Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Tarcaisne i gceann na hÉagóra! - -

Tá an méid sin déanta. Tá an tréimhse chomhairliúcháin agus an t-idirphlé maidir le córas nua maoinithe do na heagrais Ghaeilge thart. Ó mhí Iúil na bliana seo chugainn beidh córas nua bunmhaoinithe i bhfeidhm do sé cheann-eagraíocht a bheidh freagrach as Gaeloideachas, oideachas in earnáil an Bhéarla, forbairt pobail, deiseanna leis an Ghaeilge a úsáid, ardú feasachta agus deiseanna do dhaoine óga maidir le húsáid na teanga.

D’fhógair Foras na Gaeilge, a bheartaigh an cur chuige nua seo, bíodh gurb í an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas a ghlac an cinneadh, go bhfuil deireadh anois leis an éiginnteacht, an imní, agus an míshuaimhneas a bhí ag goilliúint ar na heagrais agus ar phobal na Gaeilge le cúig bliana anuas. Dá mb’amhlaidh go mbeadh sé sin fíor! I ndáiríre, tá curtha go mór leis an míshuaimhneas agus leis an imní. Murab é ag cur an tarcaisne i gceann na héagóra go díreach atá i gceist, tá lúcháir an Fhorais míchuí sa chás seo.

Tar éis a bhfuil de bhlianta caite ag ionramhaíl leis an gceist is beag de dhifear idir a bhfuil beartaithe anois agus a bhí an chéad lá riamh, agus nuair a deir an Foras ina bpreasráiteas ‘go gcaithfidh muid ar fad obair go dlúth le chéile le cinneadh an CATT a chur i bhfeidhm’, níl sé éasca gan a mheas gurb é atá ann, i ndáiríre, an Foras na Gaeilge ag cur a dtoil i bhfeidhm ar na heagrais dheonacha, ag cur in iúl dóibh gur de réir mar a threoraítear dóibh a fheidhmeoidh siad feasta.

Ar ndóigh tá na gnáthghothaí i gceist. Beidh comhpháirtíocht agus comhoibriú ann i gcónaí idir an Foras agus na ceann-eagraíochtaí, agus bunófar Fóram Comhpháirtíochta chun é sin a thabhairt i gcrích. Murab amhlaidh nár leor aon fhóram amháin beidh an dara ceann ann, Fóram Forbartha Teanga, chun freastal ar an gcéad cheann — ‘aischothú’ an téarma a úsáidtear. Grúpaí agus eagrais phobail atá maoinithe ag an bhForas a bheidh páirteach ann. Cé hiad féin?

Rithfeadh le duine réasúnta gur ag cur leis an maorlathas atáthar anseo in áit a bheith á laghdú, mar a fhéadfaí a bheith ag súil leis. Ach thar aon ní is deacair a shamhlú conas a fhéadfadh na heagrais dheonacha a ndea-thoil a léiriú maidir lena bhfuil i gceist, nó go mbeadh ar a gcumas glacadh leis go mbeidh leas na teanga mar thoradh air.

Tá a n-imní curtha in iúl cheana féin ag cuid de na heagrais. Tá cuid eile díobh nár léirigh a dtuairimí go fóill. Níorbh ionadh dóibh a bheith cáiréiseach, nó go mbeadh a n-aird dírithe ar cad a bheadh ar a gcumas a tharrtháil as an smionagar.

Feasta, Lunasa 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo