Is é seo an chéad uair do dhrámaí an Phiarsaigh, maraon le mionchuntais ar na léirithe stáitse nach raibh aon script leo agus an dráma neamhchríochnaithe Eoghan Gabha, bheith ar fáil in aon leabhar amháin. Agus an oiread sin scríofa faoin Phiarsach ag daoine nach bhfuil aon eolas acu ar a scríbhinní Gaeilge, is mór is fiú an léiriú tuisceanach a thugtar dúinn sa réamhrá ar shaothar drámaíochta an Phiarsaigh agus é curtha i gcomhthéacs amharclannaíochta a linne. Is léir ó na fo-nótaí go bhfuil eolas nach beag ag na heagarthóirí ar na foinsí agus ar a bhfuil scríofa faoin Phiarsach le blianta beaga anuas. 1
Cuirtear an Piarsach i láthair sa réamhrá mar fhear a raibh luí mór aige leis an amharclannaíocht, agus dar leis na húdair is trí shúile an fhir amharclainne a d’fhéach sé ar an pholaitíocht. Íomhánna stáitse a thagann chun aigne daoine nuair a smaoiníonn siad air, m.s. an Piarsach ag léamh Forógra na Poblachta ar aghaidh Ard-Oifig an Phoist nó ag tabhairt na horáide ag uaigh Dhonnabháin Rosa. Agus é fós ar scoil bhí drámaí á scríobh aige agus glóir-réimeanna á mbeartú aige agus sa chéad deich mbliana den aois seo caite is iad athbheochan na teanga, leasú an chórais oideachais agus bunú amharclainne náisiúnta Gaelaí na trí rud ar chaith sé a fhuinneamh intleachtúil orthu. Ar chúl an leabhair tá sliochtanna as aistí a scríobh sé sa Claidheamh Solais 1906-08 le linn dó bheith ina eagarthóir air, a thugann léargas ar a thuairimí ar fhorbairt drámaíocht na Gaeilge. Thug bunú Scoil Éanna i 1908 an deis dó cuid de na tuairimí sin a chur i bhfeidhm agus ní hamháin go bhfuil scripteanna na ndrámaí a scríobh sé do dhaltaí Scoil Éanna anseo, ach tá eolas freisin faoi na daoine a ghlac páirt iontu, cláracha cuid de na léirithe agus pictiúir roinnt de na haisteoirí maraon le hailt faoi na léirithe a foilsíodh san iris scoile An Macaomh.
I gcás an chéad dráma sa leabhar, Macghníomhartha Chú Chulainn, a léiríodh i Meitheamh 1909, agus é mar aidhm ag an Phiarsach go rachadh na buachaillí abhaile don samhradh agus ‘iomhá laochdha Chú Chulainn ina gcroíthe,’ tá an bunleagan Gaeilge agus gearrchuntas i mBéarla a rinne an Piarsach féin. Tá leagan Gaeilge agus Béarla an Phiarsaigh de Íosagán agus An Rí, agus is iad na leaganacha Béarla amháin atá ann de Owen (bíodh go ndeirtear gur i nGaeilge a bhí an bunleagan) The Master agus The Singer. Maidir leis an dráma neamhchríochnaithe Eoghan Gabha a fuarthas i bpáipéirí Liam Bulfin i 1953, is í Róisín Ní Ghairbhí a d’aistrigh. I gcás na léirithe gan script, An Pháis, a cuireadh ar siúl in Amharclann na Mainistreach 1911 agus The Defence of the Ford a léiríodh i bPáirc a’ Chrócaigh (nó Jones Road mar a tugadh air ag an am) tá cuntais i mBéarla amháin.
Is díol suime a mhéad de lucht litríochta na linne a chuir suim ina raibh ar siúl ag an Phiarsach i gcúrsaí drámaíochta agus a d’fhreastail ar na léirithe, agus tugtar léargas dúinn sa leabhar ar an dua a chaith idir dhaltaí agus mhúinteoirí agus cairde an Phiarsaigh leo agus ar an mhéid poiblíochta a fuarthas sna nuachtáin, fiú i nuachtán Gallda mar The Irish Times. Maidir leis na drámaí féin is léir uathu go raibh tuiscint mhaith ag an Phiarsach ar theicníc an stáitse, agus dála a lán eile ag an am gur fhéach sé ar an amharclannaíocht mar ghléas chun an náisiúnachas a chur chun cinn. Ba thrua liom a laghad a bhí le rá ag na heagarthóirí faoi fhiúntas na ndrámaí féin ná faoina oiriúnaí agus a bheidís le cur ar stáitse inniu. Is leor leo ar scríobhadh fúthu ag an am, agus seachas cur síos fonóideach Sheáin Uí Chathasaigh in Drums under the Window ar léiriú na glóir-réime The Defence of the Ford is ard-mholadh atá sna cuntais eile.
Tá cur síos sa réamhrá ar an teanga a chuir an Piarsach i mbéal na bpearsan sna drámaí: rian na hardlitríochta ar Macghníomartha Chú Chulainn agus An Rí agus caint na ndaoine ag na pearsana in Íosagán agus Eoghan Gabha, bíodh gur suite in aimsir Phádraig Sairséil an dara ceann. Bhí eolas nach beag ag an Phiarsach ar an Rúraíocht, an Fhiannaíocht agus ar fhilíocht na seachtú haoise déag agus tá a rian sin ar an chaint shaibhir atá sna drámaí Gaeilge. Ceist a bhí agamsa agus na drámaí á léamh agam cén cumas Gaeilge a bhí ag na haisteoirí óga a bhí páirteach iontu, agus cén cumas aisteoireachta a bhí acu? Is fíor go bhfuair siad ardmholadh ó na daoine-mór-le-rá a d’fhreastail ar na léirithe ach is leasc le daoine fásta iarrachtaí na n-óg a cháineadh, agus chomh maith leis sin is beag Gaeilge a bhí ag a lán acu. Go teoiriciúil ba í an Ghaeilge teanga na scoile, ach is í máthair agus deirfiúr na bPiarsach a thug aire do na daltaí lasmuigh den seomra ranga agus go bhfios dúinn ní raibh Gaeilge acu. I mBéarla amháin a bhí na drámaí deiridh a scríobh an Piarsach.
Cuireann an saothar seo lena bhfuil déanta ag Séamus Ó Buachalla, Regina Uí Chollatáin, Ciarán Ó Coigligh agus Cathal Ó hÁinle, chun léargas a thabhairt ar shaol intleachtúil agus cultúrtha an Phiarsaigh. Sílim áfach gurbh fhearr mar leabhar é dá ndéanfaí eagarthóireacht níos déine air. Cé gur suimiúil iontu féin aistí an Phiarsaigh sa Chlaidheamh Solais, ba leor sliochtanna astu agus faoin am go dtagann an léitheoir go dtí na haistí in An Macaomh braitheann sé go bhfuil go leor den eolas iontu tugtha cheana. Agus sin ráite is fiú go mór na drámaí a bheith ar fáil maraon leis an eolas atá bailithe ag na heagarthóirí ina dtaobh. Agus bíodh gur leabhar scolártha é seo a bheadh ina áis mhór d’aonduine a bheadh ag iarraidh eolas a chur ar an Phiarsach, ba mhaith liom a cheapadh go mbeadh cóip i ngach leabharlann scoile sa tír agus go dtabharfaí faoi chuid de na drámaí a chur ar stáitse arís.
Tagairtí
1. Tá mórchuid scríofa ag Ní Ghairbhí faoi shaothar Gaeilge an Phiarsaigh i leabhair agus san iris Comhar agus leabhar foilsithe ag Mc Nulty The Ulster Literary Theatre (Cork University Press 2008}.