Céard é seo? An t-eagrán is déanaí Cartlann Comórtas Ordú Teagmháil Cóipcheart Údar-lann Naisc |
— Cnuasach Seanchais agus Scéalta Bhab Feiritéar Bo Almqvist, Roibeard Ó Cathasaigh a chóirigh agus a chuir in eagar Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh. 2010. 2CD. ISBN: 9780906096154. €20 Léirmheas le Liam Mac Peaircín —◊— Leabhar agus dhá dhlúthdhiosca, foilsithe go maisiúil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne atá á mheas anseo, agus an-eagarthóireacht déanta ag An Ollamh Bo Almqvist agus Roibeard Ó Cathasaigh, beirt a bhfuil a gcion déanta acu ar son oidhreacht bhéil Chorca Dhuibhne go minic cheana thar na mblianta. Bhíomar uile faoi dhraíocht ag an bpacáiste Ó Bhéal an Bhab, Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar, a cuireadh faoinár mbráid sa bhliain 2002, agus glór ceolmhar an bhanseanchaí le cloisint ar théip nó ar dhlúthdhiosca. Ón stábla céanna úd a thagann an foilseachán áirithe seo agus cad é mar éagsúlacht atá ann. Duine ar bith ar mhian leis blaiseadh a fháil d’ilghnéitheacht na healaíne bhéil, ní gá dó ach an réamhrá léirsteanach a ghabhann leis an leabhar a iniúchadh – le heolas ann ar chúlra scéalaíochta Bhab; foinsí béil, agus foinsí scríofa éagsúla, ina measc The Canterbury Tales, a d’fhág a rian ar a stór. ‘Saibhreas as an ngnáth’ a bhain le stór scéaltaíochta an Bhab (1916-2005), agus thart ar 200 scéal ar bharr na teanga aici. Nárbh í a bhí acmhainneach sa chúram, agus an bua cruthaitheach a bhí aici ag dul i bhfeidhm ar a lucht éisteachta ó ghlúin go glúin. Tá 60 rian ar na dlúthdhioscaí seo – dhá uair a chloig ar fad. Don scéalaí óg a bheadh ag foghlaim na ceirde, is eiseamláir den scoth d’ealaín bheo na scéalaíochta traidisiúnta iad insintí uile Bhab i Coiglímis an Tine… Tá an-éagsúlacht sa dara cnuasach seo le Bab Feiritéar, paidreacha dúchais agus míreanna pearsanta, finscéalta áitiúla ar an osnádúr agus ar laochra ceantair is náisiúnta, scéalta grinn, seanscéal fada agus scéal rómánsúil seodmhar. Léiríonn scéalta eile fós a hómós don nGaelainn (clúdach an leabhair). Tagann daonnacht Bhab trasna go beo tríd na hinsintí; í grámhar, bríomhar, greannmhar, machnamhach, agus spleodrach. Tá gach insint an-nádúrtha; ní túisce a chloisimid a guth mealltach ná go bhfuil sí ina suí romhainn ar chathaoir cois tine ár mealladh isteach i ndomhan draíochtúil a scéil. Tugann sí siar ar bhóithrín na smaointe sinn, go saol a hóige féin, buailimid lena comharsana, agus leis na carachtair éagsúla a d’fhág tionchar nach beag uirthi i gcaitheamh a saoil. Téann sí ar a marana inár gcomhluadar agus cruthaíonn sí an suíomh, agus an t-atmaisféar go hoilte agus go héasca dúinn. Fillimid i ngan fhios dúinn féin ar laethanta Kruger is De Valera, Seán Mhicil Ó Súilleabháin an Oileáin, agus níos sia siar go ré na bhfilí Aogán Ó Rathaille agus Piaras Feiritéar. Fianaise ar an ngreim a bhí aici ar ghnéithe de thraidisiún cráifeach na muintire is ea a bhfuil d’orthaí agus de phaidreacha ar an dara dlúthdhiosca agus iad in oiriúint d’ócáidí ar leith sa saol; ortha d’fhuil sróine, mar shampla, nó paidir an Domhnaigh: Dé bheathasa chugainne, a Dhomhnaigh bheannaithe,Meascra de thaifeadtaí a rinne Roibeard Ó Cathasaigh, Bo Almqvist, agus Raidió na Gaeltachta a fhaightear ar na dlúthdhioscaí, agus tá an caighdeán fuaime, agus an obair eagrúcháin agus eagarthóireachta ar fad a cuireadh i bhfeidhm orthu le moladh go hard. Thógas ceann ar leith den taifead a deineadh ag Éigse Dhún Chaoin, 1986, agus an scéalaí ag dul i bhfeidhm go corraitheach ar a lucht éisteachta (dlúthdhiosca a haon, Rianta 9, 10, 11). Chuir Bab spéis sa scéalaíocht óna hóige, agus bhí máistrí na ceirde mar eiseamláir aici, leithéidi a haintín Máire Ruiséal. Ní raibh a comh-mhaith de bhanscéalaí ann lena linn, tá sé de bhuntáiste againn cluas a thabhairt dá guth binn uair ar bith leis an leabhar agus na dlúthdhioscaí seo. Beidh éileamh seasta ar an leabhar aoibhinn seo, i measc lucht an bhéaloidis agus foghlaimeoirí teanga araon. Cloch bhua eile ar charn Bhab é Coiglímis an Tine, Cnuasach Seanchais agus Scéalta Bhab Feiritéar, agus leagaimis í le hais Ó Bhéal an Bhab, Cnuas-scéalta Bhab Feiritéar (2002). Faraor go raibh Bab ar shlí na fírinne sular seoladh Coiglímis an Tine, ach níl aon amhras orm ná go mba ábhar mór mórtais a bheadh ann di an dá fhoilseachán a fheiscint taobh le taobh dá mairfeadh sí chuige. Cad é mar oidhreacht atá fágtha ina diaidh aici againne ar spéis linn taoscadh as tobar an dúchais. Feasta, Feabhra 2013 |