Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Canfar an Dán
Eagarthóir : Úna Nic Éinrí

á léirmheas ag Breandán Ó Cróinín



An Sagart. An Daingean. ISBN: 1 903896 16 9. Crua. 320 lch + dlúthdhiosca. €24

——◊——
Ceannaigí an leabhar, léigí na dánta agus canaigí na hamhráin!
——◊——
Leabhar an-suaithinseach go deo is ea an cnuasach seo d’fhilíocht Liam Inglis agus ‘a chomhluadar fileata’, curtha in eagar go críochnúil is go cruinn ag an Dr Úna Nic Éinrí, agus curtha amach faoi bhráid lucht léite na Gaeilge go slachtmhar is go snasta ag ár gcara An Sagart. Tugann an leabhar seo siar go dtí an t-ochtú haois déag sinn, tráth a raibh an Ghaeilge i mbarr a maitheasa mar theanga liteartha agus mar theanga phobail agus, ní nach ionadh mar sin, tá an leabhar lán amach de shaibhreas álainn teangan, agus ní hamháin i dtéacsanna na ndánta atá in eagar ann.

Is é atá sa chéad chuid den leabhar seo ná caibidil chanta, eolgaiseach ar chúlra na filíochta atá in eagar ann, caibidil ina bhfaighimid éachtaint an-suimiúil ar an saol i gCathair Chorcaí san ochtú haois déag. Cé go ndeineann Nic Éinrí amach go mb’fhéidir gur saolaíodh Inglis i gCo. Luimnigh, seachas i gCo. Thiobraid Árann mar a measadh roimhe seo, is i gcathair seo na Reibiliúnach a chaith sé mórán dá shaol mar shagart Agaistíneach agus é ina phrióir ó am go ham i seanmhainistir na nAgaistíneach ar Shráid na Saoirse i gCorcaigh, nó Seamlas an Éisc mar a thugtaí ar an tsráid sin ag an am.

Roimhe sin chaith Inglis tamall ina mhúinteoir scoile agus deirtear go raibh sé mar mhúinteoir ag na Nóglaigh sa Bhaile Dubh i gCo. Phort Láirge, agus go mb’fhéidir fiú go raibh sé mar oide ag Edmund Burke é féin, nuair a chaith sé sin tamall dá óige i dteannta na Nóglach, gaolta leis ar thaobh a mháthar, i dtríochaidí na haoise sin. Is ábhar suime é go dtuairiscíonn Nic Éinrí anseo gur mhaígh an Búrcach gur fhoghlaim sé níos mó Laidine agus Gréigise ón múinteoir seo a bhí aige i bPort Láirge ná mar a dhein sé nuair a bhí sé ag staidéar ar an Ollscoil níos déanaí. Dar ndóigh, dá mba é Liam Inglis an múinteoir oilte sin, ba dhóigh leat go raibh scoth na Gaeilge le clos ag an mBúrcach uaidh chomh maith!

Dhealródh sé gur oirníodh Inglis ina shagart timpeall ar lár na haoise, tráth a raibh sé féin beagáinín os cionn leathchéad bliain d’aois, agus tuairimítear gur chaith sé tamall ag staidéar na diagachta sa Róimh leis, ach pé áit inar oileadh é agus pé áit inar oirníodh é, is féidir a dhéanamh amach gur chaith sé an chuid eile dá shaol i mainistir na nAgaistíneach go dtí gur éag sé sa bhliain 1778. Tugann Nic Éinrí le fios nach atmaisféar ró-Ghaelach ar fad a bhí timpeall ar an Athair Inglis sa mhainistir i gCorcaigh, agus deineann amach gur thuig Inglis go raibh meath ag teacht ar an nGaeilge agus go bhfuil sé seo le haithint ar an bhfilíocht ina bhfuil teannas le braistint idir an Ghaeilge agus an Béarla go minic.

Faoi mar a bheimis ag súil leis, tá gné na polaitíochta le fáil go láidir i bhfilíocht Inglis, agus tá amhráin pholaitiúla agus aislingí Seacaibíteacha go leor le fáil i measc na ndánta atá anseo, agus níl aon amhras ná gurbh é ‘briseadh ar impireacht Shasana chun go mbainfí a ceart amach do Éirinn’ (lch. 48) an rud a raibh Inglis agus a chairde ag súil leis. Dea-shampla den nóta polaitiúil a bhuailtear tríd síos anseo is ea an méid seo as ‘M’atuirse Traochta na Fearchoin Aosta’ mar a bhfaightear an véarsa breá seo:
Do cailleadh le tréimhse ár gcealla le chéile
ó d’eascair na faolchoin i bhFáilchríoch.
Do leagadh ár laochra, chun catha ba thréine.
Níl ach creachadh is céasadh, ’gus crá croí.
Is araid an Béarla, is gan tapa sa Ghaeilge
Is balbh ár n-éigse ag gnáthchaí.
Go dtaga le héigean thar farraige Séamas
A bhainfeadh a réim cheart de Sheán Buí.(lch. 105)
Tá dánta pearsanta anseo leis agus ba dhóigh leat ón dán ‘Faoin uair a Dhruideas chun Fírinne ar Fónamh’ gur réice ab ea an tAthair Inglis ina óige agus é scamhaite chun na mban:
Faoin uair a dhruideas chun fírinne ar fónamh,
bhínn buartha liosta idir baineanna óga,
Níl stuaire mhilis ná bruinneall tais mhómhar
ná buailinnse buille uirthi in inead nach neosfadh.
In imeall na coille do mhillinn an dís
i gcumaraibh doimhne ba mhinic mé ag luí.
Triúr do mheallainn ar maidin le póga,
is cúigear do bhalcainn ar theacht don tráthnóna.(lch 78)
Dar ndóigh, faoi mar atá feicthe againn thuas, is go déanach ina shaol a chuaigh Inglis le sagartóireacht agus dhealródh sé ó dheireadh an dáin seo go raibh air triall ar Mhúscraí sula dtáinig sé ar a chéill:
Is aoibhinn sealad a bhí agam cois bóchna,
I ndúthaigh an Bharraigh níor theastaigh mo chóngar.
I Múscraí le sealad ó theagmhaigh faoi dheonacht,
Diúltaimse feasta do chleasa den tsórt sin. (lch 78).
Ach ní filíocht le Liam Inglis amháin atá anseo gan dabht, agus tá timpeall le leath de na dánta dá bhfuil in eagar anseo leagtha ar dhaoine eile ón gcomhluadar cáiliúil fileata seo a bhí aige: daoine mar Sheán Ó Cuinneagáin, Seán Lloyd, Liam Dall ó hIfearnáin, Liam Rua Mac Coitir, Séan Ó Murchadha na Ráithineach agus daoine nach iad. Is deimhnitheach go gcuirfidh an-chuid léitheoirí spéis i dtrí dhán anseo ‘ar dhul an Luimnigh’, faoi mar a deir an t-eagarthóir, agus iad scríte ag Inglis é féin, Pádraig Ó hÉigeartaigh agus Éadbhard de Nógla, file an-spéisiúil eile ó Chathair Chorcaí. Seo sampla den earra neamhchoitianta cúig-líneach seo ó pheann an Nóglaigh a phléann le cúrsaí polaitíochta na linne arís:
Le socracht chothrom is greann gnáth
Go molfamna tobar na leabhar grás
Beidh Saxain mar bhíomar
Ag grafadh na righinchnoc
’s ag tarraingt an aoiligh ar ghannphá.(lch. 149)
Luann Nic Éinrí go mbíodh Inglis agus de Nógla agus lucht na cathrach ar fad ag léamh na bpáipéirí a thagadh ó Shasana dhá uair sa tseachtain, agus is díol suime é an tslí ina bhfreagraíonn na dánta don mhéid a bhí le léamh ag na Gaeil sna nuachtáin Bhéarla seo. Ní mór a rá go bhfuil na nótaí cuimsitheacha a ghabhann le gach aon dán den leathchéad dán atá in eagar anseo thar a bheith suimiúil sa tslí is go míníonn siad cúlra agus comhthéacs gach aon cheann díobh, agus cuireann sé seo go mór leis an bpléisiúr atá le baint as an leabhar.

Ach níl deireadh déanta againn fós! Tá dlúthdhiosca ag dul leis an leabhar chomh maith ar a bhfuil fiche ceann de na hamhráin atá in eagar sa leabhar le clos á gcanadh ag comheagarthóir Nic Éinrí, Pádraig Ó Cearbhaill, agus tá na leaganacha de na hamhráin a chanann Ó Cearbhaill anseo díreach chomh cáiréiseach agus chomh cruinn ó thaobh meadarachta agus canúna – canúint na nDéise gan amhras – leis na téacsanna clóite. Ar shlí is é an dlúthdhiosca a dheineann foilseachán fíorshuaithinseach den chnuasach seo, mar go gcuireann sé ar ár gcumas éisteacht leis na hamhráin faoi mar a bhídíst á gcanadh i nGaeltacht na Mumhan in aimsir Inglis agus ó shin, agus go gcuireann sé go mór lenár dtuiscint ar an ngaol a bhí ann idir an fhilíocht agus an amhránaíocht san ochtú haois déag. Tá foinn amhráin luaite le formhór mór na n-amhrán seo sna lámhscríbhinní, agus níor fágadh aon chloch gan iompó sa taighde a deineadh ar na foinn seo. Tá an tOllamh Mícheál Ó Súilleabháin ó Ollscoil Luimnigh luaite mar chomhairleoir ceoil anseo chomh maith, agus is cinnte gur chabhraigh an saineolas atá aige ar fhoinn thraidisiúnta na hÉireann go mór leis an bhfiontar seo.

Tá an leabhar seo maisithe le pictiúirí, grianghraif agus léarscáileanna, tá páipéar na leathanach den chéad scoth, an cló breá soiléir agus an t-iomlán curtha le chéile faoi chlúdach crua sa tslí is go gcaithfear a rá nach bhfuil barr cleite isteach ná bun cleite amach air. Tá tamall ann ó cuireadh an leabhar iontach seo amach faoi bhráid an phobail ach tá léitheoirí Feasta ar an eolas faoi anois. Ceannaigí an leabhar, léigí na dánta agus canaigí na hamhráin!

Feasta, Eanáir 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais