Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Turgnamhacht na Tríonóide
Gluaiseacht Nua-aoiseach: Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin


Caint a tugadh ag an gComhdháil Litríochta agus Cultúir in OÉG, 2011
Lydia Groszewski





Faoin am gur tháinig an tríonóid liteartha ar an bhfód sna seascaidí, is é sin, Eoghan Ó Tuairisc, Diarmaid Ó Súilleabháin agus Breandán Ó Doibhlin, bhí an gort glanta don turgnamhacht agus don cheannródaíocht nua-aoiseach a bheadh mar shainchomharthaí ar a gcuid saothar. A bhuí le hiarrachtaí liteartha Phádraic Uí Chonaire, Sheosaimh Mhic Grianna agus Mháirtín Uí Chadhain bhí an nualitríocht Ghaeilge á saothrú le breis agus caoga bliain. Mar aon leis sin, léiríonn Máirín Nic Eoin gur chuir bunú an tí foilsitheoireachta Sáirséal agus Dill ardán neamhspleách ar fáil don scríbhneoir comhaimseartha, agus deis éalaithe ó laincisí piúratánacha an Ghúim den chéad uair agus a bheith turgnamhach, réabhlóideach, ceannródaíoch agus misniúil ina chuid scríbhneoireachta. Deir Alan Titley gur ‘réabhlóid liteartha’1 a tharla sna seascaidí i nuaphrós na Gaeilge, agus léireofar san alt seo gur tháinig an t-úrscéal nua-aoiseach chun cinn sa Ghaeilge a bhuí le turgnamhacht réabhlóideach agus le ceardaíocht uaillmhianach an triúr fear úd. Pléifear na haidhmeanna nuálacha a bhí ag Ó Súilleabháin, Ó Tuairisc agus Ó Doibhlin ina gcuid próis agus breathnófar ar an gcoimhthíoch mar charachtar lárnach ina gcuid próis. Breathnófar ar na stíleanna ealaíonta turgnamhacha a chleacht siad, a bhí chomh coimhthíoch céanna le carachtair na n-úrscéalta. Ar deireadh, déanfar téama nua-aoiseach na mímhoráltachta ina saothar a iniúchadh agus a chíoradh, agus measfar tionchar na tríonóide turgnamhaí seo ar nualitríocht na Gaeilge.

Agus é ag freagairt don aiste ‘Ciorcalú Saoil’ le Seán Mac Giolla Riabhaigh ar An Uain Bheo in Irisleabhar Mhá Nuad 1971, scríobh Diarmaid Ó Súilleabháin gur theastaigh uaidh ‘geit a bhaint as an nGaeilge trí úrscéal a scríobh faoin nGalltacht i dtéarmaí an lae inniu’2 (liomsa an bhéim) agus i ndíonbhrollach an chéid úrscéil uaidh, Néal Maidine agus Tine Oíche, léirigh Breandán Ó Doibhlin gur theastaigh uaidh teorainn na litríochta Gaeilge a bhrú agus an t-úrscéal nua-aimseartha Gaeilge a thabhairt go leibhéal iomlán eile ó thaobh ábhair agus foirme de:

A léitheoir ghráigh, má theastaíonn uait uair an chloig do chur isteach go pléisiúrtha gan stró, fág uait an leabhar seo, impím ort, agus tarraing ort saothar eile gur cuma lena údar faoi thalamh úr do bhriseadh ná faoi dhaoine do sheoladh ar bhealach a leasa.3

Scríobh an Doibhlineach sa díonbhrollach céanna gurbh é ‘an port ceanann céanna’4 a bhí sna húrscéalta Gaeilge go dtí sin, agus go raibh sé mar aidhm aige ‘oiread agus is féidir dár saíocht do shábháil, focail do stróiceadh as an tost agus smaointe as dorchadas na hoíche.’5

Lena chur go simplí, bhí an tríonóid liteartha seo ag iarraidh fealsúnacht de chuid Pound, Joyce, Eliot agus a gcuid chomhscríbhneoirí nua-aoiseacha a leanúint trí chinneadh coinsiasach a ghlacadh an scríbhneoireacht chruthaitheach a dhéanamh úr agus trí cheisteanna a linne féin a phlé, a chíoradh agus a scrúdú go mion. Léiríonn Bradbury & McFarlane san aiste ‘The Name and Nature of Modernism’ gurbh í an tuiscint chomhfhiosach úr seo bunchloch an nua-aoiseachais, óir ‘modernity is a new consciousness, a fresh condition of the human mind’6 agus léiríonn siad gur as an gcoinsiasacht úr seo a d’eascair ‘[t]he movement towards sophistication and mannerism, towards introversion, technical display [and] internal self-scepticism’.7

Ní gá ach féachaint ar theidil na n-úrscéalta atá faoi chaibidil san aiste seo le ráiteas sofaisticiúil nua-aoiseach na scríbhneoirí seo a shonrú. Léiríonn an teideal An Uain Bheo, atá faoi chomaoin go mór ag ráiteas cáiliúil D.H. Lawrence ‘the living moment is everything’,8 go bhfuil an Súilleabhánach ag díriú go comhfhiosach ar an am beo, ar an gcine daonna mar atá sé le linn a ama féin agus ar na suáilcí mar aon le duáilcí a bhaineann leis an gcine sin. Léiríonn teideal Dé Luain go bhfuil an mhóimint bheo seo sa saol nua-aoiseach fánach agus, go deimhin, áiféiseach mar shlat tomhais ar shaol an duine. Tá an t-úrscéal féin fréamhaithe go hiomlán i gcúrsaí ama ó thaobh foirme de. Is ann do thrí chaibidil ‘An Oíche’, ‘An Mhaidin’, agus ‘Meán Lae’ agus tá na tréimhsí sin gearrtha suas i dtríocha nóiméad, uair an chloig agus mar sin de. Dírítear ár n-aird go comhfhiosach ar an am, ar imeacht an ama agus ar imeacht móimintí deireanacha an tsaoil. Níl aon amhras ach go bhfuil An Branar gan Cur ar an teideal is láidre ó thaobh aeistéitic an nua-aoiseachais de, agus leis an teideal sin fógraíonn an Doibhlineach dúinn gurb ann do ghort nár treabhadh sa Ghaeilge go fóill, mar a bheadh The Untilled Field i gcás George Moore. In An Branar gan Cur faighimid iarracht an Doibhlinigh an gort sin a threabhadh, agus iarracht íogair Fhearghais a ghort féin a aimsiú agus teacht ar an mbealach is fearr leis an ngort sin a threabhadh.

Mar is dual d’úrscéal nua-aoiseach, glacann an coimhthíoch ról lárnach sna saothair seo agus maireann Louis Stein, Fearghus Mac Giolla Calma agus Pádraig Mac Piarais ar imeall na sochaí – iad scartha ón gcuid eile den phobal. Ar aon dul leis an gcoimhthíos seo, tá géarchéim ag titim amach ina saol pearsanta agus poiblí a chuireann leis an scaradh seo, gné atá láidir san úrscéal nua-aoiseach atá ‘disposed to apocalyptic, crisis-centred views’.9 Insítear dúinn in An Branar gan Cur go bhfuil Fearghus Mac Giolla Chalma ina ‘éan corr’10 agus go bhfuil sé pianmhar ‘thú féin a aireachtáil i d’eachtrannach i measc do mhuintire’.11 Braitheann sé ina choimhthíoch ceart i mBaile Átha Cliath agus i gcomhluadar na cathrach – ní maith leis na hoícheanta sóisialta san Ambasáid, ní bhaineann sé sult as na dinnéir mhóra de chuid mhuintir Laure agus leanann an t-uaigneas seo é nuair a bhraitheann sé nach féidir leis labhairt leis na cailíní óga ar an traein cé go santaíonn sé comhrá. Is fíor arís an t-uaigneas géar seo i gcás Louis Stein agus an saol ag ‘ciorcalú’12 mórthimpeall air. Mar a deir Iarla Mac Aodha Bhuí in Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis, is fear é Louis Stein ‘atá scartha ón phobal mar gheall ar a Ghiúdachas agus a easpa tuisceana ar nithe ar nós creideamh, cultúr agus tírghrá [sic.].’13 Léirítear Louis Stein mar a bheadh an coimhthíoch cáiliúil Jay Gatsby in The Great Gatsby. Mar a insíonn Roger Lewis dúinn is fear é Gatsby atá ‘aware of his own doubleness’14 ar nós Stein. Mar atá amhras ag baint le foinse airgid Gatsby, níl sé cinnte cad as ar tháinig airgead mhuintir Stein, ‘ní rabhthas cinnte faoin dóigh a bhfuair a sheanathair a shaibhreas’15 agus mar atá deacrachtaí ag Gatsby a áit a aimsiú i measc lucht an rachmais, bíonn na deacrachtaí céanna ag Louis. Tá an bheirt acu i ngrá le cailín a bhaineann le haicme níos airde ná a n-aicme féin agus bíonn coimhthíos le brath acu beirt dá bharr. Is é uaigneas an bháis atá i gceist leis an bPiarsach, agus é ar thairseach na staire ach é scartha ón bpobal atá á shlánú aige:

Tugaim m’aghaidh. Leathfhear. Faoi gheasa go deo ag rithim na seanaimsire. Quod scripsi. Tá dorchacht na hOifige ag fanacht orm idir lomeasnacha. Siúlaim. Díoscann na slisneacha gloine faoi mo bhróga. Coimthíoch.16

Tá aon nasc amháin idir na coimhthígh seo agus is é sin go bhfuil siad ag maireachtáil i saol gan Dia nó go bhfuil caidreamh míshocair acu le Dia. Fógraíonn Louis Stein go bhfuil ‘Dia marbh’17 agus gurb é a Dhia féin é; ‘Mise Alpha agus Omega, an tús agus an deireadh...’18 Níl ann do Dhia in Dé Luain ach oiread agus fógraítear go bhfuil ‘Dia marbh, fuair sé bás den trua.’19 Níl sé cinnte, fiú, an gcreideann Fearghal Mac Giolla Calma go hiomlán i nDia agus é ar tí dul le sagartóireacht: ‘Is cinnte nach fear mór paidreoireachta a bhí [ann] am ar bith, fiú amháin in aimsir an Choláiste’.20 Is léir áfach, go bhfuil Dia beag déanta aige den Sagart Eachainn agus go dteastaíonn uaidh a bheith ina dheisceabal aige sin – ní ag Dia féin per se. Is coimhthíche fós an saol gan Dia do na daoine seo agus iad ag iarraidh teacht ar a gcló féin.

Más coimhthígh iad carachtair na n-úrscéalta agus iad scoite ón bpobal, is cinnte go bhfuil an stíl a chleacht an tríonóid liteartha ag teacht go mór leis an gcoimhthíos sin. In The Irish Times sa bhliain 1972 scríobh Seán Ó Ríordáin gur ‘deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’21 agus breis agus fiche bliain ina dhiaidh sin, bhraith Seán Ó Tuama gur scríobhadh An Uain Bheo ‘in a style which is nervous, impressionistic, and a little bewildering for anyone brought up on Gaeltacht Irish.’22 Ní haon ionadh é go raibh mearbhall ceart ar phobal léitheoireachta na Gaeilge le stíl dhifriúil, thurgnamhach An Uain Bheo nuair a chéadfhoilsíodh é i 1968. Mar a phléann Máirín Nic Eoin, ní raibh leisce ar an Súilleabhánach rialacha na teanga a shárú lena dhearcadh aeistéiticiúil féin a chomhlíonadh agus léiríonn sí go bhfuil a phrós breac le: [h]abairtí gan bhriathra; dobhriathra nuachumtha; comhfhocail nuachumtha; focail a cheangal le chéile i ndeilíní a bhfuil feidhm thuairisciúil acu; an dara pearsa mar ghléas reacaireachta; poncaíocht shainiúil; úsáid ceannlitreacha…23

Is léir gur theastaigh ón Súilleabhánach teorainn na teanga a bhrú, laincisí na poncaíochta a scrios agus gaistí na gramadaí a bhriseadh in An Uain Bheo, ar bhealach atá thar a bheith turgnamhach ó thaobh stíle de. Chuir an Súilleabhánach an teanga in oiriúint dá úrscéal seachas an t-úrscéal a chur in oiriúint don teanga, agus is í sin an phríomhdhifríocht a scar An Uain Bheo ón bprós a tháinig roimhe. Mar a deir Bradbury agus McFarlane san aiste ‘The Name and Nature of Modernism’, treoraíonn an scríbhneoireacht nua-aoiseach an léitheoir ‘behind familiar reality, breaking away from familiar functions of language and conventions of form’24 agus tá an ghné nua-aoiseach seo le sonrú i dteanga stíliúil An Uain Bheo. Lig an Súilleabhánach don teanga sruthlú le smaointe comhfhiosacha agus le sruthanna comhfheasa Louis – leanann an prós snítheach a phátrún corraitheach smaointeoireachta go dlúth:

D’fhéach tríd an haiste isteach sa chistin. Lonrach folamh...Bheadh na doirse faoi ghlas ansiúd fosta...faoi ghlas go cinnte. Phlab sé doras an haiste ar na héisc órga a bhí go bánbhéalach in umar uisce a bhí bréan le cónaí cheana...Bheadh leis! Bheadh, nó níorbh í an charthanacht an tseoid ba lonraí aige agus é ag sá a chos isteach i gcairpéid an staighre ar a bhealach suas dó agus a phócaí folamh. Murach Leonard, is an síntiús a tugadh do Dumpty, agus murach Bert agus an tsluachorraíl... A Chríost! Sea, sluachorraíl...Iad chun an diabhal a dhéanamh...An t-úll a bhreith ó Éabha agus Ádhamh... Sea, nuair a chuimhneofá air...agus nach raibh de ghus fágtha ann síob a thóraíocht...fiú ordóg a ardú...Murach an táille traenach d’fhéadfadh sé bualadh suas chuig an óstlann anois...murach...murach, murach...Murach a lán.

Las sé an solas thuas an staighre.25

Is Brave New World é an domhan stíliúil seo de chuid an tSúilleabhánaigh agus go deimhin, luaitear an t-úrscéal ceannródaíoch sin de chuid Huxley in An Uain Bheo ‘dá mba mhaith liom trácht ar Huxley agus an Brave New World.’26 Is iomaí cosúlacht atá idir an dá théacs ó thaobh stíle, poncaíochta agus comhréire de. Mar aon leis an Súilleabhánach, úsáideann Huxley trí stad chun tost a chur in iúl nó chun nóiméad crochta san aer a léiriú. Cuireann Huxley béim ar íomhá trí athrá a dhéanamh ar fhocail díreach ar nós an tSúilleabhánaigh, agus is minic a chuirtear deireadh le sruth smaointeoireachta le haon abairt lom amháin mar a dhéanann an Súilleabhánach chomh maith. Cuirimis an sliocht seo i gcomparáid leis an sliocht thuas:

At the edge of the precipice he sat down. The moon was behind him; he looked down into the black shadow of the mesa, into the black shadow of death. He had only to take one step, one little jump...He held out his right hand in the moonlight. From the cut on his wrist the blood was still oozing. Every few seconds a drop fell, dark, almost colourless in the dead light. Drop, drop, drop. Tomorrow and tomorrow and tomorrow...

He had discovered Time and Death and God.27

Más rud é gur bhris an Súilleabhánach rialacha na gramadaí agus na comhréire in An Uain Bheo ar bhealach turgnamhach, is cinnte gur sháraigh Eoghan Ó Tuairisc laincisí na reacaireachta in Dé Luain. Tá an t-úrscéal scríofa sa chéad phearsa ó pheirspictíochtaí carachtar éagsúil agus sa tríú pearsa, is é sin, i nglór uilefhiosach an údair. Baineann Ó Tuairisc úsáid as an aimsir láithreach, as an aimsir chaite, as an modh coinníollach agus as an aimsir fháistineach ina chuid reacaireachta uathúla – rud a chuireann béim ar an am agus ar imeacht an ama sin. Leis an stíl thurgnamhach reacaireachta seo, éilíonn Ó Tuairisc léitheoireacht ghrinn agus dhílis óna léitheoirí. Gluaiseann an reacaireacht ó shruthanna smaointeoireachta an Phiarsaigh, go radharchanna de charachtair éagsúla, Ó Ceallaigh, Ó Conghaile, Mac Diarmada, Mac Néill et al i mbun comhráite, go léiriúcháin fhánacha ar mhothúcháin na gcarachtar sin agus iad ar thairseach na staire. Mar a deir Titley i dtaobh stíl reacaireachta Dé Luain: ‘[r]oghnaigh sé foirm inste a bhí ag iarraidh a bheith siombalach agus tuarascálach in éineacht’.28 Is cinnte go n-éiríonn thar cionn leis an stíl thurgnamhach seo an mhóimint bheo a léiriú go healaíonta.

D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil an stíl scannánaíochta go mór i bhfeidhm ar an saghas reacaireachta seo agus go deimhin, luann Ó Tuairisc roinnt mhaith dá charachtair mar ‘aisteoir[í] scannán’29. Le solúbthacht na reacaireachta is féidir le Ó Tuairisc an ceamara, más maith leat, a bhogadh ó radharc amháin go radharc eile chun seatanna a fháil d’eachtraí ag titim amach ag an am céanna ach in áiteanna éagsúla. In aon seat amháin, nuair atá Séamas Ó Conghaile agus a chuid compánach ag ionsaí Chaisleán Bhaile Átha Cliath, cuireann Ó Tuairisc trí radharc os ár gcomhair ag an am céanna mar a bheadh montáiste i scannán ann – Ó Conghaile agus a chomrádaithe lasmuigh den chaisleán agus an lámh uachtar á fáil acu ar an ollphéist de chaisleán – Sir Matthew Nathan, Price agus Mr Norway in oifig de chuid an chaisleáin agus iad ag caitheamh píopaí go suaimhneach – agus an corparáil agus an cúigear eile agus iad ag réiteach béile dóibh féin nuair a chaitear pléascán lámhdhéanta tríd an bhfuinneog orthu.

Tá reacaireacht sciobtha an tsleachta seo mar a bheadh frithchaitheamh ar fhuinneamh an éirí amach féin. Ní fhaigheann an léitheoir mórán ama le dul i ngleic le radharc amháin, toisc go mbogtar ar aghaidh ó thaobh amháin go taobh eile den chathair go sciobtha. I gcúpla leathanach tugtar an léitheoir ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, go dtí an Rotunda, go Halla na Cathrach agus ar ais go hArd-Oifig an Phoist. Agus an caisleán á ionsaí deirtear go bhfuil sé ‘[d]eacair am nó aimsir a bharraíocht i gceartlár na híomhá seo’30 agus is cinnte gurb é sin sprioc an tsleachta seo – gach rud a dhíriú ar mhóimintí fánacha a thagann le chéile chun éirí amach ar scála eipiciúil a thabhairt le chéile. Cé go bhfuil an stíl reacaireachta seo dian go leor ar an léitheoir in amanna, is léir gur thuig Ó Tuairisc go raibh an stíl sin de dhíth ar lá apacailipteach de shaghas Luan na Cásca 1916. Mar a deir Alan Titley; ‘Cibé ní eile a déarfaí faoi Dé Luain chaithfí a admháil gur oiriúnaigh Eoghan Ó Tuairisc a stíl is a mhodh inste go hinnealta do thábhacht is do mhiotas an ábhair.’31

Thuig Breandán Ó Doibhlin agus An Branar gan Cur á scríobh aige go mbeadh an turgnamhacht de dhíth: ‘is é an saol daonna is ábhar d’ealaín na litríochta agus insint ealaíonta a thabhairt ar an saol sin, is é agus is é amháin is cás leis’32. Thuig sé go mbeadh a stíl cheannródaíoch uathúil féin de dhíth air chun teagmháil a dhéanamh le heisint an duine agus an phobail:

Is ionann sin is a rá nach mór don scríbhneoir Gaeilge ar mhaith leis leas na teanga do dhéanamh stíl do chruthú dó féin, foirm choincréideach focal do bhualadh ar a smaoineamh, foirm a bheas ag teacht lena intinn atá ina toradh ar na céadta bliain de chultúr Eorpach agus a bhí á dealbhadh fiú i rith na tréimhse a raibh an Ghaeilge gan saothrú.33

Níl aon dabht ach go bhfuil an ‘fealsamh existintiúlach’34, mar a ghlaonn an Doibhlineach féin air, go mór le sonrú i stíl reacaireachta An Branar gan Cur agus go bhfuil an t-úrscéal faoi chomaoin ag fealsúnacht Simone de Beauvoir, Albert Camus, Jean-Paul Sartre. Tá an stíl reacaireachta sa dara pearsa – stíl reacaireachta atá turgnamhach go maith i litríocht na Gaeilge.

San aiste ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ léiríonn Micheál Mac Craith go gcuireann ‘staid thairseachúil an reacaire’35 in An Branar gan Cur go mór leis an ‘atmaisféar thar a bheith rúndiamharach a chothú’36 san úrscéal. Is fíor go bhfuil gné aisteach, scanrúil fiú, ag baint leis an nglór seo a labhraíonn go díreach le Fearghus, atá in ann a chuid monalóga inmheánacha a thuiscint agus atá in ann a chuid mothúchán a mheas. Mar a deir an Doibhlineach in Aistí Critice agus Cultúir ‘tá gach pearsain scartha óna chéile, an mise ón tusa’37 ach léiríonn An Branar gan Cur go bhfuil an duine scartha uaidh féin freisin in amanna éagsúla le linn an tsaoil, agus gurb é turas nó iomramh an tsaoil seo ná na gnéithe éagsúla a bhaineann linn mar dhaoine a réiteach lena chéile, agus teacht ar thuiscint orainn féin dá bharr.

Más turgnamhach agus nua-aoiseach iad na stíleanna scríbhneoireachta atá pléite anseo, ní mór béim a chur ar cheardaíocht Ghaeilge na tríonóide liteartha. Is de bharr thuiscint na scríbhneoirí seo ar an nGaeilge a d’éirigh leo an chothromaíocht idir an turgnamhacht agus brí an scéil a aimsiú. Bhí ómós ag an Súilleabhánach, ag an Doibhlineach agus ag Eoghan Ó Tuairisc don fhocal agus don teanga, agus mar a deir Ó Tuairisc ina aiste ‘Religio Poetae’ is é an focal an eochair don ealaíontóir agus ní mór meas a bheith ag an ealaíontóir air:

In principo erat Verbum. I dtús aimsire bhí an Focal ann. Deirim go bhfuil an Focal bunúsach, gurb é an Focal a dhealaíonn an duine amach ón iasc agus ón ainmhí, gurb é an Focal a mhúnlaíonn an t-anam mar a mhúnlaíonn an t-anam an corp, gurb é an Focal amháin a cheanglaíonn nasc an religio idir an dá shaol, go bhfuil an Focal sacrálta – an Focal is lú dá gcaitheann sibh as bhur mbéal amach. Deirim gurb é an Poeta is cosantóir agus is aingeal coimhdeachta don Fhocal; agus am ar bith, áit ar bith, a dtéann an Poeta i mbun cheardaíocht an Fhocail a chleachtadh, go foighneach, go dícheallach, go macánta, le paisean a chroí is le cumas a aigne, is san áit sin agus ar an uair sin a shéideann an t-inanálú faoi ón saol eile.38

Más turgnamhach aidhmeanna agus cur chuige na n-údar seo ní mór spléachadh a thabhairt ar théama turgnamhach, nua-aoiseach atá ar fáil i saothar na tríonóide liteartha seo, is é sin téama na mímhoráltachta in Éirinn. Níl Éire Ghaelach cheartchreidmheach Thomáis Uí Chriomhthain ná Éire bhocht scéalta Uí Chadhain le fáil sna húrscéalta seo. Léiríonn an Súilleabhánach, Ó Tuairisc agus an Doibhlineach Éire mar áit mhímhorálta, choimhthíoch agus naimhdeach i gcasadh turgnamhach seo nuaphrós na Gaeilge.

In Dé Luain tá deireadh le dlí, ciall, réasún agus moráltacht agus fir ag marú a chéile. Cé go bhfuil uaisleacht ag baint leis na híobairtí seo, ní mór aghaidh a thabhairt ar an ngné apacailipteach a bhaineann le sochaí atá i mbun éirí amach. Léirítear i bhfoclóir Uí Dhónaill gurb é ‘Lá an Luain, the day of judgement’39 agus tá an toise le sonrú san úrscéal go bhfuil deireadh ag teacht leis an tsibhialtacht agus leis an moráltacht dá bharr.

Mar a dúradh ní ba luaithe, is iomaí cosúlacht atá ann idir Jay Gatsby agus Louis Stein, ach is iomaí cosúlacht atá le sonrú freisin idir Meiriceá na bhfichidí in The Great Gatsby agus Éire na seascaidí in An Uain Bheo. Tá easpa moráltachta ag baint leis an dá shochaí – tá gach mac máthar ag tochras ar a cheirtlín féin cosúil le Bilí Buistéir in úrscéal Uí Shúilleabháin agus Daisy Buchanan in úrscéal Scott Fitzgerald. Domhan sóisialta na huasaicme domhan na n-úrscéalta seo – gach duine ag iarraidh sup agus só a bhaint as an saol, cuma cén costas. Déantar an ghné mhímhorálta seo a threisiú in An Uain Bheo leis an iniúchadh a dhéanann an Súilleabhánach ar chliseadh pósta agus ar an gcollaíocht lasmuigh agus laistigh den phósadh.

Níl mórán den chaidreamh sona pósta le sonrú in An Uain Bheo. Léirítear go bhfuil máthair Louis faoi chois ag an Uasal Stein agus go bhfuil sí neirbhíseach, buartha agus míshásta sa chaidreamh:

A ceann cromtha ag Mam. Í ag piocadh is ag scaoileadh mionbhruascar briosca a bhí fágtha ar phláta – go neirbhíseach.40

Léirítear go bhfuil Eimear míshásta lena caidreamh le Darach agus í fágtha i mbun an tí le leanbh óg faoina cúram, agus léirítear deirfiúr Louis, Rebecca, agus í míshásta ina caidreamh pósta de bharr nach féidir léi leanbh a thabhairt ar an saol. Is léir, mar sin, nach bhfuil mórán sásaimh le baint as an gcaidreamh coinbhinsiúnach in An Uain Bheo.

Is réabhlóideach an léiriú a rinne an Súilleabhánach ar mhianta collaíochta in Éirinn mhímhorálta na seascaidí, agus go háirithe ar mhianta collaíochta na mban. Léirítear Eimear mar bhean a bhfuil mianta collaíochta aici agus mar bhean nach bhfuil sásta lena caidreamh collaíochta. Is léiriú thar a bheith turgnamhach agus réabhlóideach é sin nuair a chuimhnítear gur foilsíodh An Uain Bheo sna seascaidí. Is bean éirimiúil, dhathúil, mhealltach í Eimear a bhfuil an domhan siúlta aici, ach ní haon ‘Angel of the House’41 í mar a deireadh Virginia Woolf. Sa domhan mímhorálta seo déanann Eimear, ar máthair agus bean chéile í, iarracht fear mór ban a mhealladh í féin:

...Nach fíor do na hExistentialists a deir nach bhfuil sa saol ach scáil...is geal liomsa Sartre agus a chairde, a Louis’ … Bhí Eimear ag druidim leis go healaíonta agus níor chúlaigh sé. Ag druidim leis agus X-anna á ngearradh san aer roimhe aici lena gloine. Ba chirte aici cros cheap sé. Í buailte leis...É mar a bheadh sé ar a aire – suas díreach. A lámha ar a bhrollach...an gloine tite le hurlár...

‘Deas an chaimse … deas na lúbanna, a Louis.’

‘Árannach,’ arsa Louis go tiubh. Bhí a chorp uile ina chaor the dhearg ag na méara fada a bhí ag táthlú an chaimse … ó bhrollach go muineál go hascaill, go … a dhá láimh anois freisin ar bhanda an choim... a ceann lena bhrollach... í tarraingteach cumhachtach ar mhórán bealaí; bua breise aici – níor mhaighdean ná aingeal í...42

Más mian le carachtair Uí Shúilleabháin páirt a ghlacadh sa saol mímhorálta seo, is léir go bhfuil Fearghus Mac Giolla Chalma ag éalú uaidh agus é ar an turas traenach ar ais go dtí a áit dúchais féin.

Tuigtear dúinn go bhfuil díomá air leis an tír mhímhorálta seo a raibh an oiread sin measa aige uirthi agus é ina bhuachaill óg. Tá grá tugtha aige do Laure ach ní don dearcadh saoil atá aici; ní féidir leis glacadh le cúlra an chailín ná leis an aicme lena mbaineann sí:

Maíonn sí, ina hiníon fhear ghnó di, nach ndéanfaidh an t-oibrí ach suí i do bhun mura gcoinníonn tú srian teann air – fairíor, a chuirfidh sí d’aguisín leis sin anois i gcead duit tar éis a raibh d’argóintí eadraibh faoi. Airíonn tú an bhuile mhire ag borradh ionat mar a tharlaíonn chomh minic sin agus tú ag éisteacht lena hathair agus a chairde gnó ag mairgnigh os cionn an tríú martini. Sin an uair a dtagan an drogall ar fad atá agat leis an Éirinn nua seo ina shruth searbh múisce chun do bhéil, agus fonn dall creachta agus sladta á gcothú ag cuimhne d’óige agus do thuismitheoirí agus an dúiche dhearóil inár tógadh thú agus córas iomlán na mbodach polaitíochta agus na mboicíní gaimbín a raibh an saol faoina mbois acu.43

Braitheann Fearghus go bhfuil brionglóidí na saoirse caillte ag muintir na hÉireann, agus nach bhfuil ag cur as don phobal anois ach cúrsaí airgid agus iad ‘fumbl[ing] in a greasy till’44. Is léir d’Fhearghus gur fíor go bhfuil ‘Romantic Ireland’s dead and gone’45 agus an cinneadh atá roimhe ná glacadh leis an ngné sin den tsochaí agus dul leis, nó scaradh go hiomlán ón tsochaí chéanna agus diúltú do na luachanna leithleasacha a bhaineann léi. Seasann muintir Laure don tsaint agus don leithleachas atá i réim in Éirinn na mímhoráltachta i súile Fhearghuis: ‘margadh maith a bheadh [sa phósadh], a bhí sé a rá, ar nós cuma liom, achan phingin a bhí ag an athair’46 – ach tuigeann sé go mbeadh air droim láimhe a thabhairt lena chuid luachanna moráltachta chun glacadh le saol den chineál sin.

Is í an scríbhneoireacht, áfach, an t-aon leigheas atá ar an mímhoráltacht seo, agus nuair a léiríonn Fearghus go bhfuil sé chun triail a bhaint as an scríbhneoireacht chruthaitheach tuigeann an léitheoir go bhfuil sé chun teacht, ní hamháin ar a chló féin, ach ar a phobal féin agus ar a áit sa tsochaí. Mar a scríobh an Doibhlineach in Aistí Critice agus Cultúir: ‘[is] í an litríocht an chaoi is fearr atá ag pobal le aithne a chur air féin, le sainmhíniú a dhéanamh air féin, trí mheán na ndaoine pribhléidithe sin, na scríbhneoirí.’47 Sa tslí gur aimsigh an Piarsach a chló ceart trí mheán na filíochta, agus gur aimsigh Darach Mac Giolla Rua é féin trí mheán na scríbhneoireachta in An Uain Bheo, is cinnte go n-aimseoidh Fearghus Mac Giolla Chalma é féin trí mheán na scríbhneoireachta chomh maith.

Le turgnamhacht na tríonóide liteartha seo, léiríodh dúinn gur féidir linn aithne a chur orainn féin trí intinn dhaoine eile, trí smaointe dhaoine eile agus trí eispéireas dhaoine eile – is é sin, comhairle an Doibhlinigh a leanúint agus aithne a chur orainn féin trí mheán na nualitríochta. Nuair a d’fhógair Pádraic Ó Conaire do scríbhneoirí na nualitríochta ‘[s]crúdaítear an duine. Scrúdaítear a aigne’48, leag sé béim ar chroí na húrscéalaíochta Gaeilge. Más rud é gur leagadh síos slata tomhais na nualitríochta le ré na hAthbheochana, ba í tríonóid na turgnamhachta a chuir na haidhmeanna sin i gcrích go turgnamhach agus go misniúil dá bharr.

Leabharliosta:

• Barry, Peter, 2002. Beginning Theory: An Introduction to Literary and Cultural Theory (Manchester: Manchester University Press.)
• Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., 1991. ‘The Name and Nature of Modernism’ in Bradbury, Malcom and Mc Farlane, James., (editors) Modernism: A Guide to European Literature 1890 – 1930 (London: Penguin Books.)
• Breathnach, Diarmuid agus Ní Mhurchú, Máire., 2003. 1983-2002 Beatháisnéis (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.)
• Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín., 2001. Traidisiún Liteartha na nGael (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teo.)
• Chaudhuri, Amit., 2003. D. H. Lawrence and ‘difference’: Postcoloniality and the Poetry of the Present (Oxford: Oxford University Press.)
• Denvir, Gearóid., 2005. Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí (Conamara: Cló Iar-Chonnachta.)
• Huxley, Aldous., 2007. Brave New World (London: Vintage.)
• Kiberd, Declan., 2002. Idir Dhá Chultúr (BÁC: Coiscéim.)
• Lewis, Rodger., 2002. ‘Money, Love and Aspiration in The Great Gatsby’ in New Essays on the Great Gatsby (Cambridge: Cambridge University Press.)
• Mac Aodha Bhuí, Iarla., 1992. Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.)
• Mac Craith, Mícheál., 2007. ‘An Turas Fionnachtana i saothar cruthaitheach Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ in Breandán Ó Doibhlin: Saol agus Saothar (Baile Átha Cliath: Coiscéim.)
• Mac Craith, Mícheál., 1997. ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ in Ó Dúshláine, Tadhg., (eagarthóir) Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996-1997 (Maigh Nuad: An Sagart.)
• Mac Grianna, Seosamh., 2004. Mo Bhealach Féin (Baile Átha Cliath: An Gúm.)
• Moore, George., 2000. The Untilled Field (Gerrards Cross: Colin Smythe Ltd.)
• Nic Eoin, Máirín., 1988. Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.)
• Nic Eoin, Máirín., 2006. ‘Contemporary prose and drama in Irish 1940 – 2000’ in Kelleher, Margaret and O’Leary, Philip., (eagarthóirí) The Cambridge History of Irish Literature Volume II 1890 – 2000 (Cambridge: Cambridge University Press.)
• Nic Eoin, Máirín., 2005. Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge (Baile Átha Cliath: Cois Life.)
• Nic Eoin, Máirín., 1997. ‘Úrscéalaíocht na Gaeilge i Ré an Indibhidiúlachais’ in Ó Dúshláine, Tadhg (eagarthóir) Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996 – 1997 (Maigh Nuad: An Sagart.)
• Ó Cadhain, Máirtín., 2007. Cré na Cille (Baile Átha Cliath: Sáirseál Ó Marcaigh Teo.)
• Ó Croiligh, Oilibhéar 1968. ‘Mistéir na Réabhlóide: Tuairisc Téama’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1968 (Maigh Nuad: An Sagart.)
• Ó Doibhlin, Breandán., 1974. Aistí Critice agus Cultúir (Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.)
• Ó Doibhlin, Breandán., 1984. An Branar gan Cur (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.)
• Ó Doibhlin, Breandán., 1998. Néal Maidine agus Tine Oíche (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh.)
• Ó Dónaill, Niall., 2005. (eag.) Foclóir Gaeilge-Béarla (Baile Átha Cliath: An Gúm.)
• Ó hAnluain, Eoghan., 1996. ‘Beatha duine a cheardaíocht’ in Comhar iml. 25, Uimhir 12, Nollaig 1966
• O’Leary, Philip., 2006. ‘The Irish Renaissance, 1880-1940: literature in Irish’ in The Cambridge History of Irish Literature Volume 2 1890-2000 (Cambridge: Cambridge University Press.)
• Ó Murchú, Seosamh., (eag.) 1986. Comhar: Diarmaid Ó Súilleabháin 1932-1985 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.)
• Ó Murchú, Seosamh., (eag.) 1985. Comhar: Eoghan Ó Tuairisc 1919-1982 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.)
• Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1986. An Uain Bheo (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.)
• Ó Súilleabháin, Diarmaid., 1972. ‘An Uain Bheo: Focal ón Údar’ in Irisleabhar Mhá Nuad 1972 (Maigh Nuad: An Sagart.)
• Ó Tuairisc, Eoghan., 1998. Dé Luain (Baile Átha Cliath: Sáirséal Ó Marcaigh Teoranta.)
• Ó Tuairisc, Eoghan., 1963. ‘Léacht a tugadh don chomhchaidreamh: Religio Poetae’ in Comhar iml. 22 uimh. 1 Eanáir 1963 (Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.)
• Ó Tuama, Seán., 1995. Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage (Cork: Cork University Press.)
• Scott Fitzgerald, F., 1994. The Great Gatsby (London: Penguin Books.)
• Titley, Alan., 1991. An tÚrscéal Gaeilge (Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.)
• Woolf, Virginia., 2008. Virginia Woolf: Selected Essays (Oxford: Oxford University Press.)
• Yeats, W.B., 1992. W.B.Yeats: Collected Poems (London: Vintage.)

Tagairtí


1. An tÚrscéal Gaeilge lch 540
2.‘An Uain Bheo: Focal ón Údar’ – Irisleabhar Mhá Nuad lch 65
3.‘Díonbhrollach’ – Néal Maidine agus Tine Oíche lch 9
4. Ibid.
5. Ibid. lch 10
6. ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 22
7. Ibid. lch 26
8. D H Lawrence and ‘difference’: Postcoloniality and the poetry of the present lch 145
9. ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 20
10. An Branar gan Cur lch 5
11. Ibid. lch 41
12. An Uain Bheo lch 7
13. Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis lch 49
14. ‘Money, Love and Aspiration in The Great Gatsby’ – New Essays on The Great Gatsby lch 43
15. ‘Diarmuid Ó Súilleabháin: Saothar Próis’ lch 130
16. Dé Luain lch 224
17. An Uain Bheo lch 82
18. Ibid. lch 143
19. Dé Luain lch 97
20. An Branar gan Cur lch 38
21. Traidisiún Liteartha na nGael lch 371
22. Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage lch 208
23. Trén bhFearann Breac lch 381
24. ‘The Name and Nature of Modernism’ – Modernism: A Guide to European Literature 1890-1930 lch 24
25. An Uain Bheo lgh 242,245
26. An Uain Bheo lch 100
27. Brave New World lch 118
28. An tÚrscéal Gaeilge lch 148
29. Dé Luain lch 155
30. Ibid. lch 144
31. An tÚrscéal Gaeilge lch 419
32. Aistí Critice agus Cultúir lch 10
33. Néal Maidine agus Tine Oíche lch 11
34. Aistí Critice agus Cultúir lch 179
35. ‘Fearann coimirce an scríbhneora: úrscéalta Bhreandáin Uí Dhoibhlin’ – Féilscríbhinn an Doibhlinigh: Irisleabhar Mhá Nuad 1996-1997 lch 69
36. Ibid. lch 70
37. Aistí Critice agus Cultúir lch 187
38. ‘Léacht a tugadh don chomhchaidreamh: Religio Poetae’ – Comhar iml 22 uimh 1 Eanáir 1963 lch 12
39. Foclóir Uí Dhónaill lch 805
40. An Uain Bheo lch 34
41. Virginia Woolf: Selected Essays lch 141
42. An Uain Bheo lch 133
43.An Branar gan Cur lch 15
44. ‘September 1913’- W B Yeats: Collected Poems lch102
45. Ibid.
46. An Branar gan Cur lch 123
47. Aistí Critice agus Cultúir lch 10
48. Litríocht agus Pobal: Cnuasach Aistí lch 63

Feasta, Iúil 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais