Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


- - An Straitéis 20 Bliain agus an Ghaeltacht - -

Níl aon amhras ná gur chuir gluaiseacht na Gaeilge agus pobal na teanga i gcoitinne na múrtha fáilte roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge nuair a foilsíodh í ar dtús in 2010. Bhí dóchas go hard, ní don chéad uair, go raibh an teanga curtha anois ar bhóthar a slánaithe. Fiú an ghéarchéim eacnamaíoch, níor bhain sí mórán den dóchas. Nach raibh an saol mór ag cur fáilte roimpi, lucht rialtais agus polaiteoirí Dála agus Seanaid, den uile chineál, ina measc!

Mar ba dhual dúinn ní rabhamar féin gan ár n-agúis. Ba é a bhí beartaithe don Ghaeilge sa státseirbhís, i bhfianaise an drochbhail ina raibh sí ansin, an ghné ba mheasa ar fad. Agus ag leanúint uaidh sin ní rabhamar sásta, ní hé chomh mór sin go raibh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i hfeighil comhordaithe agus cur i bhfeidhm na Straitéise, ach gur i bpáirt le coistí idir-rannacha a bhí sé sin le déanamh. An bhféadfaí a bheith muiníneach as dúthracht dreama a raibh oiread neamhairde léirithe acu maidir leis an teanga?

Bhí nithe eile i gceist, ar ndóigh: An Ghaeltacht, mar shampla, agus an bhéim a bhain le pleanáil agus pleananna teanga: ní Gaeltacht a bheadh ann feasta ach Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta, faoi mar nár ghnáthshaoránaigh iadsan a bhí ina gcónaí ann, nó go raibh siad ar a dtriail ar chuma éigin. Luamar ár n-imní faoin easpa daonnachta agus conas mar a ghlacfadh muintir na Gaeltachta le teoiriciúlacht agus acadúlacht, agus bhíomar imníoch freisin faoin laghdú stádais a bhí i gceist i gcás an Údaráis, go háirithe maidir le ceart an phobail a -ionadaithe féin a roghnú ar an mBord.

Pé olc maith iad, tá na hathruithe seo tar éis tarlú, agus anois tá Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn: 2010 – 2013 na Straitéise curtha i láthair ag Aire Stáit na Gaeltachta. Mura bhféadfaí a rá go bhfuil aon mhaolú déanta ar na hagúis a luaitear thuas de thoradh na tuarascála, tá an beart sin déanta. Go deimhin tá súil againn nach bhfíorófar oiread agus ceann amháin dár n-ábhair imní.

I gcás na Gaeltachta, go háirithe, ba mhaith linn ar an ócáid seo béim a leagann ar chuid de na nithe is mó a chabhraíonn le buanseasamh na teanga ansin, bíodh gur fada go leor díobh seanbhunaithe agus ina gcuid den ghnáthshaol sa Ghaeltacht faoin am seo. Tá na comharchumainn ag feidhmiú go fóill agus is maith ann iad. Is amhlaidh freisin i gcás na naíonraí agus i gcás na hóige i gcoitinne. Agus is breá linn a léamh sa uarascáil go bhfuil 19 n-oifigeach Gaeilge fostaithe ag coistí i gceantair éagsúla ar fud na tíre. Treise le gach uile dhuine díobh.

Feasta, Meán Fómhair 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo