Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Fuíoll Feá – Rogha Dánta
le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)



á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú

Leabhar breá tathagach é an Fuíoll Feá ina bhfuil cnuasach nua dánta ó Liam Ó Muirthile chomh maith le rogha dánta ó gach ceann de na cnuasaigh a chuir sé amach roimis seo – Tine Chnámh (1984), Dialann Bóthair (1992), Walking Time (1999) agus Sanas (2007). Tá dornán beag dán ann leis as an dá chnuasach do leanaí a chum sé, mar atá An Seileitleán agus véarsaí seilí eilí (2004) agus Dánta Déanta (2006). Ní gá dhom a rá go n-áirítear an Muirthileach ar dhuine de mhórfhilí na linne agus go raibh sé ina bhall lárnach de ghluaiseacht INNTI; cuirfidh lucht léite filíochta Gaeilge ana-shuim sa bhailiúchán so mar sin. Ina theannta san, tá aistriúchán Béarla le gach dán sa chnuasach, rud a fhágann go bhféadfaidh Béarlóirí aithne cheart a chur ar shaothar an Mhuirthiligh den chéad uair.

In ‘Fúm Fhéin’ (lch 2), an chéad dán sa chnuasach nua, míníonn an file nach iad ‘na ceisteanna móra’ atá ag cur tinnis air ach mar sin féin, pléitear le mórán ceisteanna idir bheag agus mhór sna dánta a leanann é. Sárdhán é an prósdán liodánach ‘Meáchan Rudaí’ ina ndeineann an file ceiliúradh ar shaol a mháthar i ndiaidh a báis. Tugann an t-athrá ar an bhfocal ‘meáchan’ ag tosach na bhfrásaí sa dán chun cuimhne an buille trom a bhuaileann an bás ar dhuine, an croitheadh leanúnach a bhaintear as an gcorp nuair a chailltear duine muinteartha. I meá na gcuimhní cinn, tugtar portráid dúinn don mbean féin agus don gcaidreamh a bhí idir í féin agus a mac. Más dán síor-phearsanta é seo, feicimid rud éigin de dhiamhracht an ghaoil idir máthair is leanbh ann leis – an mháthair ag cur aithne ar an leanbh sula dtagann sé ar an saol in aon chor agus an leanbh fós ag cur aithne ar an máthair agus í caillte:

Mo mheáchan is tú dom iompar ar feadh naoi mí. Meáchan suí agus luí agus éirí. Do mheáchan féin nár ardaíos riamh ó thalamh ach chun tú a chur i dtalamh. Do mheáchan beo. Do mheáchan marbh. (Meáchan Rudaí, lch 20)

Léirítear sa chnuasach so an tuiscint atá ag an Muirthileach ar nádúr an fhile agus na filíochta, ar an ngné instinniúil de chumadh na filíochta nach féidir a mhíniú go hiomlán. Tá ana-shuim i gcónaí aige i gceardaithe agus go háirithe i gceard an fhile a bhíonn de shíor ar thóir na bhfocal cuí chun gach a bhfuil tugtha fé ndeara aige a chur in iúl. Bíonn an ceardaí ag bailiú chuige féin i gcónaí – ‘Fiosracht faoi gach ní beo mo dhúil’ (Jung i gClós na mBád, lch 108) – ach fós, is minic ná tagann aon rud as. Bailíonn sé adhmad ón bhfarraige:
á shamhlú go baoth gurbh fhéidir
é a athchúrsáil ina bhos maide rámha
is a oiread acu sa bhothán a d’fheisteodh
flít iomlán na sean-Ghréige
(Snámhraic, lch 8)
Caithfear fanacht go dtí go dtagann an splanc, an inspioráid fhileata a thagann aniar aduaidh, an léargas obann a thugann radharc ar an earra iomlán is é ina dhán; caithfear an léim a thabhairt ón gcnuasach go dtí an gceapadóireacht. Tugann an file ‘eitilt teanga’ chun breith ar dhán atá ‘amh, beo, iomlán.’ Ní mór:
...foighneamh leis an rud
nach bhfuil teacht air go fóill,
scaoileadh leis ar chumadh an éin
a aimsíonn míorúilt sheasta an aeir (Eitilt, lch 6)
Tagann an dá ghné seo den ealaín – an cleachtadh tomhaiste agus an inspioráid dhiamhair – le chéile go deas in ‘Pocáil’; ealaín na hiomána atá i gceist anso, gan amhras. Tá an file ag pocáil i gcoinne na binne agus tagann an buille ceart, rud annamh iontach. Ní gá ach:
... ligean don sliotar féin a shlí
a aimsiú faoina threoluas síoraí
iomána ó líne go nirvána. (Pocáil, lch 70)
Tá an cnuasach breac le meafair a bhaineann le troime agus éadroime, ar ghluaiseacht ó thalamh go haer nó go dtí an spás féin, mar a chímid sa dán ‘Siomfón na Sféar’ a cumadh i gcuimhne ar Bhreandán Ó Buachalla agus ina ndeintear ionannú idir an aigne intleachtúil atá ag dul i ngleic le cruacheisteanna agus an fhionnachtain sa spás. Uaireanta, bhraithfeá go dtéann an dán so ró-mhór i dtreo na teibíochta, go bhfuil na meafair ann á síneadh ró-mhór ach tagann sé seo le hábhar an dáin – an aigne ag streachailt agus í ag ‘guí ar son breis léargais’ (lch 34). Sa dán ‘Fúm Fhéin’ ansan, tá an file ina shaol laethúil ag imirt le focail féach an dtiocfadh aon rud as:
Tugaim tamall ag plé le focail –
sciorr plá óm mhéireanna –
mar a thugaim gach lá (Fúm Fhéin, lch 2)
Léiríonn an dara líne thuas teannas áirithe agus arís, téann an dán ar seachrán beagán ina dhiaidh san mar bíonn aigne an fhile ann ag dul ó smaoineamh go smaoineamh; chímid dán eile ag teacht ar an saol laistigh den gcéad dán. Má tá míchothrom áirithe le braith air mar dhán, tá ionracas ag baint leis chomh maith. Léargas eile ar ghiniúint na filíochta atá ann – an fás mall ó amhábhar go dán.

In ‘Iomáint Lána’, tá buachaillí óga ag iománaíocht i seamlas ‘is leathshúil i gcónaí/ar na tobáin le súil/nach sciorrfaimis ar rud/amh, fuilteach, beo.’ Ach ní féidir éalú ón rud ‘amh, fuilteach, beo’ – tá macalla anso den ndán ‘Eitilt’ a luadh thuas – agus taispeántar an gheit a bhaintear as buachaill agus a mhúsclaíonn rud éigin de nádúr an fhile ann nuair a fhágann a liathróid (lawna i mBéarla Chorcaí) rian fola ar fhalla an lána:
Bhíos i mbéal an chúil,
an guairneán sa cheann,
is theilgeas lawna lána fola
i líontán fíochmhar na rann.
(Iomáint Lána, lch 60).
Tá trí cinn de dhánta gearra sa chnuasach a bhfuil ainmneacha filí mar theideal orthu: ‘Ó Bruadair’, Ó Rathaille’ agus ‘Eoghan Rua’. Tugtar ‘gabha geal/ ag greanadh friotal’, ‘fiolar na físe... ag crúbáil creich i ndúch’ agus ‘rac-spailpín na ré’ orthu so fé seach (lgh 46, 48, 50). Liricí deasa snasta iad so ar shlí ach n’fheadar an bhfuil siad sásúil ar fad. Tá saothar na bhfilí so ró-chasta le go bhféadfaí sainmhíniú a thabhairt orthu i gceithre líne.

Feidhmíonn siad anso, b’fhéidir, mar chomharthaí go bhfuil an té a chum ag tabhairt aitheantais do chuid dá réamhtheachtaithe. B’fhearr liom féin na dánta san ina gcíorann an file an ceangal pearsanta a bhraitheann sé idir é féin agus filí eile e.g. an dán ‘The Shaky Bridge’ ina léiríonn an file a chomhbhá le Seán Ó Ríordáin nó ‘Bóithre nár Ceadaíodh’ ina dtéann an file ar aistear chun uaigh Pheadair Uí Dhoirnín a bhaint amach. Dán níos faide é seo ina bhfeicimid saothar an Doirnínigh ag dul i bhfeidhm ar an bhfile:
... pas isteach i dtír aineoil
trí na hamhráin
Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte,
Mailí Ní Chuilleanáin
(Bóithre nár Ceadaíodh, lch 146).
Tagann casadh sa scéal sa dán so – dán eachtrúil atá ann tar éis an tsaoil – mar téann an file trasna na teorann trí dhearmad agus stadann saighdiúir a bhfuil ‘tuin Oxbridge’ aige. Faighimid léargas anso ar an ndeighilt idir mórtheanga agus teanga mhionlaithe:
D’imíos liom ach d’fhéadfainn
é a shamhlú, patról armúrtha
ag cruinniú thart ar uaigh,
mé féin ag amhrán ‘A phlúr na
maighdean is úire gné,’ is saighdiúir
ag aithris dáin le Larkin, Hughes
nó Auden, ‘About suffering they
were never wrong, the old masters.’ (lch 148)
An bhearna idir fear na mórtheanga ná tuigeann an cultúr mionlaithe agus fear na teanga mionlaithe a thuigeann go maith an mórchultúr.

Dán bríomhar é ‘Surfáil’ ina léirítear toisí na mara mar a chíonn an surfálaí iad:
gliondar beo
ar bheith beo borrtha
is fós chomh mion
in ollchumhacht
na toinne,
na broinne goirt (Surfáil, lch 160)

Dáinín seoigh é ‘Ar Snámh’ a scríobhadh in ómós do Li Bai na Síne; machnamh spraíúil ar chéad litir na haibítre mar chruth inti féin agus mar chomhartha atá sa dán ‘A’; in ‘Seo Anois Linn’ tá an file i mBinn Éadair agus a cheann lán de laoithe fiannaíochta – ‘na scannáin ná déanfar ach a dhéanfadh Tarantino’. Ana-líne.

Gabriel Rosenstock a d’aistrigh formhór na ndánta sa chnuasach agus ní móide go bhfuil duine eile ar domhan níos oiriúnaí ná é chun tabhairt féna leithéid d’obair. Ní i gcónaí is féidir gach macalla sa bhundán a thiontú go teanga eile, go háirithe i gcás an Mhuirthiligh. Más file é atá ‘idir bruacha dhá theanga’ (lch v), tá mórán de na samhlaoidí a úsáideann sé préamhaithe go doimhin sa Ghaeilge e.g. an plé ar na bríonna éagsúla atá ag an bhfocal ‘uaim’ in ‘Maintíneacht Bhaile’ (lch 80) nó an focal ‘fiodh’ agus na rudaí éagsúla a shamhlaítear leis i dtraidisiún na nGael in ‘An Fuíoll Feá’ nó sa dán ‘Fúm Féin’ (lch 2) ina gcuireann sé nath i ‘(n)deiriúcháin tobanna’ na bhfocal ‘a bhaineann le tús agus fás/ na beatha ar nós suth agus gor agus borr’ – ní hionann do ‘foetus, incubation, swell’ an Bhéarla.

Rud paradacsúil é aistriúchán na filíochta, rud atá dodhéanta agus indéanta ag an am céanna. B’fhéidir go bhfuil sé de nós againne, lucht labhartha Gaeilge, ró-bhéim a leagan ar an méid a chailltear san aistriúchán, go gcuireann an t-aistriúchán imní orainn, go scanraíonn sé sin ar chuma éigin. Tá ár gcúiseanna féin againn leis sin, ach ní mór cuimhneamh air go bhfuil gné eile den aistriúchán ann leis, gné shúgrach: cluiche é a chleachtar idir dhá theanga. Deintear ‘my Pigasus who bleeds not when spurred’ de ‘m(h)uc na filíochta nach ngointear le saigheadóireacht’ ag deireadh ‘Na Deilgní Broid’ (lgh 392-3). Athraíonn ceol na cuaiche ó ‘cu-cu-cúrsaí grá/ cu-cu-cúrsaí grá’ go ‘cuckoo! Love so true/love so true, cuckoo cuckoo!’ in ‘Éanlaith’ (lgh 28-9). Aimseoidh an léitheoir go bhfuil an dá theanga ar a thoil aige mórán samplaí suaithinseacha mar seo.

Tá réamhrá breá leis an leabhar ó Chaoimhín Mac Giolla Léith agus is trua nár aistríodh é mar chabhródh sé le léitheoirí Béarla comhthéacs a aimsiú do shaothar an Mhuirthiligh. Tá dlúthdhiosca leis an leabhar chomh maith agus is fiú go mór éisteacht leis seo chun an ceol sna dánta a chlos i gceart.

Tá scata dánta breátha eile sa chnuasach nua nár luadh anso, gan trácht a dhéanamh ar na dánta go léir sna cnuasaigh eile sa leabhar: dánta grá, dánta nádúir, dánta cathrach, dánta tuaithe, dánta gealgháireacha, dánta spioradálta, dánta staire, dánta cuimhneacháin, agus mórán eile nach iad. Is drámadóir é an Muirthileach leis agus tá a rian san ar na dánta fada próis ina gcloisimid an iliomad guthanna trí ghuth sainiúil an fhile féin. File dáiríre é an Muirthileach a thugann féna cheard go dil dúthrachtach agus ná bíonn eagla air dúshlán a chur ar féin agus síneadh a chur ina chuid machnaimh agus go deimhin sa teanga féin. Duanaire breá é seo, lomlán de léargais fhileata agus de sheoda teanga, leabhar a éilíonn go bhfillfí air arís agus arís eile.



Feasta, Bealtaine 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais