Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Scéal do Shiobhán
Gearrscéal le Mike Mac Domhnaill
Gafa sa chathaoir. Gan chuing gan cheangal. Ach an t-éadóchas. An t-éadóchas agus an Nuacht. An Nuacht nach stopann agus mo dheirfiúirín aréir ag scaipeadh cáipéisí. Fud fad timpeall na háite. A morgáiste millte os comhair an tsaoil. Mallacht air!
Fuisce san aer.
Mar a bheinnse ar foluain. Sinn go léir. Ar foluain.
——◊——
Cad faoin lá seo? Don bhfuinneog!
Im shuí anseo ag an bhfuinneog a bheireann scáil uaireanta. Uaireanta eile an tor, an tor atá cruinn-ghearrtha ag mo mháthair – an clamhsán a dhéanaim, mise ag iarraidh é a scaoileadh le haer, a mhéaranna a shíneadh i dtreo na gréine! Ach cén seans, amach léi arís chun é a lomadh. ‘Níos fearr mar sin,’ a deir sí. ‘Néata.’ Agus uaireanta filleann an t-éan, é ag priocadh ar an mbruscar atá caite ann dó. Ag priocadh.
Raghadsa as mo mheabhair mura gcuirim clabhsúr air seo. Ní féidir liom bualadh isteach gan diabhal éigin de rud scríofa. D’fhéadfaí an dól a stopadh orm, a dúirt sí.
Déarfad léi é a shá… Níl dul as an gcathaoir seo agam. Filleadh ar Facebook? Ná…, ná dein. Caithfead tús a chur leis. Tús maith leath na friggin-oibre. Cé a smaoinigh air sin? Agus deirfiúirín ag bailiú léi. ‘Foc talamh ár Muintire,’ ar sí, ‘agus foc an t-oileán gránna.’ Dinny na leabhar ansan ag rámhaille faoin gcráin a alpann an t-ál – ráiméis éigin.
‘Tá an chráin seo ár gcarnadh sa chac,’ arsa Sis. Ag suaimhniú beagáinín le focail ó Mháthair. Féach anois, osclaítear doras eile i gcónaí …
‘Doras eile! Chaith siad an t-airgead chugainn! Cladhairí! Bodairí! Chaith! Agus féach orainn anois.’
‘Tá na sluaite mar thusa –’
‘Ó, big deal, nílim im aonar, na sluaite san áit a bhfuilimse. Aililiú, a Mháthair!’
Nó gur thosaíomar go léir ag canadh inár gCohen, ár mBuckley, cuid eile fós inár bpréacháin: ‘Broke your throne and cut your hair…’ gur scairteamar amach d’aon ghuth, ‘It’s a cold and it’s a broken Hallelujah!’
A leithéid de crescendo! Ansin sa chistin. Aililiú, táimid ar buile. Bíodh sé sin ag na comharsain.
‘Fuist, fuist!’ ó Mháthair. ‘Dhúiseodh sibh na mairbh.’
Dinny na leabhar is an chráin lena hál, Dia go deo le fuisce! Breac síos é, a deir siad, sara ndéanann tú dearmad air. Breac síos é don bhean sin. Cé hí? Don bheainín thall san oifig!
——◊——
An fhuinneog. Tá an fhuinneog tar éis fáil réidh leis an ngrian agus anois tagann m’aghaidh os mo chomhair, scáfarach. An inseoidh scáil scéal? Ró-ghlic, a déarfaidh sí. Tá rian na gadaíochta air. Tá sise faoi bhrú chomh maith – Máthair. Ó, a Mháthair, lig den bhladaireacht. Mar seo a chuirfead é: tá mo mhothúcháin greanta ar an aghaidh sa bhfuinneog. Féach chomh dúr, chomh liath, chomh tanaí spíonta, aghaidh … aghaidh síofra. Tar éis a bheith briste as an jab suarach bun-an-dréimire thíos sa bhanc, seo mise. Mo scáil ar foluain ansan sa ghloine. Sáite, an dtuigeann tú, sa chathaoir. Pian sa tóin an chathaoir. Ganntanas éan inniu. Gan bhlúirín dóibh, cén t-ionadh? Péist d’aon saghas? Níl péist ar fáil don lon dubh. Don spideoigín dána. An dreoilín an t-éan is ansa liom. An dtabharfad mo scéal faoin dreoilín!
As an gcruinneog bheag bhídeach tá fiche gob ag síneadh. Gach ceann níos lú ná a chéile. (Bíonn raidhse uibheacha ag an dreoilín). Ní éalaíonn ach an fíorbheagán. Ar nós mo smaointe. Má chruthaím dóthain smaointe inniu, an mairfidh ceann acu, an dtiocfaidh slán? Má chuirim isteach ar an gcéad fholúntas eile, an é sin an ceann a bhainfead? Féach anois mé faoi lán seoil.
Ar deireadh, ar ndóigh – leanfaimid de seo – sroiseann an dreoilín a bhuaic. An cuimhin leat an leabhar sa rang sin, agus an múinteoir fiáin staire a bhí againn, gan ach na súile le feiscint trín ngruaig? Conas a d’ith sé an iógart, trín ngruaig go léir!
Más gliceas éin tá á lorg,
Ní gá dul thar an dreoilín
A chroch a sheol ar iolar ard,
Is a phreab aníos chun buachan!
Nó rud éigin mar sin. Más cuimhin liom. Bhain Fogsy súp as i gcónaí. Ba chóir dom bheith ceanúil ar an múinteoir céanna agus é gan splanc, cosúil liom féinig. Ach amanna táim lán de chiall. Chun cos a chur thar thairseach fhostóra, caithfead bheith néata stuama, nach gcaithfead? Féasóga, is fuath liom iad. Ach Fogsy, thug sé cead ár gcinn dúinn, ‘on’ a scríobh seachas ‘don’, agus gach diabhal rud. Ag féachaint siar dom anois, bhí sé macánta, mín. Caithfear a rá.
Más gliceas éan atá á lorg! Féach anois, ’Shiobhán! (Ceadaíonn sí dúinn Siobhán a ghlaoch uirthi. Cad eile ag an bpointe seo? A Mhúinteoir? A Mháistreás? Nach bhfuil sí go hiontach amach is amach!).
An chathaoir seo ina bhfuilim greanta… Uncail m’athar a dhein – do ‘sheanuncail’ a déarfaidh sí. A clisteacht, ná bí ag caint. Chum uncail m’athar an chathaoir seo as an bhfuinseog ón gclaí thall. Is amhlaidh go raibh m’athair an-bhródúil as sin. Cumtha as an gclaí sin thall! Ach ansin chum sé slí amach dó féin, agus d’fhág mise, Ma agus an Deirfiúirín Sis ina dhiaidh. Faoi mar a bheadh tabhartas. A bheannacht orainn … gan bheith ann. Bheith bailithe as radharc.
Chomh bródúil anois as an gcathaoir ársa – Ma – agus é cumtha as an gclaí sin thall. Cá rabhamar, ’Shiobhán? An dreoilín … Béarfadsa greim ar an iolar maorga agus preabfaidh in airde air: féach anois, cé atá in uachtar? Beidh an méid sin uibheacha agam go scoiltfidh ceann éigin amach ina bhuaiteoir. Cinnte. Agus beimid sa diallait ansan. Is féidir le Ma stop de bhearradh na sceiche, a bhfuil cumadh liathróide uirthi, agus garraíodóir a ghlaoch isteach. Seans go mbeadh níos mó ina shúil aige. Seans fós go neadódh an dreoilín ann, chun snas a chur ar an scéilín. Buaicphointe. An mbeidh Siobhán sásta leis sin, nó an ndéarfaidh sí: ‘Tosaigh arís’? Faoi mar a tharla an tseachtain seo caite, a rá nach raibh puinn dáiríreachta ann! ‘Ma tá aon dul chun cinn i ndán dúinn, caithfidh tú do mhothúcháin a bhreacadh síos go cruinn, go macánta. Sin an fáth go bhfuilimise anseo leat, chun cabhrú.’
Canathaobh nár thug sí liosta ceisteanna dúinn? Cinn gur féidir tic a chur leo. An dtabharfad amharc ar Facebook? … Ná dein … ná… Cad eile is féidir? Taobh an iolair a ghlacadh? Ní hea. Dóthain éan. Dóthain éan don nóiméad. An cúlchlós bánaithe. Agus an tor cruinneogach. An diabhal cathaoir cumtha as an bhfuinseog. Agus córdaí a chreimeann do thóin! Thug an t-athair gean don súgán. Agus ansan d’imigh. Bhailigh leis. Mar ghal.
Ócé, má tá an dreoilín is an t-iolar as an áireamh, cad eile? An gealbhan, Edith Piaf. Canathaobh go bhfuilim ag cloí le stuif m’athar? D’fhág carn de cheirníní Piaf ina dhiaidh.
‘A, a Ghealbhain bhídigh,’ a déarfadh sé, ‘níl do shárú faoi neamh.’
Anois táim ag íoslódáil an stuif. Níl ró-dhona. Scéal an athar a thabhairt di? Ná … Níl tosach ná críoch leis. An lár, sin an méid. ‘Ach tá na trí codanna de dhíth,’ a deir sí. Tosach, lár agus críoch.
An dtabharfad Sis di? Róghar don chnámh, mo Dheirfiúirín. Ró-phianmhar. An tslí a phléasc sí aréir. Ise agus Tim ag bailiú leo. An Astráil. Chun cnámha Ned Kelly a thochailt aníos. Dul timpeall lena hata stáin. Bushranger. Bailigh amach as an áit seo pé scéal é. ‘Fuath liom an áit, fuath liom, féach ar dhein sé dinn, féach ar dhein. Fuath liom, fuath liom.’ Sin Sis duit.
——◊——
Agus táim sáite sa chathaoir. Cloisim Ma anois am’ ghlaoch don tae agus gan faic fós ar phár. Faic fós ar phár – macalla éigin leis sin, cé gur laptop atá ann! Bainfidh sin siar aisti. Bhainfeadh Fogsy bocht taitneamh as sin fiú. ‘Go maith ó leaid óg,’ a déarfadh sé, ‘Ba chóir duit leanacht leis, a bhuachaill.’
Iógart! Ní féidir liom cuimhneamh air gan cuimhneamh ar iógart. Nárbh é Molyneux a chonaic é ag ithe sa seomra foirne an lá sin. Cóipleabhair le bailiú. Ansan roimhe bhí Fogsy, béal oscailte, súile i dtreo na bhFlaitheas – an spúnóg – bloba réidh le titim. Gan chnag, gan leithscéal ó Molyneux. Leis an ngeit a baineadh as Fogsy thit a raibh inti ar an bhféasóg.
Na heascainí a scaoil sé! Agus é socair beagáinín, é ag cuimilt na féasóige, ar seisean trí na fiacla: ‘Ar smaoinigh tú riamh ar chnag a bhualadh, nó an bhfuil léamh d’aon saghas agat – Múinteoirí Amháin! Swahili, an ea? Nó an bhfuil tú ar an bhfoireann linn, Molyneux? Hum?’
‘Lean an rámhaille,’ arsa Molyneux: caint faoi ollscoileanna Mheiriceá, ná cuirfeadh sé ionadh air dá mbeadh céim ann don té a bhainfeadh geiteanna as múinteoirí. Ard-onóracha ag brath ar mhéid na geite. Scríobh chucu! Leis an sult a bhain sé as seo, d’fhill an iúmar air agus dúirt: ‘Beir leat na cóipleabhair anois, a bhuachaill. Ach bí cúramach leo, cá bhfios na péarlaí folaithe atá ina measc! Hó hum!’ Bhíodh an scéal de shíor ag Molyneux.
——◊——
An súgán. Bhí ceann eile aige faoin súgán, bhí ag Fogsy. Seanscéal éigin. Pé slí a bhí aige, cheapfá go raibh sé ag tarlú ansan romhat. Féasóg agus súile ag damhsa ansan agus na geáitsí go léir ar siúl aige. Cuid againn sna trithí, cuid eile agus a súile ar neamh.
‘Gabh mo leithscéal, a mhúinteoir,’ ó Lafferty, ‘ach an bhfuil sé seo ar an gcúrsa?’
Lafferty ar thóir na marcanna, ar thóir na bpointí. Mór an trua nár thug Fogsy buille dó. Arbh é an t-athair nó an iníon … is cuma. Bhíodar ag iarraidh fáil réidh leis an mboc seo ach go háirithe, an boc a bhí i ndiaidh na hiníne. Agus thángadar ar an gcleas leis an súgán. Lean dá chasadh. Casadh an tSúgáin – b’shin é. Ag casadh agus ag casadh. Lean ort a bhuachaill, agus é á chúlú acu i dtreo an dorais. É faoi dhraíocht acu, an fear bocht, go raibh sé amuigh sa chlós agus é fós ag casadh leis agus … Plab! Doras dúnta! Mo dhuine bocht fágtha amuigh sa bhfuacht.
‘Anois,’ a Shiobhán. ‘Conas fáil réidh le daoine sa seanashaol!’
An chathaoir. Nuair a dhein siad an chathaoir seo ar chas m’athair an súgán? Caithfidh gur dhein nó bhí sé chomh bródúil as. Agus anois cad a cheapadh sé faoi Sis agus í ag imeacht agus ag fágaint mallachta ar gach a bhfuil ann. Í sásta é fhágaint. Ná bac an truflais faoi Bhánchnoic Éireann Ó. Sean-nós: bailigh-leat-nós. Fuath liom, fuath liom, ná bíodh rian de i m’aigne agam.
——◊——
Mé gafa sa chathaoir le hais na fuinneoige, an tor – a Shiobhán, cad tá uait? Cad sa diabhal atá uait? Mo shaol suarach lofa ar phláta? Tosach, lár agus críoch. Bí macánta. Sa cheobhrán seo? Bí macánta? Tá adhmad na fuinseoige dea-chumtha, agus an tuí lúbtha a choimeádann ón urlár mé. Tá an gheit nuair a imíonn an ghrian agus níl agam ach an scáil-síofra. Scáil-síofra. Na scéalta ag Fogsy faoin nGorta agus na scáthanna ar an mbóthar. Ar tí titim sa duibheagán. Glaise an fhéir ar a mbéal. Cá raibh an ceol ansan … ach gheiteadh sé go tobann, faoi mar a bheadh sé ag teacht as néall: bhí ceol in áiteanna; bhí feoil fós ar an mbord ag cuid acu, agus níor chorraigh ón tigh ar eagla, ar eagla go bhfeicfidís! Chiúnódh ansan arís. Tar éis tamaillín. Chiúnódh. Seans gur stop na héin dá gcanadh, mar a tharla timpeall Auschwitz – Auschwitz, chuala sibh faoi! Ó, a Thiarna Dia, bhfuil faic taobh istigh de na fallaí seo.
Diabhal scéal ón nGorta, a Shiobhán, chun an bóthar a ghiorrú.
Agus diabhal éan ag canadh, mar sin fágaimis scéalta na n-éan. Ach fan, a Shiobhán, na cinn sinn a tharraing sé ar an gclár. Na hÉireannaigh cloíte arís, nó gan bhua ach go háirithe. Na cathanna inár ndiaidh. Na Géanna Fiáine agus a muiníl fhada ag síneadh isteach sa ghaoith, ar a mbealach soir thar farraige. An láthair chatha sa bhFrainc ag feitheamh leo. An ndéanfaidh sé sin cúis, a Shiobhán.? Géanna Fiáine, agus mise sáite sa chathaoir. Glaoch ó Mháthair don tae. Tá Dia maith – le Sis – agus fág gach rud ina lámha. Mar a bheadh socraithe ar neamh. Cumtha ón gclaí sin thall. Glacann Ma le rothaí an tsaoil. Nach bhfuil an fón ann agus beidh tú níos fearr. Agus an rud nua sin, cad a ghlaonn sibh air … Skype…
——◊——
Tá Sis á cur amach ón nead aici, céard faoi Shiobhán, an bhfágfaimid mar sin é cé nach bhfuil éan ar bith le braith ón bhfuinneog seo inniu.
Mé bheith caite anseo sa chathaoir a mhusclaíonn cuimhní ar Dhaid. Ní raibh an seans agam Da a bhaisteadh air. An chathaoir a thuilleann moladh ó Ma. Cumtha mar a bhí … is mé ag éisteacht. Cé leis ach Edith Piaf! — Críoch
——◊——
An gearrscéalaí Mike Mac Domhnaill ón gCaisleán Nua Thiar a ghnóthaigh duais Francis McManus ar RTÉ Raidió 1 i mbliana in aghaidh 600 scríbhneoir eile le scéal dar teideal ‘Uncle Ned’.
Feasta, Iúil 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|