Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Gá le Dóchas! - -

Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh’, mar a chan Rafteirí an file céad go leith bliain ó shin, a thagann chun cuimhne um an dtaca seo bliana. Bíonn, ar ndóigh, daoine ag faire amach don síneadh tar éis laethanta giortacha an gheimhridh agus na hoícheanta fada a leanann iad.

Ba thraidisiúnta sa tír seo, go háirithe, go nglactaí leis coitianta gurb é Lá ’le Bríde an chéad lá den Earrach, ach níor chosúil go nglactaí leis mar an gcéanna sa Bhreatain ná in go leor tíortha eile. Bhí, agus tá, teacht an Earraigh i bhfad níos éiginnte iontu, agus ba dhóigh leat ó na meáin chumarsáide go gcuirtear tús an tséasúir i bhfad chun cinn i dtreo cónachta an Earraigh.

Ach tá dán eile a luaití leis an bhfile, agus más cosúil nach é a chum ar aon chor é is cinnte gurb é pearsa mór an dáin é. ‘Mise Rafteirí an file / Lán dóchais is grá’ an dá líne tosaigh, agus más léir nár dhein sé faillí í gcúrsaí grá, ag cuimhneamh ar bhruinnill mar Mháire Ní Eidhinn agus Brídín Vesey, is í tréith seo an dóchais atá go mór ar ár n-aigne sna laethanta seo i dtús an Earraigh.

Táimid ag cuimhneamh anseo ar ár dtubaiste eacnamaíoch agus conas mar chuamar i bhfeidhm air mar phobal. Ní mór smaoineamh nach in Éirinn amháin a tharla a leithéid de thubaiste. Bhí sé forleathan, agus scata mór tíortha, idir bheag is mhór, thíos leis.

Is é is suntasaí faoi anseo, i gcontrárthacht le tíortha eile, ná an díomuachas agus a laghad teanntáis a léiríodh. B’ionadh a mhinicí a luadh conas mar a bhí teipthe orainn mar náisiún, fiú is nárbh fhiú sinn ár saoirse. Ní mór ná go rabhamar cloíte sula rabhamar dulta i mbun tarrthála agus réitigh.

Bhí sé seo thar fóir, ar ndóigh, an féinsciúirseáil agus an easpa dóchais as ár gcumas féin dul i ngleic lenár bhfadhbanna, fiú gur sinn féin ba thrúig le cuid mhór de na fadhbanna céanna. Agus tugann san go díreach chun cuimhne gur chun dul i gleic leis an meon aigne seo a bunaíodh Sinn Féin i dtús an chéid seo chaite: sinne féin ag glacadh freagrachta inár gcúrsaí féin, agus ag scaipeadh meon an chóilíneachais agus an éadóchais a bhí dulta sa chnámh ionainn tar éis an gheimhridh fhada faoi riail Shasana.

Is féidir nár éirigh linn go hiomlán i mór-aidhm na gluaiseachta sin. Tá, gan amhras, go leor le déanamh. Smaoineamh eile fós gur fiche bliain roimh bhunú Sinn Féin a thug Dúbhglas de hÍde léacht i mBaile Átha Cliath dar teideal The Necessity for De-Anglicising the Irish Nation.

Chuir an léacht sin casadh nua i saol an náisiúin seo. Go luath ina dhiaidh sin bunaíodh Conradh na Gaeilge, agus mura bhfuil obair an Chonartha curtha i gcrích go fóill, tá – mar a deirtear – an obair sin leanúnach.

Ach tá an dóchas riachtanach, agus b’fhéidir an grá.

Feasta, Feabhra 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo