Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Seanad Éireann & Stróc-Pholaitíocht
le Seán Ó Loingsigh


Nuair a thagann ráiteas gan choinne uaidh go bhfuil ar intinn aige deireadh a chur le Seanad Éireann, sé a rithfeadh leat gur stróc polaitíochta, den seandéanamh, atá i gceist!

——◊——
An i mBéarla na hÉireann amháin a bhaintear úsáid as an bhfocal ‘stroke’ i gcéill pholaitíochta, sé sin nuair a buailtear bob de chineál éigin, nó cleas, nuair a thagtar aniar aduaidh, b’fhéidir, pé an ar do chéile comhraic sa pholatíocht é nó ar pháirtí polaitíochta eile, nó go deimhin gan duine nó dream ar leith a bheith i gceist nó thíos leis, ach go bhfuil beart cliste, cleasach, curtha i gcrích i saol suaithinseach na polaitíochta? Maidir leis an nGaelainn is fearr dúinn cloí le ‘stróc’, cé go bhfuil ‘beart’ luaite faoi ‘political manoeuvre’ ag ‘focal.ie’: ní dhéanfaidh sé cúis sa chás seo, dá mhéid ár meas is ár mbrath ar an institiúid sin. Níl, ar chuma éigin, an fhuaimint cheart i gceist.

Ar ndóigh, is féidir nó is dóichí, fiú, gur gné dhúchasach ar fad dár gcuid féin an ‘stróc’, rud éigin casta – níor mhaith leat ‘cam’ a úsáid – inár sicé. Táimid, go bhfóire Dia orainn, cleasach, cluanach ó dhúchas, nó is féidir fós gur iarsma de chuid na staire é, de bharr ár gcaidreamh mí-ámharach lenár sean-namhaid Sasanach, foinse an uile oilc, gan dabht, inár gcásna.

Nach bhfuil sé suimiúil leis gur thugamar linn thar lear an stróc nuair a chuamar ar imirce. Cinnte, thugamar linn go Meiriceá é nó gné ar leith de, pé ní, faoi riocht Tammany Hall, a thuill míchlú áirithe dúinn go mór mór i measc na New Englanders glana gléigeala, a dtáinig a sinsear anall ar an ‘Mayflower’, nach leáfadh an t-im ina mbéil, agus nach mbeadh baint ná páirt acu le haon chineál camastaíola nó le haon fhabhraíocht sa saol polaitiúil!

Ach anseo sa bhaile nach raibh, agus nach bhfuil, iarracht den mhustar céanna le brath i measc ár bpolaiteoirí féin. Ba dhóigh leat i gcás Fhine Gael, agus fiú níos mó i measc an Lucht Oibre, gurb iad Fianna Fáiligh amháin a chleacht an ‘stróc’ seo. Ní hé nach mbeadh siadsan oilte ina úsáid, agus nár leasc leo feidhm a bhaint as nuair a d’oir sé sin dóibh, ach b’fhada ó pholaiteoirí i bpáirtithe eile gan a bheith chomh hoilte céanna agus nár leasc leo, ach oiread le lucht Fhianna Fáil, feidhm a bhaint as.

Fiú i gcás an Lucht Oibre, is cuimhin linn Jim Tully nuair a bhí sé ina aire, agus é ag athrianú teorainneacha na ndáilcheantar ar mhaithe le comhrialtas na linne, rud a chuaigh sa bhfaopach aige. Nó tagann Paddy Lindsay, Aire Gaeltachta Fhine Gael, chun cuimhne, agus é ag rianú teorainneacha na Gaeltachta i 1956, go háirithe ina chontae féin i Maigh Eo. Bhí cáil ar Ghaeltacht Lindsay ag an am – pé increidteacht a bhain le sciar maith de ó thaobh labhairt na Gaeilge.

Agus leis sin táimid tagtha go tráthúil, más go mall, go polaiteoir groí eile ó Mhaigh Eo, an Taoiseach féin. Is polaiteoir go smior é: d’fhéadfaí a rá faoi gur polaiteoir den seandéanamh é agus taithí na mblianta aige i gceird na polaitíochta. Nuair a thagann ráiteas gan choinne uaidh go bhfuil ar intinn aige deireadh a chur le Seanad Éireann sé a rithfeadh leat gur stróc polaitíochta, den seandéanamh freisin, atá i gceist.

Anois, ní hé ar aon chor nach féidir cás maith a dhéanamh gur institiúid iomarcach é an Seanad, agus go mbeadh an tír agus ár gcóras polaitíochta agus rialacháin chomh héifeachtach céanna gan é. Ach tá comhthéacs i gceist nach mór a chur san áireamh. I saol i bhfad siar roimh an olltoghchán deiridh, thug Fine Gael go láidir le tuiscint go raibh ar intinn acu ár gcóras rialacháin agus riaracháin a athleasú, chun é dhéanamh níos éifeachtaí. Gan amhras bhí gach uile dhuine againn ina fhabhar san. Sé rithfeadh leat, áfach, gurb é Dáil Éireann, ár bpríomhinstitiúid rialacháin, go háirithe a bheadh i gceist, agus go deimhin gurb é ba mhó a bhí i ngátar athleasaithe agus athnuachana.

Ba mhinic luaite anseo go raibh an córas vótála agus toghchánaíochta Dála is míshásúla san Eoraip againn, ach ós léir nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh i gcás an chórais sin, ní fiú a bheith ag cur spáis amú leis. Sé is mó is ábhar díomá, in ainneoin a ráibh ráite roimh an olltoghcháin, agus go deimhin na geallúintí a tugadh an tráth sin, nach bhfuil sé i gceist aon athrú a dhéanamh ar an mbealach a riartar cúram na Dála féin ó lá go lá.

Luadh anseo cheana conas mar a úsáideadh an gilitín nuair a bhí an bille Gaeltachta ar a bhealach trid an Dáil, agus conas mar a diúltaíodh cead cainte do theachtaí, gan trácht ar dheis a thabhairt dóibh leasuithe a mholadh. Níorbh é an t-aon ócáid é ar baineadh úsáid as an ngilitín céanna. Bhí tagairt ar nuachtán inniu féin gur caitheadh ar an dóigh céanna le breis agus leathchéad bille ó thainig an comhrialtas i gcumhacht.

Ní hionadh mar sin go mbeadh teachtaí ón uile pháirtí, cúlbhinseoirí ar thaobh an rialtais ina measc, míshásta lena bhfuil ag tarlú. Is fíordheacair glacadh le dea-intinn an rialtais maidir le díscor an tSeanaid i bhfianaise an beag is fiú atá i gceist i gcás na Dála. Ní cúlbhinseoirí an rialtais amháin atá ag éirí míshuaimhneach. Deirtear anois go bhfuil airí eile míshásta leis an bhforlámhas follasach atá ag an Taoiseach, Tánaiste agus ag na hAirí Ó Nuanáin agus Howlin maidir le cúrsaí airgeadais agus geilleagair.

Agus, ar ndóigh, cuirtear an cheist i gcónaí cén fáth nár cuireadh díscor an tSeanaid faoi bhráid an Choinbhinsiúin ar an mBunreacht a tionóladh le déanaí i mBaile Átha Cliath. Má bhí tábhacht ar bith leis mar thionól, nó nach cur i gcéill a bhí i gceist, gléasadh na fuinneoige polaitíochta mar a deirtear sa Bhéarla, shílfeá go mba cheist í a bheadh oiriúnach don tionól seo, in áit a bheith ag plé le mioncheisteanna, leithéid téarma na huachtarántachta a laghdú óna seacht go cúig bliana. Sé an freagra air sin, ar ndóigh, nach stróc a bheadh ann.

Sé an freagra oifigiúil ar an gceist chéanna ná go raibh an díscor ar an gclár a cuireadh faoi bhráid an phobail roimh an olltoghchán – freagra nach bhfuil sochreidte i bhfianaise bhunaidhmeanna an Choinbhinsiúin. Ach dá ndeintí amhlaidh bheadh an faobhar agus an fheidhm a bhain le fógra an Taoisigh imithe le gaoith, mar a bheadh i gcás athleasaithe an tSeanaid a bhfuil go leor daoine ina fhabhar. Dála an scéil, ag tagairt don uachtarántacht, cén fáth nach bhfaighfí réidh leis an oifig sin. Cén mhaith atá ann, ach oiread is atá leis an Seanad. Ar a laghad níor bhaol don bhfear maith atá i seilbh na hoifige faoi láthair.
——◊——
Tá uachtaráin eile go mór sa nuacht faoi láthair, duine díobh atá beo beathach agus duine eile atá marbh le leathchéad bliain. Nach raibh an t-ádh leis an rialtas nach raibh an Teachta Dála Clare Daly sa Dáil nuair a tháinig an tUachtarán Ó Cinnéide inár measc i 1963. Tá fhios ag an saol go dtéimid beagán thar fóir leis na hócáidí seo, agus b’fhéidir níos mó ná an beagán nuair is uachtaráin na Stát Aontaithe a bhíonn i gceist. Bhí fíoch ar leith chomh maith san ionsaí a rinne an Teachta Daly ar an Taoiseach, agus más fíor nár mhiste dúinn guaim a choinneáil orainn féin i gcónaí agus nach mbeadh neamhaird ar chúrsaí dínite, bhain ionsaí Clare Daly geit as daoine.

Bíonn go leor den locht sna cúrsaí seo ar na meáin chumarsáide, agus bhí Clare Daly ar bhonn níos daingne nuair a dhírigh sí faobhar a teanga orthu siúd, bíodh nach í amháin atá díomách maidir leis an Uachtarán Obama. Nach dual do na meáin an dul thar fóir. Caithfidh an Taoiseach faire amach do féin. Ní polaiteoir amháin a bhí sa tóir air le tamall anuas. Níl gean seanadóiri air faoi látháir, ach bhain ionsaí an tSeanadóra McSharry geit as daoine fresin.

Cuid den phort céanna a bhí aige agus a bhí ag an Teachta Daly, ach go raibh McSharry gearánach faoin Taoiseach, é sall is anall san Eoraip ag croitheadh lámh le ceannairí agus maithe móra Eorpacha agus an Aontais, agus i gcoitinne ag déanamh duine mór de féin. B’fhéidir go bhfuil an Seanadóir i bhformad leis. Bhí a athair siúd tráth ina dhuine de na maithe céanna. Ní mhéadóidh sé gean an Taoisigh ar Sheanadóirí ná ar an Seanad.
——◊——
Nach mó rud sa saol polaitíochta a théann i ngan fhios dúinn. Tuairim ní raibh againn gur úrscéalaí ab ea ár nAire Dlí, Comhionannais agus Cosanta, Alan Shatter, agus go bhfuil a úrscéal Laura, a foilsíodh ar dtús i 1989, le hathfhoilsiú. Ach tá fadhb ann. Tá suim ag lucht na cinsireachta sa leabhar agus tá an tAire chun dualgais an Bhoird Cinsireachta a aistriú óna roinn féin go roinn eile. Táimid, mar a deirtear, ar bís. Tá go leor ar siúl sa leabhar seo, más fíor; haincí paincí a deirtear; ginmhilleadh fiú. ‘Steamy’ a luadh leis an leabhar in áit éigin. Dia go deo linn: sé ár nAire Dlí agus Comhionannais atá i gceist!

Tá séasúr na seafóide tagtha roimh am i mbliana!

Feasta, Iúil 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais