Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Ionchais na bliana - -

Agus sinn ar thairseach na bliana nua is dual dúinn sracfhéachaint a thabhairt siar ar an tseanbhliain, ach níos tábhachtaí, b’fhéidir, tabhairt faoinár n-ionchais a mheas maidir lena bhfuil i ndán dúinn agus bliain eile romhainn. Gan amhras, agus ár gcúrsaí mar atá, ní le haon mhórmhisneach a bheadh aon duine againn ag tabhairt faoina leithéid sin de chúram.

Seo romhainn an séú bliain as a chéile a bhfuil ár gcúrsaí eacnamaíocha i gcruachás, agus mar a deireadh an t-amhrán, gan fáil ar leigheas againn. Nach é an donas é go bhfuil ár gcás ag brath chomh mór ar a mbeartaítear sa Bhruiséil, nó níos conspóidí fós, i bhFrankfurt nó i mBeirlín. Um an dtaca seo ní mór ná go bhfuil sé ina ábhar scannail a mhinicí ráiteas tagtha ón mBruiséil go bhfuil faoiseamh beartaithe dúinn maidir le haisíoc ar airgead an mhí-áidh, an t-airgead a chosnaíonn ár mbainc bhriste, agus an lá dár gcionn go bhfuil sé sin á bhréagnú ag ráiteas eile ó pholaiteoir nó feidhmeannach éigin i gceann den dá chathair eile.

An bhfuil aon léas solais ann mar sin, an solas úd a mbítear ag faire amach dó, i mbéal an tolláin? Aisteach go leor, le tamall beag anuas tá sé le brath go bhfuil tráchtairí agus saineolaithe anseo agus thar lear, más i gcogarnach féin é, ag rá go bhfuil bisiú beag bídeach le brath ar ár ngnóthaí. Nach mbeadh sé chomh maith againn glacadh le pé léas dóchais a thagann inár dtreo, dá mhéid é ár n-amhras. Gan amhras leis, beidh léargas níos fearr againn i gceann bliana.

Ní nach ionadh, is cás ar leith dúinn anseo staid na Gaeilge, agus is beag má tá scéala aon phioc níos fearr againn. Is ábhar scannail eile é faoin am seo an chonspóid atá ar bun le breis agus trí bliana faoi struchtúr nua maoinithe do na heagrais dheonacha Gaeilge. Is léir gur conspóid í atá ag leanacht ar aghaidh rófhada, agus is léir chomh maith céanna gurb í an teanga féin a bheidh thíos leis.

Is scéal amháin é go mbeadh sé riachtanach dul i ngleic le cur amú airgid poiblí na laethanta seo. Is scéal eile é go bhfuil bagairt agus brú ar eagrais dheonacha, a bhfuil gnéithe de chur chun cinn na teanga náisiúnta mar chúram orthu, agus go mbeifí ag cur creat i bhfeidhm orthu nach bhfuil ag teacht lena mbunfheidhmeanna ná lena bhfealsúnacht.

Má tá tacaíocht an Stáit agus an phobail araon riachtanach chun an Ghaeilge a thabhairt slán, agus glactar leis coitianta go bhfuil sin amhlaidh, ní cur i bhfeidhm míchuí de chumhacht an Stáit an bealach leis an aidhm sin a chur i gcrích. Caithfidh go bhfuil cur chuige níos fóirsteanaí agus níos torthúla ann ná an lámh láidir. Má tá mian le santú san athbhliain, is é réiteach na ceiste seo é.

Feasta, Eanáir 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo