Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Saíocht an tSionnaigh
Scéal le Mícheál Ó Coisdealbha
(Bhuaigh an gearrscéal seo Príomhdhuais an Mhaolánaigh i gcomórtais liteartha an Oireachtais 2011)
Saíocht an tSionnaigh
Bhí léas na maidine ar íor na spéire sa domhan thoir. Bhí gaetha órdha na gréine ag briseadh tríd an dorchadas agus ag leathadh a solas draíochta ar an saol máguaird. Bhí an dúlra i mbarr a mhaitheasa an mhaidin álainn úd i mí bhuí an Mheithimh, mí mheáin an tsamhraidh.
Ba chosúil le péarlaí na deora drúchta a bhí ar gach tor agus luibh. Bhí na péarlaí céanna ag athrú datha is crutha, de réir mar a bhí neart ag teacht i solas an lae ghil. An ceo teasa a bhí ag clúdach sleasa na gcnoc, bhí sé anois ag leá le neart an teasa ón ngréin. Ní raibh corraí in uisce an locha sa Ghleann Domhain, ach í mar a bheadh scáthán ollmhór ann, ag léiriú scáilí iomadúla na timpeallachta. Cá mbeadh an dathadóir nach dtabharfadh a dhá shúil ar an radharc álainn!
Faoin am seo bhí créatúirí an dúlra ina lándúiseacht, gach ceann acu ag cur a ghlór féin leis an míorúilt a bhí á léiriú. Bhí an chuach ar a mine-ghéire ag síorchanadh a cúpla nóta, an fhuiseog, báite i ndoimhneas na spéire, ag cur a croí amach. Bhí an coileach fraoigh ag labhairt go láidir garbh ina leaba fraoigh. Ina measc, bhí an giorria ag baint leasa as sliabh dóite a d’fhág loscadh sléibhe an earraigh ina dhiaidh.
Thíos sa ghleann, bhí abhainn shlóchtach mar a bheadh loirgneach a chuaigh san ainmhéid ag diúl uisce an locha agus á thál isteach i mbroinn na bóchna a bhí cúpla míle ar shiúl. Bhí cora a rinne lámh duine ag an eas, áit ar thit a cuid uisce le fána síos sa pholl duibheagáin a bhí mar thearmann ag bradáin agus liatháin agus iad ar a mbealach chun síolraithe mar a chinn a nádúr dóibh i ngaineamhlach an locha.
Pictiúr eile ar fad a bhí ar an taobh eile den abhainn, áit ar fhág an t-oighear na céadta acra de chloch eibhir ina dhiaidh agus é ar a bhealach chun na mara. Bhí an brat clochach seo ar leiceann an chnoic ar feadh cúpla míle slí den abhainn agus í ag síneadh leathmhíle intíre. Ní raibh tor ná luibh fiáin dar tháinig trí thalamh nach raibh le fáil ann, ón tom mochóirí go dtí crann caorthann na bpisreog, gach ceann acu ag tabhairt foscaidh agus tearmainn do mhionchréatúirí Dé.
Ina measc siúd a bhí lonnaithe sa chlochar ollmhór seo, bhí sionnaigh na hAille Móire agus a gcúram: trí choileán ar a raibh sliocht méith na beatha lenar tógadh iad le feiceáil ina gcneas agus ina n-aclaíocht.
Cén áit eile a raibh leithéid na hAille Móire le fáil! Trí liagán, gach ceann acu na céadta tonna meáchain, caite in aghaidh a chéile, fáiscthe, daingnithe ag tuillte an oighir, ina seasamh sa dóib go bagarthach dúshlánach, gan bacadh leis an ngarda leacach clochach a bhí mar chúl taca leo. Le barr sábháilteachta a thabhairt don dún seo, d’fhág na tuillte é in ascaill chnoic dhóibe a thug cosaint dó, mar a thabharfadh cearc ghoir d’ál uibheacha.
Bhí ál eile sionnach beagnach réidh leis an nead a fhágáil agus a n-aghaidh a thabhairt ar an bhfiántas is dual dóibh. An té nár leasc leis an sop a fhágáil agus a aghaidh a thabhairt ar áit chaothúil ar aghaidh na hAille Móire aon mhaidin an mhí seo, roimh ghealadh lae, bheadh míleatas, clisteacht agus stuaim na sean-sionnach le feiceáil aige agus iad ag oiliúint a gcúram. Sea, bhí saol eile, lán de dhainséar agus contúirt taobh amuigh de bhéal brocaigh na hAille Móire.
Le breacadh an lae, nó go deimhin, roimhe, thagadh an sionnach fireann go béal an bhrocaigh. Chaitheadh sé tamall ar a ghogaide ag féachaint go géar amhrasach ar an dúiche a bhí amach os a chomhair, ar an ngleann domhain sceachach a bhí ag neadú na habhann thíos faoi, agus ar an gclochar garbh clochach a bhí á thimpeallú.
Nuair a bhíodh a chuid fiosrachta sásaithe, shleamhnaíodh sé le lapaí cait i dtreo carraige a bhí ar dhéanamh boird, scór coiscéim ón mbrocach. I sméideadh na súl, bhíodh sé le neart coirp agus anama i lár an toim fraoigh, a bhí ar aon dath leis féin, i mbarr na carraige. Anois, ní bhíodh dé ag dia ná duine air. D’airíodh sé mar rí ar an dúiche. D’fhéachadh sé go haireach amhrasach i ngach treo, ar dheis, ar chlé, ar aghaidh agus ar chúl.
Nuair a bhíodh cosán glan aige, théadh sé de rite reaite i dtreo an bhrocaigh, agus le luas lasrach, bhíodh a chéile agus a mhuirín aige ar an bplásóg a bhí os comhair a n-áit chónaithe.
Bhíodh an suíomh anois cosúil le gasra saighdiúirí ag aclaíocht airm ar a gcearnóg thraenála. Bhíodh an sionnach fireann ar ais ina thom fraoigh ar an gcarraig mar gharda faire, agus a chéile go gnóthach bagarthach dána ag múineadh gliceas agus aireachas a gcine dá gclann. Ní raibh sáirsint airm riamh chomh géar ar ghasra earcach a bheadh faoina chúram is a bhí an sionnach baineann ar an triúr. Bhíodh sí á mbrú, á dtarraingt, á soncadh agus á sclamhadh. Bhíodh orthu rith na scórtha uair timpeall na cearnóige gan scíth, gan anáil, iad báite le hallas, díreach mar a tharraingeofaí in aghaidh easa iad. Nuair a bhí siad sáraithe, thug sí taobh amuigh de theorainn na plásóige iad, áit a bhí clochach leacach, lán de mhionphluaiseanna. Bhí an áit breac le toim agus tolláin. Anseo, bhí orthu rith faoi sceacha, léim thar na toim agus í féin ina ndiaidh, réidh le lorg fiacaile a fhágáil iontu dá gcoinneodh sí suas leo.
Bhí an fireannach ar feadh an ama seo go léir mar a bheadh oifigeach airm ag faire ar sháirsint ag oiliúint agus ag munlú a chomplacht earcach. Chaith sé súil seabhaic i ngach treo. Anuas leis den charraig agus chuir troid bhréige ar siúl idir dhá choileán. Ar an bpoinnte, phreab an tríú coileán in airde ar an gcarraig go díreach mar a bhí cleachtaithe aige le roinnt seachtainí. Shuigh sé ar a ghogaide agus d’fhair sé an namhaid. Bhabhtáil na sionnaigh óga páirt agus ionad le chéile ó am go ham nó gur chuir an tsean-bheirt deireadh leis an dráma.
——◊——
Ní gá a rá go raibh dúil i ngreim bricfeasta, go mór mhór ag na coileáin, ach má bhí, bhí orthu é a shaothrú, mar nach ndeachaigh an sionnach fireann ag fiach, in aon turas, an oíche roimhe sin. Bhí sé in am an chlann óg a chur i dtaithí an tsaoil. Mar sin, d’ardaigh sé leis iad, iad ag éaló tríd an gclochar, tríd an bhfiataíl, raithneach, sailearnach, sceacha geala agus sceacha draighin nó gur shroich siad imeall an chlochair, áit a raibh sliabh dóite. Is maith a thuig an sean-sionnach go mbeadh giorria nó dhó ann ag cur a súl thar a gcuid, leis an nua-fhéar glas blasta súmhar. Is maith a thuig sé freisin go mbeadh ceas orthu, agus nach mbeadh imeacht acu ó shionnaigh óga a bhí fuinniúil, oscartha aclaithe. D’fhan an ceithre shionnach i bhfolach i dtom aitinn ar feadh achair ghearr ag grinneadh dhá shean-ghiorria a bhí ataithe lena raibh ite acu.
Ar an neomat cuí thug an sean-sionnach brú sna másaí dóibh agus i sméideadh na súl bhí an marú déanta. Bhí sé cruthaithe ag an nglúin óg nár mhiste iad a fhágáil ar a gconlán féin. Bhí blas agus boladh feola a gcothaithe daignithe ina bpollairí agus ina gcéadfaí, agus iad ar a sástacht ag líochán fuil na creiche dóibh féin. Cá mbeadh tuismitheoir nach mbeadh mórálach as an ngníomh?
Leis sin, d’éalaigh an sean-sionnach leis, ag déanamh ar a cheannáras. D’fhág sé na hóga leo féin, ach is maith a thuig sé nach raibh an sean-nead tréigthe go fóill acu, rud a chruthaigh siad roimh luí gealaí.
Suas le bruach na habhann a chuaigh an seanbhuachaill, a smut le talamh aige, ag súil go n-éalódh sé ar lacha nó ar aon chréatúr eile a bheadh neamhairdeallach, agus a dhéanfadh béile dó féin agus dá chéile. Ní gá a rá go raibh a ghoile i gcúl a ghlaice aige, mar a deir an sean-rá.
Ní raibh an mí-ádh ar fad air, mar ar an mbruach faoi bhun an easa, mura raibh pánaí de bhradán earraigh caite ar bhruach ag an madra uisce, gan ach an cloigeann bainte de aige. B’é a shean-eire é a thabhairt chun na hAille Móire. Ní gá a rá go raibh uisce ag silt ó fhiacla an bhaineannaigh, nuair a chonaic sí an bricfeasta ríoga os a comhair. B’fhurasta an iarmhairt a chur i bhfolach, nuair a bhí dhá ghoile chraosacha sásaithe.
Feasta, Lunasa 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|