Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Stolpach

scéal le Colin Ryan


(Stolpach – Aimsir thirim ghaofar)

‘Stolpach!’ a dúirt an Ceallachánach go dorrga: an ghaoth thirim ag scuabadh na sráideanna; b’in é an lá ar tháinig an strabhsachán mná ina gúna dúdhearg, bean a raibh mearbhall croí inti.

B’fhada Yalluck ag seargadh cheal uisce, na feirmeacha máguaird ag dul chun raice, scléip agus bruíon ar na sráideanna ar an Aoine, nimh sna madraí. An geimhreadh ann anois, Mí Iúil, agus gan súil le fearthainn fós. Ba ghearr go dtiocfadh an samhradh, na sráideanna ina ndalladh súl le géire gréine.

‘Ba mhaith linn monarcha a thógáil anseo,’ a dúirt an strabhsachán.

Marit ab ainm di, í á ligean féin chun tosaigh beagán, na fir ag iarraidh gan féachaint ar a cíocha. An diabhal inti.

Bhí triúr sa choiste: an Ceallachánach, Mick (stroimpiléad bolgshúileach) agus Len an feosachán. An Ceallachánach á thochas féin go cáiréiseach, rúnda. Bruth féasóige air, a bhríste ina mhála, sprochaillí faoina shúile, fonn suain air. É ag dul chun an donais.

Tar éis na cainte go léir níor léir dó fós céard a bheadh á dhéanamh sa mhonarcha, ach ba chuma, féach scéimh na teicneolaíochta uirthi, seo na pleananna ar an mbord.

‘Talamh atá uainn, heicteár b’fhéidir,’ a dúirt Marit.

Bhí sin le fáil, stráice lom, agus ba ghearr go raibh seid mhór á tógáil ann. Tháinig an tEarrach de réir a chéile, séasúr stolltach: píosaí d’iarann rocach ag rince thar an gclós, crainn ghuma ag titim ar dhroim a chéile ar na bóithre.

An Ceallachánach ina sheasamh ar an gcosán, gloiní gréine air, é ag beannú go fánach dá lucht aitheantais. É folamh ina chroí istigh, dreach folamh ar a éadan. Na blianta á chreimeadh. A bharúil nach bhfágfadh sé lorg ar bith ar an saol seo, rud nár bhuair riamh roimhe sin é.

Chuala sé duine éigin ag scairteadh air, a iníon, í ag teacht ina choinne. É á scrúdú mar a scrúdódh sé strainséir, bean óg thónach, a gruaig ina stothall ag an ngaoth. Í ag scairteadh air, ag scairteadh. Mhothaigh sé go raibh sí á breith uaidh, a guth ag dul in éag, agus chonaic sé an strabhsachán ar a cúl, ag gáire. Chas sé agus chuir chun siúil, ag éalú.

É ag cur a thola leis an neamhréaltacht, nó le réaltacht nua. An sciamhaí gránna ag siúl na sráideanna, súile na phobail á leanúint. A bhean féin á fuadach uaidh, gan inti ach scáil nó cuimhne, meall gan tathag lena ais sa súsa. Í á cur as a ceart ag an strabhsachán.

‘Nár shiúil tú na críocha riamh?’ a dúirt Marit. ‘Nach bhfaca tú na hiontais?’

Níor chuimhin leis cár tharla an comhrá seo, má tharla ar chor ar bith. Marit ina theannta, a cumhracht, a draid mhealltach.

‘An Téalainn,’ a dúirt sé. ‘Na hoileáin. Bhíos óg.’

Iad ina seasamh sa chlós páirceála ar chúl na siopaí agus málaí plaisteacha á síobadh timpeall a gcos. Pearóidí ag dul tharstu de rúid agus an Ceallachánach ag meabhrú ar an óige. Dúirt sé:

‘Céard a tharraing anseo thú?’

‘An spás, a dúirt sí,’ ag gáire. ‘Dreach na tíre. Na daoine. Chuile shórt.’

A draidgháire, a cumhracht: í ag imeacht uaidh ina pearóid.

Bhí obair sa bhaile mór anois, an t-aos óg ag tabhairt a n-aghaidhe ar an monarcha. Tugadh faoi deara go raibh an téagar á chailleadh acu, iad á snoí. Níorbh fhéidir leo a rá cén obair a bhíodh idir lámha acu sa tseid mhór, an chaint ag dul ar seachrán orthu, a súile ag seachaint na ceiste.

‘Tá rath ag teacht ar an áit, ambaiste, a dúirt Mick.

Níor chuir an Ceallachánach focal as; é ina shuí ann leis an gcuid eile i mbéal an tsamhraidh, séasúr tarta agus dóiteáin.

‘Céard tá siad a dhéanamh?’ a dúirt an feosachán.

‘Scátháin,’ a dúirt an Ceallachánach, faoi mar a bhí fios an scéil aige. ‘Scátháin, ar m’anam.’

Ní raibh ag teastáil ach freagra éigin agus iad ar mhuin na muice anois, airgead á shaothrú agus á chaitheamh. Chonaic an coiste an t-am a bhí le teacht, é á ghiniúint sa ghlésholas, i míshuaimhneas na gaoithe.
——◊——

Oíche amháin chuir an Ceallachánach an nuachtán i leataobh (ba bheag air an teilifís, b’fhearr leis leabhar, giota staire, beatha Napoléon nó eile) agus d’éirigh ina sheasamh. A bhean (an méid di a mhair) sáite i seó éigin. Amach leis go fáilí, oíche gharbh, gealach ann, é á thochas féin agus ag drantán ceoil.

An mhonarcha roimhe agus fuinneog ar oscailt, d’aonghnó b’fhéidir, í á mealladh chun dánachta, chun díchéille. Bhí aclaíocht na hóige caillte aige ach d’éirigh leis an leac a chur de. Ciúnas roimhe istigh, caochsholas, gléasra anaithnid. É ag dul ó áit go háit ag feadaíl go ciúin, ag cuimilt a láimhe den fhearas.

Mhúscail a lámh rud éigin, an solas ag preabarnach, siosarnach ann, scáileanna ag caint le chéile. Í féin ann, súil aici leis, a béal cam ag gáire.

‘Céard tá á dhéanamh anseo?’ a dúirt an Ceallachánach.

‘Buama.’

É ag cuimhneamh ar a bhféadfadh tarlú, an blosc, an ghaoth ag géarú chun tubaiste. Fuascailt.

‘Buama eile,’ a dúirt sí, faoi mar a bhí a chuid smaointe léite aici. ‘Pléascadh gan stad, síorchlaochlú. Athróidh an domhan, ní bheidh rud ar bith mar a bhí. Ar mhaith leat é a fheiceáil?’

Chuimhnigh an Ceallachánach ar an ngaoth, ar an neamhbhuaine. An saol ag cur dathanna de. Cén difríocht a bheadh idir seo agus pé saol eile a d’fhéadfadh a bheith ann?

‘Difríocht ar bith,’ a dúirt sí. ‘Nó difríocht an domhain. Cá bhfios dúinn?’

Lean sé isteach i seomra í: chonaic sé é féin ann, an fear a d’fhéadfadh bealach eile a ghabháil, bealach an fhile, an taistealaí nó an díthreabhaigh. Ní bheadh le déanamh aige ach ligean leis féin, ligean don phléascadh é a réabadh agus a athdhéanamh. Chuaigh an tnúth agus an scéin i ngreim ann; ba ghearr go mbrisfeadh a ghol air. D’oscail rud éigin: bhí fásaigh ann, cathracha iontacha, réaltbhuíonta úra. Mhothaigh sé na cosa ag imeacht uaidh ar urlár nach raibh ann. Ach bhí a fhios aige go raibh sé ródhéanach: bhí a rogha déanta. D’fhéach sí féin air agus í ag gáire.

‘Cén fáth ar bhuail tú isteach chugainn?’ a dúirt sí. ‘Nach bhfuair tú an rud a bhí ag teastáil uait?’

D’oscail doras na monarchan roimh bhrú na gaoithe agus tháinig an oíche isteach de léim. Amach leis, an tseanspéir os a chionn agus an ghnáthshráid roimhe amach.

Bhí bean spréite ar an tolg, ag míogarnach. Dreach doiléir uirthi mar a bheadh ar dhuine faoi thoinn. É á scrúdú agus gan a fhios aige cé bhí sínte ann i ndáiríre – a bhean féin, an strabhsachán, iarlais eile. Ghabh eagla é agus é ag seachaint na scáthán chun nach bhfeicfeadh sé strainséir.

An teach ar crith ag an stolpach: súil ag an saol le fearthainn, le fóirithint. Chuaigh an Ceallachánach a chodladh, ag imeacht le sruth na haimsire, le saol a bhí ag imeacht nó le teacht. An ghaoth ina tost anois agus míle dath ar na pearóidí: d’oscail doras agus chuaigh sé thar tairseach amach.
——◊——
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2013


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais