Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Scúip Nuachta, Comhairleoirí agus Polaiteoirí
le Seán Ó Loingsigh


Agus an bhfuil aon mhéadú tagtha ar scaipeadh an Irish Independent de thoradh an scúip seo?

——◊——

Mí ó shin anseo bhíothas ag plé an ghné sin den pholaitíocht a luaitear ‘an stróc’ leis, go háirithe anseo in Éirinn. Ní mór ná gurb é a chomhionann i saol na meán cumarsáide ná ‘an scúp’. Ní hionann agus an stróc, ar ndóigh, ní in Éirinn amháin a bhíonn tuairisceoirí agus iriseoirí ag faire amach don scúp. Níl tír sa domhan nach mbíonn lucht nuachtán ag tnúth leis. I laethanta seo na gannchúise, nuair atá nuachtáin faoi bhrú, agus an díolachán ag titim, is mó fáilte ná riamh a bhíonn roimh an scúp nuair a thagann sé an treo.

Ná bítear in aon amhras, mar sin, faoi na sceitimíní i measc lucht nuachta an Irish Independent nuair a fuair siad greim ar an scéal faoi na téipeanna iomráiteacha a léirigh ardfheidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannaigh ag comhrá ina measc féin díreach sula ndeachaigh banc an droch-chlú tóin thar ceann. Agus, ar ndóigh, bhain gairbhe agus míchuibheas na cainte geit as an lucht éisteachta. Ach nár chuir sé go mór le drámatacht an scéil!

Ach céard é an tábhacht a bhaineann leis na téipeanna i ndáiríre? Is ar éigean go gcuireann siad mórán lena bhfuil ar eolas againn cheana féin faoinar tharla do bhainc na tíre seo. Is cinnte go dtugann siad chun cuimhne arís an géarcháineadh a rinne iar-ambasadóir na Gearmáine ar mhuintir na hÉireann roinnt bheag blianta ó shin, nuair a dúirt sé go raibh ár gcuibheas agus ár ndínit mar phobal á gcailliúint againn, go raibh an baol ann go raibh an rachmas tobann tar éis dul i bhfeidhm orainn agus nach go rómhaith a bhíomar in ann é iompar. Ní nach ionadh, níor thaitin a raibh le rá ag an iar-ambasadóir linn: ach an raibh an ceart aige?

Ceist eile a éiríonn maidir leis ná téipeanna, lena bhfoilsiú thar tréimhse seachtaine, agus thar aon ní lena gcraobhscaoileadh ar na haerbhealaí, ná an dochar a rinne siad do stádas na tíre seo go hidirnáisiúnta. Is eol do chách chomh mór agus atáimid ag brath ar dhea-thoil, agus thar aon ní, ar iasachtaí, go háirithe ón Aontas Eorpach faoi láthair. An raibh sé riachtanach i ndáiríre a raibh le rá ag an daoscar sin sa Bhanc Angla-Éireannach faoin nGearmáin, agus an maslú a deineadh ar a hamhrán náisiúnta a ligean amach ar an aer, nuair ba léir an dochar a leanfadh dá bharr. Is cinnte nár chuir craoladh na dtéipeanna le pé dea-thoil atá fágtha dúinn san Eoraip, agus go háirithe sa Ghearmáin féin.

Is eol dúinn freagra na ceiste sin. Ní ghlacann na meáin, pé acu an iad na meáin chlóite nó na meáin chraolta iad, le haon teora nó aon laincis maidir le ceart an phobail go mbeadh an t-eolas iomlán ar fáil dóibh. Ceart dosháraithe eile, ar ndóigh, is ea ceart na meán gan foinse an eolais a thabhairt agus, gan amhras, bheadh an ceart sin i gceist sa chás seo chomh maith céanna. Thuigfí, ar ndóigh, go seasfadh na meáin chumarsáide go daingean leis na cearta seo. Tar éis an tsaoil, i gcoitinne, ní shéantar dóibh ach i gcás gur deachtóir a bhíonn i gceannas.

Gan amhras, ní luann lucht nuachtán ná craoltóirí go mbíonn a leas tráchtála go mór i gceist, go mór mór na laethanta seo nuair atá deacrachtaí díolacháin ag cur as do go leor nuachtán. Sin go díreach an áit a dtagann an scúp i gceist. Arís, má theastaigh an bhéim ba mhó a b’fhéidir a leagan ar an scéal mór seo, bhí sé riachtanach an é a ligean amach go hamh, drochchaint agus maslacht agus dá mhéid díobh araon sea a b’fhearr, pé an ar nuachtán é, nó ar raidió nó teilifís.

Ach bheadh sé suimiúil a fháil amach ar rinne an Irish Independent aon teagmháil leis an rialtas sular foilsíodh an scéal seo, mar is cinnte gur léir dóibh go raibh leas na tíre agus ár gcaidreamh le tíortha Eorpacha, go háirithe leis an nGearmáin, bainteach leis an scéal agus go raibh ár ndea-chaidreamh leis na tíortha san á chur i mbaol.

Is ceist chasta agus leochailleach í seo, is léir. Focal is ea ‘trédhearcacht’ atá go mór in úsáid, agus bíonn míle murdar ann má chuirtear isteach ná amach ar chearta an phreasa pé scéala is rogha leo a fhoilsiú.

An bhfuil suim caillte ann cheana féin, agus gan i gceist leis anois ach iarsma eile de thubaist na mbanc? Agus an bhfuil aon mhéadú tagtha ar scaipeadh an Irish Independent de thoradh an scúip seo?
——◊——

Ní bheadh a lán daoine sa tír seo a mbeadh suim sa pholaitíocht acu nach mbeadh cuimhne ghlé acu ar chlár teilifíse ar BBC Shasana siar amach in ochtóidí an chéid seo caite. Bhí dhá shraith i gceist, i ndáiríre, ‘Yes Minister’ an chéad cheann agus an dara ceann ‘Yes Prime Minister’, nuair a deineadh príomhaire gan choinne den Aire Góthaí Riaracháin Jim Hacker.

Clár aoire a bhí i gceist go bunúsach, a bhain leis an gcoimhlint leanúnach idir pholaiteoirí agus ard-státseirbhísigh. Ba ghnách, ar ndóigh, an lámh in uachtar ag Sir Humphrey, Rúnaí Buan na Roinne. Bhí seantaithí aige ar pholaiteoirí, agus ar an gcóras polaitíochta agus ar an gcóras riaracháin araon, ná níorbh é Jim an polaiteoir b’éirimiúla a tháinig riamh an treo ach oiread.

Bhí an triú carachtar ann, áfach, a bhfuil níos mó tábhachta leis maidir lena bhfuil i gceist anseo. Ba é Bernard an rúnaí pearsanta a bhí ag Jim Hacker. Ba ghnáth-státseirbhíseach é Bernard, agus go leor tuisceana aige ar mheon agus ar mhodhanna oibre na hinstitiúide sin. Ba léir gur éirigh sé ceanúil ar an aire, agus ba mhinic é ag tabhairt nod dó conas an poll a bhí Sir Humphrey ag tochailt dó a sheachaint.

Ach séard atá suntasach anois ná gurbh é Bernard an t-aon rúnaí a bhí aige, ní hamháin chun obair rúnaíochta a dhéanamh agus na comhaid a choinneáil in ord dó, agus a leithéid eile, ach ba mhinic é ag brath air chun comhairle a chur air. Ní heol dom an mar sin atá sa Bhreatain fós, ach b’ionadh é mura bhfuil sé athraithe.

Is cinnte go bhfuil sé athraithe ó bhun barr anseo in Éirinn, cé go mbíodh an córas anseo ar aon dul leis an gcóras sa Bhreatain nuair a bhí Jim Hacker ina aire nó ina phríomhaire. Bheadh an t-aire ag brath, beagnach go huile, ar státseirbhíseach a cheapfaí mar rúnaí dó.

Féach inniu conas mar atá cúigear nó seisear cúntóirí, nó comhairleoirí, nó rúnaithe príobháideacha ag freastal ar an Aire, nó ar an Aire Stáit, chun comhairle a sholáthar dó maidir le gach gné dá chuid oibre. Is cosúil gur cuid mhór dá gcúram é, ní hamháin faisnéis a sholáthar don Aire, ach chomh maith céanna conas déileáil leis na ceisteanna nó ócáidí achrannacha polaitiúla a éiríonn ó lá go lá, agus i gcónaí aon mhífhabhar don Aire a sheachaint nó a chur ó dhoras.

Roinnt míonna ó shin deineadh tagairt anseo do chlár teilifíse a rinne RTÉ, a léirigh go beacht conas mar a fheidhmigh oifig an Aire Oideachais Ruairí Quinn go háirithe, i gcomhpháirt lena chúntóirí príobháideacha. Mar a dúradh ag an am séard, a rithfeadh leat ná gur ceann de phríomhdhualgais na gcúntóirí ná loinnir a choinneáil le híomhá an Aire.

Ach, i ndáiríre, séard is mó imní ná an chumhacht an-mhór atá anois ag na cúntóirí agus na comhairleoirí speisialta. Is minic cúlbhinseoirí, ó thaobh an rialtais go háirithe, ag gearán faoina laghad tionchair atá acu ar conas mar a fheidhmíonn an rialtas. Go deimhin, is gearán é a deintear faoin Dáil i gcoitinne. An bhfuil cuid mhór den chumhacht sin anois i lámhaibh an dreama nua seo? An mbaineann dainséar leis sin?

I gcás na gnáth-státseirbhíse is féidir a bheith cinnte nach aon mhórfháilte atá acu roimh an aicme nua seo. Mura bhfuil díothú déanta ar a gcumhacht, is cinnte go bhfuil laghdú déanta air, cé go mba mhantra acu gur faoi threoir an Aire a bhí siad ag feidhmiú. Déarfadh Sir Humphrey a mhalairt leo, ach bhí sé siúd sároilte i láimhseáil na cumhachta!

Níl cuimhin liom cén rialtas a bhí i gceannas nuair a ceapadh an dream nua seo an chéad lá, ach ritheann sé liom gur Fianna Fáil a bhí i gceist — Bertie Ahern, b’fhéidir? Ach, ar ndóigh, tá a líon agus a gcostas méadaithe as cuimse ó shin.

Feasta, Lunasa 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais