bhí ar siúl ag daoine sa charáiste, labhair Cian.
‘Bhuel, ar a laghad chomhlíonamar an gnó a thug aníos sinn,’ ar seisean.
Chuir an traein lena luas, ag dithneasú trí mhachaire láir na tíre agus dhún Marcus a shúile. Ní raibh a fhios ag Cian an raibh fonn codlata ar an seanduine nó an raibh sé ag teitheadh isteach i ndúiche éigin phríobháideach a bhí aige féin.
Feasta, Bealtaine 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|