I ndiaidh fiosrúchán a mhair trí mhí dhéag, chinn an tOmbudsman Eorpach P. Nikiforos Diamandouros ar an 31 Iúil 2013 gur chás drochriaracháin a bhí i dteip na Parlaiminte a láithreán gréasáin a chur ar fáil i nGaeilge. Is é ról an Ombudsman Eorpaigh drochriarachán in institiúidí an Aontais a nochtadh agus moltaí a dhéanamh d’fhonn deireadh a chur leis an drochriarachán sin.
Is cinneadh tromchúiseach é cinneadh drochriaracháin, agus is annamh go bhfaightear an Pharlaimint, a chruthaigh oifig an Ombudsman, freagrach as a leithéid. Go hiondúil, déanann an tOmbudsman gach iarracht teacht ar réiteach cairdiúil agus cinneadh drochriaracháin a sheachaint. Ach sa chás seo ní raibh an Pharlaimint le bogadh óna seasamh in aghaidh chothrom na Féinne don Ghaeilge ar a láithreán gréasáin.
Síneann cúlra an scéil seo siar go dtí 2006, nuair a bhí réiteach á dhéanamh do thionscnamh na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2007. Chonacthas dom go raibh institiúidí áirithe ag moilleadóireacht. D’ardaíos ceisteanna faoin dul chun cinn i ndoiciméid éagsúla a chuireas faoi bhráid na n-insititiúidí agus faoi bhráid an Rialtais abhus thar ceann Stádas. Bhí cruinnithe agam sa Bhruiséil le hoifigigh shinsearacha na n-institiúidí, Ard-Rúnaí na Parlaiminte ina measc, agus le Buanionadaíocht na hÉireann. D’áitigh mé go raibh dualgas ar na hinstitiúidí a láithreáin ghréasáin a chur ar fáil i nGaeilge, agus nárbh aon leithscéal é an maolú a bhí curtha i bhfeidhm. Bhí maolú le foclaíocht ar an dul céanna i bhfeidhm i gcás na Máltaise, agus bhí láithreán gréasáin ag na hinstitiúidí ar fad sa teanga sin.
Ar theacht na hathbhliana 2007, chuir an Chomhairle agus an Coimisiún a láithreáin ghréasáin ar fáil sna trí theanga nua – Bulgáiris, Gaeilge, agus Rómáinis. Chuir an Pharlaimint a láithreán ar fáil sa Bhulgáiris agus sa Rómáinis, ach shocraigh siad gan a láithreán a chur ar fáil i nGaeilge, agus gan fiú an Ghaeilge a lua ar liosta anuas na dteangacha oifigiúla. Agus is amhlaidh a bhí an scéal nuair a d’eisigh an tOmbudsman a chinneadh gur cás drochriaracháin a bhí ann – drochriarachán a mhair breis is sé bliana go leith, d’ainneoin iarrachtaí an phobail Ghaelaigh.
Chuireas an scéal faoi bhráid Fheisirí Éireannacha na Parlaiminte, agus an 14 Samhain 2011 líomhain triúr acu – Pat the Cope Ó Gallchóir, Gay Mitchell, agus Bairbre de Brún – ag suí iomlánach den Pharlaimint go raibh idirdhealú i gceist. Bliain níos déanaí, ní raibh aon dul chun cinn déanta. Tar éis dom litreacha cláraithe maidir le ceist an láithreáin a chur chuig Uachtaráin agus Ard-Rúnaí na Parlaiminte sa bhliain 2011 agus ag tús 2012, agus gan freagra, fiú admháil, a fháil uathu, shocraigh mé go gcuirfinn gearán faoi bhráid an Ombudsman, rud a rinne mé in Aibreán 2012. D’áitigh mé go raibh an Pharlaimint ag gníomhú ar mhodh idir-dhealaitheach, agus dá bharr sin go mídhleathach, toisc nár chuir sí a leathanach baile agus leathanaigh ábhartha eile ar fáil ar a láithreán gréasáin ar bhonn leordhóthanach agus comhréireach. Bhain an dá thréith dheireanacha sin le hidirdhealú ar bhonn teanga atá toirmiscthe faoin gCairt um Chearta Bunúsacha.
Chuir an tOmbudsman fiosrúchán ar bun, agus mar chéimeanna sa phróiseas sin bhí iarracht an Ombudsman teacht ar réiteach cairdiúil, seasamh tosaigh na Parlaiminte agus mo fhreagra air sin, doiciméad le ceisteanna ábhartha agus bealaí réitigh a chuir an tOmbudsman faoi bhráid na Parlaiminte, tuairim na Parlaiminte, agus mo bharúlacha ina leith sin. Sa deireadh thiar, d’aontaigh an tOmbudsman liom go raibh idirdhealú ann de bhrí nach raibh gníomhú na Parlaiminte comhréireach. ‘Mar a d’áitigh an gearánach,’ a scríobh an tOmbudsman, ‘níor cheart na hacmhainní uile atá ar fáil a chaitheamh chun 22 teanga oifigiúil a chur ar fáil ina n-iomláine agus faillí iomlán a dhéanamh in aon teanga oifigiúil amháin.’
Chuir an tOmbudsman an dréachtmholadh seo a leanas faoi bhráid na Parlaiminte agus d’iarr sé ar an institiúid tuairisc a chur chuige faoin 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le conas a cuireadh chun feidhme é:
Ba cheart don Pharlaimint, de réir a chéile agus de réir amchlár atá ar fáil go poiblí, úsáid leordhóthanach agus chomhréireach na Gaeilge ar a láithreán gréasáin a áirithiú. Mar íosmhéid, ba cheart don Pharlaimint a áirithiú go bhfuil aon rannáin ina dtugtar cuireadh don saoránach idirghníomhú leis an bParlaimint, ar fáil i nGaeilge.
Is dul chun cinn suntasach é seo maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Léiríonn an cás gur féidir le saoránach dul i ngleic trí phróiseas daonlathach le hinstitiúid Eorpach atá ag gníomhú go leatromach, agus bua a bhreith uirthi. Ach is sampla é freisin de na deacrachtaí atá fós ann de dheasca an mhaolaithe atá i bhfeidhm i leith na Gaeilge. Creidim gur féidir agus go mba chóir deireadh a chur leis an maolú sealadach sin ar an gcéad ionú eile, sé sin ón gcéad lá d’Eanáir 2017.