Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
Ceathrú Anama agus araile le Seán Ó Loingsigh
Is léir nach mbeidh fáil ar cheathrú anama sa díospóireacht seo!
****************
Táimid go léir na laethanta seo i dtiúin agus i dtaithí ar chiorruithe, ar chomhdhlúthú agus tíosúlacht agus iadsan go háirithe i gceist i gcás an stáit féin, a chur chuige agus a institiúidí agus eagraíochtaí. Nach aisteach mar sin i laethanta na gannchúise go bhfuil sé riachtanach go gcuirfeadh beirt airí an buiséad faoi bhráid na Dála, áit a ndeineadh duine amháin é i laethanta na flúirse. Ní mar a deirim a dheinim.
Ach thug an rialtas na cosa leis ón mbuiséad dá dhonacht é, agus lucht a cháinte ag rá go raibh sé éagothrom agus fiú éagórach sa mhéid gur mhó a luigh sé orthusan atá ar an gcaolchuid ná ar an dream atá teann. Más léiriú é sin ar phríomhaíocht Fhine Gael i rialtas seachas an Lucht Oibre, is féidir leis go bhfuil tuairimíocht ag teacht i dtreis go bhfuil lé na meán cumarsáide fós leis an rialtas seo. Ach an féidir go mbeidh an Lucht Oibre thíos leis pé fad gearr anonn é sin?
Ní tuar rómhaith é agus Pat Rabbitte ag éirí níos giorraisce, agus fiú níos postúla ná mar is gnách leis. Ní hé, gan amhras, nach bhfuil deacrachtaí go leor ag bagairt. Tá neamhthor an Aontais maidir le faoiseamh ar ár bhfiacha baincéireachta, agus an tnúth gan comhlíonadh a bhaineas leis, ina ábhar imní fós ní hamháin do dhá pháirtí an rialtais ach don tír agus don phobal i gcoitinne. Um an dtaca seo, is buannaíocht ar an aithne a bheith de shíor ag rá linn a fheabhas atá ag éirí linn, agus gur eiseamláir do thíortha an Aontais mar atáimid ag dul i ngleic lenár bhfadhbanna eacnamaíocha.
——◊——
Anois tá ceist an ghinmhillte le réiteach againn, dá mhéid a seachnaíodh an cheist dhiacrach sin go nuige seo. Gan amhras is ceist leochaileach í sin, agus ní hionadh mór ar fad gur chuir polaiteoirí agus rialtóirí ar an méar fhada í. Is féidir fiú go raibh siad ag súil go laghdódh ar an ngoimh agus ar an dígeantacht, dá fhad a fhágfaí gan réiteach í. Chuir bás tragóideach na mná ón Ind deireadh leis an moilleadóireacht. Pé goilliúnachtaí atá i gceist, tá am na cinniúna tagtha.
Cheana féin, tá ráiteas neamhbhalbh déanta ag an gceathrar ardeaspaig de chuid na hEaglaise Caitlicí, fiú is go bhfuil seasamh an Chairdinéil in Ard Mhacha i gceist cheana féin, faoi pé baint indíreach a bhí aige leis an gconspóid faoin gcléir agus mí-úsáid ghnéasach i gcás na ndaoine óga. Ní hionadh sin ar aon chor, agus is léir nach mbeidh fáil ar cheathrú anama sa díospóireacht seo.
Tá an tAire Pat Rabbitte, agus é chomh postúil agus chomh giorraisc le haon ardeaspag, ag tabhairt faoin gceathrar agus faoina ráiteas, agus ag cur in iúl dúinn gur dána an mhaise dóibh a leithéid de ráiteas a dhéanamh. Gan amhras, bhí sé ar an dul céanna agus é ag tabhairt faoi chathaoirleach a pháirtí féin, Colm Keaveney, nuair a dhiúltaigh seisean tacú sa Dáil le ciorruithe leasa shóisialaigh a d’eascair as an mbuiséad. Nílimid ach i dtús na hargóna san nuair nach bhfuil i gceist ag Keaveney éirí as a phost mar chathaoirleach ar a pháirtí.
Níl Fine Gael ar thalamh slán sna hargóintí seo ach oiread: go deimhin ba dheacair d’aon pháirtí a bheith. Ach ba dhóigh leat gur ar an Lucht Oibre is mó a thitfidh an crann, pé an iad ciorruithe an bhuiséid nó leasuithe a bhaineas le ginmhilleadh a thagann i gceist. Bhí, b’fhéidir, geallúintí an pháirtí sin níos daingne, agus iad dírithe níos mó orthusan is mó atá thíos anois leis an mbuiséad, nó gur mar sin a fheictear dóibh é, pé ní. Ar ndóigh, ní maith mar a fhéachann sé, i gcás an Lucht Oibre go háirithe, nuair a ghearrtear liúntais do chúramóirí teaghlaigh, iadsan a thugann aire do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas sa bhaile.
Seanfhadhb ag an Lucht Oibre é, atá sonraithe go beacht i dteideal an pháirtí, go seasann siad ar mhodh ar leith d’aicme áirithe. Sonraíonn an t-ainm iad ar bhealach nach dtarlaíonn i gcás Fhine Gael, nó go cinnte nach dtarlaíodh i gcás Fhianna Fáil, tráth dá raibh, ach is scéal eile ar fad iadsan. Is fíor go n-athraíonn an léargas polaitiúil, nó an ‘speictream’ mar a thugann siadsan is mó eolais air. Thréig an loinnir a bhain leis an eite chlé agus leis an sóisialachas i gcoitinne, agus ní anseo in Éirinn amháin a tharla sé sin.
Faoi láthair tá an tréanfhear sin Joe Higgins ina chadhan aonair ag seasamh do Pháirtí Sóisialach na hÉireann sa Dáil, ó d’éirigh Clare Daly as an bPáirtí, ní i bhfad ó shin, gan a dhearmad ach oiread gur mhaígh Bertie Ahern ar ócáid stairiúil sa Dáil gur sóisialach a bhí ann féin. Cuimhnigh leis gur cuireadh an ruaig ar Joe Higgins agus ar Clare Daly as Páirtí an Lucht Oibre i 1989 nuair a chlaon siad, mar a chonacthas don Pháirtí é, rófhada ar clé.
Ba bhaol i gcónaí don Lucht Oibre dul i gcomhghuaillíocht le Fine Gael, agus ba mhinic dóibh tacaíocht a chailliúint dá bharr, agus laghdú dá réir a theacht ar an líon teachtaí a bhí acu sa Dáil. De ghnáth, ba mar thoradh ar olltoghchán a tharlaíodh sé sin, ach anois tá sé ag tarlú gan aon toghchán i gceist. Feictear do go leor dá lucht leanúna gur polasaithe Fhine Gael atá á gcur i bhfeidhm, agus ní maith a thaitníonn sé leo. Níorbh ionadh dá rithfeadh leo nár mhiste dá gceannairí a bheith níos treallúsaí. Ar chúis éigin, níor bhain an baol céanna le dul i gceangal le Fianna Fáil, ach nach fíorannamh a tharla a leithéid!
Is fíor leis go n-éiríonn cúlbhinseoirí corrthónach de réir mar a éiríonn a lucht leanúna míshásta. Go deimhin tarlaíonn sé i gcás airí stáit! Deirtear fiú go bhfuil airí sa dá pháirtí míshásta toisc gur cosúil go bhfuil gach cinneadh tábhachtach á ghlacadh ag ceathrar sa rialtas — an Taoiseach féin, an Tánaiste, an tAire Airgeadais agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, agus go bhfuil sé sin i gceist go háirithe i gcás cinntí eacnamaíochta, agus an drochstaid ina bhfuil sí sin.
Ní hé go bhfuil an rialtas seo i ngar do bheith i mbaol a dhíbeartha. Beidh uachtaránacht an Aontais Eorpaigh á ghlacadh mar chúram acu sa leathbhliain atá amach romhainn. Beidh an Taoiseach agus an Tánaiste agus an bheirt airí a luadh ag rith sall is anall agus iad ag déanamh cathaoirleacht ar choistí agus ar chruinnithe, ach má tharlaíonn sé nach mbíonn faoiseamh réasúnta faighte ag an tír seo maidir le haisíoc na bhfiacha a bhaineann le tarrtháil na mbanc, ní bréag a rá go mbeidh a bport seinnte. Tá an faoiseamh seo geallta, tarraingte siar, agus leathgheallta arís le leathbhliain anuas, agus is beag atá faighte dá bharr ná dá thoradh san againn go dtí seo.
Nach aisteach ar fad, tar éis mhéid na tubaiste a bhain don gheilleagar ar fud an domhain le cúig bliana anuas, nach bhfuil aon chosúlacht ar aon chor go bhfillfear nó go nglacfar leis an sóisialachas mar chóras rialacháin, nó mar chóras eacnamaíoch, san am atá romhainn. Níltear ag diúltú don chaipitleachas ná dá thréigean mar chóras. Cloífear go daingean leis na margaí airgeadais. Níl sé cinnte fiú go gcuirfear mórán de shrian leo. Ní baol do Wall Street ná don ‘chathair’ i Londain, agus is cinnte le Dia nach gcuirfidh Brendan Howlin againn féin isteach ná amach ar an Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath. Go deimhin is léir go nglacann an tSín féin leis an gcóras airgeadais mar atá sé sa domhan mór. Agus, ar ndóigh, ní mhairfidh Fidel Castro i gCúba go deo.
——◊——
Nach iontach an ‘slán abhaile’ a cuireadh le Páidi Ó Sé agus é ar a aistear chun na síoraíochta roimh Nollaig. Ba dhóigh leat go raibh an saol mór i láthair. Bhí oiread polaiteoirí ann agus a bhí peileadóirí, ach cá hionadh sin agus oiread suime sa pholaitíocht aige agus a bhí i gcúrsaí peile. Mura bhféadfadh san a bheith fíor ar fad, ní raibh aon amhras faoin bpearsantacht agus an teacht i láthair, agus ba é fírinne dearfa an scéil go ndeachaigh sé i bhfeidhm ar íseal agus ar uasal.
Tá sé ar a shuaimhneas sa reilig is deise suímh in Éirinn, Reilig Chaitlíona, idir Shliabh an Iolair agus Cuan Fionntrá, i ngar na trá a bhfuil iomrá fúithi sa bhFiannaíocht. Beidh sé i gcomhluadar maith. Is ann atá mo mháthair féin ina luí le fada an lá. Suaimhneas na bhFlaitheas dóibh go léir.
Feasta, Eanáir 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|