Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - Ócáid Mhachnaimh - -

Is fada fánach a éirítear as an bpápacht, agus nach beag an t-ionadh é an gheit a baineadh as an saol mór nuair a d’fhógair an Pápa Beinidict XVI go raibh sé ag éirí as oifig. Beag an t-ionadh ach oiread an cur agus cúiteamh a lean an fógra stairiúil, ná go deimhin go mbeadh biaiste ann do lucht na dteoiricí comhcheilge. Nár bheag an sásamh dóibh siúd go raibh ualach na mblianta i gceist i gcás an Phápa, mar bharr ar ualach na hoibre agus tromchúis na hoifige. Is duine daonna é.

Ach is ócáid mhachnaimh é, gan amhras, agus ní lú san dúinne anseo in Éirinn. Féach ar ár stair. Má bhíomar mórálach as conas mar sheasamar in aghaidh fhorlámhais Shasana sa tír seo thar na cianta, ní mór ná go rabhamar chomh bródúil céanna as ár ndílseacht don chreideamh a tháinig chugainn faoi scáth na Róimhe, agus dár ndílseacht don Phápa. Gan bhréag, ba dheacair aon idirdhealú a dhéanamh idir an dá dhílseacht. B’ábhar alltachta é ag go leor den phobal nuair a dúnadh an oifig taidhleoireachta a bhí ag an tír seo sa Vatacáin.

Gan amhras is mór an dochar dár gcaidreamh leis an Vatacáin a rinne na scanaill faoi ionsaithe gnéis ar dhaoine óga ag baill den chléir, agus go háirithe nár fhéach sé do go leor go raibh an bealach a chaith na húdaráis eaglasta leis an gceist ar aon bhealach sásúil. Mura bhféadfaí a rá go raibh aon bhaint dhíreach ag ar tharla anseo in Éirinn, agus go deimhin ar fud an domhain, le héirí as an Phápa is cinnte gur chuir an chonspóid seo isteach go mór air. B’ionadh mura raibh sé ina ábhar imní leanúnach aige.

Mar bharr air sin, tá gnéithe de shaol na hEaglaise nach nglactar leo gan cheist i saol seo ár linne, gan a lua díobh sin ach ról na mban, nó a easpa, sa saol liotúirgeach agus riaracháin, nó aontumha na cléire, nó níos mó ná aon ní, b’fhéidir, an ghné aisteach den chreideamh ar a dtugtar an Chríostaíocht a la carte air, agus nach go rómhaith a réiteodh le creideamh daingean ár sinsear. Tá an t-amhras agus an ceistniú forleathan.

Is in atmaisféar na héiginnteachta seo atá fógra éirithe as an Phápa tar éis teacht aniar aduaidh orainn. Gan amhras b’fhéidir, mar a dúradh ag an tús, nach bhfuil i gceist ach laigí an choirp agus na gcéadfaí, ach nuair nár tharla a leithéid seo le sé chéad bliain, ní hionadh ar fad go mbeadh daoine ag tuairimíocht agus fiú ag tuar go bhfuil casadh éigin tromchúiseach le teacht. I gcás na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí, níor mhaith leat a bheith ag brath ar sin.

Ach is cinnte go gcuirfear suim as an ngnáth sa chomhthionól cairdinéal a roghnóidh an chéad Phápa eile.

Feasta, Márta 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo