Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Níl teora le líon na n-eagarfhocal atá scríofa anseo le cúig bliana anuas ag cur agus ag cúiteamh ar ár bhfadhbanna eacnamaíocha. Beag dá thairbhe san againn ach oiread. Mar sin chun dul treo eile, b’fhaoiseamh é le déanaí a léamh go raibh plean nua forbartha á bheartú ag Comhairle Cathrach Átha Cliath don cheantar thart ar Chearnóg Pharnell, gar do lár na cathrach.
Séard is cosúil atá i gceist ná lárionad cultúir agus ealaíon a dhéanamh den cheantar, ach mar chéad chéim den fhorbairt bheadh leabharlann na cathrach le haistriú go seanfhoirgneamh Choláiste Mhuire, agus ina nasc idir é agus Gailearaí Hugh Lane in aice láimhe.
Cé nach molfadh a leithéid de scéim! Is cathair álainn í Baile Átha Cliath agus is cathair shuaithinseach í i gcomhthéacs Eorpach. Is cathair í leis a bhfuil dianghá le hathnuachan a dhéanamh uirthi, go háirithe ar Shráid Uí Chonaill agus suas chomh fada leis an gceantar atá i gceist anois thart ar Chearnóg Pharnell.
Is í Sráid Uí Chonaill príomhshráid na hÉireann, ach tá crot smolchaite agus suarach ar go leor de na foirgnimh. Ba chóir, gan aon amhras, go mbeadh an tsráid sin san áireamh in aon obair athnuachana a dhéanfaí sa cheantar.
Is féidir go ndéarfaí gur míthráthúil an tráth é chun tabhairt faoina leithéid d’obair agus sinn fós go fann inár lagtrá eacnamaíoch, ach tabhair faoi deara le déanaí na saineolaithe ba choimeádaí, ba cháiréisí, ag rá linn go gcaithfear borradh a chur san eacnamaíocht, go bhfuil forás de dhíth agus é riachtanach dul i ngleic leis an dífhostaíocht dhamanta.
Ní miste cuimhneamh ar an dul chun cinn a deineadh i mblianta an rachmais. Ní blianta amú go huile a bhí i gceist. Ba mhór an feabhas a cuireadh ar an mbonneagar, ar bhailte agus ar an timpeallacht ar fud na tíre. Deineadh go leor den dea-obair i mBaile Átha Cliath. Féach ar an éacht oibre a deineadh thart ar cheantar na nduganna. Trua nár mhair an tíogar fada go leor le go gcuirfí crot cuí ar an bpríomhshráid.
Ach tá fainic againn leis, agus b’olc uainn gan aird a dhíriú air agus sinn ag tagairt d’athnuachan an cheantair seo agus do Shráid Uí Chonaill go háirithe. Níor luamar gurb í an tsráid is stairiúla in Éirinn í, agus gur ina croílár a tharla an eachtra a chuir casadh cinniúnach inár stair.
Ar chúl na hArdoifige Poist, céad éigin méadar ón mball ar léigh an Piarsach Forógra na Cásca, tá grúpa beag de thithe inar dhein cosantóirí na hArdoifige a seasamh deireanach, agus gur ann a ghlac ceannairi an Éirí Amach a gcomhairle dheireanach sular ghéill siad d’arm na Breataine.
Is cosúil go raibh fonn ar fhorbróir éigin iad a leagadh d’fhonn spás a dhéanamh d’ionad siopadóireachta. Is eol dúinn conas mar bhíonn le lucht forbartha, ach ní féidir go gceadódh údaráis na cathrach sampla eile den chineál barbarachta a bhí á phlé againn anseo mí ó shin.
|