Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Cosa Gréine le Diarmaid Ó Súilleabháin

Seolta ag Máirín Nic Eoin


i gClub na Múinteoirí, Baile Átha Cliath, 16 Feabhra 2013

——◊——

Is deacair a chreidiúint go bhfuil ocht mbliana is fiche ann anois ó cailleadh an scríbhneoir ildánach Gaeilge, Diarmaid Ó Súilleabháin. Tá cuimhne ghlé agam ar Dhiarmaid i mblianta deireanacha a shaoil, agus ar an gcuairt a thug sé go dtí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, le labhairt leis na mic léinn faoina shaothar, ní rófhada ar chor ar bith roimh an tréimhse dheireanach tinnis, agus ar an gcaint spleodrach spreagúil a thug sé uaidh ar an ócáid sin. Bhí leabhar dá chuid ar an gcúrsa an uair sin, mar a bhí freisin ó shin i leith, ach is dóigh go bhfuil sé fíor, mar a bhí á lua ag daoine liom le gairid, nach bhfuil ionad chomh lárnach sin ag saothar Uí Shúilleabháin ar an gcuraclam ollscoile is a bhíodh.

Is ar leibhéal iarchéime is mó a bhíonn sé á phlé anois – nó ar chúrsaí roghnacha ag buíonta beaga mac léinn – ach an rud is tábhachtaí ná nach bhfuil an saothar ligthe i ndearmad ag an aos léinn agus litríochta, agus nuair a thug scoláire óg litríochta léacht ag Comhdháil na Gaillimhe dhá bhliain ó shin ar mhórscríbhneoirí nuálacha na seascaidí, bhí Ó Súilleabháin ina measc. Ar ndóigh, caithfidh an saothar a bheith ar fáil, a bheith ar an margadh, agus ba chóir go nginfeadh an foilsiú plé agus caibidil. B’fhéidir nach raibh an oiread plé ar na húrscéalta Oighear Geimhridh agus Lá breá gréine buí (a foilsíodh i ndiaidh a bháis) is a thuill siad, ach ní imíonn an dea-litríocht ar ceal, agus táim cinnte go spreagfaidh foilsiú an leabhair seo spéis as an nua sa saothar trí chéile.

Le foilsiú an chnuasaigh seo, beidh saothar uile Dhiarmada Uí Shúilleabháin (seachas scripteanna na ndrámaí) ar fáil do léitheoirí na Gaeilge. Tugann foilsiú an leabhair an tionscnamh liteartha chun críche, agus tá sé sin tábhachtach go háirithe dóibh siúd a bhfuil na saothair eile léite acu. Ansin tá daoine ann arb é an leabhar seo an chéad leabhar le Diarmaid a léifidh siad, agus táim cinnte go spreagfaidh a bhfuil ann a bhfiosracht agus go seolfaidh sé ar ais i dtreo na saothar eile iad.

Cad leis a mbeadh léitheoir ag súil i leabhar ó Dhiarmaid Ó Súilleabháin? An bhfuil na nithe sin le fáil sa leabhar seo? Bheifí ag súil leis an smaointeoireacht pholaitiúil – an pholaitíocht náisiúnaíoch fite fuaite leis an bhfeasacht agus leis an bhfreagracht shóisialta, bunaithe ar léamh ar an stair trí shúile na cosmhuintire agus trí lionsa na Gaeilge. Bheifí ag súil le hurraim d’áiteanna, agus an tuiscint éiceolaíoch a mhórann an éagsúlacht agus an tsainiúlacht.

Tá na nithe sin níos tábhachtaí ná riamh anois agus cúrsaí beatha agus báis teanga á dtuiscint i dtéarmaí éiceolaíochta agus éicitheangeolaíochta. Agus bheifí ag súil leis an ngné mheitifisicúil, machnamh leanúnach ar bheith an duine, machnamh a ghluaiseann ó eiseachas shaothar na seascaidí ar ais i dtreo thuiscintí an chreidimh Chaitlicigh ag deireadh a shaoil.

Mar is eol dúinn, ba phoblachtach agus ba náisiúntóir neamhleithscéalach é Diarmaid Ó Súilleabháin i gcaitheamh a shaoil, agus tá dánta anseo a léiríonn an fhearg agus an tseirbhe chéanna le bail na tíre is atá á nochtadh aige ina mhórshaothair phróis. Ní dheachaigh sé riamh ar chúl sceiche agus a fhíoch á dhíriú ar pholaiteoirí an stáit: ‘Measa iad ná Gaill is Péindlí/ Daorstátpholaiteoirí Éireann’ a deir sé sa dán ‘Fir gan Téagar’ (64). Cuirtear i gcoinne córais shóisialta atá leatromach agus léirítear ómós don duine a éiríonn amach in éadan lucht cumhachta agus rachmais i ndánta mar ‘Galántóirí’ (46).

Tá dánta ann a chuirfidh tú ag fiafraí díot féin – cén dearcadh a bheadh ag Ó Súilleabháin dá mairfeadh sé níos faide? Is léir ón dán ‘Nach aoibhinn do Bhanba!’ (65) nach mórán measa a bhí aige ar iarrachtaí Garrett Fitzgerald agus Margaret Thatcher aimsir an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i lár na n-ochtóidí, agus léirítear dímheas ar na daoine ‘a chreid sa pháirtpholaitíocht’ sa dán ‘Púicín’ (45). D’fhéadfá a rá go bhfuil seasamh polaitiúil na ndánta seo ‘as dáta’ anois, agus ba dheacair a shamhlú, dá mairfeadh an Súilleabhánach, nach bhfáilteodh sé roimh an bpróiseas síochána níos iltaobhaí a lean iarrachtaí sin na n-ochtóidí. Ach tuigimid don mhothú atá á nochtadh iontu – an díomá iarchoilíneach faoi ghluaiseacht neamhchríochnaithe na saoirse, atá le léamh ar bhealaí eile ar fhilíocht an Direánaigh, ar phrós an Ríordánaigh, agus a bhí fós láidir i measc ghlúin Uí Shúilleabháin.

Agus sinn ag iarraidh tábhacht fhilíocht pholaitiúil Uí Shúilleabháin a mheas anois, is dóigh liom gurb é an ní is suntasaí ar fad fúithi ná an bua fáistine atá léirithe inti. Tá an oiread céanna le rá ag Ó Súilleabháin faoin bpolaitíocht ghlas, sa chiall éiceolaíochta den fhocal, is atá faoin bpolaitíocht náisiúnaíoch. Is é a mhórbhua mar scríbhneoir polaitiúil ná an chaoi a bhfaca sé agus a léirigh sé an gaol idir an dá rud.

Is gné lárnach dá thuiscint ar an tírghrá an urraim don áit ar leith agus an fheasacht éiceolaíoch, an tÁiteachas a bhí chomh mór sin i gceist ina úrscéal Maeldún. Foilsíodh Maeldún sa bhliain 1972 agus thuig Diarmaid Ó Súilleabháin a raibh ag tarlú timpeall air an uair sin, an scrios a bhí á dhéanamh in ainm na forbartha, agus cead a gcinn á fháil ag na ‘Bailitheoirí’ lena gcuid ‘miosúr agus teodailítí’ agus a ‘dtaibhreamh sítheach – gach uile chearn den iathghlas faoin gcruas coincréiteach’ (Maeldún, 94). Is deacair gan smaoineamh ar na focail sin agus sinn ag breathnú amach ar na láithreacha folmha coincréite atá ina smál anois ar an tír.

Tá spéis mhór á cur na laethanta seo sa rud a dtugann criticeoirí liteartha ‘éicifhilíocht’ air, agus sa chomhthéacs sin tá cáil mhór ar dhán leis an bhfile Baile Átha Cliathach Paula Meehan dar teideal ‘Death of a Field’, dán a chuireann síos ar an bpróiseas trína scriostar gnáthóga ainmhithe agus plandaí nuair a dhéantar suíomh tógála as páirc. Is ag caint ar ‘fhorbairtí’ ré an Tíogair Cheiltigh atá Paula, ach tríocha bliain roimhe sin chonaic Diarmaid Ó Súilleabháin an t-éigean céanna á dhéanamh ar pháirceanna is ar an mbeatha a chothaigh siad, agus scríobh sé faoi leis an bpaisean ba dhual dó sa dán ‘Páirc Mhór Chria’, a chríochnaíonn ar an nóta seo:
Páirc mhór Chria gan luaim gan geamhar,
Gan each ná conairt go ceolmhar pras,
Ná míol is gealchú ag cúrsáil thart,
Ach lasta liath suiminte;
Croí is beith na páirce briste,
Sruth na Beatha eisíonn sí go máthartha
Bainte di go broinneach –
Ríonpháirc eile ar lár. (33)
Is sampla den scoth den éicifhilíocht é an dán ‘Creachadh Coille’ (34) a chuirfeadh an t-amhrán cáiliúil ‘Cill Chais’ i gcuimhne duit, mar atá luaite ag Éamon Ó Ciosáin ina réamhrá leis an leabhar seo. Fearacht ‘Páirc Mhór Chria’ agus ‘Death of a Field’ Meehan, is dán réalaíoch agus réamhfháistineach an dán seo freisin a bhéiceann amach i gcoinne scrios na timpeallachta fisiciúla agus ídiú na héagsúlachta:
Bodhaire éan ann in áit séis na gcianta,
An giorria féin do thréig a thimpeallacht,
Gan cáineadh lae le tíocht na hoíche,
Ó neadacha cág nó préachán piaclach;
Fir gona dtrealamh le hairc ag líonadh,
Ualaí ainnise ina chonnadh don Gheimhreadh,
Díseart liath in áit duillmhá aoibhne,
Mant mór spáis in áit stát na rí-chrann.
Shiúlas inniu coill na Cuimhne
Is chonaic inti maorgacht na laetha ríoga
An dair is an bheith a bhíodh go fial ann,
Is cosa na gréine mar bhainne bó cíche,
Trí cholúin na gcrann de sholas diamhair
An scáildrúcht luigh uirthi de ghrá na hoíche,
Ar leanbh léi líonrach péarlach niamhrach,
Shiúlas inniu coill na gCuimhní
Is ba mhacasamhail í de stair ár dtíre. (34).
Ní smaointeoireacht theibí a bhíonn ar siúl ag Ó Súilleabháin i bhformhór na ndánta, ach cruthú íomhánna a iompraíonn an teachtaireacht láidir shóisialta. Tá fearg agus fíoch an duine a fheiceann an éagothromaíocht agus é scríofa ar dhreach na cathrach le fáil i gcuid mhaith de na dánta sa chnuasach. Tá roinnt de na híomhánna chomh so-aitheanta céanna anois is a bhí nuair a bhí na dánta á gcumadh sna hochtóidí. Aithnímid ar fad an radharc ar chéimeanna oifige sa chathair a chruthaítear sa dán ‘Dhá bhuidéal fíona folamh’, mar shampla:
Dhá bhuidéal fíona folamh
Ar chéimeanna chuig oifig
Úrthógtha ina fathach bríceach di –
Fathach cathrach
Iomad seomra in áras
Millteach an Athar
Chliarlathaigh!
Agus beart beag éadaí
Lae is leapa oíche...
Cinnte níorbh iad
A mhéara siúd a
Láimhseodh na ‘mílte’,
A chuirfeadh damhsa uimhreach
Faoi mhilliúin figiúir-thaoide,
Baincéireacht i gcéin, i gcéin...
Ní dócha gur fhill feallaire na hoíche
Ar na buidéil nó bhíodar folamh folamh. (2).
Cén uair a cumadh an dán sin? Sna hochtóidí, tréimhse a raibh géarchéim eacnamaíoch eile sa tír ach a raibh dlús á chur freisin leis an gcaipitleachas Casino, mar a thug Susan Strange air ina leabhar iomráiteach Casino Capitalism a foilsíodh sa bhliain 1986. Feiceann Ó Súilleabháin gaol idir an t-imeallú sóisialta, an bochtanas agus easpa dídine, agus an córas baincéireachta domhanda, an margadh airgid a fheidhmíonn beag beann ar shaoltaithí an ghnáthphobail.

Tá tréanmhothú ar leith ag roinnt leis an gcnuasach seo, ar ndóigh, mar gur cumadh cuid mhaith den ábhar ann agus an scríbhneoir ag maireachtáil faoi scáth an ghalair, faoi bhagairt an bháis. Níl an sceimhle a bhaineann le saothar an Ríordánaigh le brath ar na dánta, ach tá an léargas is déine is féidir a fháil ar an daonnacht ann, léargas ar bheith an duine faoi scáth an bháis. Tá scata dánta a bhaineann leis an mortlaíocht féin, leis an ospidéalú (más ceadmhach dom friotal Súilleabhánach a chleachtadh), le mionsonraí an chóir leighis a bhí á cur air, le caidreamh othar lena chéile: ‘Ospidéal’ (7-13), ‘Fuil’ (14), ‘Rabhadh’ (16), ‘Is Bocht an Ní mé...’ (17), ‘Imeacht’ (48), mar shampla. Ba dheacair an dán ‘Fuil’ a shárú mar léiriú ar ghaol an duine lena chorp féin, agus ar an gcoimhthiú a tharlaíonn nuair atá a bheatha ag brath ar an Meaisín:
Inniu chonac m’fhuil ag sileadh
De thiúb i bhfeadán gloine,
Sruth dearg silteach,
Ina slabhra gluaiste.
Caise iontach aisteach,
Béal – rua – easa;
Amhail sruthfhuil muice
A shilfeadh de chiumhais boird
An bhúistéara
Isteach i mbuicéad mór na bputóg.
Níor chuala sceonscread
Ná bás-scréach na scine,
Glacadh leis an dtál dearg seo
Go réidh fealsúnach –
Ba bhúistéir ealaíonta é
An Meaisín seo
Ar fearr a fheidhm
Ná easpa duáin! (14)
Tá dán eile a bhaineann leis an Meaisín céanna ar sampla iontach é de ghreann dubh Uí Shúilleabháin. Tugtar le fios gur ar chostas an stáit, an stát céanna a raibh sé chomh criticiúil sin ina thaobh, atá an file á choinneáil ina bheatha:

Na Mairbh

‘Des na mairbh tú anois’ ar sí,
‘Nó maireann tú dar cuisle meaisín’
‘Dá stadfadh Stát as bheith dod’ íoc
Bhainfí ní d’fhola díot,
Stoithfí tiúb is feadán uait
Is cheilfí sruth na beatha romhat
Go grod –
Níorbh ionadh san a mhéid
Do chostas ar an Stát.’
Ba chuma san,
Ach nach raibh fhios aici,
Banaltra na n-éadaí geal’,
Gur fada línte beatha an Stáit
Stoite saor agam. (38)

Tá ilghnéitheacht sa chnuasach filíochta seo agus dánta a sheolfadh léitheoirí ar ais go dtí saothair eile de chuid an tSúilleabhánaigh. Tá dánta coinbhinsiúnta ina measc, dánta mar ‘Duan do Leanbh’ (3) agus ‘In Memoriam’ (18) a chomórann na tairseacha móra i saol an duine agus an teaghlaigh. Mórtar áiteanna ar leith (‘Má Nuad’, 4), daoine ar leith (‘Sagart’, 5), agus mórtar go háirithe tábhacht na muintire (‘An Stáisiún’, 6; ‘Meitheal’, 25-6, ‘Teach Barr Aille’ 27; ‘Mairid na Comharsana’ 28). Filltear ar a chuid foinsí féin i stair agus i dtírdhreach Bhéarra sa dán fada ‘Cúltroid’ (58-61), beathaisnéis laochúil Dhónaill Uí Shúilleabháin Bhéarra lena loinneog dhrámatúil: ‘Caillte i mbroinn dhomhain dhiamhair an Ama,/ Láithrím tú, a Dhónaill Chaim na Staire.’

Tá teacht chun réitigh leis an saol agus leis an mbás i gceist sna dánta deireanacha sa chnuasach, mar is léir ó theideal mar ‘Do Chuireas-sa Díom m’Éad leat, a Dhia (78-9). Is geall le teachtaireacht don chéad ghlúin eile an dán deireanach ar fad, dán a bhfuil cuma níos simplí air ná mar atá ar fhormhór na ndánta sa chnuasach. Cloistear guth teagascach Uí Shúilleabháin anseo, ach is guth séimh anois é, guth an mhúinteora nó guth an athar ag caint i dteanga a thuigfeadh an páiste féin. Ach an oiread leis an Ríordánach a thuig nach mbeadh freagra aige riamh ar na buncheisteanna, gur ‘bás, dar liom fós, freagairt,/ Is beatha fiafraí’ (‘Guí’ in Brosna (1964), 16), is i bhfoirm ceiste atá teachtaireacht an dáin seo á cur abhaile ag Diarmaid Ó Súilleabháin:
Céard sa bhreis a bheadh ionam
Dá mbeinn im Rí?
Rachainn síos....
Rachainn síos....
Céard sa bhreis a bheadh ionam
Dá mbeinn im shaoi?
Rachainn síos....
Rachainn síos....
Céard sa bhreis a bheadh ionam
Dá mbeinn im mhilliúnaí?
Rachainn síos....
Rachainn síos....
Anois go bhfeicim fear lem thaobh
Ní mé cé hé, ní mé cé hé,
Cá bhfios nach strainséir Eile é
A mhair i gcéin a mhair i gcéin.
Is céard sa bhreis É féin?
Céard sa diabhal sa bhreis É féin?
Saoi is Rí is Milliúnaí
Nó taibhsedhuine ba rúnaí
Ar Rí is Saoi is Milliúnaí;
Céard sa bhreis a ghreim?
Céard sa bhreis sa bhreis
A ghreim? (80)
Tá moladh mór ag dul d’eagarthóir an leabhair seo, Seosamh Ó Murchú, a thug aire do na dánta seo thar na blianta agus a d’fhéach chuige go gcuirfí ar fáil go snasta sa leabhar seo iad. Tá réamhrá den scoth curtha leis an leabhar ag Éamon Ó Ciosáin, réamhrá a léiríonn sárthuiscint ar ealaín Uí Shúilleabháin agus a chuireann an leabhar filíochta seo i gcomhthéacs a shaothair ina iomláine. ‘Geit a bhaint as an nGaeilge’ a bhí mar chuspóir ag Ó Súilleabháin sna seánraí éagsúla a chleacht sé. Beifear ag súil go músclóidh foilsiú an leabhair seo spéis as an nua ina thionscnamh liteartha agus go spreagfaidh sé athléamha ar na leabhair cheannródaíocha a d’fhoilsigh sé.

Ag ócáid a sheolta i gClub na Múinteoirí, léigh a gharmhac Muiris Mac Mathúna dhá dhán a roghnaigh sé féin ón saothar, an dán ‘Fuil’ a luaitear thuas, agus an dán ‘Teanga’. Is sna dánta seo is mó a chonaic Muiris a ghaol féin lena sheanathair agus, mar a dúirt sé ar an ócáid, is í an teanga agus an spéis i dteangacha go háirithe an oidhreacht a bhronn Diarmaid air:

Teanga

Ceol cine í Teanga an Duine,
Gléas ársa snasta ’sheinneann poirt,
Uasnóta is íos, fuaimníonn di,
Uain na treise is ansin an cogar croí,
Stoirm staire is arís ciúnas cille,
Sprid a luaimíonn léi thar cam is cor,
A ghnáthaíonn pócaí gleanna ar leataobh,
A shiúlann mórbhealach is conair bheag,
Gaoth í thar dhroim an tsléibhe
Is maireann sí thart ar mhuine is cnoc;
Is teanga é gach bothán is sráidbhaile,
Cinneann a guth Féin na míntíre is na n-oileán,
Éan í dá goib go hearrachúil barr craoibhe,
Tonn í de gháir ar ghreancheol trá,
Leoithne í os íseal ’cheolann coill
Nó anfa trumpach thar leithne má;
Ach is ní eile í fosta beith na Teanga,
Óir inti maireann tús is deireadh ár n-annála,
Friotal sainiúil ’dheighleann sinn go diamhair
Ón bhfimínchultúr a chleachtann lucht na baoithe –
Ding-dang-dang laethúil alfraits an éatair,
Sid í a luach, sid í a páirt go buan.

Cosa Gréine. Diarmaid Ó Súilleabháin.
Coiscéim. Baile Átha Cliath, 2013. €10

Feasta, Lunasa 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais