Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Fiontán

Gearrscéal le
Brian Ó Dochartaí


‘Rud príobháideach idir é féin agus Regina. Ní labhródh sé le bainisteoir na scoile fúithi ach oiread.’

——◊——
Le fada an lá nuair a thagadh fadhb thromchúiseach ar bith anuas sa mhullach ar Fhiontán théadh sé leis féin ag siúl cois trá, nó amach thar shlios cnoic, nó isteach i gceartlár coille uaigní, nó go háit éigin eile a chinnteodh nach mbeadh duine daonna i ngar dó. Thabharfadh sin deis dó dianmhacnamh a dhéanamh, agus réiteach a fháil dá réir ar a fhadhb, dá bhféadfaí é. B’shin an modh oibre a bhí aige, agus bhíodh toradh fónta air, de ghnáth.

An babhta seo is fadhb thromchúiseach a dhóthain a bhí ag cur as dó. Aimsir na Nollag a bhí ann. Dhá bhliain ó shin. Bhí an t-ádh leis go raibh roinnt ama aige le haghaidh a mhacnaimh a dhéanamh. Saoire aige ón scoil go dtí tosach mhí Eanáir. Ach mo léan, fíor-dhrochaimsir amach is amach a bhí ann, agus ní raibh puinn coinne lena glanadh. Clagarnach chuile lá. Clocha sneachta fiú ó thráth go chéile. Beag baol go n-éireodh leis bogadh amach ar thaobh cnoic, nó ar ghaineamh gheal na trá ina leithéid sin aimsire.

Shocraigh sé ar aimsir bhreá an Chanáraigh Mhóir a bhaint amach dó féin. Go dtí seo ina shaol níor leag sé cos leis riamh in aon cheann de na hOileáin Chanáracha. Ag tosach na scoilbhliana úire, tar éis saoire fhada an tsamhraidh, ba ghnách roinnt múinteoirí ag maíomh as a dturasanna go dtí na hOileáin. Ba mhór acu Tenerife, Lanzarote agus Fuerteventura. Bhítheas ag tathant ar Fhiontán turas a thabhairt amach ann uair éigin. Deireadh seisean leo nach dtaitníodh teas ollmór leis.

Ach níorbh amhlaidh nach raibh sé de nós aige bogadh amach as an tír ó am go ham. Thugadh sé corrsciuird ar Amsterdam i ngan fhios, agus bhí sé i San Francisco Mheiriceá ceithre huaire. Grá faoi leith aige don cheantar Haight-Ashbury. Bhí sé beartaithe aige dul amach ann arís chomh luath is a bheadh costas an róid aige. Ní dheineadh sé aon chaint sa scoil nó in áit ar bith eile i dtaobh na dturas a thugadh sé.

Dhein sé roinnt taighde i dtaobh an Chanáraigh Mhóir roimh imeacht dó. An rud ba mhó ar chuir sé suim ann ná an Museo Elder de La Ciencia y La Technologia a bhí lonnaithe fad éigin bóthair amach ón gcathair Las Palmas i dtuaisceart an oileáin. Parque Santa Catalina. De réir na léarscáile bhí Parque Santa Catalina, an áit a raibh an Museo, fiche míle nó mar sin ó Las Palmas.
——◊——
Bhí dhá lá caite aige san Oileán, agus dáiríre go dtí sin ní raibh puinn spéise aige ina raibh ar fáil. De réir na dtuarascálacha a bhí léite aige, thagadh breis is cúig mhilliún cuairteoir isteach san oileán chuile bhliain. Iad go léir ar thóir gréine a bhí i bhfad ró-the agus a dhéanfadh dochar dóibh, agus an deoch mheisciúil a dhéanfadh tuilleadh dochair don tsláinte dá mbeadh an iomad á ól ag duine, agus ag deireadh lae, gan amhras, chuile ainniseoir acu ag baint spraoi as na hoícheanta cnapánacha. Ní raibh a aigne socraithe aige an dochar nó maitheas a dheineadh an corrbhabhta ainniseoireachta do dhuine. Maitheas, ar a mhéid, a deireadh sé leis féin. Ba riachtanas sláinte choirp agus aigne faoiseamh éigin a fháil anois is arís ó churamaí an tsaoil.

Mar sin féin, ní ag feadaíl i gcoinne na gaoithe a bhí sé ó shroich sé an tOileán. Bhí roinnt machnaimh déanta aige ar a fhadhb. Thuig sé, ar ndóigh, nár ghá cinneadh a dhéanamh láithreach bonn. Bhí neart ama fágtha. Ní amárach, ná amanathar ach oiread, a bheadh an scoil ag athoscailt. Bhí seachtain ann anois ó d’imigh Regina. Seachtain agus an lá inniu, má bhí an ceart aige. Bhí sé deacair srian a choimeád ar na laetheanta le linn duit a bheith i bhfad ó bhaile, i dteas millteanach an Oileáin. Dúirt sí go gcuirfeadh sí scéala chuige nuair a shroichfeadh sí ceann scríbe. Ní bheadh sí ag filleadh. Ní raibh amhras ar bith faoi sin. Bhí a cinneadh déanta aici.

Agus dáiríre ní fhaca sé go mbeadh dualgas air fírinne an scéil a fhógairt os comhair an phobail, ná míniú a thabhairt cén fáth a d’imigh Regina, ná rud ar bith dá leithéid sin. Is gnó pearsanta a bhí ann idir an bheirt acu. Rud príobháideach idir é féin agus Regina.

Ní labhródh sé le bainisteoir na scoile fúithi ach oiread. Agus cá bhfios, b’fhéidir nach gcuirfí aon cheist in aon chor air i dtaobh an ábhair. Go gcoimeádfadh daoine a gclab dúnta, mar ba chóir dóibh. Ach mar sin féin, nár thuig sé go rímhaith gur breá le daoine áirithe scannal dá leithéid seo a bheith ar fáil dóibh? Luath nó mall, gan amhras ar bith, thabharfadh gligín éigin mná, is dócha, an scéal go dtí an tAthair Ó Maolagáin.

Níorbh eol d’Fhiontán agus níorbh eol do neach ar domhan cad a dhéanfadh fear an bhóna bháin, nó cad a déarfadh sé. B’fhéidir nach ndéanfadh sé faic. B’fhéidir nach ndéarfadh sé faic. Bhí an saol ag feabhsú i gcónaí. Neamhaird anois go coitianta á tabhairt ag daoine ar chúrsaí áirithe, iad ag teacht i dtaithí ar an rud as an ngnáth. Ach ní fhéadfaí a bheith ag brath ar aon sagart. Bíonn gealtachas faoi leith i ngach uile dhuine acu siúd.

Nuair a d’aimsigh sé an Museo bhí scuaine bailithe, idir óg agus aosta, agus cuma ghealgháireach orthu go léir. Bhainfeadh sé féin taitneamh as an lá seo. Bhí an fógra PROHIBITO NO TOCAR breá mór os a gcomhair amach. Ní ró-mhinic a ceadaítear lámh a leagadh ar rud ar bith i músaeim an domhain mhóir, ach anseo is amhlaidh go raibh dualgas ar chuile chuairteoir méar a shá in pé rud ar mhian leis, agus chuile ghné de chuile rud a thriail agus a bhlaiseadh ar a sháimhín só.

Bhí sé ceadaithe don chuairteoir ar mhian leis scairdeitleán cogaidh a stiúradh ar bhreis agus luas na fuaime. Bhí léirmhíniú ann ar conas mar a sheoltaí saitilítí amach sa spéir. Lár-ionad taitneamhach agus nua-aimseartha a bhí anseo. 7,000 méadar cearnach d’fhoirgnimh faoi dhíon. Bhí tagairt do rudaí nár thuig Fiontán in aon chor. Taispeántas sa seomra ‘Viera y Clafigo’ i dtrí choda mhóra, bunaithe ar stair na taighde a bhí déanta ar radharc, dearcadh sofheicthe, méid, glaineacht. Cén chiall a bhí leis sin go léir, in ainm Chroim? Ní raibh a fhios aige. Ach, nach raibh cáil dhomhanda ar ghlaineacht na spéire os cionn na nOileán Chanáracha? Bhí an Planetarium Paco Sanchez, ina raibh an treallamh ba nua-aoisí le faire ar réalta, ar reanna neimhe, ar Bhealach na Bó Finne agus níos faide uainn ná sin, lonnaithe ar cheann de na hoileáin.

Bhí pictiúrlann sa Museo ina raibh an scáileán ba leithne sna hOileáin. Chonaic sé ábhar teagaisc i bhfoirm 3D mar gheall ar ainmhithe ón tréimhse réamhdhaonna, agus conas mar a mhaireadar i ngaineamhlach Gobi. Léiríodh scannán i dtaobh na bhfarraigí fíochmhara doimhne agus gach a mbaineann leo. Ceann eile fós faoi chleachtais leighis san Éigipt na mílte blian ó shin. B’álainn a bheith ag faire ar na hiontaisí draíochtúla seo go léir, agus ba bhreá a bheith i measc slua daoine, idir óg agus aosta, a bhí ag baint sárthaitnimh as chuile rud.

Ba mhór ag Fiontán a bheith i measc na ndaoine geanúla seo. Scuabfadh a leithéid seo d’áit chun siúil fadhb ar bith a bheadh ag dó na geirbe ag duine. Ba léir dó anois go raibh éagsúlacht faoi leith sna milliúin rud in uiscí an domhain mhóir, agus ar thalamh an domhain seo mar a raibh cónaí orainn. Chuile cheann acu éagsúil ar a bhealach féin.

B’é éagsúlacht chuile rud a chuir ag machnamh ar a fhadhb arís é. Cén fáth nach nglacfadh daoine leis na héagsúlachtaí go léir in ainmhithe agus i ndaoine mar ghnáthchuid den tsaol? Cén fáth gur nós é ag daoine arda a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine níos ísle ná iad, daoine tanaí ag déanamh spóirt de dhaoine ramhra, baill den chine gheal ag déanamh ionsaithe ar lucht an chine ghoirm? Níor chóir go ndéanfaí éagóir ar dhuine as ucht é a bheith níos aistí ar bhealach éigin ná an duine eile.

Ar a thuras abhaile san eitleán bhí a aigne beagnach socraithe ag Fiontán. Ghlac sé leis gur mhór an tionchar a bhí ag an Museo i Parque Santa Catalina air. Léiríodh dó go bhféadfaí taitneamh a bhaint as an saol, agus nár ghá imní a bheith ar dhuine faoin rud nach raibh leigheas aige air. Chuige seo ina shaol níor mhór dó bheith ar a aire agus ar a chosaint de shíor. Níor mhór dó a bheith ag faire amach ar eagla na heagla go gcruthófaí deacrachtaí ina phost mar mhúinteoir dó, nó i ngné eile ar bith dá shaol. Ba dheas dá mbeadh deireadh go deo leis sin.

Muna mbeadh an dara rogha aige d’éireodh sé as a phost in Éirinn. Bheadh post mar mhúinteoir i Sasana ar fáil dó, am ar bith. Chaithfí aitheantas a thabhairt dá theastais cháilíochta thall i Sasana faoi mar a tugadh in Éirinn, ó bhí an dá thír mar bhaill san Aontas Eorpach. Bhí an sean-namhdas idir muintir Shasana agus muintir na hÉireann tagtha chun deiridh, mó is mó ó síníodh Comhaontú an Tuaiscirt sa bhliain 1998. Bhí caint fiú ar Bhanríon Shasana a theacht ar cuaird go hÉirinn an bhliain seo chugainn, b’fhéidir. Dáiríre, ba chuma sa sioc ag Sasanaigh anois Éireannach ar bith a bheith ina chónaí nó fostaithe sa Bhreatain. Agus ba chuma acu le fada an lá an rud príobháideach i saol an duine.

Nuair a bheadh sé ag caint leis an sagart d’admhódh sé lom díreach nár inis sé an fhírinne ar lá an agallaimh dá phost múinteoireachta, nuair a d’fhógair sé go raibh sé pósta ar Regina. Dúirt sé leis an gcoiste agallaimh an lá úd gur pósadh iad i Sasana bliain sara dtáinig sé ar thóir an phoist. B’é fírinne an scéil ná gur oir sé dó féin agus do Regina socrú teaghlaigh a bheith eatarthu. Níor chuir sé as do Regina má bhí sé ráite ag Fiontán go rabhadar pósta ar a chéile. Bhí a saol féin aici siúd beag beann ar Fhiontán, ach thuig sí gur chabhraigh an scéal lena cheapachán mar oide scoile.

Bhí dhá theachtaireacht ar an bhfón teaghlaigh nuair a shroich Fiontán an baile. Ba ón Athair Ó Maolagáin an chéad teachtaireacht. Ba mhaith leis go gcuirfeadh Fiontán glaoch air chomh luath in Éirinn is a d’fhéadfadh sé. Bhí rud a bhí thar a bheith práinneach ar mhian leis labhairt leis ina thaobh láithreach bonn. Ba ó Regina an tarna teachtaireacht: cuireadh chun a pósta in Amsterdam tagtha uaithi. Go raibh an méid sin inste aici le Gloria, a grá geal go buan, faoi Fhiontán, gur theastaigh uaithise go mbeadh seisean thar dhuine ar bith eile i láthair ar lá a bpósta. Culaith bhán ó bhonn go baitheas de dhíth.

Feasta, Eanáir 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais