Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Ceacht ón bhFionlainn - -

Bhí alt spéisiúil ar an Irish Times le déanaí inar thagair an colúnaí agus scríbhneoir Fintan O’Toole don Ghorta Mór in Éirinn i lár na naoú haoise déag, agus conas mar a bhí mórthionchar na tubaiste sin le brath fós ar an tsochaí anseo. Go dtí gur tharla an cúlú eacnamaíoch cúig bliana ó sin, bhí cosúlacht ann go raibh an daonra ag méadú arís, bíodh nach raibh sé ar ais ag an leibhéal a shrois sé in 1841.

Ach thar aon ní, bhí sé ag tagairt do dhrochiarsmaí an Drochshaoil ar an bpobal, ar a ndearcadh, a meon, agus a gcultúr. Ceann de na hiarsmaí ba mhó tionchair, mar a bheadh ina chineál uile-íoc, ba ea nós na himirce agus, ar ndóigh, ba thoradh air sin leis an meon diúltach a d’eascair i measc go leor den phobal maidir lenár dtír féin agus ár n-institiúidí féin.

Ní miste a rá gur buntéama in alt O’Toole go bhfuil baol ann leis an gcúlú eacnamaíoch atá ár gcrá le tréimhse rófhada, agus go háirithe leis an bpolasaí déineachta atá i bhfeidhm ag an rialtas, pé an le toil ár muintire agus an rialtais é, nó é leagtha orainn acusan a chuir iasachtaí ar fáil dúinn, go bhfuil an imirce ar ais mar réiteach ar ár bhfadhbanna. Is mó is measa gurb í an óige, agus an dream is bríomhaire inár measc, atá i gceist. Ní maith an tuar é.

Ba dheacair gan réiteach le léamh Uí Thuathail ar ár gcúrsaí, agus fiú lena ghrinneas. B’olltubaist an Gorta, agus níorbh ionadh rómhór gur fhág sé a rian ar mheon agus ar dhearcadh an phobail. Ach luann sé leis gur fágadh rian ar ár gcultúr agus sa mhéid sin aontaímid leis freisin, ach b’fhearr linn go raghadh sé céim bhreise. Tar éis an Ghorta, agus b’fhéidir cuid mhór dá bharr, is ar éigean nach raibh port na teanga seinnte. Ba bheag suime a léirigh Éire Óg, na Finíní, lucht Home Rule ná Conradh na Talún sa Ghaelainn. Murach go dtáinig Dúbhglas de hÍde an treo!

Is minic ráite againn gur ceann d’iontaisí an tsaoil a laghad airde a thugann staraithe ár linne ar mheath na teanga, muran ceann d’iarsmaí an Ghorta freisin an cineál díchuimhne atá i gceist ansin. B’fhíor nach raibh gach staraí chomh neamhchúiseach céanna, agus luann O’Toole an tOllamh Joe Lee ina alt. Is fíor go raibh sé siúd géar agus gonta ina leabhar Ireland 1912 - 1985, maidir le faillí na bpolaiteoirí agus lucht riaracháin i gcás na teanga.

Tá sé suimiúil i gcomhthéacs na hEorpa go luann an tOllamh Lee an Fhionlainn mar cheann de na tíortha a raibh a dteanga faoi bhrú, ach gur tugadh slán í. Tír bhocht, imeallach, cúlráideach a bhí inti, le teanga a bhí beagnach dothreáite. Ba lú líon na gcainteoirí Fionlainnise in 1870 ná líon na gcainteoirí Gaelainne in 1850, ach thug siad a dteanga slán in aontráth lena n-eacnamaíocht. Tá dóthain mhór le foghlaim againn.

Feasta, Iúil 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo