Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
Tuigeann gach duine um an dtaca seo an ról fíorthábhachtach atá glactha idir lámhaibh ag an gCoimisinéir Teanga maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí ó ceapadh sa phost sin é roinnt bheag blianta ó shin. Tá a Thuarascálacha Bliantúla againn mar fhianaise ar an stró a bhaineann leis an obair sin agus an brú in aghaidh an doichill a bhíonn i gceist go minic, ní lú sin i gcás ranna stáit a mbeifí ag súil le lántacaíocht uathu.
Anois in óráid a thug sé le déanaí ag ócáid a d’eagraigh Gaelchultúr, thug sé an léargas is géire fós ar an imní a bhraitheann sé maidir le leasaithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. ‘Tá muid ag crosbhóthar faoi láthair,’ a deir sé, ‘agus tréimhse fíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta’. Ní bheadh sé cuí dúinne a bheith ag cur focal i mbéal an Choimisinéara: tá an foláireamh a thugann sé lomláidir agus is riachtanas dúinn go léir a bhfuil le rá aige a léamh agus ár marana a dhéanamh air.
Tá dhá shlat tomhais leagtha síos ag an gCoimisinéir maidir le dáiríreacht an Stáit faoin gceist seo, muran ‘iarracht fuarbhruite nó tuilleadh den chur i gcéill’, i bhfocail an Choimisinéara, a bheidh ann: is iad, go gcinnteofar sna leasaithe ar an Acht go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, agus go ndéileálfear le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne.
Ach is é is suimiúla fós in óráid seo an Choimisinéara, rud a chuireann go mór lenár n-imní faoi dháiríreacht agus fiú faoi ionracas airí rialtais agus a gcuid státseirbhíseach: go gcuirtear a gcuid siléige agus cur i gcéill os ár gcomhair, iad ag cur dallamullóige ar an bpobal, agus ag déanamh aimhleas na teanga faoi cheilt.
Tugann an Coimisinéir samplaí den obair seo ag airí rialtais agus ag státseirbhísigh chomh fada siar le 1928, a dtáinig sé orthu sa Chartlann Náisiúnta, samplaí a léiríonn go rabhthas faoi cheilt ag déanamh neamhshuim dá rialacha féin maidir le Gaeilge a bheith ag oifigigh de chuid an stáit a bhí fostaithe sa Ghaeltacht.
Ach ba mheasa fós gné eile den chur i gcéill. Is mion minic atá tagairt déanta san iris seo le blianta anuas do conas mar a chlis an rialtas ar an teanga thiar i 1974, nuair a chuir siad deireadh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge acusan a bheadh ag dul isteach sa státseirbhís. Léiríonn an Coimisinéir conas mar a thuig ard-státseirbhísigh agus airí na linne gurbh amhlaidh a bheadh, ach bhí ceardchumainn na státseirbhíseach á éileamh agus ar aghaidh leo. Go deimhin léirigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, a imní go mbeadh impleachtaí sa chinneadh maidir leis an mBunreacht. Nach beag atá athraithe!
|