Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Teacht Abhaile
Gearrscéal le Frainc Ó Murchadha
‘Cad ’tá uait?’ a d’fhiafraigh Learaí i ndeireadh báire.
‘Faic,’ ar sise, agus bhíodar ina dtost arís.
Bhuail Úna cnag ar dhoras an árasáin. Bhí an áit dulta in ainnise ón uair dheireanach ar leag sise súil uirthi. Bhí screamh salachair tagtha ar gach aon ní, urlár, fallaí, agus dóirse na n-árasán síos amach feadh an dorchla. B’éigean di bualadh arís agus arís eile, ach níor tháinig aon duine amach chuici. Osclaíodh an t-árasán béal dorais agus chuir seanbhean liath a ceann amach.
‘Níl sé ann,’ arsa an bhean.
‘An ar Learaí Ó Danachair atáir ag caint?’ arsa Úna.
‘Is é gan dabht. Cé eile? Tá sé ina chónaí ansiúd le tríocha bliain ar a laghad. Tá aithne mhaith agam air.’
‘Go raibh maith agat,’ arsa Úna. ‘Cá mbeadh sé anois, an dóigh leat?’
‘Sa Plough and Harrow is dóichí.’
——◊——
Ní raibh ach triúr sa bheár nuair a chuaigh Úna isteach, an freastalaí taobh thiar den chuntar, é ag snasadh gloiní, fear ina shuí ag an gcuntar, spéaclaí air, é ag léamh páipéir, agus fear eile ag bord cois an bhalla, leathphionta beorach ar an mbord ar a aghaidh amach. Chas an freastalaí agus an fear ag an gcuntar timpeall agus d’fhéach le fiosracht ar an mbean mheasúil ghalánta a shiúil isteach chucu chomh luath sin ar maidin.
‘Sea, a bhean uasail?’ arsa an freastalaí.
‘Seiris, le do thoil,’ arsa Úna, ‘agus tabhair chugam ansin é.’ Dhírigh a méar i dtreo fhear an leathphionta.
Murach go ndúirt an bhean ag an árasán go mbeadh Learaí sa tábhairne sin, ní aithneodh Úna in aon chor é. Bhí sé chomh liath le broc, a aghaidh dearg tromghnúiseach agus colg feasóige léithe ar a smig agus a ghiall. Nuair a shuigh Úna síos taobh leis, d’fhéach sé uirthi as súile marbhánta, gan de bheocht iontu ach spréach faon fiosrachta faoin mbean dóighiúil, dea-ghléasta a tháinig anall chun suí síos in aice leis.
Lean Learaí air ag stánadh uirthi, an bheirt acu ina dtost. Tháinig fear an bheáir chucu agus d’fhág an ghloine sheirise os comhair na mná.
‘Aon rud eile uaibh?’ ar seisean.
‘Sin uile go fóill,’ arsa Úna.
Thóg Learaí a ghloine féin agus d’ól bolgam as. Chuir síos arís é ar an mbord agus chuimil cúl a láimhe dá bhéal. D’fhéach sé arís ar an mbean, ag tabhairt le fios, b’fhéidir, go raibh glactha aige leis go raibh sí ann, agus go raibh lánchead aici bheith i láthair dá mba é sin ab áil léi. Thóg Úna blaiseadh dá deoch féin, agus leag an ghloine thar n-ais ar an mbord. D’fhan sí ag féachaint idir an dá shúil ar Learaí.
‘Cad tá uait?’ d’fhiafraigh Learaí i ndeireadh báire.
‘Faic,’ ar sise, agus bhíodar ina dtost arís.
‘Ní aithníonn tú in aon chor mé,’ ar sise ar ball.
D’fhéach Learaí arís uirthi. ‘Aithním,’ ar seisean. ‘D’aithníos tú nuair a shiúil tú an doras isteach. Ach chuireas ceist ort anois díreach, agus ní raibh de chuirtéis agat freagra a thabhairt orm go fóill.
‘Gabh mo leithscéal,’ ar sise. ‘Cén cheist í?’
‘Cad tá uait?’
Chaith sí tamall ag smaoineamh sular labhair sí: ‘Tá sé deacair orm a rá cad atá uaim seachas go mba mhaith liom fóirithint ort.’
‘Cén fáth in ainm an diabhail go dtiocfása chun fóirithinte ormsa?’
‘Mar gur thréigeas tú agus gur thugas cúl láimhe duit an uair úd fadó. Tá súil agam gur féidir leat é a mhaitheamh dom.’
‘B’in saol eile,’ arsa Learaí. ‘Tá an saol glórmhar nua seo faoi lán seoil agus níl aon bhaint ag maithiúnas leis. D’imríomar an cluiche leis na cártaí a roinneadh orainn. Fágaimis ann é.’
‘An ceart agat,’ arsa Úna, ‘Bhí sé de cheart againn seasamh suas go daingean i gcoinne na Ridirí sin, Ridirí Naomh Lachtaoin, a chuir an ruaig orainn.’
‘Ha!’ arsa Learaí. ‘An raibh rogha eile againn: mise pósta le bean eile agus páiste againn. Ní fhéadfadh Ridirí úd Naomh Lachtaoin an rud a choimeád ina rún. Bheadh an sagart bradach sin, nó duine éigin eile acu, ag maíomh as gur chuireadar an ruaig orainn agus gur shlánaíodar aeráid mhoráltachta an bhaile mhóir.’
‘Tá a fhios agam go raibh sé ró-dhéanach an uair sin aon rud eile a dhéanamh ach éalú ón áit. Roimhe sin, áfach, bhí sé de cheart agamsa gan géilleadh duit agus gan bheith ag suirí leat mar a bhí.’
D’ardaigh Learaí a ghloine agus chaith siar an bheoir in aon iarracht slogaireachta amháin.
‘Is seanscéal anois é,’ arsa Learaí, ‘é glanta leis cosúil leis an sneachta a thit ar an tsráid sin amuigh anuraidh. Cén fáth go bhfuilirse ag iarraidh é a tharraingt aníos anois. Cad a déarfaidh an fear céile sin agatsa faoi, an t-Uasal Alastair B. Ó Máille de Fréine.’
‘Tá Aileics caillte. Fear ionraic cineálta a chaith go maith liomsa i gcónaí agus a d’fhág go maith as mé.’
‘Mo leithscéal. Ní raibh a fhios agam é bheith caillte.’
‘Tuigim. Ach mar a bhíos ag rá, d’fhág sé go maith as mé agus b’fhéidir go bhfuil an chaoi agam anois an éagóir a deineadh a chúiteamh leat.’
‘Níl do chuid airgid ag teastáil uaim, agus go háirithe airgead de Fréine. Seag leat abhaile agus fág faoi shíth agus faoi shuaimhneas mé. Ní mhairfidh mé ró-fhada eile ar aon nós. Deirtear liom go bhfuil croí creathánach ionam nó máchail éigin damanta dá shórt.’
‘Chreidfinn sin,’ arsa Úna. ‘Ní gá dom ach féachaint ort. Ach nár mhaith leat an seanbhaile a fheiscint arís agus tamall a chaitheamh ann?’
‘Léan ort, a bhitsigh! Tánn tú ag magadh fúm.’
‘Tóg bog é, a Learaí, a chara dhílis. Nílim ag magadh fút. Ar a laghad lig dom an beart, atá ar intinn agam a dhéanamh duit, a chur faoi do bhráid.’
Bhí Learaí ciúin ar feadh tamaill, faoi mar a bheadh sé ag iarraidh a thuiscint cén fáth go mbeadh sí chun beart a dhéanamh a mbeadh aon bhaint aige féin leis.
‘Beart a theastaíonn uait a dhéanamh dom?’ d’fhiafraigh sé. ‘Cé d’iarr ort aon bheart a dhéanamh ar mo shon-sa. Abair liom go fírinneach, a Shoilse, cad é an fuadar seo mór-aigeantachta atá fút.’
‘Gean a bheith agam ort, a chara. Nach dtuigeann tú an méid sin? Nuair a chuala go raibh tú in aimléis bhuail an fonn do-scaoilte seo mé chun teacht i gcabhair ort.’
Bhuail Learaí an ghloine fholamh ar an mbord cúpla uair. D’fhéach sé i dtreo an chuntair agus d’ardaigh sé an ghloine.
‘OK,’ arsa fear an bheáir, agus thug sé gloine eile bheorach agus gloine sheirise chucu.
‘Agus nach bhfeiceann tú anois nach bhfuilim in aon chor in aimléis?’ arsa Learaí, agus d’ól sé bolgam den bheoir.
‘Feicim a mhalairt. Feicim go bhfuilir.’
‘Tá breall ort!’
‘D’fhéadfá a rá gur rud é a chuir an sagart óg sin i mo cheann leis an gcuntas ort a chuir sé chugam. Ach tá dóthain feicthe agam ar an turas seo chun é a dhearbhú.’
‘Cad atá feicthe agat ar an dturas seo?’
‘Bhuel, ar an gcéad dul síos, chím an timpeallacht ina gcaitheann tú do shaol.’
‘Cad tá cearr leis an timpeallacht?’
‘Nuair a chaitheamairne beirt an tréimhse ghearr san áraslann amuigh ansin bhí an áit chomh glan, chomh néata, chomh beacht go mbeifeá bródúil as. Ach maidin inniu dóbair nár thit mé i laige leis an mbréantas, an boladh, an salachar a bhí romham.’
‘OK, OK! Ach cad fúm féin? Táim in aimléis, a deirir. Cad a thugann ort é sin a rá fúm?’
‘Féach ort féin. Anseo i bpróichín tábhairne roimh a haondéag ar maidin, agus tú ar bogmheisce cheana féin. De réir gach dealraimh tá do shaol ar fad á chaitheamh agat ar an tslí sin.’
‘Agus cá bhfios duit nach mar sin a b’fhearr liom í?’
‘Dia is Muire linn, a Learaí. Níl cara sa saol agat. Ní bhíonn le feiscint agat ó mhaidin go hoíche ach ballaí broghacha na pluaise seo, i do shuí ansin agus d’intinn agus d’anam trangláilte ag deoch.’
‘Is maith liom é, a deirim leat.’
‘Ach an maith duit é?’
‘Níl a fhios agatsa, ar aon nós, pé acu ar mhaith nó nár mhaith.’
‘Ach feicim a bhfeicim, a Learaí. Tánn tú i ndroch-chaoi.’
‘Ní chuireann éinne isteach ná amach orm san áit seo,’ arsa Learaí. ‘Tá teas ann agus compord. Bheinn as mo mheabhair dá mbeinn ag tnúth le dul abhaile go dtí An Mhaoilinn.’
‘An fíor sin, a Learaí, nó an amhlaidh nach bhfuil aon dul as agat ach glacadh leis mar bheadh náire agus ceann faoi ort dá ndéanfá turas thar n-ais chun an bhaile?’
Níor labhair Learaí ar feadh tamaill.
‘An ceart agat b’fhéidir,’ ar seisean ar ball. ‘Aon uair a chuimhnínn ar thuras a thabhairt abhaile shamhlaínn Joe Ó Riordáin nó Eoghan De Nógla agus iad ag síneadh méire fúm agus ag screadach amach, “An leannán laochta a scinn tríd an mbaile agus a bhríste i lár crainn aige!” Rud éigin gáirsiúil agus maslach den sórt sin. Bhfuilid siúd fós ann?’
‘Tá an Riordánach caillte, ach tá de Nógla fós ann. Tá dearmad déanta ar an eachtra úd againne fadó. Aon mhagadh a bhí le déanamh, deineadh fúmsa é nuair a chuaigh mé abhaile, agus níor mhór le rá an méid sin féin.’
‘Fág sa diabhal an t-am atá caite. Abair liom cad a thug i leith tú agus ansin bí ag seagáil leat abhaile.’
‘Dúras leat gur fhág Aileics go maith as mé. Is liomsa an-chuid sealúchais sa bhaile mór anois. Is liom tábhairne do mhuintire. Tá dhá árasán ar an dá urlár os cionn an bheáir sa tigh sin. Tabharfaidh mé na hárasáin sin duit ar feadh do shaoil agus an deoch a ólfair sa bheár thíos staighre saor in aisce.’
Dhein Learaí gáire. ‘Táir ag iarraidh mé a mharú,’ ar seisean.
‘Tá jab maith á dhéanamh agat féin den ghnó sin. Ní theastaíonn uaim ach go mbeadh compord agat agus taitneamh le baint as an saol agat as seo amach.’
Bhí Learaí ina thost faoi mar ar buaileadh balbh é. Tar éis tamaill leath gealgháire ar a aghaidh. Tháinig lasair ina shúile.
‘Nílir ag magadh fúm?’ ar seisean.
‘Táim lándáiríre.’
——◊——
Cén fáth gur sa traein atáimid ag taisteal?’ a d’fhiafraigh Learaí. ‘Mheasas nár mheáigh an costas brobh ag bean shaibhir mar tú féin.’
‘Níl eitleán ag dul ó dheas a thuilleadh,’ arsa Úna. ‘Níl againn ach an traein nó carr, agus tá an traein i bhfad níos tapúla agus níos cluthaire.’
‘Ba chóir go mbeimis cóngarach don mbaile anois,’ arsa Learaí. ‘Ghabhamar thar Bhaile na Manach tamaillín ó shin.’
‘Ní bheimid i bhfad eile. Ach tóg breá bog é, a Learaí. Tá sceitimíní ort ón uair a d’fhágamar stáisiún Luimnigh. Beidh An Mhaoilinn fós ann nuair a thiocfaimid air i gceann cúig nóiméad nó mar sin.’
‘Is furasta duitse é sin a rá. Tá do shaol ar fad caite agatsa ann,’ arsa Learaí, ‘agus níl aon tuiscint agat ar conas mar a bheadh ag deoraí ag filleadh.’
Shleamhnaigh an traein ar aghaidh, ghabh go mall timpeall ar lúb fhada a thug isteach í ar stráice fada díreach ag dul isteach taobh leis an ardán ag stáisiún Na Maoilinne. Bhí na cnoic ar an taobh thiar den bhaile le feiscint don chéad uair.
Léim Learaí ina sheasamh agus bhí ag stánadh ar na cnoic. Thosaigh ag liú amach in ard a ghutha, ‘Dia is Muire linn go léir,’ ar seisean, ‘Féach Cnoc an Bhearnais. Tá sé ann i gcónaí. Níl aon athrú air.’
Bhí na paisinéirí eile ag féachaint air le hionadh. Sheas Úna agus leag lámh ar a ghualainn.
‘Tóg bog é, a Learaí,’ ar sise. ‘Beidh sé ann tamall eile agus is féidir leat lán do shúl a bhaint as aon uair is mian leat.’
D’fhéach Learaí uirthi agus shuigh síos. D’fhan sé ann, a bhéal ar leathadh agus a shúile ag stánadh ar an gcnoc.
Bhí sé fós ann nuair a osclaíodh doras na traenach ag an ardán. Níor bhog sé fiú nuair a tháinig Róisín, iníon Úna, chucu agus í ag screadach, ‘Fáilte romhat, a Mham!’
Phóg an bheirt bhan a chéile. D’fhéach Róisín ar an bhfear a bhí fós ina shuí, ag stánadh ar na cnoic agus a bhéal ar leathadh le hiontas nó le háthas.
‘An é sin é?’ a d’fhiafraigh Róisín dá máthair, ag labhairt go híseal i dtreo nach gcloisfeadh sé í.
‘Is é.’
‘Cad air atá sé ag stánadh?’
‘Ar Chnoc an Bhearnais.’
‘Cén fáth in ainm Dé?’
‘Mar nach bhfaca sé le breis is tríocha bliain é,’ arsa Úna. Chas sí i dtreo Learaí.
‘Learaí, seo m’iníon Róisín,’ ar sise.
Níor bhog Learaí, ach d’fhan mar a bhí, a bhéal ar leathadh agus é ag stánadh i gcónaí ar an gcnoc.
Chuaigh Úna anonn chuige agus thóg a lámh. Chuir sí cogar éigin ina chluais. Ansin chúb sí siar uaidh de gheit. Chuaigh thar n-ais chuige arís agus leag lámh ar a chlár éadain. D’fhan sí tamall maith ag féachaint anuas air. Ansin, lena hordóg, tharraing anuas fabhraí a shúl. Chas sí timpeall agus thug aghaidh ar a hiníon. Chonaic Róisín na deora ag glioscarnach i súile a máthar.
Feasta, Márta 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|