Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Deighilteachas, Útamáil agus Conspóid le Seán Ó Loingsigh
Sea – an tsochaí! Croí na ceiste, b’fhéidir.
Nach ndúirt sí nach raibh a leithéid ann!
****************
An raibh an mórchlúdach poiblíochta a fuair bás an Bhanbharúin Thatcher le déanaí thar fóir ar fad, nó ar a laghad an raibh an phoiblíocht thar fóir inár gcásna anseo in Éirinn? Gan amhras deineadh barraíocht den bhaint nó den tionchar bhí aici ar riar na síochána i gcás na cogaíochta sa Tuaisceart, nó go raibh páirt éigin dhearfach aici ann. Is dócha go bhféadfaí a rá, pé páirt a ghlac sí ann, nárbh é leas na tíre seo ba chás léi. Dé chúis gurbh é, mar a déarfaí sa Rinn.
Ach i gcás na poiblíochta i gcoitinne is ar éigean a d’fhéadfaí a rá go raibh dul thar fóir i gceist. Níl aon amhras faoin tábhacht a bhain léi. Bhí sí, mar is eol don saol mór, deighilteach agus fiú amháin imreasach. Glóir agus leas na Breataine ba chás léi, nó conas an ghlóir sin a thabhairt i réim arís. Ba chuma léi conas a dhéanfadh sí é sin nó cé a bheadh thíos leis.
Nuair a tháinig sí i gcumhacht bhí drochbhail ar an mBreatain, go háirithe ó thaobh an gheilleagair de. Ba leasc leat a rá go raibh cuid den lucht ar na ceardchumainn, ach is beag amhras ná go raibh dul thar fóir i gceist ina gcás siúd an tráth sin. Bhí rialtais scanraithe rompu, gan ar a gcumas feidhmiú gan dul ina gcead. Tá fhios againn cad a tharla. Ba chuid dá cath in aghaidh na gceardchumann gach uile ghníomhaíocht a bhí i lámha an Stáit a phríomháidiú, agus rinne sí é sin le díocas. Sa deireadh bhris Thatcher cumhacht na gceardchumann bíodh nach gan dochar a dhéanamh don tsochaí sa Bhreatain é.
Sea – an tsochaí! Croí na ceiste, b’fhéidir. Nach ndúirt sí nach raibh a leithéid ann! Ba bheag a haird ar an nath sa Ghaeilge gur ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine’. Gan amhras b’fhearr léi nath eile a bhíodh againn, ‘Bíodh agat féin nó bí á éagmais’.
Ní hiad na ceardchumainn amháin ar deineadh scrios orthu. Cuireadh deireadh le mianadóireacht guail, ach cuireadh deireadh mar an gcéanna le go leor den déantúsaíocht ar a raibh cáil ar an mBreatain dá bharr. Tá an ‘tionscal’ is mó sa Bhreatain inniu lonnaithe sa cheantar i Londain ar a dtugtar ‘an Chathair’. Is sa cheantar céanna sin a sholáthraítear seirbhísí a bhaineas le baincéireacht infheistíochta agus gach cineál seirbhísí airgeadais, go leor díobh atá in n-ábhar amhrais maidir lena ndlisteanas, ina measc a leithéidí sin a d’fhág an drochbhail atá inniu ar an ngeilleagar in go leor tíortha, ár dtír féin ina measc.
Maidir leis an deighilteachas a luadh níos luaithe dúradh faoin mBanbharún gur dhein sí dhá chuid den Bhreatain, an deisceart rachmasach agus an tuaisceart dealbh. Mar aon le gach ní a deirtear fúithi, is dócha go bhfuil riar maith den áibhéil i gceist. B’fhéidir i ndeireadh thiar nárbh í féin ba thábhachtaí, ach níl aon amhras ach go raibh agus go bhfuil tábhacht le ‘Thatcherism’, an cineál dearcadh nó fealsúnacht pholaitiúil / eacnamaíoch atá luaite léi go coitianta, agus atá fós i dtreis. Is ar an bhfealsúnacht sin a bhraitheann cáil Margaret Thatcher mar pholaiteoir. Cé déarfadh gur maith an oidhreacht í chun go mbeadh do cháil ag brath uirthi.
Agus Thatcher básaithe i Londain bhí sean-namhaid di, páirtí polaitíochta Shinn Féin, ag tionól a nArd-Fheise i gCaisleán an Bharraigh. Bhí tábhacht ar leith leis an Ard-Fheis seo toisc go bhfuil sé cúig bliana déag go díreach ó síníodh Socrú Aoine an Chéasta i mBéal Feirste. Ba é an toradh ba shuntasaí ar an Socrú sin go bhfuil Sinn Féin anois lánpháirteach i riarachán Thuaisceart Éireann i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile. Tá, mar is eol dúinn, Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire ar an bhFeidhmeannas atá i mbun rialaithe i mBéal Feirste. Mura bhfuil gach uile ní ina cheart, ná baol air, is mór an dul chun cinn atá déanta i mbuanú na síochána tar éis na cogaíochta a mhair ar feadh tríocha bliain.
Mar sin féin tá nimh sa bhfeoil, anseo ó dheas go háirithe, i measc lucht na meán cumarsáide do Shinn Féin. Tá sé dírithe cuid mhór ar Adams agus McGuinness, de bharr a mbaint leis an IRA. Ní mhaithfear a bpeacaí dóibh le himeacht na mblian, ná ní móide go dtiocfaidh aon mhaolú ar an doicheall go bhfágfaidh an bheirt sin an stáitse. Nár mhór an dánacht do Adams teacht aduaidh chugainn chun a bheith ina Theachta Dála i gCo. Lú, agus ba mheasa ná san é Mac Aonghusa ag seasamh dár nUachtaránacht! Is ábhar imní anois nach roimh Shinn Féin amháin atá an doicheall, ach in aghaidh an Tuaiscirt i gcoitinne, nó b’fhéidir in aghaidh Náisiúnaithe trí chéile. Aon ní ach athaontú.
Pé ní faoin doicheall, rithfeadh leat go raibh an Ard-Fheis eagraithe go maith. Ba léir an bhéim ar an óige, mná agus fir i ndiaidh a chéile ar an stáitse ag labhairt go cumasach agus go líofa i mBéarla agus i nGaeilge faoi seo siúd. Ceacht a bhí ann i gcur i láthair agus i mbainisteoireacht stáitse agus, ar ndóigh, i dtábhacht na híomhá!
Ní hionann agus i gcás Shinn Féin, ba dhóigh leat go raibh fabhar na meán leis an Rialtas ó tháinig i gcumhacht dóibh breis bheag agus dhá bhliain ó shin. Dhá bhliain meala, b’fhéidir, in áit na gnáth-mhíosa! Thuigfí don fhabhar, ag cur san áireamh na fadhbanna a bhí le réiteach. Fiú ansin d’fhéadfaí a bheith ag súil le níos mó tuairimíochta, níos mó géire fiú, maidir le cur chuige agus feidhmiúlacht an rialtais agus iad ag sracadh lenár bhfadhbanna. I gcás na meán, agus a n-idirbheartaíocht le rialtais, ní oireann tláithínteacht!
Gan amhras, bhí rith an ráis leis an rialtas le tamall anuas toisc gur éirigh leo faoiseamh a fháil sna téarmaí aisíoctha a bhain leis na nótaí gealltanais agus le hiasachtaí a fuair na bainc. Caithfidh gur baineadh geit astu nuair a chuir iarfheidhmeannach sinseartha de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus iarbhall den Troika, in iúl go raibh téarmaí agus coinníollacha a ghabh leis an tarrtháil a rinne siad ródhian ar fad. Bhí an cur chuige ar fad contráilte agus místuama. Ráiteas dochreidte a bhí ann. Bhí spior spear déanta den pholasaí déineachta seo a raibh oiread de stró agus de chonspóid ag baint leis.
Níor cuireadh aon cheist ar Bheirlín maidir lena dtuairimí siúd, ná go deimhin níor iarradh tuairimí ar ár rialtas féin. Cad a bheadh le rá, pé ní. Nach bhfuil an gníomh déanta. Go deimhin, tá cur chuige an IMF, ó thosaigh an ghéarchéim débhríoch agus ar neamhréir, faoi mar bheifí ag labhairt ar bhealach amháin agus ag gníomhú ar bhealach eile. Tá an rialtas faoi láthair ag achrann le ceardchumainn faoi ghearrtha agus ciorruithe atá siad ag cur i bhfeidhm. Tá diúltaithe ag na ceardchumainn anois do théarmaí an rialtais agus caithfear teacht ar shocruithe eile. Ach níl, is cosúil, malairt treo i gceist.
B’fhéidir gur mó a ghoilleann an útamáil seo ar an Lucht Oibre ná ar Fhine Gael. An amhlaidh go raibh an ceart ag Éamonn Gilmore nuair a bhí bealach an Lucht Oibre á mhaíomh aige seachas bealach Frankfurt. Tá seanfhadhb an Lucht Oibre i rialtas ag teacht chun solais arís: conas is féidir do pháirtí den eite chlé dul i gcomhrialtas le páirtí coimeádach cosúil le Fine Gael, gan ceiliúradh dá bhunphrionsabail?
Is cruacheist í gan amhras an bhféadfadh an Tánaiste agus a chomhairí óna pháirtí féin a bheith níos dícheallaí ag maolú na ngnéithe is danartha de choinníollacha tarrthála na Triúrachta a rabhamar ag tagairt dóibh níos luaithe.
Is cinnte go gcuireann sé le fadhb an Lucht Oibre nuair atá ag méadú ar an amhras gur féidir dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíoch fad atáthar ag brath go huile ar na gearrtha agus ciorruithe, ar an bpolasaí déineachta amháin, agus san am céanna gur léir an dífhostaíocht agus an cruatan a leanann an polasaí sin. Nach mbeadh sé réasúnta a mheas gurb iad lucht tacaíochta an Lucht Oibre is mó a bhíonn thíos leis an dífhostaíocht, agus gurb iad is mó a fhulaingíonn an cruatan.
Ní hionadh mór go mbeadh teachtaí Lucht Oibre ag tréigean an rialtais faoi láthair. Níorbh ionadh ach oiread dá sílfeadh a lán díobh nach póstaí aonghnéis an gad is giorra don scórnach in am gátair. Ní théann impleachtaí a ngabhann le toradh an fhothoghcháin sa Mhí amú orthu. Leanfaidh a thuilleadh iad mura bhfeabhsaíonn ar chúrsaí go luath.
Amhail is nach raibh dóthain ar a bpláta ag an rialtas tá conspóid na mbreithiún tagtha sa mhullach orthu gan choinne leis, agus más fíor, gan aon ró-riachtanas leis. Is doiligh a thuiscint conas a tharla a leithéid de chonspóid neamhghnách. Bheadh iarracht amhrais orainn an sotal is cúis leis, pé acu an i bpáirt an Aire é nó i bpáirt na mbreithiún. Cé acu díobh is mó sotail? Aisteach go leor is féidir nár chóir, ó thaobh neamhspleáchais, go mbeadh sé i ndeonú an Rialtais tuarastail na mbreithiún a ardú nó a ísliú. Tógaim féin ceann de gur thaobhaigh iarbhreitheamh na Cúirte Uachtaraí, Catherine McGuinness, leis na breithiúna in agallamh a rinne sí ar an raidio le déanaí. Fiú gur lucht aonchéirde iad, is duine í a bhfuil ardmheas tuillte aici i saol poiblí na tíre seo le fada. Is cúram don Taoiseach é an chonspóid mhíchuibhiúil seo a thabhairt chun críche, a luaithe sea is fearr.
Feasta, Bealtaine 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|