Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


Smaointe Polaitíochta

An dteastaíonn uait go mbeadh Albain ina tír neamhspléach?
le Seán Ó Loingsigh


Ócáid mhór ar fad a bhíonn ann ag an dream ar a ngairtear an ardaicme, murab amhlaidh é ag an gcearc fhraoigh bhocht.

——◊——

Nach beag an tsuim a chuirtear anseo in Éirinn i gcúrsaí laethúla agus go háirithe i cúrsaí polaitíochta na hAlban, ’ainneoin a bhfuil de cheangail ó thaobh na staire idir an dá thír agus an dá mhuintir, gan trácht ar aon chor ar an dlúthnasc atá eadrainn ó thaobh na teanga a labhraíodh go coitianta sa dá thír ní i bhfad ó shin? Nach dhá ghéag den teanga chéanna atá i gceist go bunúsach. Tá sé ina nasc breise, ar ndóigh, go bhfuil an teanga shinseartha seo faoi mhórbhrú anseo agus thall.

Ach ní cúrsaí teanga atá i gceist againn an iarracht seo ach cúrsaí polaitíochta. Ba i 1999, gan mórán coinne leis, a fuair Albain a parlaimint féin tar éis trí chéad bliain a chaitheamh faoi riail dhíreach ón bparlaimint i Londain, ach ba lú fós an choinne a bhí leis go mbeadh an Scottish National Party, Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba sa seanteanga, i mbun rialtais ansin faoin bliain 2007. Is polaiteoir fíorhumasach é Alex Salmond atá anois i gceannas ar an SNP agus ina Chéad-Aire sa rialtas. Má shíl a chomhpholaiteoirí sa Bhreatain, sa Phairtí Caomhach agus i bPáirtí an Lucht Oibre, go háirithe, gur leathamadán a bhí ann, tá fios a halairt anois acu.

Tá éirithe thar barr le Alex Salmond go dtí seo, ach tá an dúshlán is mó ar fad roimis go fóill. Faoi cheann bliana reachtáilfear reifreann ina thír dhúchais agus is í an cheist a bheidh á cur ná: ‘An dteastaíonn uait go mbeadh Albain ina tír neamhspleách?’ Faoi láthair deir na pobalbhreitheanna gur freagra diúltach a bheidh i gceist, ach is cinnte nach féidir alamh slán a dhéanamh de gur mar sin a bheidh lá an reifrinn. Tá an bhearna ag laghdú, agus tá ag éirí go maith leis an tír faoin neamhspleáchas teoranta atá i gceist ann faoi láthair. Go deimhin is é an baol is mó do Salmond ná go ndéarfaidh go leor: ‘Táimid ag déanamh go maith mar atá, cén fáth dúinn dul sa tseans ar neamhspleáchas iomlán?’

Anois le déanaí tá casadh eile tagtha sa scéal seo, agus aisteach go leor is ar an taobh eile den teorainn i Sasana is mó a thosaigh sé. Tá cáil mhór ar an ‘Glorious 12th’ in Albain. Sin an dáta i lár Lúnasa a thosaíonn séasúr seilge sa tír sin, ach go háirithe foghlaeireacht na gcearc fraoigh. Ócáid mhór ar fad a bhíonn ann ag an dream ar a ngairtear an rdaicme, murab amhlaidh é ag an gcearc fhraoigh bhocht.

Ach ar chúis éigin i mbliana tharring an ócáid aird ar cheist úinéireacht na talún in Albain, bíodh gur fíor gur hunaigh an rialtas dream ar a dtugtar ‘The Scottish Land Reform Review Group’ in 2012 chun ceist seo na húinéareachta a iniúchadh. Pé ní, tá aird dírithe arís ar fhadhb a bhí ollasach leis na cianta. Tá, a deirtear linn, leath na hAlban i seilbh 432 úinéir. Is beag sólás do mhuintir na tíre sin gur sliocht na seantaoiseach dúchasach cuid mhór de na húinéirí seo, agus gur le slad agus le héigean agus le gorta a cuireadh as seilbh na daoine a shaothraigh an talamh leis na cianta, agus gur tharla sé sin le lántoil an ialtais i Londain.

Ní hé, is dócha, an oiread sin eolais atá againn sa tír seo ar an slad seo a tharla dár ndaoine muinteartha in Albain. Bhí gorta acu mar a bhí againn féin, agus níl amhras ná gur baineadh úsáid as ansin, mar a baineadh anseo, chun daoine a bhí ar an gcaolchuid a dhíbirt. Chualmar, gan amhras, faoi na ‘Clearances’, ‘Fuadach nan Gàidheal’ agus ‘Bliadhna nan Caorach’ mar a tugadh orthu sa teanga dhúchais. Is beag tuiscint atá againn i ndáiríre ar an uafás agus easpa daonnachta a bhí i gceist. Lean an bánú seo ó dheireadh na hochtú haoise déag isteach go lár an chéid ina dhiaidh sin. Seachas an Gorta Mór féin, a raibh an aigne chéanna ar a chúl, is ar éigean gur tharla aon ní chomh holc leis anseo.

Sa scéal seo deintear dearmad ar ghné thábhachtach den stair, agus an mhórhifríocht idir ar tharla anseo in Éirinn agus thall in lbain. Is in 1879 a bunaíodh Conradh na Talún i gCaisleán a’ Bharraigh agus daoine mór le rá mar Micheál Mac Daibhéid agus Parnell i gceannas air. Ní gan stró agus achrann, ach mar thoradh ar an gcorraíl agus gríosú a eagraíodh thar thréimse cúig bliana is fiche, a itheadh na hachtanna talún éagsúla rínar ceanníodh an chuid is mó de thalamh na hÉireann ó na tiarnaí talún.

Ba réabhlóid shóisialta a bhí curtha i gcrích, bíodh gur ‘talamh na hÉireann i seilbh mhuintir na hÉireann’ a bhí mar mhana ag an Daibhéideach: beag an baol gur tharla sé sin ná go dtarlóidh ach oiread. I ndeireadh na dála, níor tharla aon athrú den chineál céanna in Albain. Bíodh go raibh a eagan féin de Chonradh na Talún acu, ba ar scála i bhfad róbheag é chun go mbeadh aon toradh fónta air.

Is aisteach leis, ar ndóigh, go mbeadh oiread le rá i Sasana faoi cheist úinéireachta talún in Albain. Tar éis an tsaoil rithfeadh sé le duine réasúnta gur beag de dhifear idir an staid ina bhfuil cúrsaí seilbhe sa dá thír. B’fhéidir gur measa na cúrsaí sin i Sasana, fiú, sa mhéid nach í an uasaicme amháin atá i seilbh na réimsí talún ach baill den íochas féin, an Bhanríon féin agus a mac Prionsa na Breataine Bige san áireamh. Is é an difear is mó idir chóras ríochais na Breataine agus an córas mar atá i dtíortha eile san Eoraip ná an seilbh seo ar réimsí ollmhóra de halamh na tíre. Is léir, áfach, nach gcuireann sé as do mhuintir Shasana. pé ní faoi mhuintir na hAlban.

Tá, gan amhras, préamhacha ag an gceist seo i bhfad siar sa stair, siar amach go dtí Díscaoileadh na Mainisreacha le linn réimeas nraí VIII. Más é an íochas agus an uasicme is mó a bhí ina bhun, agus na manaigh agus an ghnáthhuintir is mó a bhí thíos leis, is saint agus sciobadh talún ar scála ollmhór a bhí mar thoradh air. Ní sa Bhreatain amháin a tharla an drochbair seo, agus is é an meon céanna a spreag impiriúlchas i gcoitinne, pé áit ar domhan a tharla sé sin.

Mar a dúradh, is aisteach go bhfuil an cheist seo tagtha chun cinn anois arís i Sasana, go háirithe nuair atá an eifreann seo ag tarlú in Albain, agus gurb iad is dóichí a thiocfaidh i dtír air ná Alex Salmond agus a Pháirtí Náisiúnta. Céard é ár ndearcadh anseo in Éirinn? Céard é dearcadh an rialtais, mar ní dócha gur ábhar é ina bhfuil an oiread sin suime ag an ngnáthhaoránach. Dá bhféadfaí, ó thaobh na staire, a bheith ag súil go mbeadh an ialtas anseo i bhfábhar Salmond agus an neamhspleáchais, is féidir nach mhlaidh a bheidh ar aon chor.

Is féidir leis gur mó is suim leis an ialtas pé tionchar a bheidh ag an toradh ar ár mballraíocht san Aontas Eorpach. Féach go ndúirt ucinda Creighton, sular éirigh sí as a post mar aire stáit, go gcaithfeadh lbain neamhspleách iarratas a dhéanamh athuair, dá mbeadh uathu leanúint lena mballraíocht san Aontas. Ní raibh aon díocas mór le brath sa ráiteas sin.

Cad é an dearcadh i dTuaisceart ireann? Níor dheacair a thuar, b’fhéidir, go mbeadh Náisiúnaithe ina fhábhar agus Aontachtaithe ina aghaidh. I bhfianaise na staire agus ceangail stairiúla ag an dá thaobh le hAlbain, an mbeidh ról nó páirt acu sa reifreann seo, nó an mbeadh aon fháilte roimh a leithéid? Is beag a chualathas go dtí seo agus is féidir gur mar sin a leanfaidh sé. Agus an mbeidh baint ag cúrsaí teanga leis an scéal, pé an Béarla nó Gaeilge, Gáidhlig nó Ultais, mar a ghlaotar anois ar an teanga sin, a bheidh i gceist? ——◊—— Bhí díospóireacht spéisiúil, nó argóint mar ba chruinne a rá, ar siúl le déanaí ina raibh Mícheál Mac Dúbhghaill agus Fintan O’Toole – cé eile! – páirteach, maraon le Stephen Collins, arís ón Irish Times, agus scríbhneoir eagarfhocal an Sunday Business Post. Bhí O’Toole ag rá go raibh teipithe ar an Stát seo againne agus ar thrí phríomhghéaga rialacháin an stáit, an pharlaimint, an córas riaracháin, agus an bhreithiúnacht. Bhí an dream eile go láidir ina aghaidh agus iad ag rá go raibh sé ag dul thar fóir. Níor mhiste an argóint ar aon chuma.

Is dócha go mbraitear go raibh go leor geallta ag an rialtas roimh an toghchán, agus gur beag a atá déanta i ndáiríre seachas an reifreann seo atá glaoite faoin Seanad. Féach nach n-aontaíonn gach duine leis sin ach oiread. B’fhéidir go mbeadh an reifreann céanna suimiúil. Feasta, Meán Fómhair 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais