Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Smaointe Polaitíochta
bratach nó teanga, ciocu is tábhachtaí? le Seán Ó Loingsigh
Gan amhras, is ábhar imní na círéibeacha ar na sráideanna i nBéal Feirste le cúpla mí anuas, agus níor chóir neamhaird a thabhairt orthu ….
****************
Is dócha go bhféadfaí a rá gur olc an comhartha é go bhfuilimid ag tagairt do chúrsaí Thuaisceart Éireann an mhí seo. Ba mhinic a chuirtí i leith lucht tráchtaireachta sa Stát seo ó dheas go mb’fhearr leo dearmad a dhéanamh ar pholaitíocht an Tuaiscirt, ach i ndáiríre is cruthú é an easpa nuachta aduaidh ar a fheabhas a d’éirigh le Comhaontú Aoine an Chéasta a síníodh i 1998.
Mar sin, tá sé ag druidim le cúig bliana déag ó síníodh comhaontú a chuir deireadh le cogaíocht a lean beagnach tríocha bliain, agus go mba chúis é le go leor fulaingt agus anró. Bhí go leor leis a bhí go mór in amhras gur socrú buan a bheadh ann, agus go dtabharfadh sé chun críche coimhlint a raibh a fréamhacha ag dul i bhfad siar sa stair. Pé ní faoi lucht na measarthachta, ní ghlacfadh an lucht troda leis, a dúradh.
Gan amhras, is ábhar imní na círéibeacha ar na sráideanna i nBéal Feirste le cúpla mí anuas, agus níor chóir neamhaird a thabhairt orthu ach oiread is go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh ar mhíghníomhartha antoiscigh phoblachtánacha, agus ní mór a rá gur measa iadsan sa mhéid go bhfuil daoine marbh dá mbarr.
Ar a laghad ar fad, is leathmhíorúilt é go bhfuil Tionól ag feidhmiú i mBéal Feirste ina bhfuil Peter Robinson ina Chéad-Aire agus Martin McGuinness ina LeasChéad-Aire. Ba mhíorúilt iomlán mar a chomhoibrigh Ian Paisley agus McGuinness nuair a bhí siadsan i gceannas.
Níl sé ar intinn anseo dul ag plé na ceiste cé aige atá an ceart faoi mheirgí agus bratacha ar foluain i mBéal Feirste. Tá fhios againn an stair ghoilliúach a bhaineann lena leithéid de nósmhaireacht. D’fhéadfaí a bheith ag súil ar uairibh agus ar ócáidí gur binn béal ina thost.
Nárbh aisteach le déanaí a bheith ag léamh ailt ar an Irish Times ag ollamh le stair in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, agus é ag cur in iúl don saol mór gur bua iomlán a bhí ag dílseoirí / aontachtaithe sa choimhlint úd a mhair 30 bliain ó thuaidh, agus a rabhamar ag tagairt dó níos luaithe. Ní raibh aon chúis ar aon chor, mar sin, go mbeadh dílseoiri ag léirsiú agus ag slad ar na sráideanna. Is léir nach bhfuil siad chomh géarintinneach leis an ollamh.
Fágaimis é sin mar scéal. Nárbh fhearr go mór é tagairt don alt fíorshuimiúil a bhí ag Déaglán de Bréadún le déanaí, arís ar an Irish Times, alt a bhain le protastúnaigh/ dílseoirí i gceantar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste. D’fhreastail sé le déanaí ar léacht ar an mBóthar céanna a thug bean darb ainm Linda Ervine ar ‘Stair Cheilte na bProtastúnach, agus an Ghaeilge’. Tá an bhean uasal seo pósta ar Brian Ervine, dearthár le David Ervine, ceannaire cáiliúil ar an PUP, a fuair bás roinnt bheag blianta ó shin. Fear é siúd, ar ndóigh, a thréig an mhíleatacht ar mhaithe leis an bpolaitíocht. Ní hamháin sin, ach bhí suim aige sa Ghaeilge.
Is múinteoir scoile í agus chuir sí spéis sa Ghaeilge agus dhein sí cúrsa sa teanga. Tá sí fostaithe faoi láthair ar scéim atá maoinithe ag Foras na Gaeilge, mar Oifigeach Gaeilge ag Misiún Bhéal Feirste Thoir, dream a bhfuil baint acu leis an Eaglais Mhódhach. Focal ní déarfaidh mé in aghaidh an Fhorais go deo arís – sea, go ceann tamaill ar aon chor!
Tharla di le déanaí, mar a bhíonn go leor againn, bheith ag póirseáil trí dhaonáireamh 1911, agus fuair sí luaite ansin maidir le teaghlach Ervine, go raibh Gaeilge acu. B’ábhar bróid é ag a fear céile, mar a bheadh, dar léi, ag a dheartháir David, dá mairfeadh sé. Nach deas agus nach suimiúil an scéal é sin? Ar chás rómhór ar fad é cén bhratach a bheadh ar foluain os cionn Halla na Cathrach i mBéal Feirste, dá mbeadh an Ghaeilge ag teacht chun cinn arís i Sráid Frome, mar a raibh cónaí ar theaghlach Eireamhóin? Ní i gcónaí a thuigtear céard is mó lena bhfuil tábhacht.
——◊——
Chuir an scéal seo leis i gcuimhne dom protastúnach cáiliúil eile a ghabh leis an nGaeilge go luath ina shaol. Ghabh Earnán de Blaghd (1889-1975) le Sinn Féin freisin, bhí sé an-ghníomhach in eagrú na nÓglach agus ghlac sé páirt ghníomhach i gCogadh na Saoirse. Ó thaobh na staire is mór is fiú a chuimhní cinn, a scríobh sé i nGaelainn, a léamh. Is aisteach gurb í Gaelainn na Mumhan a d’fhoghlaim sé i dteaghlach Thomáis Ághas in aice Lios Póil i gCiarraí. Fuair Tomás Ághas bás ar stailc ocrais i 1917.
Bhí an Ghaelainn ag dul i léig go mear an tráth sin thart ar Lios Póil, ach de réir an Bhlaghdaigh bhí sí ar fheabhas ar fad ag Greagóir Ághas, athair Thomáis. Chuir muintir na háite an-suim sa tuaisceartach óg a tháinig ina measc agus ná labharfadh aon Bhéarla leo. Dhruileáil sé buíon óglach agus bhunaigh sé grúpa drámaíochta ina measc. Is mó Gaelainne, b’fhéidir, atá á labhairt sa cheantar sin inniu ná mar bhí an uair úd. Beidh sé suimiúil an mairfidh sé mar cheantar Gaeltachta faoin dispeansáid nua atá i gceist do na ceantair sin faoin Acht Gaeltachta a ritheadh ní fada ó shin.
Mar is eol dúinn ceapadh Earnán de Blaghd mar Aire Airgeadais tar éis síniú an Chonartha Síochána. Nárbh aisteach gurbh é an cháil ba mhó a bhain sé amach mar Aire ná gur ghearr sé an pinsean seanaoise!
Ní cuimhin liom an scilling nó dhá scilling a bhí i gceist, ach ba mhór an aithis a thuill sé de thoradh an ghnímh ‘barbartha’ sin! Bhí sé chomh docht dobhogtha le haon Phreispitéireach ó Chontae Aontroma, má b’fhíor cáil na ndaoine maithe sin. Dá mbeadh sé ina Aire Airgeadais inniu, ní bheadh aon fhadhb aige le polasaí déineachta a chur i bhfeidhm.
D’éirigh sé as an bpolaitíocht go luath. Bhí suim mhór sa drámaíocht aige óna óige agus is mar stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre. Bhí cáil air ansin freisin go raibh sé docht go maith maidir leis na drámaí a cheadódh sé ar an stáitse.
D’fhan sé dílis don Ghaeilge go deireadh. Bhí an tuairim neamhghnách aige gurbh é tréigean na teanga ba chúis leis an gcríochdheighilt, de bhrí gur chreid Protastúnaigh nár thír neamhspleách a bhí uainn, i ndáiríre, ach tír Chaitliceach, cineál ‘Rome Rule’ is dócha. B’aisteach ar fad le daoine í mar thuairim, ach an féidir anois go raibh an ceart aige, nó cuid den cheart?
Cuireann tráchtairí polaitíochta suim i gcónaí i gcomhaid stáit a chuirtear ar fáil le hiniúchadh nuair a bhíonn an tréimhse 30 bliain istigh. B’amhlaidh a bhí nuair a léiríodh le déanaí conspóid a tharla sa Dáil agus in oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i 1982, a raibh baint aici le líomhaintí caimiléireachta in Údarás na Gaeltachta, agus le ceannach talún i nGaeltachtai Chiarraí agus Chorcaí.
I ndáirire is dócha gur Gaeltarra Éireann ba mhó a bhí i gceist sular ghlac an tÚdarás a gcúramsan ar láimh i 1980. Is dócha leis gurbh í an ghnáthiomrascáil polaitiúil idir Fhianna Fáil agus Fine Gael a bhí ann, agus shleamhnaigh sé as an nuacht tar éis tamaill.
Níorbh fhiú an chonspóid seo a lua ach go gcuireann sé i gcuimhne arís chomh maith a d’éirigh leis an Údarás, go háirithe tar éis gur roghnaigh an pobal baill go daonlathach ar an mBord. Tá súil gan amhras go n-éireoidh go maith leis an mBord nua, ar a bhfuil baill ceaptha ag an rialtas agus ainmnithe ag Comhairlí Contae, bíodh gur modh ceapacháin é nár thuill aon mheas mór thar na blianta.
Ba dheacair a rá go bhfuil an stádas ná an seasamh céanna ag an mBord nua faoi mar bhí faoin seanchóras. Mar bharr air sin ba chúlú agus céim síos don Ghaeltacht a bhí ann freisin.
Feasta, Feabhra 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|