Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta
le Seán Ó Leocháin

Sa Siopa Éisc

Nuair a leagadh sé ar na scálaí
an t-iasc a bhí uathu
nó nuair a ghearradh sé dóibh
pé méid a d'iarr siad air

den iasc a thaispeáin siad dó,
trosc nó bradán nó éisc eile nár aithníomar,
á mheá go cúramach cruinn
sula bhfillfeadh sé i bpáipéar dóibh é,

ag glacadh an nóta uathu
is ag cur na mbonn ina lámh
sula sínfeadh sé an mála chucu,
is maith a thug sé a gceart dóibh.

Agus ní lú a thug sé ár gceart dúinn féin
nuair a chaitheadh sé isteach sa mhála
níos mó ná ár ndóthain den iasc mór buí
gan bacadh leis na scálaí in aon chor

cé go nglacadh sé as mo lámh
an scilling nó na boinn
is go gcaitheadh sé isteach sa bhosca iad
gan féachaint orthu ach ar éigean.

Paisinéirí

Tá sé sa bhaile rompu cheana,
beidh sé sa bhaile rompu i gcónaí,
an coinín cois claí san aerfort.
Ní bhuaireann sé a cheann leo,
is cuma leis ann nó as iad:
ní bhaineann siad leis an scéal in aon chor,
ní fiú tráithnín an fuadar atá fúthu.
Ach ní féidir bheith cinnte díobh:
gan oiread is cor a chur de
cuireann sé cluas air féin,
seantaithí aige orthu is ar a n-imeachtaí
a thugann chomh fada ó bhaile iad,
a thugann chomh minic sa treo iad.

Ach tá deifir an domhain orthu:
ní théann siad chomh fada leis,
é ag fanacht in áit na mbonn
ag cloí leis an gcúram atá air,
gan dul ón obair idir lámha.
Ach b'fhearr leis bheith ann gan fhios dóibh,
pé easpa nó mí-ádh atá orthu
a chuireann go hard na spéire iad,
a chuireann ar fud an domhain mhóir iad:
gan dul níos faide leis blaiseann sé na gais
ach níor mhaith leis bheith ina dtuilleamaí,
iad ag imeacht leo i gcónaí,
ag imeacht leo is ag teacht ar ais.


Feasta, Bealtaine 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo