Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc

Dánta


Ó Dhubh go Dubh

le Mícheál Ó hAllmhuráin

Níor chreideas riamh go n-iompódh mo shaol
amach mar seo, go mbeinn iata i mo sclábhaí
is gan teacht agam ar chompord ná cúnamh —
Dearc, dúisím dubh-thraochta le breacadh an lae
le síoraíocht a chaitheamh ag síor-ídiú mo chroí,
gan fiú focal fónta a chlos mar cheol ná mar chúiteamh!
Ó, cad a dheineas as an tslí go gcéasfaí mo shaol
ó dhubh go dubh mar seo i bpoll gan bheatha gan bhrí,
níor dheineas ach leanbhaín a lonnú le guí an ghliondair.
Mo dhíth, tá bréag-ainm fáiscthe acu orm sa lios seo gan léas,
agus díbeartha as mo bhaclainn chun gharbhcríocha an tsaoil
tá binn-bhunóc mo bhrí, och, ’fulaingt náire a nimh-bhreithiúnais
idir fuacht agus faitíos, tá mo lagspiorad ag luascadh
sa réigiún seo atá fé stiúrú rua-dheamhain reiligiúnda!


Slán le Páidí (1951 – 2012)

Pádraig Ó Conaill

Tá scamall os cionn Ard a’ Bhóthair
Atá leata trí gach cúinne den Ríocht,
Mar tá an gaiscíoch imithe thar teorainn,
Ní fhillfidh sé ar ais chugainn arís,
Nárbh é siúd an peileadóir cróga,
A chuir gach ní i gcóir is i gcrích,
A thug uaidh go minic dea-chomhairle
D’óigfhir a bhíodh ag imirt don Ríocht.
A Pháidí, taoi imithe go deo uainn,
Ód’ bhean chéile, ód’ chlann is an Ríocht,
Ach beidh fáilte i gCathair na Glóire
Ag do chairde ’tá imithe romhat siar,
Beidh dea-scéal go flúirseach is comhrá
Agat féin is an Bawner, dearbhaím,
Ag tagairt do na laethanta órga
Cois trá Chúm Dhíneoil mar do bhíodh.
Go mbeidh an suaimhneas, a Pháidí, go deo agat
I gCathair na Glóire, achainím.

Nóta: Is é an ‘Bawner’ atá i gceist ná Paddy Bawn, sonas síoraí bíodh aige.

Feasta, Márta 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo