Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Roinn na Leabhar Athláimhe

le Liam Prút




Tá beagán leabhar agam a fuaireas i siopa leabhar athláimhe. Ceann acu is ea cnuasach dánta le Penelope Shuttle, The Child-Stealer. Is deacair cnuasach tanaí mar sin a fhágáil i do dhiaidh le linn póirseála, go háirithe nuair is cuid suntais an teidealdán ina léitear os ard:
Late at night, doors and windows
fly open to let her in.
Lilith, the child-stealer.
Ón Oxford University Press (1983) a tháinig an saothar óigeanta seo a mothaímid anois gur do ré aislingiúil neamhurchóideach a fhreagraíonn sé agus gan téarma Gaeilge fós ag Ó Dónaill sa bhliain 1977 ar paedophilia—
Panics may still trouble us,
the archaelogy of our own past,
but we are pursuing that too-knowing adult dark
with the fires and lamps of innocence.
+(‘The Children’ lch. 61).
Leabhar athláimhe eile a casadh im líonta ab ea The Cry of the Dreamer and Other Poems le John Boyle O’Reilly, file binn agus iriseoir gradamach a mhair idir na blianta 1844 agus 1890, agus tírghráthóir nár deineadh iarracht ar bith fós sa Stát seo leis an gcomhar a dhíol leis féin ná lena shliocht. Chuaigh sé ag obair ar an Boston Pilot sa bhliain 1870 tar éis dó éalú as príosún Fíníní in Iarthar na hAstráile sa bhliain 1869.

Thug John F. Kennedy ómós dó ar a chuairt ar Éirinn sa bhliain 1963 nuair a luaigh sé an leathrann leis dar teideal ‘Distance’: The world is large, when its weary leagues two hearts divide / But the world is small, when your enemy is loose on the other side.

B’as Caisleán Dubhaidh (Dowth) i gcontae na Mí dó agus oileadh sa chlóchuradóireacht é in Éirinn agus i bPreston Shasana. Casadh John Devoy air agus liostáil sé sna Tenth Hussars ar mhaithe le saighdiúirí a earcú do na Fíníní. Ach nuair a rugadh air á dhéanamh sin gabhadh é, agus chaith sé tréimhsí i mórán príosún i mBaile Átha Cliath agus sa Bhreatain go dtí gur cuireadh chun na hAstráile é sa long pianseirbhíse Hougoumont.

Is minic a rithfeadh sé le duine nach mbeidh aon bhreith againne, clann na saoirse in Éirinn, ar a héirim dhual a bhaint as an tsaoirse atá againn — saoirse a thuill tírghráthóirí na naoú haoise déag amhail Ó Donnabháin Rosa, John Devoy, John Boyle O’Reilly, agus na mílte eile — go dtí go rachaimid i ngleic inár sícé leis an bhfulaingt choscrach fhadleantach, ar feadh na mblianta fada de ghátar, de chruatan agus anró, gan loinnir dhóchais agus gan orlach féinleasa le fáil acu as — amhail i gcás Uí Dhonnabháin Rosa, abair, nó Fanny nó Anne Parnell a ndéanann Seán Ó Lúing cur síos orthu; go dtí go ndéanfaimid ár saoirse a fhorbairt i spiorad dochreidte, dochloíte tírghráthóirí sin na naoú haoise déag, agus ar shlí chomh fial flaithiúil neamhghéilliúil céanna leosan.

Ina láthair siúd agus i láthair na staire níl ionainn ach abhaic nó crotail chnó gan eithne i leanúnachas an chine dár díobh sinn!

Ceann eile de na leabhair an-saora a cheannaigh mé i siopa leabhar Chill Airne is ea Trees and Other Poems le Joyce Kilmer, Ceanadach de bhunadh Éireannach a mairfidh a dhán ‘Trees’ agus go háirithe na línte:
I think that I shall never see
a poem lovely as a tree,
fad a bheidh éileamh ar fhilíocht. I bhfianaise an bhailiú dánta atá idir clúdaigh an leabhair seo, ba mhór ag Joyce Kilmer an creideamh agus ní mhaífinnse caighdeán aonfhoirmeach ard sna hiarrachtaí go léir dá bhfuil ann. Thaitin cuid de ‘Dave Lilly’ liom, áfach:
There was a man, Dave Lilly, who lived on the North Adams road
And he spent all his time fishing, while his neighbors reaped and sowed.
He was the luckiest fisherman in the Berkshire hills, I think
And when he didn’t go fishing he’d sit in the tavern and drink.
Fuair an fear bocht bás in am trátha agus taibhsíodh don fhile, tráthnóna ciúin samhraidh, go bhfaca sé Dave ag iascaireacht ina rogha bráite ar an abhainn nár saothraíodh le cúig bliana déag ó d’imigh sé:
Well, Dave is dead and buried, and nobody cares very much;
They have no use in Greylock for drunkards and loafers and such.
But I always liked Dave Lilly, he was pleasant as you could wish:
He was shiftless and good-for-nothing, but he certainly could fish.
Samhlaítear don fhile scáfaireacht éigin — a twist and flirt of a shadowy rod in a deft and shadowy hand — a bheith ag gabháil leis an áit agus d’ainneoin gan tada a bheith aimsithe aige de thoradh a chuardaigh mórthimpeall —
(But) I heard somebody chuckle behind the hollow oak
And I got a whiff of tobacco like Lilly used to smoke.
Críochnaíonn an dán le rún an fhile uaigh an tseanfhámaire a bhaint amach, agus buidéal de shú an tseagail ón tábhairne a fhágáil ann de rogha ar an doisín bláthanna a bhí i gceist aige i dtosach — this will be better for Dave, a deir sé.

Greann simplí nádúrtha ag teacht le méin an fhile a roghnódh crann de chrainnte Cheanada seachas dán ar bith dá fheabhas!

Cé go bhfuil ceangal simplí ar an leabhar agus clúdach pléanáilte oiriúnach air, ní fheicim aon dáta foilsithe ann. Leabhar íoslódáilte atá ann agus gan ach trí euro air.

Ceann eile de na leabhair a fuaireas i siopa seanleabhar is ea foclóir iomlán De Bhaldraithe agus a aguisín curtha mar chuid den fhoclóir seachas mar leabhrán ann féin, socrú nach raibh aon dealramh leis!

Agus, más go mall féin sa lá agam é, cad déarfá ach gur bhailíos liom Foclóir Gaedhilge & Béarla le L. MacCionnaith S.J. an lá cheana ar 25 euro as siopa de chuid Oxfam i Ráth Maonais! Osclaím Mac Cionnaith ar lch. 186 agus léim abairt Bhéarla os comhair mo shúl, justice is the chief thing in authority, abairt a ghaelaítear sa tslí seo, dhá dtrian córa cumhacht. Ba le Joseph Kelly as Bóthar Eglinton, Baile Átha Cliath, an foclóir seo sa bhliain 1942, nuair ná rabhas fós in aois foclóirí!

Ba sa bhliain 1935 a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair an foclóir breá toirtiúil seo, a maíonn cara liom go bhfuil sé níos fearr ó thaobh saibhreas Gaeilge ná foclóir an Duinnínigh. Agus, ar ndóigh, nach duine de mhórscoláirí na Gaeilge é a údar, Lámhbheartach Mac Cionnaith, S.J., an té a chuir mórán mór de dhánta diaga na Gaeilge in eagar? Is foclóir é seo, faraor, a chaill cogadh na poiblíochta ar chúis éigin ná tuigim. B’fhéidir gurbh é Foclóir De Bhaldraithe (1959), a luadh ar ball, a údar criogtha; is cuimhin liom go mbíodh sé in úsáid go tréan againn i dteannta Fhoclóir an Duinnínigh agus sinn sa Choláiste Oiliúna sa bhliain 1957-8.

Leagas lámh le gairid ar Song of Myself le Walt Whitman (1819-1892) i siopa seanleabhar. Ba sa bhliain 1993 a foilsíodh an t-eagrán seo. Ba chara de chuid Bram Stoker é Walt Whitman tar éis gur scríobh Stoker chuige agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide. Blianta ina dhiaidh sin chasadar ar a chéile agus mhair an cairdeas a bhí eatarthu i ndiaidh do Dracula (Dreach Fhola?) teacht amach.

Céad leathanach de dhán mór scaoilte siansach vers libre amháin is ea an dán ‘Song of Myself’ – é gan briseadh ach ag teacht ina ráigeanna go deireadh agus go trá. File é Whitman a bhfuil an chuid dhearfach de cham-mheon (sa chiall melting pot) Mheiriceá ag baint leis — é liobrálach amach is amach, é ar son saoirse na sclábhaithe, saoirse na ngormach, saoirse na mban, saoirse na hómaighnéasach, agus é níos mó ar son saoirse na mionlach ar fad sin agus atá na mionlaigh iad fhéin sa dara cuid den naoú haois déag. Ní gan fáth a áirítear Walt Whitman mar phríomhfhile na Stát Aontaithe. Ba é Leaves of Grass a mhórshaothar agus bhíodh sé de shíor ag athscríobh a chuid dánta go dtí gur chuir an bás cosc leis an athscríobh céanna. Más ea, shamhlófá uaireanta gur as a sheasamh a cumadh a chuid filíochta, agus is dócha gur bua ann féin an chosúlacht sin, cuid mhaith dá bhisiúlacht amhail na línte thíos —

O withered is the garland of the war
The soldiers’ star is fallen.
Tá clú agus cáil ar a dhán ‘When lilacs last in the dooryard bloom’d’, a chaoineadh ar Abraham Lincoln a feallmharaíodh sa bhliain 1865 go gairid tar éis gur atoghadh é ina Uachtarán ar Mheiriceá—
When lilacs last in the dooryard bloom’d,
And the great star early droop’d in the western sky in the night,
I mourned and yet shall mourn with ever-returning spring.
Ever-returning spring, trinity sure to me you bring,
Lilac blooming perennial and drooping star in the west,
And thought of him I love.
Baineann stíl agus rómánsaíocht na filíochta seo Whitman leis an naoú haois déag, ach ní leithscéal é sin maidir leis an bhfaillí a dhéanaimid i méad agus i mórgacht na físe aige. Agus, ní féidir go n-obfaimis í mar gheall ar a Mheiriceánaí atá a chuid filíochta: tar éis an tsaoil, níor bhocht an chomaoin a chuirfí ar Stáit Aontaithe Mheiriceá dá bhfoghlaimeoidís, d’aithle anamúlacht agus daonnacht Whitman, conas glacadh le ceart agus dínit an duine aonair ina uaisleacht agus ina laigíochtaí, ina uirísleacht agus ina ildánacht araon!

Feasta, Márta 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais