Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
‘Ní Lia Tír ná Gnás’
Dúchas an Duine, Luach an Bhéaloidis
leis An Dr Stiofán Ó Cadhla, Ceann Roinn an Bhéaloidis,
Coláiste Ollscoile Chorcaí
Caint a tugadh ag ‘Dúchas: Éigse do Thiobraid Árann
i nDún Mhuire, Áras Chonradh na Gaeilge, ar an Aonach,
15 Meán Fómhair 2012
Sa leabhar Progress: an Episode in the History of Hunger, dúirt Parmalee Prentice gur cuma an dul chun cinn agus eachtra i seanchas an ocrais (Fussell 35). Timpeall 35,000 bliain ó shin a tháinig Homo sapiens go dtí an Eoraip, tar éis don speiceas beartaíocht mhór a dhéanamh i réimse na teicneolaíochta (Springer 26). Deir Patel go raibh an speiceas tosaithe ar fhorbairt na heolaíochta na cianta cairbreacha roimh an naoú céad déag (Patel 306-7). Déantar amach go bhfuil cáilíochtaí bunúsacha an duine nua-aoisigh ag homo sapiens le tuairim is 60,000 bliain. Pé scéal é, bhí beiriú a gcoda acu mar speiceas, airm agus uirlisí dea-dhéanta, agus ina theannta san thugaidís clocha agus sliogáin ó áit go háit leo. Tuigtear go raibh deasghnátha, ealaín, siombail agus gnásanna faoi leith acu chun an marbh a thóramh agus a chaoineadh, mar shampla (Springer 159-160).
Is mó leabhar staire a rianaíonn tús na fiontraíochta siar go dtí an Réabhlóid Thionsclaíoch, ach ceapadh mórán saorgán i bhfad roimhe sin. Orthu san bhí tine, feirmeoireacht, fíodóireacht, potaireacht, curadóireacht, síoladóireacht, leá na mianraí is an mhiotail, rothaí, carráistí, bóithre, seolta, halmadóirí, compáis, astralaíocht, uimhríocht, geoiméadracht, ailtireacht, pleanáil cathrach, páipéar, priontáil, gloine, giaranna, úmacha, púdar tine, clónna, eagnaíocht, creideamh agus geilleagar (Patel 307). I gcúrsaí talmhaíochta tá an claí agus an díog ann ó na Meánaoiseanna (Fussell, 15). Nuair a d’fhoilsigh Fitzherbert an chéad leabhar as Béarla ar chúrsaí talmhaíochta sa bhliain 1523, bhí na goirt á ndeargadh ag an gcéacht agus an céacht á tharraingt ag ainmhithe cheana féin (Fussell 35). Sa tSeanGhaeilge atá na téarmaí is luaithe in aon teanga Eorpach ar chodanna de roth an mhuilinn (Rynne 18).
Déantar amach go bhfuil an duine in Éirinn ó thuairim is 9,000 RCh. Deir Stringer gur bailitheoir ó dhúchas an duine; is amhlaidh a chruthaíonn sé nó sí friotal agus foclóir chun an domhan ina maireann sé, idir fisiciúil agus samhlaíochtúil, a ainmniú agus a thuairisciú (Stringer 214). Ní miste tosnú, más sa chomhthéacs fiannach féin é, le hábhar macnaimh: deir de Paor, ‘in early Victorian Ireland hundreds of thousands of people were actually worse off than their forebears of 5,000 years before’ (luaite ag Viney 75). Má éirimid as sa bhliain 1900, agus an réabhlóid náisiúnach ina airde láin, d’fhágfadh san aon mhíle dhéag bliain den saol agus den bheatha as an áireamh. Is le déanaí, ach an longue durée a áireamh, a d’iompaigh tromlach na ndaoine ar Bhéarla, ach is tuairim an tabula rasa faoin am atá caite a bhíonn sa treis i réimsí áirithe den léann rómhinic.
Dealraíonn sé ná raibh aon deimhin againn ar dhúchas an Homo sapiens go dtí na seachtóidí den 20ú hAois, fiú má d’ainmnigh Carl von Linnaeus (1707-1778) an speiceas sa leabhar Systema Naturae sa bhliain 1758. Le litir mhór a litrigh sé an cineál, sé sin Homo, agus d’fhág an speiceas, sé sin sapiens, focal a chiallaíonn clisteacht, i dtaobh le ‘s’ beag. Thuig Charles Darwin (1809-1892) conas mar a bhí, ach ní raibh dóthain iarsmaí daonna ón Afraic aige chun deimhin a dhéanamh dá chuid amhrais sa Decent of Man sa bhliain 1871 (Springer 7). Trátha an ama chéanna sa bhliain 1846, agus an Gorta i mbarr na léir-loitiméireachta, a chum William J. Thoms an nuafhocal Victeoiriach Angla-Shacsanach par excellance ‘folk-lore’.
Tamall ní ba dhéanaí, sa bhliain 1859, is ea a foilsíodh The Origin of the Species. Le linn na haimsire seo is ea a d’éirigh cuid den rangú ‘eolaíochtúil’ ar bheatha an duine. Cromadh ar ord agus ar eagar a chur ar éirí aníos an duine. Sa Bhreatain cuireadh an Folklore Society ar bun sa bhliain 1878, seacht mbliana i ndiaidh an Decent of Man a bheith foilsithe (1871). Tugann Walsham ‘the heyday of the scientific study of superstition and of the elaborate theory of survivalism that came to underpin it’ air (Walsham 179). Bhí céimniú agus grádú ar siúl, agus aicmí agus institiúidí ag breith bairr ar a chéile. Ag an leibhéal b’íochtaraí den tsochaí, nó i measc ciníocha a bhí i chun deiridh ó thaobh forbartha, a chonacthas an béaloideas. Ní mar bhuaic ná mar bharr eolais a féachadh ar na mílte bliain de thaithí an duine, ach mar dheasca na clochaoise.
Ní raibh eolaíocht na haimsire saor ó chlaonadh. I rangú Linnaeus, mar shampla, is amhlaidh a d’ainmnigh sé ceithre cinn de fhospeicis Homo sapiens, ach is do speiceas na hEorpa a thug sé an chraobh chomh fada agus a bhain le meabhair chinn. Bhí dlithe ag Homo europaeus, ach ní raibh ach ‘nósanna’ ag Homo americanus. Ar thuiscintí ar chine agus ar aicme a bunaíodh cuid den tuairimíocht. Ba chuid den rangú éabhlóideach an cultúr. Pléadh dúchas, ginealach, gineadh, cúrsa, ladhrú agus dul chun cinn, nó dul ar gcúl, ar bhonn cine go minic. Níl aon ghabháil inniu le téarmaí dála negroid, caucasoid, australoid nó mongoloid (Springer 185). Is dian nó tá a rian, nó rian a riain, ar chriosanna den léann fós. Is argóint bheo inniu féin difríochtaí a bheith idir an ‘IQ’ a bhíonn ag pobail éagsúla i réigiúin éagsúla (Springer 185). Deir Thomas go bhfuil na héagsúlachtaí seo ‘epistemic as well as stereotypic’; is deacair iad a sheachaint de chionn iad a bheith mar mháthair-thuairim i gcúlra an léinn chéanna a chleachtann cuid againn ó lá go lá (Thomas 81). An cheist a rithfeadh leat ná: má bhí difríochtaí idir speicis d’ainmhithe, an raibh aon difríochtaí idir treibheanna éagsúla? (Thomas 80).
Thráchtadh suirbhéirí de chuid an tSuirbhé Ordanáis ar bhundúchasaigh na tíre mar aborigines, the vulgar nó peasantry; ag tarraingt ar fhoclóir a bhí coitianta go maith lena linn a bhíodar (Ó Cadhla 2007 103). Bhí Indian i Meiriceá Thuaidh agus Theas; agus aborigine san Astráil. Téarmaí Eorpacha ab ea a bhformhór seo ar na ciníocha a fuair Eorpaigh rompu i bhfad ó bhaile. Do chiníocha nach ón Eoraip ó dhúchas a thagraíodh an téarma indigenous de ghnáth; téarma is ea é a thagann ón bhFraincis indigene agus ón Laidean indigena. Deir de la Cadena agus Starn, ‘these forms of relationality expressed European superiority insofar as “indigenous” was synonymous with “pagan,” heathen souls to be saved through Christianity. Later as reason displaced faith as authority’s foundation, “the pagan” was renamed “the primitive” (as opposed to “civilized”) including those classified as “tribal”, “native” and “aborigine” in colonial administrative lexicons’ (de la Cadena agus Starn 4). Tá gaol ag an bhfocal peasant leis an bhfocal pagánach, ón Laidean paganus agus ón bhFraincis païsant nó païs a chiallaíonn ceantar tuaithe (Ó Cadhla 2007 103). Mhair an focal padhsán i mBéarla Chorcaí, agus ní haon mholadh é. Is léir gur bhain cuid de na catagóirí le heolas an íochtaráin agus cuid eile acu le heolas an uachtaráin: sraithniú ar thuiscintí a bhí ann, agus breithiúnas ar chineálacha agus ar údarás an eolais.
Ó Éire ré Victeoiria, dá bhrí sin, a thagann cuid den tuiscint nua-aoiseach ar bhéaloideas chugainn. Tháinig léann an bhéaloidis chun cinn ‘within a fashionable evolutionary paradigm, magic, religion, and science being seen, respectively, as successive stages of human cognitive development’ (Smith 30). Dhein E. P. Tylor (1832-1917) amach gur iarsmaí iad; chloígh Laurence Gomme (1853-1916) leis an tuairim chéanna, agus shíl Sir James Frazer (1854-1941), údar The Golden Bough (1907-1922), gur marana primitíveach an phiseog. Ar a shon gur féidir an focal ‘béaloideas’ a leanúint siar go dtí saothar Sheathrúin Chéitinn (c.1580-c.1644), is mar ‘dúchasú ar oidhreacht Thoms’, a úsáidtear an focal ó am go chéile (Ó Cadhla 2011 17).
Tuigtear go raibh an náisiúnachas, Sasanach, Breatnach nó Gearmánach, ag séideadh faoi Thoms nuair a cheap sé an focal (Anttonen 88). Bhí an náisiúnachas Éireannach, gluaiseacht a raibh tionchar ag an náisiúnachas san impireacht uirthi, ag séideadh faoi chuid de cheannródaithe an chultúir in Éirinn. Oidhreacht fhearúil Chaitliceach náisiúnta a shamhlaigh mórchuid acu. Is oidhreacht í nár reitigh i gcónaí le hiompar ná le heolas iarbhír an phobail. Tá fianaise sa bhéaloideas féin nach mar a shíleadh a sheinneadh i gcónaí. Tá amhras caite ag Bendix ar ghnéithe áirithe de mharana an náisiúnachais; deir sí, mar shampla, ‘Volkskunde was a major player in Nazi Germany because the discipline’s ideology of uncovering and preserving a pure folk heritage fuelled and sustained the Nazis’ racist programs’ (Bendix 240). Tá nimh éigin i gcuid de na hargóintí seo a leathann amach agus a dhéanann díobháil, nuair a bhítear ag iarraidh an t-eolas a thuiscint san eitneolaíocht babhtaí. Tá Caoimhín Ó Danachair ar a dhícheall sa leabhar iontach The Year in Ireland ag iarraidh a chur ina luí ar an léitheoir nach swastika an chros Bhríde (Danaher 17).
Tugtar rabhadh ó am go chéile timpeall ar cheist an náisiúnachais sa mhéid is go mbraitear baol a bheith ann go n-iompaíonn amach ina aithris ghlan ar an gciníochas a bhain leis an gcoilíneachas: ‘the other has become the self and the values are reversed’, rud a chuireann na Gaeltachtaí in amhras sa réimse iarchoilíneach (Pieterse agus Parekh 9). Tá baol ann go gcaitheann, nó gur chaith, an réimeas náisiúnach leis an bpobal, a bheag nó a mhór, mar a chaith an réimeas impiriúil leo lena linn féin. Tháinig náisiúnaithe áirithe anuas ar phiseoga agus ar nósanna. Féach amhras an laoich mhóir Dan Breen faoin ‘superstitious old woman’, a chuir an milleán ar na hiománaithe sí nuair a fuair deartháir leis bás. Ba bheag air an ‘gleo’ a bhí ag na mná caointe ag tórramh a athar (Breen 7).
Sa Ghréig chreid daoine sna exotika (deamhain nó sprideanna), rud nár oir i gcónaí do náisiúnaithe a bhí ag iarraidh íomhá Chríostúil shibhialta a chruthú (Smith 31). Bhí bá ag náisiúnaithe le codanna den chultúr, agus amhras nó náire orthu mar gheall ar chodanna eile de. Ba cheart gur ábhar suime linn an náire seo féin. Uaireanta dealraíonn sé gur dioscúrsa customs and habits na n-ársaitheoirí Béarla a tugadh isteach sa Ghaeilge mar ‘nósanna agus piseoga’ cuid mhaith. Cuireann Anttonen i gcuimhne dúinn go gcaitheann gach taobh a bheith ag aighneas leo ar aghaidh i ndeireadh na dála, ‘neither position per se is more scientific than the other. Having a nationalistic bias is a political choice, and therefore our judgement of it cannot be independent of our own argumentative positions in relation to the means, goals and identity constructions involved’ (Antonnen 91). An fhadhb a bhíonn ann ar uairibh ná nach nochtann scoláirí ionad a gcuid aighnis in ainm na hoibiachtúlachta dúmais.
Sa litríocht dhomhanda ar léann an dúchais pléitear cuid de na ceisteanna seo ar shlí atá rud beag éagsúil le léann traidisiúnta an bhéaloidis, a bhfuil seantaithí againn go léir uirthi. Tá an urlabhra, an cultúr agus an éagsúlacht bhitheolaíochtúil éiceolaíochtúil tagtha anuas chugainn mar chorp eolais ón tseanaimsir. Is deacair luach an eolais seo a mheas agus a chur in iúl do phobal an lae inniu. Nuair a thosnaigh mise ag múineadh an bhéaloidis, ba léir dom gur thuig na mic léinn an-chuid den ábhar; inniu ní fheadair cuid acu cad is ‘bean sí’ ann.
Is beag duine a shéanfadh gur boichtede an saol nuair a chailltear speiceas éigin, nó nuair a mheathann teanga nó cultúr (Brush 3). Tuairimítear go gcaillfear 90% de theangacha an domhain san aois seo féin. Tá 90% den 250 teanga dhúchais san Austráil i mbaol báis (Brush 3-5). Is fada tráchtairí, ó sheascaidí na haoise seo caite go háirithe, ag rá go raibh Éire rófhada ar imeallbhord na hEorpa agus an domhain mhóir, rófhada ar a stuaim féin nó rópharóistiúil. Is tábhachtach le Novotny easpa na cumarsáide, ‘Isolation is a magnificent generator of diversity’ (Novotny 13-14). Ní gá ach súilfhéachaint a thabhairt ar mhapa na nGaeltachtaí: thiar ar shleasa sléibhe, sna gleannta, ar leithinisí agus ar ranna cósta a mhair an Ghaeilge agus an cultúr dúchais cuid mhaith, ag sléibhteánaigh agus ag iascairí. Ní fheadar an fíor gur féidir scoiteacht a thomhas de réir mílte den bhóthar ó chathair nó ó bhaile mór. Ceann de na príomhrudaí a fhoghlaimid ó léann an bhéaloidis ná gur cuid de chultúr comhchoiteann Eorpach mórchuid de. Is maolú mór ar Eorpachas na hÉireann an cúlú ón teanga agus ón gcultúr.
Ba bhocht an cuntas ar deireadh ná scaoilfeadh faoi léirmhíniú éigin ar an eolas. Tugann Brush dhá cheann uaidh. Ar an gcéad dul síos luann sé ‘popular or folk knowledge that can be contrasted to formal and specialized knowledge that defines scientific and intellectual elites in both Western and non-Western societies’ (Brush 4). Is beag nuacht ansan seans. Ach ar an dara dul síos deir sé gurb é atá ann:
‘the systematic information that remains in the informal sector, usually unwritten and preserved in oral tradition rather than in texts. In contrast, formal knowledge is situated in written texts, legal codes, and canonical knowledge. Indigenous knowledge is culture-specific, whereas formal knowledge is decultured’ (Brush 4).
Babhtaí maítear gur le treibheanna faoi leith nó le mionlaigh a leithéid seachas le ‘folk’ (Brush 4). Cuireann Greaves leis an tuiscint seo nach fíricí a bhíonn ann, bíonn aontacht nú univers cultúrtha dá chuid féin aige; naofacht a sholáthraíonn fotha an chultúir, trína mbraitheann an pobal an communitas, an fhéiniúlacht nó an t-ancaire sineartha (Greaves 26). Is é a deir Kincheloe agus Steinberg ‘a multidimensional body of understandings that have – especially since the beginnings of the European scientific revolution of the 17th and 18th centuries – been viewed by Euroculture as inferior and primitive’ (136); a ‘lived-world form of reason that informs and sustains people who make their homes in a local area’ (136). Bealach le breathnú amach ar an saol atá ann nó ealaín bheatha.
Le tamall de bhlianta baineann tráchtairí áirithe úsáid as an téarma ‘Gaelic’, rud a shamhlaímid le hAlbain nó le tuaisceart na tíre, chun cur síos ar Ghaeilge. Déantar iarracht imeallú nó andúchasú a dhéanamh ar an teanga agus ar an gcultúr, agus cúngú ar an timpeallacht agus ar an gcomhshaol intleachtúil ina maireann sí. Samhlaítear mionlach eitneach taobh istigh den stát leis an nGaeilge, leis na Gaeltachtaí (Garbhchríocha an phobail dhúchasaigh, an seanscéal céanna), sna ‘concentration camps without barb wires[ mar a déarfá, ‘that abound within the First World in the form of ghettos, rural mountains of Applacia, and Indian reservations’ (Macedo xi-xii).
Tugann na húdair seo rabhadh dúinn gan titim siar ar an rómánsaíocht a bhíodh ag séideadh trí sheanléann an bhéaloidis agus é ina óige. Molann siad chomh maith nach ciallmhar géilleadh don ‘poisonous paternalism’ nó don ‘charitable racism’, a bhfuil taithí ag cainteoirí Gaeilge orthu (Macedo xi). Is cóir a bheith soiléir nach tuiscint eisintíoch atá i gceist; admhaítear go mbíonn teorainneacha agus clathacha an eolais, bog íseal mar atá siad, le trasnú.
Bíonn an béaloideas gabhlánach. Is mó leigheas tíre a tháinig anuas ón leigheas oifigiúil agus is mó leigheas tíre a chuaigh isteach sa leigheas oifigiúil. Chímid a leithéid i réimse an cheoil, an rince agus na n-uirlisí ceoil. Ó eolas an dúchais a thug Linnaeus féin an córas ainmnithe aige, agus fuair William Withering (1741-1799), athair na cogaisíochta, oideas don Lus Mór ó bhean feasa i Sasana i gcéaduair (Ó Cadhla 2012 A 356). Deirtear gurb é Iwan Stossel, mac léinn gé-eolaíochta ón Eilvéis, a tháinig ar an seanrian is tábhachtaí ar Oileán Dairbhre sa bhliain 1992, casán ar a raibh rianta cos céad go leith Teitreapód (Viney 30). Carraig na gCrúb a thug na hoileánaigh riamh orthu. Cá bhfios ná go raibh fhios acu gur lorga crúb a bhí iontu. Ní eolas cuid den léann uaireanta ach easpa eolais.
Tá córas eilíteach corparáideach a fheidhmíonn ar bhonn brabúis faoi réim inniu sna hollscoileanna. Is ar mhaithe leis an mbrabús atá siad, agus ní héifeacht leo cad atá i ndán don teanga ná don chultúr. Tá moladh i gColáiste na hOllscoile Corcaigh faoi láthair chun an Ghaeilge a bhaint de riachtanas an mháithreánaigh. Ní dóigh leo go mbaineann an cultúr le brabús agus dealraíonn sé ná tuigeann siad an breall atá orthu fiú sa mhéid sin. Ní gá – agus is eol do Ghaeilgeoirí é seo go rómhaith is dócha – go dtiocfadh slánú sa náisiún-stát.
Is beag leas a bhaintear as indigenous people in Éirinn, scéal suimiúil ann féin. Scartar folk (na h-indigenes dúchais de réir náisiúnaithe ón bhfichiú haois) de ethnology (na h-indigenes thar lear ag impiriúlaithe leis na céadta), rud atá le feiscint sa mhúsaem náisiúnta. Níor admhaíodh a leithéid sa choincheap den Ghalltacht, mar shampla, a tharraing teorainn bhreac-chiníoch idir pobail na tuaithe? Tá Éire faoi ascaill na Breataine an fad san go bhfuil daoine ag maíomh fiú gur cuid de thionscnamh na coilíneachta domhanda na Gaeil féin (Newton). Mar chine geal fuair Éireannaigh, nó Albanaigh, nó ‘Ceiltigh’ eile is dócha, an dá thrá a fhreastal. Taobh istigh de thraidisiún briste sa léann, agus de thuiscint Euralárnach nó Angla-Mheiriceánach seans, cé mhéid den eolas seo a thuigimid sa tslánchruinne.
Bíonn amhras faoin mbéaloideas ar bhonn moráltachta, náisiúntachta, léinn agus polaitíochta. Féachtar ar fhoirmeacha áirithe den eolas mar bhagairt ar láimh amháin nó mar earra (135). Táthar cromtha i léann an bhéaloidis ar luach an eolais a chíoradh; an luach atá ann don oideachas, don il-loighiciúlacht nó multilogicality, don éagsúlacht, agus do cheart an Phobail (135). Acmhainn don scoláire, don mhúinteoir bunscoile agus meánscoile, d’oibrithe sóisialta, d’iriseoirí agus don phobal is ea é. Tumann sé isteach i ndomhain eile tuisceana iad, agus cuireann athrach tuairimíochta ar fáil, ceann de na rudaí is gannchúisí amuigh sa lá atá inniu. Léiríonn sé tuiscintí a bhíonn bunoscionn go minic leis na tuiscintí coinbhinsiúnta comhaimseartha. Taobh amuigh de na nósanna agus de na piseoga is léiriú saibhir ar mhacnamh agus ar chumas fealsúnachta an duine é. Cuireann sé ar ár gcumas doirseoirí an eolais a cheistiú agus an léann folláin fiosrach beo a chur chun cinn.
Ar deireadh, seo roinnt pointí suimiúla a luann Kincheloe agus Steinberg, a thugann faoin gceist a chuir mé ag tús na cainte a fhreagairt: cad é ‘luach an bhéaloidis’:–
(i) Spreagann sé athmharana ar ár n-aidhmeanna mar oideachasóirí. Múineann sé go bhfuil níos mó ná aon tslí amháin chun féachaint ar fhadhbanna, nó go deimhin ar an saol trí chéile. Cuireann sé ar ár gcumas dul amach ar na siollabais agus ar na curaclaim, agus ar an tslí a dtugann siad tosaíocht do dhearcadh faoi leith. Cuireann sé ábhar macnaimh ar fáil a chothaíonn fiafraitheacht mar gheall ar údarás na réasúnaíochta sa léann nua-aoiseach. Cabhraíonn sé a fhoghlaim conas ciall a bhaint as eolas agus as slite chun eolas a chruthú. Is é atá sa léann ón 17ú haois, ‘the only game in the academic town’ (147), ach tarraingíonn an béaloideas anuas eachtra mhór i seanchas an léinn, an tslí a scaradh an duine agus an pobal, agus inar éirigh an t-indibhidiúlachas.
(ii) Díríonn sé aird ar na slite ina gcruthaítear an t-eolas a bhfuil glacadh leis nó a bhfuil col leis. Léiríonn sé na slite a dtugtar údarás agus gradam d’eolas faoi leith. Tugtar le fios gur eolas neodrach, daonna a leithéid go minic, ach an ar mhaithe leis an duine dáiríre é? Is deacair béaloideas nó cultúr dúchais a phlé gan dul amach ar an dearcadh i leith an impiriúlachais, na coilíneachta, an chultúir agus na teanga taobh istigh de na scoileanna nó de na hollscoileanna féin (148). Spreagann éagsúlacht an ábhair ceistiú na dtéacsanna. Léiríonn sé gur féidir bunús agus seasamh an eolais a rianú agus a thuiscint.
(iii) Tugann léann an bhéaloidis bheith istigh do phobail iomadúla éagsúla a bhí thíos le faillí na stát le fada an lá. Éilíonn sé dearadh curaclaim atá ar mhaithe leis an saol agus leis an domhan mór. Cabhraíonn an t-eolas le coincheapú na gcleachtas acadúil, ‘it is a way of seeing that helps us to expose the fingerprints of power in existing academic knowledge’ (149)
(iv) Cruthaíonn sé léargais agus léasanna nua a thagann ó chroílár na ndaonnachtaí. Eolas is ea é a fháisctear as taithí an duine, seachas as fuarchroí na réasúnaíochta nó na heolaíochta ‘oibiachtúla’ Iartharaí. Is eolas socheolaíochtúil, éiceolaíochtúil, fealsúnta, talmhaíochtúil, oideachasúil agus míochaine é. Má tá tábhacht ann don Éireannach, tá tábhacht ann don saol mór mar a gcéanna. Tá tábhacht i saíocht ildúchais an domhain mhóir don Éireannach chomh maith. Bíonn mí-úsáid á bhaint go minic as a leithéid. Oscailt súl is ea an t-oideachas il-loighiciúil nó an multilogical education, chun cur ar chumas an mhic léinn an fhéachaint amach nó an meon aigne acu féin, agus ag ciníocha eile, a thuiscint. Oibríonn sé ar leibhéal domhanda, cuireann sé tuaisceart ag comhrá le deisceart, rud a oibríonn taobh istigh de theorainneacha ar leibhéil éagsúla chomh maith (149). Cothaíonn sé dlús agus feabhas san oideachas trí chéile. Tuigeann múinteoirí agus mic léinn dearcthaí éagsúla. Tuigtear an chanóin, ach ní ghlactar léi mar rud uilíoch, ‘as the only body of cultural knowledge worth knowing’ (150).
Tá seans ann, ón uair go bhfuil tráite ar shean-chaomhnacht an reiligiúin agus an náisiúnachais agus an impiriúlachais, tá seans ann féachaint siar as an nua ar an acmhainn atá againn agus curaclaim nua a dhearadh, a nascann an t-eolas luachmhar seo leis na comhthéacsanna agus leis na máithreacha sa chultúr dúchais a chruthaigh é. Má theastaigh ó impiriúlaithe é a chur fé chois, má bhí ón gcléir é a choinnealbhá, má bhí ó náisiúnaithe é a bhailiú, a chaomhnú agus a chur i gcló, inniu is mar ghreasán eolais atá iomlánaíoch agus spioradálta a fhéachann géaga den léann air, mar eolas a bhfuil ar a chumas an domhan a chaomhnú agus a athnuachaint fiú (151). Ní luíonn sé leis an modh Euralárnach staidéir, leis an smacht ná leis an bhforlámhas a leanann sin? Tá an modh Cairtéiseach-Niútanach-Baconach bunaithe ar uaillmhian, a shíleann máistreacht a fháil ar an domhan mar bhrá umhal-scéaltach maol. Is é atá sa bhéaloideas, go dtí tamall de bhlianta ó shin, dar lena lán, ceann de na bránna.
Léitheoireacht
Anttonen, P.J. 2005 Tradition Through Modernity: Postmodernism and the Nation-State in Folklore Scholarship. Helsinki.
Bell, J. agus Watson, M. 2008 A History of Irish Farming 1750-1950. Baile Átha Cliath.
Bendix, R. 1998 Of names, professional identities, and disciplinary futures. In Journal of American Folklore 111, 235-246.
Breen, D. 1924 My fight for Irish freedom. Dublin.
Brush, S.B. 1996 ‘Whose knowledge, whose genes, whose rights?’. In S.B. Brush agus D. Stabinsky (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington, 1-21.
De la Cadena, M. agus Starn, O. (eag) 2007 Indigenous experience today. Oxford.
Estyn-Evans, E. 1957 Irish folk ways. London.
Fussell, G.E. 1981 The farmer’s tools: the history of British farm implements, tools and machinery AD 1500-1900. London.
Greaves, T. 1996 Tribal rights. In S.B. Brush agus D. Stabinsky, (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington DC, 25-40.
Smith S.A. 2008 Introduction. In S.A. Smith agus A. Knight (eag.) The religion of fools: superstition past and present. Oxford, 7-55.
Kincheloe, J.L. agus Steinberg, S.R. 2008 Indigenous knowledges in education. In N. K. Denzin, Y.S. Lincoln agus Smith, L.T. Critical and indigenous methodologies. Los Angeles.
Macedo, D. 1999 Decolonising indigenous knowledge. In L.M. Semali agus J.L. Kincheloe (eag) What is indigenous knowledge? Voices from the academy. London.
Newton, M. 2008 Celtic cousins or white settlers? Scottish highlanders and first nations. In K.E. Nilsen (eag), Rannsachadh na Gàidhlig 5. Nova Scotia, 221-237.
Novotny, V. 2009 Notebooks from New Guinea: field notes of a tropical biologist. Oxford.
Ó Cadhla, S. 2007 Civilizing Ireland: ordnance survey 1824-1842: ethnography, cartograhy, translation. Baile Átha Cliath.
Ó Cadhla, S. 2011 An tslat féithleoige: ealaíona an dúchais 1800-2000. Indreabhán.
Ó Cadhla, S. 2012 (A). An lus mór: eolas na bpiseog agus piseog an eolais. In R. uí Ógáin, W. Nolan agus É. Ó hÓgáin (eag), Sean, nua agus síoraíocht. Baile Átha Cliath, 347-363.
Ó Cadhla, S. agus Ó Giolláin, D. (eag.), 2012 (B) Léann an Dúchais: aistí in ómós do Ghearóid Ó Crualaoich. Corcaigh.
Ó Duilearga, S. 1948 Leabhar Sheáin Uí Chonaill. Baile Átha CLiath.
Patel, S.J. 1996 Can the intellectual property system serve the interests of indigenous knowledge? In S.B. Brush agus D. Stabinsky (eag), Valuing local knowledge: indigenous people and intellectual property rights. Washington DC, 305-322.
Pieterse, J. agus Bhikhu, P. 1995 Shifting imaginaries: decolonisation, internal decolonisation, postcoloniality. In J. Pieterse agus P. Bhikhu (eag), The decolonisation of the imagination: culture, knowledge and power. London, 1-19.
Rynne, C. 2003 Development of milling technology in Ireland, c. 600-1875. In A. Bielenberg (eag) Irish flour milling: a history 600-2000. Baile Átha Cliath, 11-37.
Smith, S.A. agus Knight, A. (eag), 2008 the religion of fools? superstition past and present. Oxford.
Springer, C. 2011 The origin of our species. London.
Thomas, N. 1994 colonialism’s culture: anthropology, travel and government. Cambridge.
Viney, M. 2003 Ireland:a smithsonian natural history. Washington.
Walsham, A. 2008 Recording superstition in early modern Britain: the origins of folklore. In S.A. Smith agus A. Knight (eag), The religion of fools? superstition past and present. Oxford, 178-207.
Feasta, Bealtaine 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|