Céard é seo?

An t-eagrán is déanaí

Cartlann

Comórtas

Ordú

Teagmháil

Cóipcheart

Údar-lann

Naisc


An Seomra



le Mícheál Ó hUanacháin




——◊——
Seomra folamh atá ann.
Ní hea, ní shin é. Ní hé sin é in aon chor.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann.
Tá sin i bhfad níos fearr. Ní ceadmhach dul thar an bhfianaise a chuirtear os do chomhair. Breathnaím níos grinne ar an bhfíor i lár an pháipéir.
Fíor, plean, líníocht dhá-thoiseach de thógáil trí-thoiseach; línte díreacha.
Leanaim orm ag scríobh.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná—
Briseann bior ar cheann den dá pheann luaidhe atá agam. Tá sé sin ag tarlú ó thosaigh mé. Tógaim amach an bearrthóir. Cuirim bior arís air. Breathnaím arís ar an bpáipéar ar a bhfuilim ag scríobh. Tá an donas ar mo chuid peannaireachta inniu. Agus de réir dealraimh ní mór dom a bhfuil á scríobh agam a chur in áit téacs éigin eile atá ann cheana.
Déanaim iarracht an sean-téacs a scrios leis an rubar atá scaití i mo láimh agus uaireanta eile ar fhoirceann pinn luaidhe. Tá an scríbhinn fós ar an bpár.
Glanaim an luaidhe a scaipeadh nuair a bhris an bior. Nuair a thosaím ag scríobh arís, téann an sean-téacs as radharc, ar nós pailmseist uath-oibritheach.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná fiche troigh agus nach mó í ná daichead troigh. Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde.
Táim ag déanamh scrúdú. Ailtireacht agus dhá ábhar eile is cuimhin liom bheith romham, cé nach cuimhin liom cad iad na hábhair eile.
Tá an cheist seo agus dhá cheist lena cois le déanamh agam sa pháipéar seo. Ní fhaca mé an dá cheist eile go fóill, cé go bhfuil mé anseo le tamall. Níl a fhios agam fiú an ar ailtireacht nó ar na hábhair eile atá siad.
Scrúdú dhá uair a chloig atá ann. Bhí mé mall dó. Cheadaigh an scrúdaitheoir, nó an Cigire mar is fearr liom smaoineamh air, go dtosóinn air mar sin féin. Tá sé anois dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.
Ní fheicim éinne eile ag déanamh an scrúdú. Táim suite ag crinlín den sean-déanamh, le hais meall eile in aice mo láimhe deise, a bhfuil cosúlacht leapa móire milltí air, agus arb as a thagann guth an Chigire de ghnáth.
Éirím ón gcrinlín agus téim i dtreo an tseomra.
Haidh! arsa guth an Chigire, Cá bhfuil tusa ag dul?
Táim ag dul isteach sa seomra, a deirim. Deir sé sa pháipéar go bhfuil cead é sin a dhéanamh.
Ní abraíonn an Cigire aon rud eile, agus téim ar aghaidh.
Nuair a táim istigh i lár an tseomra, tugaim faoi deara go bhfuil sé go maith laistigh den raon toisí a bhí scríofa síos agam. Mar sin féin tá sé mór, agus tá an-chuid gnéithe éagsúla ag baint leis. Fós féin, níl aon eolas agam faoina airde.
B’fhéidir nach bhfuilim i dteideal a leithéid. B’fhéidir nach ann dó. B’fhéidir nach bhfuil ann ach an fhíor bheith dhá-thoiseach. Leasaím agus leanaim liom.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí balla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach nach lú faid na bhfallaí ná 6.50m (ca. 20’) agus nach mó í ná 12m (ca, 40’). Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde.
Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiar-thuaidh, ag síneadh nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh.
Ní fios dom conas a tuigtear dom gur ‘falla thiar-thuaidh’ nó ‘cúinne ó thuaidh’ atá i gceist. An bhfuilim ag brath ar choinbhinsean a deir – mara bhfuil fios a mhalairt leagtha síos – go bhfuil ‘ó thuaidh’ ag barr an leathanaigh?
Ní fiú an coinbhinsean a shárú: ar mhaithe le cad é?

Tá Christy taobh thiar den chuntar ag sméideadh orm, a láimh ar hanla an tarraic phórtair.
Cé mhéid, a dhuine? ar seisean. Is é an scairt deireanach é.
Smaoiním tamaillín.
Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.
Mar sin féin,
‘Péire,’ a deirim.
‘Le do thoil,’ nuair a thagann fios mo bhéasa chugam.
‘Ní hea, ach trí cinn,’ a deirim tar éis meandair, ag smaoineamh dom gur fada an lá atá romham.
Gáireann Christy, agus ardaíonn sé trí ghloine pionta i gceann de na spága láimhe sin aige. Tabharfaidh Peadar chugam ar ball iad, ceann ar cheann.
Ní luaitear íocaíocht.
In áit éigin eile, tá scata cailíní ag súgradh sa ghaineamh cois na farraige.
Ar a laghad triúr acu atá ann. Tá daoine eile ar an trá, agus cuid eile fós san uisce.
Meabhraíonn duine de na girsigh dom an pictiúr a bhíodh sa seomra suí – a huilneacha i ngaineamh na ndumhcha, a smig ina lámha, an meangadh gáire.
Tiontaím agus breathnaím ar an dara falla sa bhfíor.
Tá mionsonraí breise le feiceáil anois agam – rudaí gur deacair a shamhlú go dtiocfadh liom iad a thabhairt faoi deara as líníocht dhá-thoise dá shórt.
Breacaim síos iad, chomh neamhbhalbh agus is féidir liom.
Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiar-thuaidh, ag síneadh nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh.
Níl oscailt ar bith sa bhfalla thoir-thuaidh, agus samhlaítear falla páirte leis, cé – ag a cheann thoir nach mór – gur cosúil sconsa a bheith ann, rud nach mbeadh ag teacht le cineál falla páirte.
Ansin, siúlaim i dtreo an chúinne. Ceart go leor, tá sconsa ann, agus tá mo bhuille-faoi-thuairim maidir le falla páirte fíoraithe. Ní mór é sin a leasú ar ball.
Ach conas a thig liom bheith ag breathnú síos air, agus bheith istigh ann ag an am céanna?
Glacaim an peann luaidhe eile, a bhfuil a bhior-sin briste anois, agus a bhfuil an rubar anois ar a fhoircheann eile, chun an méid nach dtig liom bheith cinnte de a scriosadh ón téacs.
De réir mar a dhéanaim sin, tá an sean-téacs ag teacht i radharc arís.
Fágaim an chuid sin den fhadhb gan réiteach, agus breathnaím arís ar an bhfíor.

Fan an fhalla a bhfuil ‘thoir-theas’ baiste agam air, tá sraith ceithre chupard, nó seomraí beaga, ag gearradh isteach sa phríomh-sheomra. Siúlaim ina dtreo.
Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Idir sin agus cúinne thoir an phríomh-sheomra tá fuinneog bheag shalach a bhfuil giobal de chuirtín ag titim di.
Osclaím an doras. Tá leaba mhór istigh, ar a bhfuil Christy agus an Cigire ina suí, agus cartaí imeartha ina lámha beirt.
Tá crinlín beag, ar a bhfuil páipéirí ina luí, le hais na leapa in aice an dorais.
Iompaíonn an dís i mo threo agus bagraíonn orm bailiú liom.
Bailím liom.
Tá uachtar reoite ag na cailíní, agus luíonn siad ar an bhféar os cionn na trá á lí. Tá an t-uisce mara ag triomú ar a gcraicne faoin ngréin.
Tar éis tamaill, iarrann an cailín ón seomra suí orm a cuid gruaige a chóiriú. Glacaim an scuab gruaige uaithi, agus tosaím á tarrac trína folt fada rua-dhonn.
Nuair atá an ghriain ag dul faoi, téann siad ar fad síos an bóthar ón trá i dtreo an bhaile.
Cloisim a ngáire ag imeacht uaim in uaigneas an tráthnóna.
Tá na trí piontaí fós le críochnú agam.
Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.
Tá cúpla rud eile a bhfuil fonn orm iad a bhreacadh síos, ach ní léir dom go bhfuil siad ag teacht go hiomlán le rialacha an taisc.
An bhfuil na rialacha curtha ar fáil? Bhfuil siad i scríbhinn áit éigin? Ar chúl na líníochta, b’fhéidir?
Téann díom an páipéar d’ardú lena chúl a scrúdú.
Cuirim chun scríofa arís. Tig liom baint de ar ball más gá.
Níl oscailt ar bith sa bhfalla thoir-thuaidh, ach tá sconsa ag an gcúinne thoir.
Fan an fhalla thoir-theas, tá sraith ceithre chupard, nó seomraí beaga, ag gearradh isteach sa phríomh-sheomra.
Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Tá leaba istigh agus crinlín beag, ar a bhfuil páipéirí ina luí, lena ais. Idir an doras agus cúinne thoir an phríomh-sheomra tá fuinneog bheag a bhfuil sean-chuirtín crochta thairsti.
Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre chupard, nó seomraí, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu.
B’fhéidir gur cóir dom malairt cur síos a dhéanamh ar na rudaí sin a tharla gan aon eolas cruinn agam ina dtaobh.
Níl a fhios agam ach gur brící tógtha i bhfoirm dhronuilleogach le hais an fhalla iad.
Táim díreach ar tí scrúdú a dhéanamh ar an gceathrú falla nuair a réabtar isteach an fhuinneog mhór sa chéad cheann.
Léimeann beirt pháistí isteach tríd. Leanaí ó cheart iad ach iad mór groí, buachaill agus cailín, agus iad ag scairteadh is ag béiceach faoi scuab a mamaí.
Míním dóibh gur aici féin atá an scuab, ach níl maith bheith leo.
Éiríonn liom an cailín a bhrú amach tríd an bhfuinneog arís, ach seasann an buachaill sa bhearna, cos i dtaca aige agus a dhá láimh i ngreim chomhlaí na fuinneoige móire sin.

Nuair a bhreathnaím thar a ghualainn, chím slua thíos sa chearnóg (ar luaigh mé an chearnóg? Is cosúil nár luaigh, ach ní bhaineann sé leis an seomra féin, ar chuma ar bith).
Tá an slua i bhfeirg, agus an cailín (cailín an tseomra suí, arís) á ngríosadh.
Tugaim iarracht neamhshuim a dhéanamh dá bhfuil ar siúl lasmuigh, fiú den ghasúr sa bhfuinneog.
Siúlaim timpeall uair amháin eile. Ní fheicim morán sa bhreis go dtig liom braith air mar chur síos.
Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre dhronuilleog, más dronuilleoga iad, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu.
Sa cheathrú falla, tá dhá sconsa áirseacha, agus doras eatarthu. Ar sheastáin sna sconsaí, tá dealbh an ceann, de dhéanamh clasaiceach nó nua-chlasaiceach. Níl aon sonrú ar cheachtar acu.
Tá an doras faoi ghlas. Nuair a bhuailim an dara huair air, osclaíonn Christy é.
Siúlaim amach tríd an doras agus ar ais chuig an deasc. Tá na trí piontaí ina seasamh ann.
Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag, agus níl ach an méid sin déanta agam.
Scrúdú ailtireachta agus dhá ábhar eile atá ar bun agam, cé nach cuimhin liom cad iad na hábhair eile.
Tá an cheist seo agus dhá cheist ina diaidh le déanamh agam sa pháipéar seo. Ní fhaca mé an dá cheist eile go fóill, cé go bhfuil mé anseo le tamall.
I dtobainne, briseann bior ar cheann de mo dhá pheann luaidhe. Tá sé sin ag tarlú ó thosaigh mé. Tógaim amach an bearrthóir. Cuirim bior arís air agus breathnaím arís ar an bpáipéar ar a bhfuilim ag scríobh.
Tá an-chuid tar éis sleamhnú isteach san insint nach bhféadfadh éinne braith air ó na línte fuara ar an bpáipéar a bhfuil an líníocht lom breactha air.
Déanaim roinnt mhaith athruithe beaga, rudaí á mbaint amach as agus forálacha á gcur isteach.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann. Níl aon scála ar an bhfíor, ach de réir thoisí na n-oscailtí falla, ar cosúil iad le doirse nó áirsí nó fuinneoga, agus é sin a chur i gcomparáid leis an chuid eile, is dealraitheach go bhfuil faid na bhfallaí idir 6.50m (ca. 20’) agus 12m (ca, 40’). Ní thugtar eolas ar bith sa bhfíor faoina airde.
Tá fuinneog fhada sa bhfalla thiar-thuaidh, ar cosúil go síneann sé nach mór go dtí an cúinne ó thuaidh.
Ní cosúil oscailt ar bith bheith sa bhfalla thoir-thuaidh, ach tá sconsa ag an cúinne thoir ann.
Fan an fhalla thoir-theas, tá ceithre dhronuilleog de dhéantús cosúil le brící gearrtha isteach sa phríomh-sheomra.
Tá doras ar an gcéad cheann, sa bhfalla thoir-thuaidh aige. Tá leaba istigh, agus rud is cosúil le crinlín beag lena ais. Idir doras agus cúinne thoir an phríomh-sheomra tá fuinneog a bhfuil cuirtín crochta thairsti.
Ní cosúil aon doras a bheith ar aon cheann eile de na ceithre spásanna dronuilleogacha, agus dá réir sin ní féidir aon tuairim a lua faoina gcineál nó faoina bhfuil iontu.
Sa cheathrú falla, tá dhá sconsa áirseacha, agus doras eatarthu. Ar sheastáin sna sconsaí, tá dealbh an ceann. Níl aon sonrú ar cheachtar acu.
Cuirim breis leis. Feictear dom dá mhéid dá scríobhaim gur i laghad atá an seomra ag dul.
Tá buachaill ina sheasamh sa bhfuinneog mhór sa chéad fhalla, agus cailín ar a chúl. Léiríonn siad sin scála an tseomra. Cuireann scála an tseomra méid an fhoirgnimh ar cuid de é in iúl dúinn.
Ní hea, ní hé sin é. Tá sé sin ag dul ó smacht ar fad, an treo contrártha ar fad ar fad.
Tá gártha Christy agus an Chigire fós i mo cheann.
Tá na cailíní eile ag scig-gháire faoi ghirseach an tseomra suí. Tá uachtar reoite anois ag cuid acu.
Tá an bheirt pháiste ar ais sa bhfuinneog. Cloisim an slua ag búirthíl sa chearnóg ar a gcúl.
Táim ag iarraidh scríobh le scuab gruaige. De réir mar a dhéanaim, tá an sean-téacs ag teacht i radharc arís.
Tá sé fós dhá nóiméad tar éis a dó dhéag. Tosaím uair amháin eile.
Seomra atá nach mór cearnógach is cosúil a bheith ann. Ní léir aon rud bheith istigh ann.
Ní hé sin é in aon chor.
Seomra folamh atá ann.

Feasta, Meitheamh 2013

Abhaile | barr | clár na míosa seo | ar ais