Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta

le Gréagóir Ó Dúill

Géilleadh

Ciarsúr nó cufaí lása ridireachta iad na tonnta,
Iad ag briseadh go beacht mín mánla
Ar an ghaineamh dhubh de bholcán oileáin.
Tá fórsa na mílte d’Atlantach taobh thiar de thomhais oilte riosta
Taobh thiar de gach buille.
Cuimhním ar Dhún an Óir, ar Dhroichead Átha, ar an fhuil
Ag smálú gile cufa, muineáil.

Lanzarote xi 12

J’accuse

Buaileann siad craiceann toll an druma go mall,
Is thart air a chruinníonn; ní thógann sé i bhfad
Go bhfeicim rinn mo chlaímh im’ threo,
A dhorn lena dhornsa cnámhach.
Cuireann sé an chaidhp bháis ar a chloigeann mhaol,
Éistim – na focail.
Baineann na saighdiúirí singile gach suaitheantas díom,
Caitheann an bearád sin, díol bróid mo dheárthár óig,
Anuas sa láib, briseann mo chara-oifigeach
Lann mo chlaímh ina dhá leath ar chaipín sin a ghlúine
A fheacann sé go minic, roimh údarás saolta agus neamhaí.
Le héirí gréine, púicín orm, ciarsúr geal ag sileadh
De mo phóca brollaigh, cromnasc ar chaol láimhe,
Seasaim ar imeall uaighe, éistim na focail.
Níor thóg i bhfad, an uair an próiséas tosaithe,
Níl aon chosaint ann in éadan a chaithfeas tarlú,
M’aird ar mo ghoile, ar mo mhatán iata a smachtú,
Éistim dhá nóta éin ón choill anoir.
Cuma. Cuma.

x 12

Lanzarote

Splancann na paraicítí, lemon and lime,
I mbarr na gcrann pailme
A nglór garbh garg ag tabhairt rabhaidh:
Cine gheal, cine gheal, cine gheal.

Xi 12

Cloig ar mo Dhoirnibh

Agus mé anseo liom féin, roinnim an lá ar mo chúraim bheaga,
turas chun an tsiopa le bia a cheannacht, tamall sa gharrdha
ag obair sula gcruinníonn na scaotha mioltóga, cluas arís leis an nuacht
agus arís le nuacht an tuaiscirt – cé fuair bás? cé fuair deontas úr? -
agus an tromléamh dualgais ar róannamh anois ina phléisiúr é, an ceol
ar struchtúr rómhór é, an dréachtadh is athdhréachtadh ag bolgadh amach,
rómhór don am atá ar fáil.
Sea, don am atá ar fáil.
I ngach seomra amharcann clog anuas, aniar
orm, ó bhalla, ó sheilf leabhragáin, ó mhatal, ó leac fuinneoige,
crónán an chadhnra gan suaimhneas, agus tic bhréagach gan fuincsean,
Iarracht stadach na láimhe ar an mhala chrochta ard roimh mheánlae, meánoíche
nuair is ídithe don bhataire.
Líon mé tearmann seo na saoirse le faireoirí dheachtóir an ama, a gcroíthe ag síorbhualadh
gan trócaire, sleá an aláraim réidh acu, iad ag creimeadh leo, tuilleadh teannaidh
ar mo scornach.
Tagann sí. Déanaim mar a deir sí liom, na cloig a chruinniú, a chur i mála
is a thabhairt chuig an seid. Ní ar mhaithe le mo chuid oibre iad, adeir sí.
Múchann na cloig fuaim na gaoithe fán teach, an fharraige de ghaoth sa ghiúis,
an mionchomhrá faire idir na deora Dé, an siosarnach fríd an chaorthainn, suantraí
ciúin an chitil ar an tsorn, eiteogaí dreoilín faoin fhuinneog oscailte.
Nuair a imíonn sí
bheirim gach clog ar ais chun a láithreach féin is féachaim
le mo chuimhne ar an ghaoith a scríobh san am atá ar fáil.

Vii 12

Feasta, Feabhra 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo