Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Nead ar lorg Éinín

‘An Fhilíocht’ le Nuala Ní Dhomhnaill

Filíocht agus dán á plé Ríona Ní Churtáin



Foilsíodh an dán ‘An Fhilíocht’ le Nuala Ní Dhomhnaill sa chnuasach dánta Feis sa bhliain 1991. Dealraítear ar dtús nach bhfuil ann ach scéal beag faoin suáilce a bhaineann an file as amhrán éin, ach is léir ón teideal gur dán fáthchiallach atá ann, ag déanamh cur síos ar phróiseas na cumadóireachta. B’fhéidir a áiteamh gur ars poetica Ní Dhomhnaill atá ann, ag tabhairt comhairle do scríbhneoirí agus d’fhilí faoi ealaín na filíochta.

Ní foláir don fhile1 an spreagadh filíochta a aithint i dtús báire, i measc gnáthimeachtaí an tsaoil agus fiú amháin i ngruaim an tsaoil: b’éinín ‘clipithe’ a tháinig chuig Ní Dhomhnaill sa dán. Is riachtanach don fhile an spreagadh a mhealladh chuige ansin, nó a bheith toilteanach glacadh leis: bhí rúm Ní Dhomhnaill mar ‘fhothain’ don éinín. Ina theannta sin, caithfidh teicníocht na filíochta a bheith faoi smacht ag an bhfile chun na mothúcháin a mhúsclaítear ann de bharr an spreagtha a nochtadh dúinn: thuirling an t-éinín ar ‘thairsing’ na fuinneoige, is é sin le rá, bhí struchtúr éigin ann chun fáilte a chur roimhe, bhí sé in ann tuirlingt.

Cuirtear dánta ar nós dán Jacques Prévert, « Pour faire le portrait d’un oiseau », (dán oideasach eile faoi ealaín na filíochta), i gcuimhne dúinn leis an gcomhairle sin: mheall Prévert éan na filíochta chuige féin chomh maith, ach bhí doras a éanadáin ar oscailt aige don éan, « une cage avec une porte ouverte »2, 3 ionas go mbeadh sé in ann staidéar ceart a dhéanamh air agus íomhá chruinn dá áilleacht a chruthú dúinn. Ina dhiaidh sin, bhí Prévert in ann barraí an éanadáin a scriosadh, is é sin le rá, fianaise na teicníochta fileata a fholú,4 ach bhí an t-éanadán ag teastáil uaidh chun tús a chur leis an saothar filíochta.

Uaireanta, is deacair don fhile foinse a spreagtha a aithint, rud a chuireann Ní Dhomhnaill i gcuimhne dúinn: ‘N’fheadar cad as a dtáinig sé’.5 Mar atá luaite thuas, is féidir le gnáthimeachtaí agus gruaim an tsaoil a bheith spreagúil, ach is féidir le saol an fhile agus stair a tíre féin a bheith mar chúis cumadóireachta chomh maith: mar shampla, tháinig éinín an dáin seo ‘ó Chríocha Lochlann’, ar nós sinsear na nÉireannach.

Is féidir an spreagadh féin a chur i gcomparáid le eitilt éin. Is cosúil le spéir é an spás ina bhfuil smaointí deimhne an fhile i bhfolach, agus eitilt an éin mar aistear ann, mar a deireann Shelley: ‘to bring light and fire from those eternal regions where the owl-winged faculty of calculation dare not ever soar.’6 Cosúil le Shelley, léiríonn Ní Dhomhnaill dúinn go mbíonn domhan álainn na cruthaitheachta ar fáil don fhile, áit ina bhfuil solas, fuaimeanna, ceol agus machnamh, nuair a thagann an file ar an spás sin:
a sheol i dtaibhreamh mé
isteach i dtír nárbh eol

dom soir thar siar […]
nó cad as a dtáinig an ceol,
i dtaobh thoir don ngealaigh
is i dtaobh thiar don ngréin […]7
Bíonn na híomhánna go fliúirseach sa domhan sin, ar nós gairdín méiniúil:
i ngairdín a bhí lán
de shútha craobh.8
De réir Ní Dhomhnaill, is rud neamhbhuan é an spreagadh seo – ní féidir leis an bhfile fanacht i spás folaithe a smaointí deimhne: ‘Bhí sé eitilte nuair a dhúisíos/ ar maidin.’ 9 Más mian leis an bhfile filleadh ar an spás sin, bíonn sé de dhualgas air fáilte a chur roimh íomhánna áille an dúlra, agus gnáthimeachtaí an tsaoil a aithint mar fhoinsí spreagtha – is é sin le rá, tosnú le próiseas na cumadóireachta arís:
Osclaím comhla na fuinneoige
is ar an dtairsing
fágaim méisín fíoruisce
is gráinní rua-chruithneachtan. 10
Is léir ón íomhá seo go gcaithfidh an file a bheith foighneach chun an spreagadh a mhealladh chuige arís, foighne atá aitheanta ag filí eile chomh maith, ar nós Prévert:
Parfois l’oiseau arrive vite
mais il peut aussi bien mettre de longues années
avant de se décider
Ne pas se décourager
attendre[…].11, 12
Nuair a dhéanann Ó Doibhlin cur síos ar thairbhe na healaíne don duine, míníonn sé dúinn go gcuireann ‘an ealaín saol úr inár láthair, saol a thugann taitneamh agus sásamh dúinn a bhfuil gá againn leo. Is é atá ann an saol réalta ach é arna cheartú, arna leasú, arna shaibhriú, arna athchóiriú ag an ealaíontóir: homo additus naturae, mar a dúirt an Renaissance, ‘an duine in éineacht leis an dúlra’.″13 Cuireann Nuala Ní Dhomhnaill an coincheap seo i gcuimhne dúinn chomh maith nuair a chruthaíonn sí íomhá den éan ag tabhairt fuinnimh di:
do bhailigh fuinneamh, fuinneamh
nó gur chan sé scol
a sheol i dtaibhreamh mé
isteach i dtír nárbh eol. 14
Cuireann an t-athrá (‘fuinneamh, fuinneamh’) béim bhreise ar chumhacht iontach an dúlra sa chumadóireacht filíochta. Is féidir an fuinneamh sin a nascadh le foinse an spreagtha fhileata chomh maith, faoi mar a rinneadh na Rómánsaithe i Sasana sa chéad leath den naoú aois déag. De réir Doggett, ba chosúil go raibh fobhar an dúlra ag cur thar maoil ina gcuid filíochta, mar shampla, sa dán ‘The Nightingale: A Conversation Poem’, deireann Coleridge:
’Tis the merry nightingale
That crowds and hurries, and precipitates
With fast thick warble his delicious notes.15
Is léir gur meafar fíoréifeachtach é an t-éan, ach go háirithe toisc go bhfuil ar chumas na híomhá sin anam an duine a chur i gcuimhne dúinn chomh maith. Mar shampla, cosúil le Wordsworth, is féidir le teacht an éin san fhothain a bheith mar mheafar d’anam an duine sa chorp fisiciúil:16
The human soul; not utterly unknown
While in the body lodged, her warm abode.17
agus i ndiaidh an tsaoil seo, mar a chuireann Ní Dhomhnaill i gcuimhne dúinn:
N’fheadar cár imigh sé nó fiú
cathain.
Bhí sé eitilte nuair a dhúisíos
ar maidin. 18
Léiríonn Ní Dhomhnaill dúinn sa dán seo áfach, gur féidir leis an bhfile, trí phróiseas na filíochta, éinín an anama a aithint, nead a chruthú dó agus tuiscint neamhbhuan a fháil ar an éinín féin.

Foinsí

• Doggett, F. (1974) ‘Romanticism’s Singing Bird’, Studies in English Literature [ar líne], 14 (4), lgh. 547-561, ar fáil ag: http://www.jstor.org/stable/449753 [Léite: 20 Samhain 2012].
• Fay, E.G. (1949) ‘The Bird Poems of Jacques Prévert’, The Modern Language Journal [ar líne], 33 (6), lgh. 450-457, ag: http://0-www.jstor.org.library.ucc.ie/stable/318787 [Léite: 20 Samhain 2012].
• Ní Dhomhnaill, N. (1991) Feis, Maigh Nuad: An Sagart.
• Ó Doibhlin, B. (1973) Litríocht agus Léitheoireacht, Corcaigh agus Baile Átha Cliath: Cló Mercier.
• Prévert, J.(1949) Paroles, Páras: Gallimard.

Tagairtí

1. Is féidir le fir agus mná araon a bheith ina bhfilí, ar ndóigh, ach bainfidh an t-údar seo úsáid as aidiachtaí sealbhacha agus forainmneacha réamhfhoclacha atá firinscneach san aiste seo, bunaithe ar inscne an fhocail féin, i. ‘file’, ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh.
2. (Prévert, 1949: 155)
3. éanadán le doras oscailte
4. (Fay, 1949: 453)
5. (Ní Dhomhnaill, 1991: 76)
6. (Doggett, 1974:522)
7. (Ní Dhomhnaill, 1991: 76)
8. Ibid.
9. Ibid.
10. Ní Dhomhnaill, 1991: 76
11. (Prévert, 1949: 155)
12. (Uaireanta tagann an t-éan go tapaidh/ ach b’fhéidir chomh maith go bhfanfaidh sé ar feadh blianta fada sula ndeineann cinneadh/ Ná caill misneach/ Fan….)
13. (Ó Doibhlin, 1973: 8)
14. Ní Dhomhnaill, 1991: 76
15. Coleridge, ar fáil: (Doggett, 1974: 558)
16. (Doggett, 1974: 547)
17. Wordsworth, ar fáil: (Doggett, 1974:547)
18. Ní Dhomhnaill, 1991: 76

Mac léinn iarchéime i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, í Ríona Ní Churtáin

Feasta, Feabhra 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais