Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Macallaí na Cásca 9

1916 Agus mar sin de, le Pádraig Ó Snodaigh





Léirmheas le Seán Hutton


SÚIL SIAR AR 1916

Tá leabhar atá spéisiúil agus éagsúil curtha ar fáil ag Pádraig Ó Snodaigh sa tsraith Macallaí na Cásca dar teideal 1916 Agus Mar Sin De. Tá cur síos beacht déanta aige ar ábhar an tsaothair sa Réamhrá: ‘Saghas dialann oibre atá ann’, cuntas ar shaothrú na staire seachas ar an ‘saothar críochnaithe’. Luann sé freisin gné eile den scríbhneoireacht atá le fáil sa leabhar: ‘scéalta a shíleas a bheith barrúil [agus] cinn eile a léirigh mianach na ndaoine a bhí i gceist’. Maidir leis na daoine seo ‘a bhí gceist’, meabhraíonn sé dúinn go bhfuil ‘na pearsain staire a ardaítear romhainn mar laochra’ ina ndaoine ‘go laigí an duine go greann agus aiféala’. Is fiú a rá freisin gur téama tábhachtach leanúnach eile sa leabhar seo mórthionchar Bhráithreachas na Poblachta ar na himeachtaí as a d’eascair Óglaigh na hÉireann agus gach a lean de sin.

Insíonn sé freisin sa Réamhrá mar a theip ar an iarracht a rinneadh an leabhar seo a fhoilsiú i 1986 chun Éirí Amach na Cásca a chomóradh: ‘urchair thámáilte a bhí sa chomóradh: drochthráth dúinn ab ea lár na 1980idí agus fágadh an iarracht seo ar leaththaobh’ ag am gur ‘tugadh an t-ardán’ do lucht athscríofa na staire.

Ach mar a deir Pádraig sa leabhar seo ‘Tá athscríobh agus athscríobh ann’ agus ‘ní stair go hathscríobh’. Sa scrúdú a dhéanann sé ar athscríobh na staire a bhain le hÉirí Amach na Cásca, díríonn sé ar bheirt d’fhoireann Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath lenár linn sa leabhar seo (agus i leabhar eile a scríobh sé, Two Godfathers of Revisionism, 1991): an tAthair Francis Shaw agus An tAthair F X Martin. Pietas agus nua-Réamannachas faoi chló na staire a thugann sé ar iarracht Shaw, ‘The Canon of Irish History – A Challenge’ (a bhí ar fáil i 1966 ach nár foilsíodh go dtí 1972) – ag tabhairt an bhreithiúnais seo air: ‘ionsíothlú na staire chun leas na polaitíochta’, ‘tá sin doghlactha’ (lch 43). Tá scéal spéisiúil le ríomh aige freisin faoi pholaitíocht na moille fada a cuireadh ar fhoilsiú alt Shaw.

Sheol ráiteas an tSnodaigh thuas ar ais mé i dtreo Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 (1966) chun a mheabrú dom féin cén sórt staire a scríobh sé sa leabhar sin. An sórt staire a chleacht agus a mhol na hathscríobhaithe Dudley Edwards agus Moody a bhí i gceist: is é sin mionscrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí agus insint ‘dílis’ staire a bhunú ar fhíricí an taighde sin. Tá an focal sin ‘dílis’ curtha idir lúibíní agam mar go bhfuil go leor saineolaithe comhaimseartha staire a déarfadh go bhfuil sé iontach deacair insint chothrom staire a scríobh. Ach sa mhéid gur féidir teacht i ngar dó sin a dhéanamh, tá sé déanta ag Pádraig (féach mar shampla an aiste ‘De hÍde agus 1915: Mac Néill agus 1916’).

I 1961 d’fhoilsigh F X Martin alt dar teideal, ‘Eoin Mac Néill on the 1916 Rising’. Bhí dhá cháipéis le Mac Néill i gceist, ceann acu an litir ‘The North Began’ a d’fhoilsigh Mac Néill sa Claidheamh Solais i nDeireadh Fómhair 1913 – agus tá macalla den chiall a bhain Martin as an alt seo in The Oxford Companion to Irish History (1998): ‘his [Mac Néill’s] article, pointing to the example of the Ulster Volunteer Force, provided the inspiration for the Irish Volunteers’.

Ach tá go leor atá scríofa sa leabhar seo a léiríonn go raibh daoine eile ag eagrú agus ag druileáil sarar rith sé le hEoin Mac Néill peann a chur le pár i nDeireadh Fómhair 1913, féach na caibidlí beathaisnéise faoi Con Colbert agus Seán Mac Diarmada, mar shampla; nó sa chaibidil thar a bheith spéisiúil, ‘Fórsa Óglach Lár na Tíre’, in a fheiceann muid an bleachtaire-stairí faoi lán seoil, agus cur síos thar a bheith cothrom agus beacht á thabhairt aige ar an ábhar seo.

Is spéisiúil go léiríonn léamh Ruth Dudley Edwards ar imeachtaí na laethanta sin ró-shimplíocht léamh Martin, agus tábhacht Bhráithreachas na Poblachta sna himeachtaí seo (Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure (1977) leathanaigh 177-8).

Is fiú a rá freisin go n-aontaíonn Charles Townshend (Political Violence in Ireland. 2000, lgh 256-9), go leagtar an iomarca béime ar ‘The North Began’. Cuireann seisean béim ar ‘spontaneity’ i dtús fhás na nÓglach, é ag baint úsáide as alt Béarla ó 1968 le Pádraig, ‘The Midland Volunteer Force, 1913’, mar fhianaise. In áit eile déanann sé mór de chumas ‘the new generation of republicans’ i ‘the heavy spadework of organisation building’ (lch 241).

Maidir leis an dara cáipéis le Mac Néill a bhí i gceist, meamram faoi straitéis na nÓglach a d’ullmhaigh sé chun cúrsaí a phlé ag cruinniú de choiste feidhmeannach na nÓglach go luath i 1916, níor baineadh úsáid as ag an gcruinniú sin. Léirigh an cháipéis go raibh sé i gcoinne na straitéise a bhí ceaptha ag baill den Bhráithreachas a bhí gníomhach sna hÓglaigh. Nuair a shéan na daoine seo go raibh a leithéid de straitéis ar intinn acu, leag sé a cháipéis ar leataobh; ach b’é tuairim Martin gur meamram tábhachtach a bhí mar ‘centre of discussion at the meeting’ an cháipéis seo. Bhí Pádraig in ann an ráiteas seo a bhréagnú ar fhianaise Bulmer Hobson.

Feannann sé Martin mar staraí sa chaibidil ‘The Lists of Xavier Martin’, agus tugann sé sonc dó ó am go ham in áiteanna eile sa leabhar.

Seachas athscríobh na staire agus tábhacht an Bhráithreachais sna himeachtaí as ar lean Éirí Amach na Cásca, tá téama eile ag rith tríd an leabhar seo. Fadhb atá ann a aithneoidh duine ar bith a chuaigh i ngleic leis an stair riamh i.e. an t-eolas a bhíonn in easnamh ar chúis amháin nó ar chúis eile. Nuair a bhí Pádraig ar thóir páipéar a bhain le Joseph Mary Plunkett, chuaigh sé go dtí teach áirithe ar dúradh leis go mbeadh teacht aige orthu ann agus labhair sé leis an té a bhí i mbun an tí. Arsa mo dhuine leis: ‘Ní raibh aon rud polaitiúil iontu. Ní raibh ann ach litreacha uaidh don chlann … chuireas tine leo.’

Bhí sé ródhéanach freisin i gcás Robert Page, ball den Bhráithreachas a chuaigh le hÓglaigh Redmond i scoilt 1914, agus a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Dar le Pádraig: ‘Bhí sé in aois na leanbaíochta, beagnach, agus is beag a fuair mé uaidh ó thaobh eolais don tráchtas’. Ach an scéal is taitneamhaí ar an ábhar seo, tá sé le fáil in aiste ghairid spraíúil, ‘An Piarsach’, atá bunaithe ar an eolas go mbaineadh An Piarsach úsáid as shorcóirí fónagraif chun a óráidí a chleachtadh: ach ní raibh teacht ar aon cheann de na huirlisí úd ag Scoil Éanna a thuilleadh, iad scaipthe mar bhronntanaisí thar na blianta de réir dealramh.

Bhí deacrachtaí thar na bearta ag Pádraig féin agus é i mbun taighde, áfach, nuair a diúltaíodh cead dó páipéir Eoin Mhic Néill a iniúchadh, cosc nár cuireadh ar F X Martin, de réir dealraimh. Leagann sé an milleán ar Michael Tierney, a phós iníon Mhic Néill agus a bhí ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath lenár linn. Nochtann Pádraig scéal sa leabhar seo freisin gur iarr Martin ar Bulmer Hobson gan cuidiú leis sa taighde a bhí ar bun aige (scéal a bhí aige ó bhéal Hobson). Ach ní hé sin deireadh. Theip air freisin radharc a fháil ar cháipéis le Seán Ó Muirthile ar stair an Bhráithreachais (ar chuir rialtas an tSaoir Stáit bac ar a fhoilsiú), nuair a chuaigh sé i dteangmháil le Risteárd Ó Maolchatha, an té a raibh an cháipéis ina sheilbh.

Mar a dúradh i dtús na haiste, tá éagsúlacht ag baint le 1916 Agus Mar Sin De, agus tá iarracht déanta agam príomhthéamaí an leabhair a iniúchadh. Is fiú a rá go bhfuil aistí taitneamhacha ann atá imeallach ar bhealaí do na téamaí seo mar ‘Mac Easmainn agus an luibheolaíocht’ agus ‘Lá leis an bPiarsach’. Ach thar gach ní eile, tá raidhse eolais anseo ar chur amach Uí Shnodaigh ar an stair agus cleachtadh na staire i gcás ceisteanna atá conspóideach fós in Éirinn.

Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2013


Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais