Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Fiosrúchán na mBanc & Imní an Choimisinéara Teanga le Seán Ó Loingsigh
Cuireadh sinn ar fad ar míthreoir, an Sunday Business Post agus an Irish Times agus go leor eile …
———◊———
Tá sé breis agus dhá bhliain go leith ó shin ó d’éirigh an t-iarThaoiseach Brian Cowen as an bpolaitíocht tar éis tréimhse ghairid ach tubaisteach a thabhairt mar Thaoiseach. Ba dhoiligh a rá go raibh an dara rogha aige. Ó shin i leith choinnibh sé a bhéal dúnta. Ní nach ionadh é sin, a déarfar. Nach raibh dóthain mór de chúis lena thost. Nár shuimiúil agus nár aisteach gur roghnaigh sé TG4 chun an tost sin a bhriseadh, ach, ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh sé ach ag brath treo na gaoithe.
Pé ní, bíodh gur eol dúinn go raibh cion aige ar an nGaeilge, ní raibh a chairde iomadúla, sna meáin chlóite go háirithe, róthógtha lena raibh le rá aige. ‘An inadequate response’, arsa an ceannlíne ar eagarfhocal an Irish Times gan aon fhonn orthu a pheacaí a mhaitheamh do.
Ceart go leor, ach gur mhó go mór feidhm a bheadh lena ndoicheall dá mb’áil leo foras éigin seachas an Banc Cúlchiste Feidearálach sna Stáit Aontaithe a lua mar thaca lena dtuairimí. Is cosúil go ndúirt siadsan: ‘The hardest thing to do is to take away the punchbowl when the party is in full swing’. Caithfidh go raibh a n-iarcheannaire Alan Greenspan bailithe leis ar a phinsean um an dtaca sin. Nárbh é siúd níos mó ná aon duine eile aspal an tsaormhargaidh, an té a chraobhscaoil, sular tharla an tubaist bhaincéireachta, gurb é ár leas eacnamaíoch saorchead a gcos a thabhairt do na baincéirí. Nach é sin go díreach a bhí ar bun ag Brian Cowen?
Bhí oiread céanna doichill ar an Sunday Business Post maidir leis an agallamh seo ar TG4, má bhí siadsan beagán níos tomhaiste ná mar bhí an Irish Times. Ní ghlactar ar an bpáipéar sin ach an oiread le ráiteas Cowen gur cuireadh ar míthreoir é maidir leis an ngéarchéim. Cuireadh sinn ar fad ar míthreoir, an Sunday Business Post agus an Irish Times agus go leor eile nach iad san áireamh. Ach, ar ndóigh, tá de dhifear ann nach iad ná sinne a bhí i rialtas.
Tá na macallaí thart timpeall i gcónaí agus d’athmhúscail agallamh Cowen iadsan. Thart timpeall leis, tá an fonn agartha agus díoltais. Sin is cúis cuid mhór leis an gcaint ar fad faoi fhiosrúchán poiblí de chineál éigin, nó fiosrúchán ag coiste Dála. An dtarlóidh a leithéid? Ní fios. Tá an rialtas sásta go leor go leanfaí ag corraí an phota seo ag coinneáil inár gcuimhne mí-éifeacht, míchumas, faillí agus lúbarnaíl an rialtais dheireannaigh.
Is fíor leis go raibh fiosrúcháin againn roimhe seo – ar a laghad trí cinn acu. Bhí fiosrúchán Regling-Watson againn, fiosrúcháin Nyberg agus ceann eile faoi stiúir an té atá anois ina ghobharnóir ar an mBanc Ceannais, Patrick Honohan. Bhí go leor a tháinig chun solais dá mbarr, agus sa ghnáthbhealach b’fhéidir gur leor iad, bíodh nách bhfuil seans dá laghad gur leor iad i súile lucht agartha díoltais. Beidh orthu san fanacht le pé toradh a bheidh ar fhiosruithe atá idir lámhaibh ag an nGarda Síochána. B’fhéidir go mbeadh breall orthu sa mhéid sin féin. Ní leor caint ghraosta ar an teileafón chun baincéirí a chur i bpríosún.
Ach, le fírinne, tá riachtanas le fiosrúchán ceart cothrom. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn go bhfeidhmíonn ár gcóras rialaithe agus riaracháin go héifeachtach, go háirithe le linn éigeandála, mar a tharla le linn tarrthála an chórais bhaincéireacha agus nuair a ghlac an Stát freagracht as fiacha baincéireachta.
Cad é go díreach an ról a bhí ag na polaiteoirí, go háirithe an Taoiseach féin agus an tAire Airgeadais? Cén ról a bhí ag na hardstátseirbhísigh, iadsan sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais agus in oifig an Rialtóra Airgeadais a bhí freagrach as comhairle a chur ar na polaiteoirí? An raibh siad oilte go leor, ó thaobh chúlra agus traenála? Cad a bhí i gceist ag an iarThaoiseach nuair a dúirt sé gur cuireadh ar míthreoir é? Cé a chuir ar míthreoir é, nó conas a tharla sé?
Tá sé riachtanach go mbeadh freagraí ar na ceisteanna sin againn, mura bhfuil a leithéid chéanna de thubaist le tarlú faoi cheann 20 nó 50 nó 100 bliain arís, agus go mbeidh gnáth-cháiníocóirí arís freagrach as fiacha lucht bainc agus rachmasóirí agus infheisteoirí d’uile chineál. Bhí sé de locht ar na fiosrúcháin a deineadh roimhe seo go raibh gach uile dhuine ciontach agus nach raibh aon duine ciontach. Bhí an rialtas ciontach, na státseirbhísigh, na meáin chumarsáide, Alan Greenspan, sinn go léir, an Banc Ceannais Eorpach agus an tAontas Eorpach.
———◊———
Mar a deirtear, níor chuir sé fiacail ann. I ndáiríre ba gheall le buama ag pléascadh aitheasc an Choimisinéara Teanga agus é ag bronnadh teastas ag tús na míosa ag searmanas de chuid Ghaelchultúr i mBaile Átha Cliath. Ar an gcéad léamh, ní raibh sé ach ag leagan síos na mbunriachtanas a shíl sé a bhí i gceist i gcás leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach bhain an t-ábhar pléascach le taighde a rinne sé le déanaí sa Chartlann Náisiúnta.
Chomh fada siar le 1928, shínigh Risteárd Ua Maolchatha Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte (aire de chuid Chumann na nGael agus Fhine Gael a bhí go mór ar son na Gaeilge) ionstraim reachtúil a d’éiligh go gcaithfeadh fostaithe sna húdaráis áitiúla, nó sna húdaráis sláinte, a bheadh ag obair sa Ghaeltacht oiread Gaeilge a bheith acu laistigh de thrí bliana is a chuirfeadh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge. Mura mbeadh, thabharfaí an bóthar dóibh! Cuireadh leis an liosta oifigeach ar ball. Ach níor cuireadh an riail i bhfeidhm riamh. Cuireadh ar athló é ó bhliain go bliain idir 1928 agus 1966, nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas ar fad. Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada, a deir an Coimisinéir a bhí i gceist.
Ach ba mheasa a raibh le teacht. Más fíor do Feasta, níor rug bliain chomh holc riamh ar an nGaeilge le 1974. D’fhéadfaí a rá go bhfuil deimhniú air sin le fáil in aitheasc an Choimisinéara. B’shin í an bhliain, ar ndóigh, a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís. Cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge ar an mbonn, ar bhealach diamhair éigin, agus de réir a raibh le rá ag Richie Ryan, Aire Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí na linne, go gcuideodh sé le leas na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fábhraí a chothú di.
Ach bhí fios a mhalairt aige, mar a bhí ag gach uile ard-státseirbhíseach a bhí ag éileamh an athraithe. Deir an Coimisinéir go léiríonnn na cáipéisí sa Chartlann Náisiúnta, a bhí coinnithe faoi rún ar feadh 30 bliain, ní hamháin go raibh stocaireacht leanúnach ar bun ag ceardchumainn de chuid na seirbhíse in aghaidh riachtanas na Gaeilge, ach gur thuig an tAire go maith go mbeadh drochthoradh ag an athrú ar staid na teanga sa tseirbhís, agus dheimhnigh státseirbhíseach sinseartha eile go gaoismhear i meamram gur mar sin a bheadh. Is coup a bhí ann, nó cineál stróc polaitiúil ag státseirbhísigh.
Agus chun críoch a chur leis an scéal léanmhar seo, bhí eagla ar an Aire Airgeadais go mbeadh impleachtaí bunreachtúla ag an gcinneadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge, agus i gceart don Taoiseach féin, Liam Cosgrave, luaigh sé a imní ar an gceist chéanna, agus nach mbeifí in ann freastal ar chearta an phobail a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na státseirbhísigh: ní raibh an imní chéanna orthusan.
Focal deireanach ar fad. In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir ní chreideann sé gur féidir filleadh ar chóras na Gaeilge ‘éigeantaí’, mar a chuireann sé é, ná ní thugann sé aon tuairim dúinn faoi cad a shíleann sé faoin gceist bhunreachtúil – nach mbeadh an chéad teanga náisiúnta riachtanach i gcás na státseirbhíseach – aimhrialtacht, má bhí a leithéid riamh ann, nó tuilleadh den chur i gcéill?
Is í an fhadhb ná gur féidir a bheith in amhras faoi aon scéim a bheartaítear go sealadach, nó de thruip na huaire, nó a líonfadh bearna go heatramhach, nó go mbeadh státseirbhísigh sásta leis!
Ach is léir go bhfuil an Coimisinéir an-imníoch faoi na leasaithe atá beartaithe do Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an baol gur cúlú eile fós a bheidh ann. Níor chás dúinn uile a bheith buartha!
Feasta,
Eagrán Deireadh Fómhair 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|