Tá cuimhne ghlé ghlinn bhrónach agam ar an tréimhse ó thús mhí Dheireadh Fómhair go dtí deireadh mhí na Nollag 1943. Ní raibh mé ach ceithre bliana go leith d’aois agus, cé gur cuid den stair anois iad na nithe go léir a tharla ag an am, líontar mo chroí le doilíos agus le briseadh croí le linn féilte na Samhna agus na hAidbhinte i gcónaí.
Buaileadh Seáinín le babhta tinnis. Ón dara leath de Mhí na Samhna ar aghaidh ní raibh ach teannas agus strus le brath inár measc. Bhíodh Mam agus Daid de shíor ag iarraidh orainn a bheith ciúin agus gan a bheith ag déanamh an iomarca cainte. Níor ligeadh dúinn mórán teagmhála a bheith againn leis an leanbh ach oiread; agus iarradh orainn a bheith beagán ní ba thuisceanaí go dtí go dtiocfadh beagán bisigh air. Chuireamar stailc suas, faoi mar a dhéanfadh páiste ar bith, ach bhí sé fánach againn.
Thosaigh mo thuismitheoirí ag sealaíocht le chéile − ag fanacht ina suí i rith na hoíche. Bhíodh tine ar lasadh acu sa pharlús agus thógaidís ár ndeartháirín fiabhrasach amach as a chliabhán agus choinnídís lena mbaclainneacha é – an leaidín bocht ag análú go torannach guagach nó ag meamhlach faoi mar a dhéanfadh piscín.
Bhíodh idir imní agus mhearbhall orainne, na páistí, agus muid ag dul a luí istoíche. Thagadh sceoin orainn nuair a chloisimis an chasacht ghéar uafásach, a bhíodh ag ciapadh ár dtuismitheoirí de ló is d’oíche. Thagadh an dochtúir chun an tí gach lá. Bhí leaba shealadach ag mo thuismitheoirí sa pharlús agus las siad solas breise taobh amuigh dár seomra codlata − le misneach a thabhairt dúinn le linn na n-oícheanta dorcha imníocha sin. Agus, an rud ba mheasa ar fad ná nach raibh cead ag duine ar bith againn Seáinín a phógadh a thuilleadh. An triuch a bhí air.
Oíche amháin, le linn dúinn a bheith sa leaba, bhí mé féin agus Brian ag caint os íseal le chéile, sa chaoi nach mbeimis ag cur isteach ar ár dtuismitheoirí bochta ná ar Sheáinín a bhí thíos sa pharlús. Bhí imní an domhain orainn beirt.
‘B’fhéidir go bhfaighidh Seáinín bás,’ arsa Brian i gcogar.
‘Bás?’ arsa mise.
‘’Sea,’ ar seisean. ‘B’fhéidir go bhfaighidh sé bás agus go rachaidh sé suas ar neamh.’
‘Cén fáth? Cad chuige?’
‘Mar tá sé tinn. Rachaidh sé suas ar neamh.’
‘Cá bhfuil neamh?’
‘Áit atá ann a mbeidh Seáinín i gcuideachta an linbh Íosa,’ arsa Brian.
‘I gcuideachta an linbh Íosa?’
‘’Sea, i gcuideachta Dé sna flaithis. B’fhéidir go gcloisfimid an bhean sí.’
‘An bhean sí?’
‘’Sea, a Eibhlín, Tá a fhios agat go gcloistear an bhean sí sula bhfaigheann duine bás?’
‘Cén cineál fuaime a dhéanann an bhean sí’
‘Níl a fhios agam.’
Ní raibh fuaim le cloisteáil thíos staighre. Ní raibh an chasacht ghéar ná an t-análú torannach le cloisteáil a thuilleadh. Bheartaíomar go rachaimis síos chun cuairt a thabhairt ar Sheáinín sula n-imeodh sé suas ar neamh.
Síos linn ar ár mbarraicíní. Nuair a shroicheamar doras an pharlúis chuir Brian a mhéar lena bheol. Bhí Mam agus Daid ina suí ar an tolg, iad fáiscthe le chéile i lombharróg. Bhí an leanbh ina luí sa chliabhán le taobh an tseomra, in aice le bord beag a raibh cupán tae leath-ólta air. Bhí mo mháthair ag caoineadh go bog.
‘Uis! Uis!’ arsa Daid. ‘Caithfimid a bheith dóchasach agus misniúil.’
Bhí mé féin agus Brian scanraithe inár mbeatha. Ní rabhamar ar ár suaimhneas, ná níor mhaith linn go mbéarfaí orainn. Ach, ar aghaidh linn, pé scéal é, agus shleamhnaíomar anonn chuig an gcliabhán agus chuamar i bhfolach faoin éadach a bhí ar crochadh ón mbord. Chualamar análú piachánach ón leanbh anois agus thosaigh an fhuaim ag gluaiseacht ar fud an tí.
Níl a fhios agam ó thalamh an domhain cén fáth ar smaoiníomar ar an siúcra. B’fhéidir gur shíleamar gur rud speisialta é i ngeall ar an gciondáil a bhí i bhfeidhm le linn an chogaidh dhomhanda. Ach shíleamar gur ‘manna ó neamh’, a bhí sa siúcra agus bheartaíomar cúpla gráinne ón mbabhla, a bhí ar an mbord, a thabhairt do Sheáinín bocht.
Thugamar sracfhéachaint ar ár dtuismitheoirí. Bhí siad ag caint os íseal agus ag déanamh comhbhróin le chéile. D’éirigh linn ár gcinn a ardú os cionn an bhoird, cúpla gráinne siúcra a thógáil as an mbabhla agus iad a chur le beola Sheáinín. Cé go rabhamar scanraithe inár mbeatha, shíleamar go dtaitneodh sé leis. Tar éis dúinn an gníomh cróga sin a chur i gcrích, d’éirigh linn sleamhnú in airde staighre arís i ngan fhios dár dtuismitheoirí − a bhuíochas sin den solas a bhí ar lasadh ar léibheann an staighre. Murach an lagsholas sin, ní bheadh sé de dhánacht ionainn a leithéid de rud a dhéanamh sa dorchadas!
D’fhan fuaim phiachánach análú Sheáinín i mo chluasa go dtí gur thosaigh an codladh ag titim orm − nuair a chnag Mam go héadrom ar an doras. Bhí an siúcra ar bhéal Sheáinín tugtha faoi deara aici! Labhair sí go lách cineálta linn ar feadh tamaill agus chuimil sí go ceanúil ar mo chlár éadain mé le linn di a bheith ag caint. Níl cuimhne ar bith agam ar a raibh le rá aici, ach tá cuimhne mhaith agam ar an gcaoi dheas ghrámhar ar chaith sí linn. Ar deireadh thiar shocraigh sí an t-éadach go deas néata thart timpeall orainn agus rug barróg an duine orainn.
Ba le linn na hoíche sin a fuair Seáinín bás.
An mhaidin dár gcionn, tugadh isteach sa pharlús, inár nduine agus inár nduine, sinn − chun an t-aingeal gleoite a fheiceáil agus é ina luí sa chliabhán. Bhí sé leagtha amach go hálainn ag mo mháthair − é gléasta ina ghúna baiste. Bhí sé ina luí ansin go ciúin socair. Bhí dhá choinneal arda lasta ar dhá thaobh an bhoird agus níorbh fhada gur tháinig daoine isteach agus gur thosaigh siad ag guí.
Bhí clú agus cáil ar Mham sa cheantar ag an am sin, mar b’ise a sheinneadh an armóin ag an Aifreann ar an Domhnach. Dá bhrí sin, tháinig cuairteoirí isteach chugainn ó chian is ó chóngar. Labhair siad faoi leanaí eile sa cheantar a fuair bás ón triuch i rith na bliana. Bhí mé féin agus Brian fáiscthe lena hucht ag Mam agus í ag caoineadh i rith an ama.
Ní raibh Seáinín ach seacht seachtaine d’aois nuair a sciobadh uainn é. Ní cuimhin liom cén uair ar tugadh an cónra beag bán isteach chun an tí, ach is cuimhin liom go maith nár ligeadh isteach sa pharlús sinn go dtí gur socraíodh an corpán beag bídeach isteach ann.
Glaodh isteach ansin orainn. Bhí Seáinín ina luí ansin agus sról geal bán thart timpeall air. Bhí sé chomh bán le sneachta agus a lámha beaga bídeacha ina luí gan chorraí ar gach taobh de. Bhí loinnir ghorm ar chraiceann a chlár éadain agus baineadh geit asam nuair a phóg mé é agus nuair a leag mé lámh ar a aghaidh álainn, a bhí chomh fuar le marmar sa seomra teolaí sin.
Ar ámharaí an tsaoil, thug seanchara de chuid mo thuismitheoirí cuairt orainn le linn na faire. Ba ghrianghrafadór den scoth é, a raibh cónaí air ar an gClochán Liath, baile mór cúig mhíle ó Alt an Chorráin, áit a raibh cónaí orainn féin ag an am. Ar chaoi éigin, d’éirigh leis cead a fháil ó mo thuismitheoirí cúpla pictiúr cuimhneacháin a ghlacadh de mo mháthair ag breathnú go brónach ar a mac marbh. Ghlac sé na pictiúir sin go stuama ealaíonta sa chaoi go bhféadfaí pian agus cumha mo mháthar a choinneáil ar phár.
An tráthnóna céanna, thiomáin Mam agus Daid an bóthar fada ó Dhún na nGall go Contae na Gaillimhe i gcarr a bhí tógtha amach ar cíos acu, an cónra agus an corpán sa suíochán cúil. Tamall roimhe sin léadh an tAifreann sa pharlús. Chruinnigh cairde agus comharsana, mar sciath chosanta, thart timpeall orainn le linn don chlúdach bán a bheith á chur ar an gcónra. I bhfaiteadh na súl bhí aghaidh shoineanta an linbh glanta as radharc.
Nuair a bhí na paidreacha ráite, thit ciúnas ar a raibh i láthair. Chroith an tAthair Mac Cumhaill uisce coisricthe ar chlúdach an chónra agus iompraíodh an t-ualach beag go sollúnta amach an doras tosaigh. Tamall roimhe sin, mhínigh Daid do gach aon duine go mbeadh Seáinín ag imeacht uainn agus go leagfaí taobh le Mamó é i Maigh Locha, Contae na Gaillimhe. Tugadh geallúint dúinn go dtabharfaí chun na huaighe sinn am éigin le linn an tsamhraidh ina dhiaidh sin.
Le linn do mo thuismitheoirí a bheith ar shiúl ar an aistear brónach go Gaillimh, fágadh sinne – Brian, Marcas, Máire agus mé féin – faoi chúram na gcomharsan in Alt an Chorráin. Tá cuimhne mhaith agam ar a bheith i mo luí i leaba choimhthíoch an oíche sin agus mé ag iarraidh aistear brónach m’athar agus mo mháthar i ndorchadas fuar tais na hoíche – agus an leanbh ina luí sa chónra sa suíochán cúil – a shamhlú.
Taobh istigh de choicís, bhí ar mo thuismitheoirí iad féin a chroitheadh le chéile agus iarracht chróga a dhéanamh an Nollaig a cheiliúradh de réir spiorad na féile. Is cuimhin liom na coinnle a bheith ar lasadh sna fuinneoga, na stocaí ar crochadh in aice na tine agus na maisiúcháin dhearga agus ghlasa, cloigíní óir orthu, ar crochadh ón tsíleáil. Ach, ina ainneoin sin agus uile, ba bhrónach an Nollaig í. Chuamar ar ár nglúine agus ghuíomar le Seáinín, an t-aingeal nua sna flaithis, agus labhraíomar faoi le chéile − ach lean pian an bhróin ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.
Ó am go chéile anois, agus mé ag breathnú ar na soilse dearga ar thithe na ndaoine le linn féile na Nollag, buaileann an smaoineamh mé go mbíonn scéalta bróin agus dóchais le hinsint ag daoine in ainneoin sonas na hócáide.