Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

Ár Neodracht agus araile

le Seán Ó Loingsigh


Pé rath a bhí ar an eagraíocht sna blianta tosaigh, is léir go bhfuil sé imithe ó mhaith le fada, go háirithe ón tráth a d’ionsaigh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain an Iaráic.


Nár mhaith an bhail é ar lucht rialtais, go háirithe an ceathrar sin, Taoiseach, Tánaiste agus na hairí Noonan agus Howlin, ar a bhfuil an mhórfhreagracht na laethanta seo, gur cuireadh an breac ar an bport nuair a thug an Banc Ceannais Eorpach faoiseamh dúinn maidir le haisíoc na nótaí gealltanais, ar a raibh banc Angla-Éireannach ag brath le cúpla bliain anuas. Ba bhónas é an banc céanna sin, nó a chomharba an IBRC, a bheith imithe de dhroim seoil, gan aon duine beo á chaoineadh. B’olc an lá don tír seo an lá a bunaíodh é.

Nárbh aisteach an scaoll a bhain leis an ócáid sa Dáil sula raibh an tAire Airgeadais in ann a fhógairt siar amach san óiche go raibh an breac tugtha slán sábháilte. Ár gcairde, na banna-shealbhóirí agus an uile chineál infheisteoir san IBRC ba chúis leis, is cosúil, agus baol ann dá dtarlódh aon lúb ar lár, nó aon teip ó thaobh an BCE, go bhféadfaidís a gcuid airgid a thógaint as an mbanc faoi mhaidin.

Is aisteach leis, tar éis a bhfuil tarlaithe leis na bainc agus na hinfheisteoirí, an chumhacht agus forlámhas atá fós acu. Sin iad an dream céanna a raibh polaiteoirí áirithe ag rá linn roimh thogchán go raibh siad chun iad a loscadh. Nach scannal buan é go mbeadh ar ghnáth-cháiníocóirí an t-airgead cearrbhachais a chúiteamh leo.

Ach níl aon amhras ná go bhfuil lucht an rialtais maíteach as an ngníomh seo agus a chúis sin acu. Bíodh nach bhfuil Gearmánaigh ar an mBanc Ceannais Eorpach fós sásta faoinar tharla, nó faoina dhlisteanas, is cosúil go bhfuil an beart déanta anois agus nach mbeidh na Gearmánaigh féin, dá mhéid a gcumhacht agus a dtionchar, in ann é chur dá threoir.

D’ainneoin an faoiseamh seo is fada go mbeidh an tír ar ais ar a boinn arís. Ceann de na fadhbanna is mó ar fad atá fós againn ná an dífhostaíocht. Is deacair a bheith dóchasach gur féidir dul i ngleic leis sin nuair atá sé ag méadú ar fud an Aontais, agus fiú i dtír mar an Ghearmáin féin.

Fadhb ollmhór eile is ea an cothromas diúltach nó negative equity a bhaineas le morgáistí agus le tithe a ceannaíodh nuair a bhí an borradh tithíochta imithe ó smacht. Cá bhfios ná go gcuirfeadh an bua a bhí acu maidir leis na nótaí gealltanais le misneach an rialtais chun dul i ngleic leis na fadhbanna eile seo.
——◊——

Inár gcaidreamh leis an Aontas Eorpach tá ár n-aire ar fad faoi láthair, ní nach ionadh, ar ár ndrochstaid eacnamaíoch, agus ar an tarrtháil a b’éigean a dhéanamh ar ár mbainc. Is beag an ceann mar sin a tógadh, le déanaí, d’fhógra a deineadh go raibh ochtar dár saighdiúirí imithe amach go Mailí san Afraic ar ‘mhisean traenála’ le harm na tíre sin. Céard go díreach atá ar bun?

Le tamall de bhlianta anois tá cogaíocht leanúnach ar siúl sa Mheánoirthear, san Afganastáin, an Phacastáin, san Iaráic agus faoi láthair sa tSiria. Le déanaí tá an chogaíocht seo leathnaithe isteach san Afraic, go dtí an Éigipt fiú, agus anois ó Libia isteach sa tír ina bhfuil ár ‘misean’ beag féin, Mailí. Ar uairibh is Ioslamachas a bhíonn i gceist, uaireanta eile is ag cur deachtóirí dá mbonnaibh a bhítear agus ag cur an ‘daonlathas’ ina n-áit.

Ar uairibh cuirtear an ruaig ar dheachtóir, ach ní féidir i gcónaí a bheith cinnte nach ár, slad, scrios agus bás ón spéir a bhíonn mar thoradh ar an gcogaíocht sin, nó gur fiú ar aon chor an praghas a bhíonn le híoc ag sibhialaigh agus gnáthphobail as an malairt réimis agus ‘saoirse’ a cuirtear ar fáil dóibh. Níl, mar is eol dúinn, aon teorainn leis an scrios atá tar éis tarlú san Iaráic, san Afganastáin agus arís níos déanaí i Libia.

Is go díreach d’fhonn an chíorthuathail seo a sheachaint a bunaíodh na Náisiúin Aontaithe. Pé rath a bhí ar an eagraíocht sna blianta tosaigh, is léir go bhfuil sé imithe ó mhaith le fada, go háirithe ón tráth a d’ionsaigh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain an Iaráic. Ba bheag a chabhraigh ceapachán an Ard-Rúnaí atá ann faoi láthair leis an eagraíocht ach oiread.

Tá tíortha Iarthar na hEorpa agus domhan an Bhéarla i gcoitinne go mór faoi scáth na Stát Aontaithe, agus is ag méadú atá an claonadh sin. Fiú an tAontas Eorpach féin, a raibh dóchas ann tráth go mbeadh sé mar fhórsa cothromaíochta in aghaidh ollchumhacht na Stát Aontaithe, is cosúil go bhfuil siad gafa leo go hiomlán faoi láthair. Cúpla bliain ó shin, bhí go leor le clos faoi arm nó fórsa míleata de chineál éigin a bheith ag an AE féin —Fórsa Frithghnímh Mhear nó Rapid Reaction Force an téarmaíocht a bhí in úsáid. Is fada ó chualathas focal faoi.

Is léir go bhfuil an tAontas dulta go mór i muinín NATO, agus mar is eol do chách is fórsa é sin a bunaíodh nuair a bhí an tAontas Sóibhéadach in ard a réime agus ag bagairt ar na Stáit Aontaithe agus tíortha iarthar na hEorpa. An cuimhin le duine ar bith an Cogadh Fuar? Sa chogaíocht is déanaí, agus go háirithe i Libia is faoi scáth NATO a ghlac tíortha mar an Bhreatain, an Fhrainc agus an Iodáil páirt ann.

Dúradh, ar ndóigh, go leor nach raibh fíor an tráth sin. Ní raibh i gceist, a dúradh linn, ach ‘clúdach aeir’ d’fhórsaí áitiúla a bhí ag troid ar mhaithe le saoirse agus daonlathas. Tharla a leithéid céanna san Iaráic nuair a dúradh go raibh airm ollscriosta i bhfolach ag Saddam Hussein, ach anois tá go leor tíortha Eorpacha páirteach sa chogaíocht atá ar siúl ann le deich mbliana anuas. Aisteach go leor bhí an Fhrainc go mór in aghaidh an chogaidh sin san Iaráic, ní hionann agus mar a bhí i gcás an chogaidh a tharla níos déanaí i Libia.

Gan trácht ar an ár agus an scrios a bhíonn mar thoradh ar an gcogaíocht seo, ní mór a chur san áireamh an fuath agus an ghráin a chothaíonn sé do thíortha an Iarthair san Oirthear agus sa Mheánoirthear, agus anois, b’fhéidir, san Afraic. Feictear do go leor sna réigiúin sin gur cineál nuachóilíneachais atá i gceist, agus ní fios cén drochthoradh fadtéarmach a bheidh air.

Thosaíomar ar an téad seo ag ceistiú cén fáth go raibh ochtar saighdiúirí d’arm na tíre seo imithe amach go Mailí ar ‘mhisean traenála’. Cad is fiú ochtar, a déarfar. Ach níl fhios agam an ndeineann sé aon difríocht an ochtar nó ocht míle atá i gceist. Tá cineál cogaidh chathartha tar éis briseadh amach sa tír sin le tamall anuas, agus forsaí (Ioslamacha, b’fhéidir) i dtuaisceart na tíre ag troid in aghaidh an ghnáthairm sa deisceart. Tá na mílte saighdiuirí Francacha ag troid ar thaobh an ghnáthairm. Ach is í an cheist arís ná céard atá ar bun ag ochtar na tíre seo ann?

Déarfar gur ghlacamar páirt i misin mar seo cheana san Afraic agus sa Mheánoirthear faoi scáth na Náisiún Aontaithe. Ní rabhamar páirteach in aon chogaíocht ar thaobh amháin nó eile. Bhíomar ag caomhnú na síochána nuair a bhí sé sin bunaithe.

Pé ní atá ar siúl ag ár n-ochtar, ní fhéachann sé gurb é sin atá i gceist acu. Is é an cás is mó a bheadh againn, mar sin, ná an bhfuil impleachtaí ann maidir leis an bpolasaí neodrachta a bhí go traidisiúnta ag an tír seo.

Ní inniu ná inné a d’éirigh amhras faoin bpolasaí seo. Tháinig an cheist chun cinn gach uair a síníodh conradh nua de chuid an Aontais Eorpaigh, mar a tharla nuair a bhí Conradh Liospóin faoi chaibidil. Gach uair a ardaíodh an cheist ba mhar a chéile an freagra. Ní raibh aon mhalairt treo i gceist maidir le polasaí neodrachta na tíre seo.

Is gearán coitianta anois, go háirithe ag tráchtairí polaitíochta, a laghad feidhme atá leis an Dáil, gan trácht ar an Seanad, agus conas mar a dheineann rialtais neamhaird orthu. Is seanphort ag Vincent Browne é — duine de na tráchtairí is géire dá bhfuil againn. Ach ní cuimhin linn gur ardaíodh an cheist seo sa Dáil ná go raibh mórán plé faoi.

Faoi láthair tá Coinbhinsiún á thionól i mBaile Átha Cliath atá ag plé ceisteanna a bhaineas le cúrsaí rialacháin, riaracháin agus bunreachtúla na tíre seo. Deineadh gearáin gur beag tábhacht a bhaineann le go leor dá bhfuil á phlé acu. B’fhéidir gur ábhar oiriúnach é seo dóibh.

Mar a dúradh, ba pholasaí tábhachtach don tír seo ár neodracht. Thuilleamar meas dá bharr tráth dá raibh sna Náisiúin Aontaithe, agus toisc an seasamh neamhspleách a ghlacamar ar cheisteanna eile idirnáisiúnta. Ach ní polasaí dobhogtha é, ná níl cosc orainn é a phlé, nó fiú é a athrú, más é sin a bheartaíonn ár n-ionadaithe tofa sa Dáil agus sa Seanad. An raibh sé ceart againn a bheith neodrach le linn an chogaidh i 1939 – 45? Céard ba chóir dúinn a dhéanamh nuair a tharlaíonn sléachtanna, mar a tharla i Ruanda i 1994, nó i Srebernice sa Bhoisnia i 1995? Ní polasaí é an neodracht ar chóir é a ghéilleadh faoi cheilt nó píosa ar phíosa.
——◊——

Nár mhaith an bhail ar an Taoiseach gur ghabh sé a leithscéal tochtmhar leis na mná a chaith a n-óige léanmhar sna neachtlanna Maigdiléana. Murach gur dhein, gheobhadh sé scóladh ceart ó na meáin chumarsáide. Níl aon duine a déarfadh nach raibh an leithscéal tuillte ag na mná bochta. Ach an bhfuil aon duine a shíleann — nílim ach á rá seo i gcogar — go raibh clúdach na meán ruaine beag bídeach thar fóir?

Nó an amhlaidh go raibh iarracht de dhíomá orthu nach raibh tuarascáil Mhic Ghiolla Íosa dian go leor maidir leis na neachtlanna tar éis a raibh de chláir agus de chlúdach tugtha acu féin dóibh thar na blianta. Ach chuir leithscéal corraitheach an Taoisigh an scéal sin ina cheart.

Feasta, Márta 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais