Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Bhratach

le Art Ó Maolfabhail




‘July the first, on a morning fair in 16 and 90 famous,
King William did his troops prepare to fight the false King Shamus.’
Is ea! Beirt a bhí ag éileamh choróin na Breataine ag tabhairt dúshláin a chéile ar pháirc catha in Éirinn taobh le habhainn na Bóinne. Mar is eol dúinn, is leis an Rí Liam Dúitseach Oráiste a bhí an lá agus comórtar a chaithréim gach bliain ag Oráistigh. An mháirseáil ar an 12ú Iúil atá i gceist. Ar an 12ú lá a troideadh an cath de réir an gnáthfhéilire, féilire a d’fhógair an Pápa Gréagóir XIII i 1582 agus nár ghlac Sasana leis go dtí 1762.

Sa bhliain 1736 rinneadh comóradh ar chath na Bóinne trí oibilisc, a thógáil ar bhruach na Bóinne, cúig chiliméadar (trí mhíle) siar ó Dhroichead Átha. Bhí na focail seo leanas greanta ar bhun an leachta:

Sacred to the glorious memory of King William the Third, who, on the 1st July, 1690, passed the river near this place to attack James the Second at the head of a Popish Army, advantageously posted on the south side of it, and did, on that day, by a single battle, secure to us and to our posterity, our liberty, laws, and religion. In consequence of this action, James the Second left this kingdom and fled to France.

Leacht 52 m (172 troigh) ar airde a bhí ann agus sheas sé ansin go dtí 1923 nuair a séideadh san aer é. Tá caint anois ann ar an oibilisc a atógáil.

Acht Home Rule

In 1886 agus arís in 1891 rinne Rialtas na Breataine iarracht Bille Rialtas Dúchais (Home Rule Bill) d’Éirinn a chur tríd an Pharlaimint. Bhí cur-i-gcoinne láidir ann, go háirithe ag Oráistigh, agus theip ar an dá iarracht. Bunaíodh Comhairle Aontachtaithe Uladh (The Ulster Unionist Council) i 1905 chun an cur-i-gcoinne sin a eagrú go lán-éifeachtach. Conaidhm a lán eagraíochtaí Aontachtacha a bhí sa Chomhairle, agus roimh dheireadh 1905 bhí Sir Edward Carson curtha i gceannas acu. I mBaile Átha Cliath a rugadh Carson (1864-1935) agus i 1905 bhí sé ina Theachta Parlaiminte i Londain, é tofa ag Coláiste na Tríonóide.

Ar an 11 Aibreán 1912 rinne an Rialtas an tríú hiarracht an Bille Rialtas Dúchais a thabhairt isteach. An t-am seo glacadh leis sa Pharlaimint agus bhí sé le teacht i bhfeidhm i 1914. Chuir seo na hOráistigh le báiní. Cumadh ‘Ulster’s Solemn League and Covenant’. Socraíodh ‘Ulster Day’ a chomóradh ar an 28 Meán Fómhair 1912 (ar aithris ‘Empire Day’, 24 Bealtaine agus ‘Dominion Day’, 1 Iúil,). Ar an lá sin, tar éis seirbhísí eaglasta ina ndearnadh comparáid idir cás Uladh agus cás Israeil sa Seantiomna, síníodh an cúnant. Timpeall 500,000 (fir agus mná, cé nach bhfuil luaite sa chúnant féin ach ‘men of Ulster’) a shínigh an ‘Ulster Covenant’ lenar mhóidigh siad go gcuirfeadh siad i gcoinne Home Rule ar gach bealach ina bhféadfaí.

Ar an 13 Eanáir 1913 bunaíodh The Ulster Volunteer Force. Mílíste armtha a bhí san UVF agus eagraíodh ar nós airm é. Bunaíodh campaí traenála, rannóg leighis agus banaltrais, rannóg iompair agus rannóg cumarsáide raidió. Ar feadh na bliana 1913 bhíothas i mbun eagraithe agus traenála. Chuathas a cheannach gunnaí sa Ghearmáin. Chuaigh Carson ar fud Chúige Uladh ag gríosadh na nAontachtaithe. I mí an Mheithimh chaith Carson seachtain ar chamchuairt sa Bhreatain, ó Ghlaschú go Briostó, ag labhairt in aghaidh an Bhille Rialtais Dúchais.

Chorraigh bunú an UVF cúrsaí i measc Náisiúntóirí agus ar an 25 Samhain an bhliain sin, 1913, bunaíodh The Irish Volunteers (Óglaigh na hÉireann) i mBaile Átha Cliath. Ach roimhe sin, i mí Iúil 1913 tharla eachtra ar tugadh mórán poiblíochta dó, cé nach mbíonn mórán tráchta air anois.

Ionradh rúnda

Dé Luain, 28 Iúil 1913, labhair Carson le slua mór den UVF a bhí bailithe i mBaile na hInse i gContae an Dúin. Le linn a aithisc d’inis sé mar a chuaigh sé go luath an mhaidin sin ar chuairt chuig campa chór teachtairí gluaisrothar an UVF, a bhí lonnaithe i dTuíneán i gContae Ard Mhacha. Seo mar a labhair Carson, de réir na tuairisce in The Irish Times, Dé Máirt 29 Iúil, 1913:

I started out at half past three o’clock — in order to pay a surprise visit to the camp of despatch riders, who were out on the other side of Armagh. I got there some time after four o’clock, and I found a most splendid body of trained despatch riders. I also found that just after midnight last night four of their number had gone off to the banks of the Boyne, and we waited until they came back. Right cheerily and lustily did we receive them, and they announced to me that they had placed on the banks of the Boyne a Union Jack and this is what they had placarded under it:—

‘Rebel hands may tear down this flag, but they will never tame the lion hearts of Ulster.’

Lean Carson air ag moladh na heachtra agus na ndaoine a bhí páirteach ann, agus ar sé: ‘I do not know whether it is an offence against the land to plant a Union Jack along the Boyne. I should think probably it is looked upon as a party emblem.’

Mar sin, is go luath maidin Dé Luain, 28 Iúil 1913, a thosnaigh an eachtra seo. Inlíocht mhíleata a bhí ann, bunaithe ar imthoscaí samhlaithe — cogadh a bheith tosnaithe idir Rialtas Náisiúnta na hÉireann agus Rialtas Sealadach Uladh. Tuairiscíodh go raibh fórsa timpeall 20,000 ag máirseáil ó thuaidh chun an Bhóinn a thrasnú agus chun ionradh a dhéanamh ar Chúige Uladh. Ordaíodh do bhuíon den UVF dul láithreach go Droichead Átha: ‘Destroy the bridges and mine the fords: destroy the railway at Drogheda and seize the rolling stock. Hold the enemy until our guns get into action.’ Is de thoradh an ordaithe sin a cuireadh bratach na hAontachta in airde ar an Oibilisc ar an Bhóinn agus a cuireadh postaeir ar dhroichid leis na focail: ‘Captured by Ulster Volunteer Force’.

Tá cuntas an-fhada in The Irish Times ar an gcruinniú i mBaile na hInse faoin teideal ‘Sir Edward Carson’s Campaign’. Tá ocht gceannteideal ar leith go díreach as a chéile leis an gcuntas: Speech at Ballynahinch. / Improvement of the Volunteers. / Despatch riders on the Boyne. / Hoisting of the Union Jack. / A message of Defiance. / The Mistake of the Government. / Confounding the Ulster question with politics. / A battle for King and country. Chuaigh an scéal timpeall an domhain go dtí imeall na hImpireachta Briotanaí. Ar an 10 Meán Fómhair 1913 d’fhoilsigh The Press in Canterbury sa tSéalainn Nua cuntas ar ghabháil na hOibilisce agus ar an gcruinniú i mBaile na hInse. Dúradh go raibh an t-eolas bainte as ‘such serious Unionist journals as The Times, The Daily Telegraph agus The Daily Mail i Londain.

Níor cualathas, ná níor foilsíodh, a thuilleadh i dtaobh ghabháil na hOibilisce agus níl aon fhianaise ghrianghraif ann. Tá míniú simplí ar sin agus tosaíonn an míniú i gCathair Chorcaí.

Baois na hóige

I mí Mheán Fómhair 1912, chláraigh fear óg, John Francis Fullin, do chúrsa innealtóireachta i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí sé tar éis freastail ar scoil na mBráthar Críostaí, an Mhainistir Thuaidh, sa chathair agus bhí scoláireacht Ollscoile gnóite aige ón Chomhairle Contae. Ní fios ar chuir sé suim i gcúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt ach is dócha gur chuir, óir b’Ultach é a athair de bhunadh Chontae Dhoire, a raibh pinsean aige ón Chonstáblacht. Nuair a tháinig laethanta saoire an tsamhraidh i 1913 chuaigh JFF chun tamall a chaitheamh i dteannta a dhearthár, Arthur Fullin, a bhí cúpla bliain níos sine ná é, agus a bhí ag obair ina thuairisceoir nuachtáin i nDroichead Átha, Contae Lú, le The Drogheda Independent.

Maidin Dé Luain, 28 Iúil, d’éirigh an bheirt dearthár go luath chun cuairt a thabhairt ar fhothrach na Mainistreach Móire (Mellifont) atá timpeall deich gciliméadar siar ó Dhroichead Átha. Ar rothair a bhí siad agus ar an mbealach dóibh stad siad ag an Oibilisc agus chonaic siad an bhratach agus na fógraí a chuir an UVF in airde i rith na hoíche. Arsa JFF agus é ag cur síos ar an ócáid: ‘I shinned up and took it down.’ Chuir sé an bhratach agus na páipéir faoina sheaicéad agus lean siad ar aghaidh go dtí fothrach na Mainistreach Móire. Agus iad ag filleadh ar Dhroichead Átha timpeall a hocht a chlog casadh daoine orthu a bhí ag rothaíocht amach as an mbaile d’aonghnó chun an bhratach agus an fógra a bhreathnú. Sin mar a tuigedh don deartháir Arthur, óir d’aithin sé na daoine a casadh orthu, ministéirí Protastúnacha. Toisc nach raibh an scéal sna páipéir go dtí an lá dar gcionn caithfidh go raibh an t-eolas ag na daoine sin ón UVF féin. Dé Sathairn, 2 Lúnasa, bhí eagarfhocal scigiúil in The Drogheda Independent faoin teideal ‘The Second Battle of the Boyne’ inar tugadh ‘schoolboy antics’ ar an eachtra. Thug macléinn ollscoile an bhratach agus an fógra ar ais go Corcaigh.

Iarmhír

Bliain ar aghaidh ón am sin cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Mór. I mí na Samhna 1914 tosnaíodh ar earcú don arm i gCorcaigh. I Halla na Cathrach, agus an tArd-Mhéara sa chathaoir, labhair oifigeach ó Fhiúsailéirí Muimhneacha an Rí (The Royal Munster Fusiliers) faoi stair na mBriogáidí Éireannacha’ (‘Irish Brigades’). Cuireadh postaeir in airde ar fud Chorcaí leis an Union Jack orthu agus na focail ‘Come and fight for your flag’. I mí na Feabhra 1915 thug Fear Ionaid an Rí, Lord Aberdeen, cuairt oifigiúil ar Choláiste Ollscoile Chorcaí agus i mí Mhárta cuireadh bonn láidir oifigiúil faoin earcú. Ar an chúigiú lá Márta eagraíodh ócáid cheiliúrtha i gCathair Chorcaí do Michael O’Leary ó Mhaigh Chromtha, ar bronnadh Crois Victoria air de bharr a ghaisce sa chogadh. Agus an lá céanna tionóladh cruinniú san Óstán Imperial ‘to consider the question of inaugurating a Recruiting Committee of prominent business and professional men and residents of the county to assist in obtaining a steady and regular flow of recruits.’ Ard-Fheidhmeannaigh Impireachta a thionscnaigh an cruinniú sin .i. Ard-Sirriam an Chontae, Ard-Sirriam na Cathrach, agus Ard-Mhéara na Cathrach. Ní nach ionadh bunaíodh an Committee. Ansin, mar aon le forlíonadh Lá le Pádraig 1915 The Weekly Freeman, dáileadh an pictiúr clúiteach ‘Rescue of the Nuns of Ypres by the Munster Fusiliers’. Treisíodh leis an tathaint chun liostáil san arm agus ‘poor little Catholic Belgium’ a chosaint.

De réir Gazette Choláiste Ollscoile Chorcaí, Meitheamh 1915, agus gan a chúrsa innealtóireachta críochnaithe aige, bhí John Francis Fullin ‘on active service’. Is dócha go gciallaíonn sin go raibh tuarastal éigin á fháil aige ón Arm. Bhí a athair i bhfiacha agus níor leor scoláireacht Chomhairle Contae chun mac léinn a choimeád ar an Ollscoil. Chaith JFF an samhradh sin ar champa traenála míleata Moore Park i gCill Úird gar do Mhainistir Fhear Maí, Contae Chorcaí. Ó mhí Dheireadh Fómhair 1915 is i Sasana, in Berkhamsted, Hertfordshire, gar do Londain, a rinne John Francis Fullin a thraenáil. I mí Lúnasa 1916 coimisiúnaíodh ina oifigeach é i bhFiúsailéirí Muimhneacha an Rí.

Bliain go leith breise a bhí i ndán dó ar an saol seo. Níor fhan JFF leis an ordú clúiteach ‘to the last man’ a d’eisigh Ceannaire an Airm, Sir Douglas Haig ar 11 Aibreán 1918. Trí sheachtain roimh an ordú sin, ar 22 Márta 1918, maraíodh Second Lieutenant John Francis Fullin i dtuaisceart na Fraince. Chaomhnaigh a thuismitheoirí trí cinn de theastais sheamrógacha a bronnadh air in ainm ‘The Irish Brigade’, mar aon le crois mhiotail a bhronn Rí Shasana air. Ní bhfuarthas an corp riamh.

Feasta, Meán Fómhair 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais