Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Scéalaíocht Ár Sinsear
le Kim Mc Cone agus Pádraig Ó Fiannachta
An Sagart, Athchló 2012

Léirmheas le Síle Ní Mhurchú


Is é atá in Scéalaíocht Ár Sinsear ná naoi gcinn de scéalta ó ré na Sean-Ghaeilge aistrithe go Nua-Ghaeilge ag Pádraig Ó Fiannachta maille le tráchtaireacht ó Kim McCone. Bhí dúshláin áirithe ag baint leis an aistriúchán so agus míníonn Ó Fiannachta gur dhein sé iarracht cloí leis an nGaeilge Mhoch chomh mór agus ab fhéidir leis ach cló na Nua-Ghaeilge a chur ar na scéalta ag an am céanna (lch v). Admhaíonn sé gur deacair don aistritheoir gach gné den stíl a thabhairt ‘thar bhearna bhaoil an aistriúcháin’ (ibid.) ach tríd is tríd, éiríonn go maith leis, mar a chífear sna samplaí a leanas. Féach an bheocht atá sa chomhrá thíos idir an rí Ailill, Eoghan Mac Ailealla agus Lughaidh Mac Con in Cath Má Mucramha:

‘Beir breith eadrainn, a Ailill.’ ‘Beag a thairbhe,’ arsa Ailill. ‘Cad dúirt sibh nuair a fuarthas an fear.’ ‘Liomsa an ceol, a dúrtsa,’ arsa Lughaidh. ‘Liomsa an ceoltóir, a dúrtsa,’ arsa Eoghan. ‘Fíor duit,’ arsa Ailill, ‘le hEoghan an fear.’ ‘Is drochbhreith,’ arsa Lughaidh. ‘Is cóir í,’ arsa Ailill. ‘Ní cóir í,’ arsa Lughaidh, ‘ní gnáth cóir as do bhéal.’ ‘Ní tú is cóir á lochtú,’ arsa Eoghan, ‘aitheach de do shórt.’ ‘Is aitheach de mo shórt a lomfaidh an ceann sin díotsa agus a shatlóidh ar do leaca!’ ‘Conas a dhéanfá-sa sin?’ arsa Eoghan. ‘Ar pháirc an chatha,’ arsa Lughaidh: ‘mí ón lá inniu, tar go gcomhracam i gCeann Abhrad.’ (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 25)

‘Beir breith dún, a Ailill’. ‘Bec torbai’, or Ailill. ‘Cid at-rubartbair in tan fríth in fer?’ ‘At-rubart-sa’, or Lugaid, ‘lemm a céol’. ‘At-rubart-sa’, ar Éogan, ‘is lem on céoluid’. ‘Is fír’, or Ailill, ‘la Éogan in fer’. ‘Is drochbreth’, or Lugaid. ‘Fír dano’, or Ailill. ‘Ní fír,’ or Lugaid, ‘ní gnáth fír fort béolu’. ‘Ní tú as chóir dia chairigud’, or Éogan, ‘aithech samlut’. ‘Bid aithech samlum-sa’, or Lugaid, ‘lomméras a cend-sin dít-sa 7 saltéras fort leccoin’. ‘Cinnas do-génta-su?’ or Éogan. ‘I rroí chatha’, or Lugaid, ‘a llaa-sa i cind mís do-téis co comairsem i Cind Abrat’. (1)

Is deas mar a bhorrann is a thránn an argóint sa tsliocht san agus is dóigh liom go n-éiríonn leis an aistritheoir teannas agus gontacht an bhunleagain a bhreith leis sa Nua-Ghaeilge. No féach ar Dheirdre a chuireann a dúil in iúl do Naoise in Loingeas Mac nUisnigh:

‘Is álainn,’ ar seisean, ‘an tsamhaisc atá ag dul tharainn.’ ‘Dlitear samhaisc a bheith mór,’ ar sise, ‘san áit nach mbíonn tairbh.’ ‘Tá tarbh an chúige agat,’ ar seisean, ‘.i. Rí Uladh.’ ‘Dhéanfainn rogha eadraibh araon,’ ar sise, ‘agus thoghfainn tairbhín óg mar thusa.’ ‘Ná habair é!’ ar seisean, ‘fiú de bharr fháistine Chathbhadh.’ ‘An do mo dhiúltú a deire sin?’ ‘Is dó, go deimhin,’ ar seisean. Leis sin chaith sí léim chuige agus rug greim ar a dhá chluais ar a cheann. ‘Dhá chluais méala agus fonóide iad seo,’ ar sí, ‘mura mbeireann tú mise leat.’ (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 111)

‘Is cáin,’ ol-se-sseom, ‘in t-šamaisc téte sechunn!’ ‘Dlegtair,’ ol-si-si, ‘samaisci móra bale na∙bít tairb.’ ‘Atá tarb in chóicid lat,’ or-se-sseom, ‘.i. rí Ulad.’ ‘No∙togfainn-se etruib far ňdís,’ or-si-si, ‘ocus no∙gēbainn tarbín óag amalt-so.’ ‘Ni-thó!’ ol-se-sseom. ‘Cid fo bīthin fáitsine Cathbad.’ ‘In dom fémed-sa adeiri sin?’ ‘Bid dō immurgu,’ or-se-ssem. La sodain fo∙ceird-si bedg cuci corro∙gab a dá n-ó fora chinn. ‘Dá n-ó mēle ocus cuitbiuda in-so,’ ol-si, ‘manim∙bera-su latt.’ (2)

Tá níos mó de dhúshlán ag baint leis na giotaí beaga filíochta a fhaightear anso is ansúd sa phrós. In Oidhe Dhiarmada Mhic Fhearghasa Ciorrbheoil, tuarann an fáidh Beag Mac Dé gur mar seo a leanas a bheidh ríocht Dhiarmada i ndiaidh a bháis:

Is olc an saol atá chugam;
Beidh fir daor,
Mná saor,
Meas crann folamh,
Coill caoin,
Bláth olc,
Gaotha iomadúil,
Samhradh fliuch,
Arbhar glas,
Iomad bó,
Bainne tearc... (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 102).

An téacs ar ar bunaíodh an t-aistriúchán:
Olc bith aromthá • daera fir • saera mná • mess fás •
fidh cáin • olcc bláth • ili gáith • samh fliuch •
ith nglass • immat buar • terc ass... (3)

Braithim go mbeadh línte 4 agus 5 thuas doiléir go maith don léitheoir Nua-Ghaeilge. Caoin sa chiall ‘smooth’ .i. gan fásra atá i gceist ach is dócha gur túisce a chuimhneodh duine sa lá atá inniu ann ar ‘pleasant’ nó a leithéid. Bhí réimse leathan bríonna ag an bhfocal sa tSean-Ghaeilge leis: ‘devoid of fruit’ le comhartha ceiste a mholann an Dictionary of the Irish Language (s.v. caín) sa chás so. Cuirtear an focal crann leis an bhfocal mess/meas san aistriúchán chun go dtuigfí gur ‘fruit of a forest tree’ (mar a thugtar i bhFoclóir Uí Dhónaill s.v. meas²) atá i gceist ach fós braithim go mbeadh an líne sin doiléir go maith do léitheoirí ar an gcéad amharc. Tá na giotaí filíochta pas deacair mar sin – bheadh tuairim agat cad tá á léiriú iontu ach ba dheacair mionscagadh a dhéanamh ar chuid de na línte gan dul i dtreo na mbunfhoinsí agus na saothar acadúla a thráchtann orthu. Ná cuireadh deacrachtaí mar seo as don léitheoir! Tá blúirí Laidine sa tsliocht as Beatha Phádraig agus aistríodh iad so go Béarla:

‘Gornias washed his face agus osclaíodh a shúile dó...’ (lch 130) ‘Pádraig, however, nuair a chuala sé na focail sin...’ (lch 130), ‘Is é seo indeed faoi deara teacht Phádraig i dtús go hÉirinn’ (lch 132).

Tá cúpla sliocht níos faide ná san leis ann aistrithe ó Laidin go Béarla agus ní bheadh aon locht agam orthu san ach is dóigh liom go bhfuil greann neamhbheartaithe ag baint leis na blúiríní gearra Béarla mar atá thuas toisc go dtugann siad códmheascadh an lae inniu chun cuimhne – b’fhearr an Laidin a aistriú go Gaeilge agus é a chur i gcló Iodálach, dar liom.

Bíonn teachtaireachtaí na scéalta so folaithe rud a fhágann gur deacair do léitheoirí an lae inniu iad a dhéanamh amach, mar a mhíníonn Ó Fiannachta (lch v) agus mar leigheas air seo, míníonn Kim McCone cuid de na modhanna anailíse a mbaineann scoláirí úsáid astu – mionstaidéar ar chúlra na scéalta, an anailís struchtúrach, coincheap na tairseachúlachta, agus a thuilleadh nach iad. Tugtar eolas dúinn ar sheachadadh na scéalta, ar thionchar na Críostaíochta agus an Bhíobla agus mar a fíodh an traidisiún dúchasach leis an dtraidisiún eaglasta, ar fheidhm na scéalta sa tréimhse inar cumadh iad agus ar ghnéithe d’aeistéitic na scéalta. Tá an chuid seo bunaithe ar an leabhar Pagan Past and Christian Present in early Irish literature le Kim McCone arís (lch 18). Ina theannta san go léir, cuireadh nótaí le gach scéal sa leabhar a thugann eolas breise ar chóipeanna i lámhscríbhinní, ar eagráin i gcló, ar thuairimí scoláirí éagsúla, ar théama an scéil, ar chosúlachtaí agus ar dhifríochtaí idir scéalta éagsúla, agus mar sin de. Is mór an chabhair iad so do léitheoirí.

Tháinig an leabhar so amach ar dtúis i 1992. Tá fiche bliain, mar sin, idir an dá eagrán agus is mór an trua nár tugadh na nótaí a ghaibheann leis na scéalta suas chun dáta chun obair atá déanta ag scoláirí sa tréimhse sin a chur san áireamh. Luaitear (lch 105) léacht a thug Cornelius Buttimer i Má Nuad ar an bhfeidhm a bhaintear as fuaimeanna in Loingeas Mac nUisnigh; cuireadh aiste bunaithe ar an léacht so i gcló ó shin in Éigse (4) ; b’fhiú a lua go bhfuil an buntéacs Laidine de bheathaí Phádraig le Tíreachán agus Muirchú (luaite ar lgh 123-9) ar fáil ar líne anois ar an suíomh www.confessio.ie agus aistriúchán Gaeilge leo; tá ailt nua scríofa ó shin ag scoláirí éagsúla ar chuid de na scéalta agus tá eagráin nua tagtha amach de chuid de na leabhra a dtagraítear dóibh sna nótaí.

Na scéalta eile sa leabhar nár luadh roimis seo ná: Oidhe Chonchúir, Giniúint Chormaic Uí Choinn, Eachtra Mac nEachdhach Mhuighmheadhóin, Toghail Bruíne Da Dearga agus Eachtra Fhearghasa Mhic Léide. Beidh an leabhar so an-úsáideach do lucht labhartha Nua-Ghaeilge atá ag foghlaim Sean-Ghaeilge agus luaitear ar an gclúdach cúil go bhfuil an-éileamh air sna hollscoileanna. Ina theannta san, mholfainn d’aon duine ar suim leis no léi litríocht na Gaeilge é a léamh. Ba mhaith an dream chun scéalaíochta iad na sinsir agus níor cheart an méid a scríobhadar a ligint i ndíchuimhne.

Tagairtí:

(1) O’Daly, Máirín (eag.), Cath Maige Mucrama / The Battle of Mag Mucrama, Dublin 1975, lch 40.
(2) Hull, Vernon (eag.), Longes mac nUislenn, New York 1971 (athchló), lch 46.
(3) O’Grady, Standish Hayes (eag.), Silva Gadelica i, London 1892, lch 80.
(4) Buttimer, Cornelius, ‘Longes mac nUislenn reconsidered’, Éigse 28 (1995), lgh 1-41.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2013


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais