Feasta - alt 5



Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


SEÁN MAC MATHÚNA AGUS GEALACH

le Alan Titley


‘In ainneoin a bhfuil de staidéar á dhéanamh inár scoileanna critice, níl pioc scríte fé nua-phrós na Gaeilge ach ar éigean.’
Gealach. Seán Mac Mathúna. €9.00 (bog), 126 lch; ISBN 978-0-898332-63-6
— Ar fheirm mhuintir La Tour i Nova Scotia tá ‘Gealach’, ceann de na capaill ráis is fearr i gCeanada. —
——◊——
Seans maith gur mise an té is mó a léigh ábhar mar gheall ar Sheán Mac Mathúna ar chlár an tsaoil seo. Ceaptar nach bhfuil oiread sin scríte i dtaobh a chuid scríbhneoireachta, ach gan bhréag léigh mise tuairim is 10,000 leathanach ar a chuid gearrscéalta, suas le ceathrú milliún focal ar fad.

Bhí a chuid leabhar ar chúrsa agam i gColáiste Phádraig DCU, agus in UCC le breis agus deich mbliana anuas, agus dá réir sin b’éigean dom treabhadh trí na mílte focal gach samhradh d’fhonn a fháil amach cén chiall nó mhíchiall a bhí bainte as a raibh ráite agamsa, agus as a raibh scríte ag Seán.

Theastaigh uaim Úlla go háirithe a chur i láthair mac léinn, mar bhí rogha scéalta dá chuid ansin, agus cé go bhfágfaí scéalta den scoth ar lár, ní féidir a bheith ag súil go léifidh mic léinn gach uile rud. Bhí amhras áirithe orm maidir le cumas daoine dul i ngleic leo, ach chromas ar cheist ar Eoghan Ó hAnluain a thuig na gnóthaí seo go mion. Luaigh sé dhá rud go sonrach: ‘Litríocht den scoth iad scéalta Sheáin’, mar ab eol dom. Agus ‘bainfidh tú féin taitneamh as a bheith á dteagasc.’

Thuigeas go raibh ar fheabhas cheana féin, ach geit ba ea go mbainfinn féin taitneamh as a bheith ina mbun. Rud iontach ann féin é sin gur cheart don léachtóir bocht taitneamh a bhaint as a bhfuil aige ar chúrsa; is ní é nach samhlaíonn mic léinn riamh sa tsaol. Go deimhin, is minic gur póg an bháis do leabhar é a chur ar chúrsa.

D’airíos tráth mar gheall ar léachtóir le Béarla i Sasana a chaith a shaol ag teagasc úrscéalta Charles Dickens. Buaileadh breoite é tar éis na mblianta fada agus bhronn cara leis beart d’úrscéalta an údair air. Léigh sé leis agus é san ospidéal. Bhain siad geit as. ‘Níor cheapas riamh go raibh siad chomh maith sin!’ ar seisean, mar bhí a shaol gairmiúil caite aige ag plé le criticeas na scéalta seachas leis na scéalta féin.

Is scannalach an ní nach bhfuil pioc scríte fé scéalta Sheáin, bíodh gur buntáiste an méid sin maidir le teagasc de. Nuair atá léirmheasanna ar fáil go tiubh mar gheall ar scríbhneoir áirithe is ródhócha gurb iad sin a léifear in ionad na scéalta féin. I gcás na haigne gan samhlaíocht is tábhachtaí an tráchtaireacht thall seachas an scríbhinn abhus. Ina choinne sin, in ainneoin a bhfuil de staidéar á dhéanamh inár scoileanna critice, níl pioc scríte fé nua-phrós na Gaeilge ach ar éigean.

Is beag aiste d’aon bhun atá breactha ar Phádraig Ó Ciobháin, mar shampla, ná ar Dharach Ó Scolaí, ná ar Liam Mac Cóil, ar Mhicheál Ó Conghaile, ar Phádraig Standún, ar Thomás Mac Siomóin, ar Phádraic Breatnach, sa tslí dhuit go samhlófá uaireanta go bhfuil leisce ar dhaoine leabhair a léamh. Is fíor, leis, go bhfuil scata mór filí a bhfuil faillí déanta iontu mar mhalairt ar an mbeagán: ach nach n-oirfeadh sé go binn dá mbeadh cabaireacht chliste agus tráchtaireacht thuisceanach timpeall, go háirithe, ar na filí sin a bhfuil scata mór leabhar agus corpas inmheasta dá réir curtha ar fáil acu, abraimis, Louis de Paor agus Colm Breathnach, gan ach beirt a lua.

Gan mórán allais a shileadh, bheadh sé fuirist scríobh ar Sheán Mac Mathúna agus bheadh chomh fuirist céanna rud éigin le dealramh a rá. Óir, nuair a léann tú a chuid saothair, braitheann tú istigh ionat féin go bhfuil tú gafa nite trí dhabhach tuisceana de shaghas éigin. Ní dabhach tuisceana é a gheobhaidh tú sna nótaí nach bhfuil scríte ina thaobh, ach dabhach tuisceana a scagadh as saol inar tugadh an saol céanna faoi deara. Is mó sin duine a mhair agus nach bhfaca na ribí ina shrón féin, ná gloine a chuid spéaclaí, ná pé rud a déarfadh Seán féin ag deireadh abairte mar seo.

An buntáiste sin nach raibh giob scríte air thug sé saoirse do mhic léinn a rogha rud a rá. Níor ghá gur gaois a bheadh san rud sin a dúradh. Fuaireas freagraí ciallmhara agus freagraí buile. Mar shampla amháin: ’Tá suim mhór ag Seán Mac Mathúna i bpáistí agus i ngabhair’ arsa duine amháin. Ní gá a rá gur theip uirthi.

Ócáid faoi leith leabhar nua le húdar nótálta. Bítear ag dúil leis ar leith amháin, ach ar an leith eile bíonn saghas leatheagla ort nach mbeidh chomh maith leis an gcuid eile dá shaothar. Níor ghá dúinn aon chorrabhuais a bheith orainn maidir leis an úrscéal seo Gealach mar is seoidleabhar eile uaidh é. Tá ann na nithe a mbeadh coinne againn leo: an greann, an ghaois, an bháidhíocht, an tabhairt faoi deara, an tuiscint don daonnacht, an stíl phearsanta, an casadh intinne, an leagan faoi leith den saol, agus gan amhras, an eachtraíocht féin, nach mbeadh scéal againn á ceal. An té a bhfuil eolas maith aige ar shaothar Sheáin, aithneoidh sé na comharthaí sóirt.

Capall, i bhfoirm, is ea príomhlaoch an úrscéil is déanaí uaidh Gealach, cé go gcaithfear a rá gur tháinig úrscéal eile amach óna pheann nó óna ríomhaire taca an ama chéanna, Cros na Sceilge, sa chás is nach féidir a rá le deimhne cé acu is déanaí.

Tá cúram seo daonnacht an ainmhí feicthe cheana againn. An gadhairín in ‘Seamlas’, abair, scéal coscrach a bhaineann le ceachtanna crua an duine nach foláir dó fás suas. Deir an búistéir sa scéal sin go bhfuil rud amháin a bhaineann le súile ainmhithe, is é sin, go bhfuil daonnacht iontu go léir.

An gabhairín Méiní in ‘Leaca an Tí Mhóir’, scéal ceachta chrua eile maidir le teacht in aois agus i dtuiscint, agus arb í an abairt a gcuimhníodh mic léinn uirthi ná ‘Leary boy, your goat is et’, an abairt Bhéarla ina cloch dhorcha i lár na Gaeilge báine, ach a nochtann míthrócaire an duine go lom.

Bíonn cuimhne ar abairtí Sheáin. Pléisiúr ba ea iad a bhaint amach as corp an scéil lena leagadh os comhair mo chuidse mac léinn mar shamplaí léirstinte, dar liom, nó samhlaoidí gaoismheara tabhairt faoi deara.

An seanduine cráite arb é a thús is a dheireadh ná gur ’fear é a thug a thamall ar an saol seo ag siúl na hiothlainne le buicéad.’ Sin agat é; duine de shaghas áirithe ceapaithe go iomlán in abairt chruinn.

In ‘Na Quizmháistrí’ — scéal nach dtuigeann aon duine — agus a cuireadh ar chúrsaí scoile chun mearbhall a chur ar mhúinteoirí ionas gur cosúla a bheadh siad le múinteoirí an scéil, tá seoda go flúirseach mar an gcéanna. Níl tuiscint i gceist sa scéal, mar níl gabháil i gceist. Tá na bríonna chomh tiubh le fiailí an ghairdín ar an gcéad leathanach. Is féidir spraoi a bheith agat leis an bhfochoinsias, leis an dúil nár comhlíonadh, le halter egoachaí agus le dopplegangarachaí agus le taibhsí na samhlaíochta, ach is fairsinge mar scéal é ná míniú ar bith. Sin an scéalaíocht duit. Ina dhiaidh sin beirtear ar mhúinteoirí i meán a laetha go cruinn is go paiteanta. Maidir leis an múinteoir a bhfuil Iníon Pharnassus uirthi: ‘Deirtear gur chuir a tuismitheoirí cailc ina láimh nuair a bhí sí ceithre lá d’aois, agus gur fháisc sí air’. Tá saol iomlán ansan chomh maith céanna.

I gcás ‘Triúrmhilleadh’ tá bean ’ní raibh sí ach sé bliana is tríocha, is an fiántas ag tréigean a croí.’ Tá údair eile a scríobhfadh úrscéal air an méid sin féin.

’Inseoidh mé rud amháin duit fé ainmhithe – is cuma cén t-ainmhí atá i gceist, tá rud amháin ag baint le súile. Tá siad go léir daonna.’

B’in iad focail chruinne an bhúistéara in ‘Seamlas’ agus is iad a n-amhlachas go díreach atá in Gealach. Go luath sa leabhar léimid mar a deir carachtar amháin gurb iad ’súile na gcapall na súile is mó ar domhan’ agus deir duine de na cailíní ar leo an capall nuair a fhéachann sí isteach ann: ‘Feicim an rud atá istigh sa chapall.’

Tá seo lánoiriúnach mar is laistigh den chapall a tharlaíonn cuid mhaith den scéal; cuid é sin de mhistéir na hinsinte go dtéann dínn ainmhithe a thuiscint ach gur dual dúinn féachaint orthu trí shúile an daonnaí.

Murar féidir linn ainmhithe a thuiscint, is samhlaoid féin an méid sin ar chuid mhaith den litríocht arb í a éirim éalú uainn. Is maith linn rangú a dhéanamh ar úrscéalta ionas gur féidir linn breith orthu go saoráideach agus is ceist í a chuirfear ‘cén saghas úrscéil é seo’ chun sinn a chur ar ár socracht.

Bhí léirmheas ar Comhar cúpla mí ó shin ag Máirtín Coilféir, léirmheas a bhí cothrom, cóir agus tuisceanach. Ach chuir sé isteach in earnáil na scríbheoireachta do dhéagóirí é, rud a theorainneodh ar a éileamh, dar liom. Thiocfadh do dhéagóirí lánleas agus ardtaitneamh a bhaint as, gan amhras, ach mo thuairim féin gur fairsinge go mór ná sin é. Go deimhin, is geall le healaín faoi leith é a bheith ábalta ar scríobh do dhaoine d’aoiseanna éagsúla d’aon uain. Buntáiste is ea a bheith in ann an bhearna idir aoiseanna a thrasnú, agus go deimhin, is féidir é sin a rá i gcás na mórchoda de shaothar Sheáin, na húrscéalta Cros na Sceilge agus Scéal Eitleáin san áireamh.

Má tá báidhíocht le hainmhithe agus séimhe anseo tá doircheacht chomh maith céanna. Ní foláir duit na drochbhuachaillí a bheith agat i dteannta an chineáltais, agus is cruinn mar a ainmnítear iad: Tuggaí, Cloigeann Muiceola...

Mar is dual don dea-úrscéal is féidir a léamh, leis, ar leibhéal na fabhalscéalaíochta, mar is fairsinge an fabhalscéal ná an aimsir láithreach amháin. Scuabann timpeall agus beireann ar eireaball na fírinne d’fhonn a luascadh. Sa chás seo gabhann mar chnámh droma tríd an teannas idir lucht gnó, a mheasann gach rud ar a phraghas, agus filíocht an chapaill a bhfuil a luach féin aige.

Na daoine a ghabhann Gealach – agus ní ag scaoileadh scéil an méid seo, déantar an méid cannaí bia madra a gheofaí aisti a chur sa mheá. Sin is brí le capall, dar leo. Nó cé mhéid brief cases ab fhéidir a fháisceadh as an tseithe.

Tá na leibhéil fholaigh seo ríofa tríd an scéal an té a raghadh á lorg, is bheadh siad ann fós mura bhfaighfí iad.

Fairis sin, tá teaghlach sa scéal, agus tá Seán Mac Mathúna sároilte ar mhiosúr a chur ar na teannais agus na bearnaí agus na babhtaí ciúnais agus na tuiscintí míthuisceana a ghabhann trí gach teaghlach. Teaghlach de chuid Nova Scotia iad seo mar is ann atá eachtraí an scéil suite, ach ní ghabhtar siar amach tríothu le gach cor a mhíniú. Is leor leis an scuab bheag nuair a oireann. Bréagnaíonn go héag, gan amhras, an amaidí bhuile a mhaífeadh nach féidir scéal réadach Gaeilge a shuíomh i gceantar nach í an Ghaeilge teanga na muintire ann, is é sin, má tá cosa ar bith faoin mbaothbhreallsúnacht sin fós.

Tá gearrscéalta eile aige atá suite san aon bhall sin, agus ar nós mar is carachtar an gleann a bhfuil an Ghaeilge ag trá as, fara na ndaoine féin sa sárscéal sin ‘Gadaithe’ is cuma nó pearsana an scéil Bá Fundy agus ceo gan chrích Nova Scotia agus an aimsir lofa bhréan.

Is cuimhin liom nuair a léigh mé One Day in the Life of Ivan Denisovich samhradh brothallach amháin, ba dhóbair dom a bheith préachta leis an bhfuacht. Ar an gcuma chéanna bhraitheas an ceo liath ag gnáthú mo scámhóg ina dhiaidh seo ar feadh seachtaine.

Tá éirithe le Seán máistríocht a fháil ar an ngearrscéal clasaiceach fadó, an gearrscéal clasaiceach leis an oscailt phléascach agus an nóimeat suntasach amháin sin.

Smaoiním ar ‘Sodar Breá Bog go Cluain Uí Eachaigh,’ ina ríomhtar scéal buachalla a dhíbrítear ón scoil chónaithe de dheasca cailín, agus go dtógtar abhaile é chun an athar agus na máthar atá ag iarraidh a shocrú go bpósfadh sé gearrchaile áitiúil, go nascfaí an dá fheirm, agus gur ‘sodar breá bog go Cluain Uí Eachaigh’, is é sin, go dtí an reilig áitiúil, a bheadh i ndán dó as sin suas. Tá dinglis scanrúil sa mhóimint sin ina dtuigeann an buachaill cad d’fhéadfadh a bheith roimhe amach. Ach eachtra é a bhain go dlúth le hÉirinn, leis an Éire sin a d’fhág an lámh go dtí an béal ina diaidh agus a d’iarr an lámh a chur ar an mbéal feasta.

Tá an smacht céanna aige ar an úrscéal, mar cad tá san úrscéal ach síneadh ar an ngearrscéal?

Tá an teaghlach againn, leanann traigéide, fásann teannas, nochtar bagairt, méadaíonn ar an mbaol, ach fairis sin, tá an eachtraíocht a ghluaiseann an scéal. Mar adúirt E.M. Forster fadó, ‘alas, a novel tells a story...’ cé gur dhóigh leat air nár chúis mhórtais dó é. Iompraíonn an eachtra an scéal, agus iompraíonn an scéal gach rud eile.

Mar is dual don dea-insint bailíonn ar luas an scéil de réir mar a ghluaiseann chun críche. Go deimhin, dhéanfadh scannán den scoth bíodh sin ina mholadh nó ina dhímholadh, ach nach dócha go mbeadh costas an chapaill ag RTÉ ná ag TG4, go háirithe capall ar aon mhaorgacht le Gealach. Ní bheadh sé deacair an ceo a athchruthú, áfach.

Is é bua mór an scríbhneora ná a shainmharc féin a bhualadh ar chor éigin de chuid an tsaoil. Agus tá cor éigin, nó casadh áirithe ag Seán Mac Mathúna ar an saol. Feiceann é ar shlí ar leithrigh ar fad. Baois agus amaidí an tsaoil ar leith amháin, caoine agus báidhíocht ar an leith eile, agus is astu sin a ghintear léaspairt. Braithim, ar uaire, go bhfuil sé ar aon dul le Breandán Ó hEithir nuair a fiafraíodh de cad air a chuirfeadh sé feabhas mar le hÉirinn de, agus d’fhreagair nach gcuirfeadh sé athrú ar rud ar bith, mar bhí Éire róshuimiúil mar a bhí.

Bíonn suim ag Seán i réimsí eile den tsaol gur láidir nach mbacann daoine eile leo; ceart go leor, is mór aige an óige, leaba síl gach scríbhneora beagnach; agus ainmhithe ar furasta a bheith maoithneach ina dtaobh, rud nach mbíonn sé riamh. Ach cé eile inniu a thugann aghaidh ar an gcogadh cathardha, a dtugtaí le híoróin neamhráite éigin, cogadh na gcarad air?

Nó go deimhin arís a nochtann smut de shaol na dtincéirí le bá is le meabhair, mar a dhéanann sé sa scéal ’An Bhean a Bhuail Isteach’, a foilsíodh san iris seo agus nach bhfuil cnuasaithe fós, go bhfios dom. Saghas Sophie’s Choice é an scéal, ach go bhfuil réiteach atá mós daonna ar deireadh air.

Cad eile atá againn uaidh, gan ach cleite na cuimhne a chuimilt: Bráithre Críostaí a chuaigh as a meabhair, bailte nach ionann iad agus bailte an tsaoil, buachaillí a mharaíonn a n-athair gan chliché an athar a thabhairt isteach, mar nach naomh í an mháthair ach an oiread?

Sciar maith mór de shaol na hÉireann tá cuimsithe aige le fada; agus scéal Nova Scotia anseo aige agus cheana; ríocht na fantasaíochta, agus fearann na heitleoireachta, cúlbhóithre na staire. Mar, cé nach mbaineann le branar an tráchta seo, tá úrscéal eile leis go díreach foilsithe ag Coiscéim darb ainm Cros na Sceilge a sheolann siar sinn go dtí an 9ú haois; agus sinn fós ag feitheamh ar a shaothar ar Phádraig Naofa ar foilsíodh codanna de thall is abhus, ach n’fheadar aon duine an mó nó an lú a chuid naofachta i ndiaidh do Sheán a chuid draoideoireachta a chur i bhfeidhm air.

Rud eile is gátarach a rá, agus goilleann orm é a dhéanamh, bíonn leisce ar dhaoine seo a admháil go hoscailte: ní maith an smaoineamh é iarraidh ar scríbhneoir cad a shíleann sé de dhuine eile; mar bíd in éad le chéile go rómhinic.

Nuair a léim scéal le Seán Mac Mathúna is minic go ligim liú péine asam agus ‘cén fáth nár chuimhníos air sin!’ dom pholladh. Ní fhéadfainn sin a dhéanamh! Conas a d’éirigh leis an abairt sin a bhreacadh! An bastard glic!

Ansan, tuigeann tú nach bhféadfá, mar is é Seán Seán, agus buíochas le Dia ní bheidh a leithéid eile ann, óir níor mhaith linn é a roinnt. Ina choinne sin thall, beidh a leithéid eile ann, mar táimid ag tnúth agus ag coinne i gcónaí leis an gcéad shaothar eile uaidh.

Go dtí sin, áfach, tá an leabhar seo againn foilsithe go slachtmhar agus go healaíonta ag Leabhar Breac mar is dual. Ach oiread leis na scríbhneoirí, bheimis balbh ceal foilsitheoirí a chaitheann dua agus duainéis lena gcuid oibre.

Feasta, Eanáir 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais