Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Ar an mBealach

le Seán Ó Leocháin

Footpath closed. Please do not walk on road. (Fógra i mBaile Átha Cliath)

Tar éis teacht chomh fada
ar ais nó ar éigean,
in aghaidh ár gcos nó i ndiaidh ár gcinn,
an féidir tar éis an iomláin
nach bhfuil dul níos faide againn?
Más dul amú a bhí orainn
nuair a chuireamar chun siúil
is rud nach raibh ann ag teacht
idir sinn is codladh na hoíche,
ní haon seachrán a bhí orainn
nuair a choinníomar ár ngreim,
pé suaitheadh aigne a bhí orainn
a chuir thar na críocha sinn.
Pé rud a ghlaoigh i dtosach orainn,
nach bhfacamar nó nár chualamar i gceart
is nár chualamar arís ina dhiaidh
ach a leanamar ó dhubh go dubh,
ag imeacht níos faide ná riamh
gur bhaineamar amach an áit
nach dtaitníonn in aon chor linn,
chuireamar aistear orainn féin,
gan filleadh ar ár gcoiscéim againn,
gan aon slí as ná aon chaoi imeachta againn
ach fanacht in áit na mbonn
gan romhainn ach ár mbealach a dhéanamh
gan oiread is cor a chur dínn.

Feasta, Iúil 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo