Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
‘Seáinín Smaoiseach’:
Súil Eile nó Súilibh an Chait?
‘They cannot represent themselves, they must be represented.’ — Karl Marx
Caitheann Muiris Ó Meara súil an tsaoi ar YouTube mar a raibh an mhír
Seáinín Smaoiseach Páipéir Shasana (agus go leor eile) ar fáil ag
http://www.youtube.com/watch?v=qrjLK250lwg
‘Intleachtóir orgánach’ is ea Seáinín Smaoiseach faoi mar a shainigh Antonio Gramsci an téarma úd (féach Gramsci 1971). ‘Intleachtóir orgánach’ is ea gach file pobail, leis, dar liom, agus san alt seo áiteofar go bhfeidhmíonn Seáinín Smaoiseach mar fhile pobail iar-nua-aoiseach. Ealaíontóir iar-nua-aoiseach is ea Seáinín agus is féidir linn cur chuige agus ealaíontacht Sheáinín ar YouTube a shamhlú le healaín réamhdhéanta Marcel Duchamps, ealaín a bhí iar-nua-aoiseach avant la lettre, ar ndóigh.
Áitíonn Lauri Honko (1991:43) go mbíonn ‘second life’ ag an mbéaloideas nuair a bhaintear feidhm as ábhar béaloideasúil i gcomhthéacs atá difriúil ar fad óna chomhthéacs bunaidh cultúrtha. San alt seo, saineofar obair Sheáinín de réir analaí le tuiscint Honko agus samhlófar ‘second life’ an fhile phobail le saothar Sheáinín ar YouTube. B’fhéidir go mbainfidh a bhfuil ráite agam anseo siar as ligeadóirí agus casadóirí an chultúir thraidisiúnta toisc go bhfuil saothar Sheáinín Smaoiseach, dar leo, b’fhéidir, ‘...truaillithe ag cultúr an Bhéarla, ag cultúr na Galltachta [agus] ... ag ollchultúr na cruinne’ (Ó Cadhla 2011:226). Tá an ceart ar fad ag Lillis Ó Laoire (1999:90), áfach, nuair a deir sé go ‘...[m]bíonn cultúr beo beag beann ar chúrsaí íonghlaineachta’. Baineann saothar uile Sheáinín le cultúr beo na Gaeltachta comhaimseartha seachas le piúratánachas samhalta an léinn chanónta, más ea.
Is é an greann an ghné is suaithinsí de chur chuige frith-heigeamaineach Sheáinín, agus san alt seo díreofar ar mhír amháin dá chuid go príomha, mar atá, ‘Páipéir Shasana”‘.1, Samhlófar tábhacht an ghrinn sa mhír seo leis an nóisean a dtugann Mikhail Bakhtin greann ‘carnabhalach’ air. Ó thús deireadh na míre seo, cuireann an greann frith-heigeamaineach seo i gcoinne an údaráis a shamhlaítear leis an mana a cheap Pádhraic Ó Ciardha do TG4, mar atá, ‘Súil Eile’. Dá áitithí an mana é, léiríonn an mhír ‘Páipéir Shasana’ nach bhfuil sé go huile is go hiomlán fíor ag leibhéal na heipistéimeolaíochta, áfach.
Is féidir linn an rud a dtugann J. L. Austin ‘urlabhra thaibhitheach’ (performative utterance) air a shamhlú le mana TG4. Nuair a bhíonn urlabhra thaibhitheach i gceist, ní úsáidtear an tslat tomhais, fíor nó bréagach mar baineann an tslat tomhais eipistéimeolaíoch úd leis an rud a dtugann Austin ‘constative utterance’ air (féach Eagleton 1979). Áitíonn Terry Eagleton (1979:19) go mbaineann an urlabhra thaibhitheach le ‘... the class of speech acts which get something done (... persuading... and so on) rather than to the discourse of description’. Urlabhra thaibhitheach is ea an mana ‘Súil Eile’, leis, agus feidhmíonn sé ag leibhéal na reitrice áitithí. Ní bhaineann an nóisean ‘fírinne’ leis an ‘Súil Eile’ seo, más ea, siúd is go n-áitíonn an chiall choiteann heigeamaineach orainn go léiríonn an ‘tSúil Eile’ fírinne na Gaeltachta.
Tugann Antonio Gramsci ‘ciall choiteann’ ar na tuiscintí uile atá i dtreis agus a nglactar leo go neamhcheistitheach sa tsochaí ag aon am ar leith. Feidhmíonn an ‘tSúil Eile’ amhail ciall choiteann Gramsci, leis, agus is mar intleachtóir orgánach a chuireann Seáinín i gcoinne na tuisceana heigeamanaí seo. Cur chuige radacach a shainíonn ‘Páipéir Shasana’, cur chuige a éilíonn bheith istigh don íochtarán Gaeltachta i ndioscúrsa TG4, agus a chuireann i gcoinne an údaráis ex cathedra a shamhlaítear coitianta leis an ‘Súil Eile’. Uirlis fhrith-heigeamaineach is ea an greann sa mhír seo a thugann cead cainte don íochtarán Gaeltachta i dtéarmaí a phollann srianta dioscúrsúla an ‘Súil Eile’. Mar bharr ar sin, gníomh radacach is ea an gáire a ghineann an mhír seo don lucht féachana, mar bréagnaíonn sé an t-údarás ortadocsach a shamhlaítear leis an ‘Súil Eile’. Míníonn Shanti Elliot (1999:129) tábhacht an ghrinn charnabhalaigh mar a leanas:
In carnival, laughter and excess push aside the seriousness and the hierarchies of ‘official’ life. Carnival shakes up the authoritative version of language and values, making room for a multiplicity of voices and meanings.
Sa mhír ‘Páipéir Shasana’, deintear malartú agus inbheartú ar an ngnáthinsint nuachta a sholáthraíonn TG4, d’fhonn cead cainte a thabhairt don íochtarán Gaeltachta a bhíonn folaithe nó balbh go minic i ndioscúrsa a dtugaim ‘an tSúil Eile Oifigiúil’ air. Nuair a úsáidim an focal ‘dioscúrsa’ anseo, is ag tagairt don nasc ceachtartha a shamhlaigh Michel Foucault idir ‘cumhacht’ agus ‘eolas’ atáim (féach Foucault 1972, 1977). Táirgeann an ‘tSúil Eile’ eolas i dtaca leis an nGaeltacht agus bailíonn cumhacht institiúideach TG4 údarás an eolais sin. Ortadocsacht (-Gréigis orthos + doxa) is ea an ‘Súil Eile’ seo, mar áitíonn sí orainn go bhfuil an tuairim (doxa) a nochtann an ‘tSúil Eile’ ceart (orthos). Amhail aon dioscúrsa eile, áfach, bíonn prionsabal an eisiaimh i gceist leis an ‘Súil Eile Oifigiúil’ chomh maith, mar bíonn nithe áirithe a fhaigheann bheith istigh — orthodoxos — agus nithe eile a chodlaíonn lasmuigh de raon an ‘Súil Eile’ .i. na doxa ‘eile’.
Tá a mhacashamhail d’eisiamh dioscúrsúil aitheanta ag Máirín Nic Eoin (1982:111) i ngort na litríochta réigiúnaí nuair a deir sí: ‘...dá léireofaí saol na Gaeltachta nó muintir na Gaeltachta mar a bhí siad dáiríre, gheofaí leabhar nach mbeadh feiliúnach le foilsiú’. Mar thoradh ar na srianta dioscúrsúla réamhluaite, ní féidir leis an ‘Súil Eile’ léargas uileghabhálach a sholáthar dúinn ar an uile ghné de shaol iarbhír na Gaeltachta, toisc go bhfuil gnéithe áirithe den saol sin nach bhfuil ‘feiliúnach’ chomh maith. Is ag plé leis ‘an [g]cultúr gaelach’ atáimid san alt seo, más ea, ‘… an cultúr dúchasach a bhfuil cuid mhór de ó shúil de chionn gur tuigeadh go raibh sé truaillithe [agus neamhfheiliúnach, dá réir]’ (liomsa an bhéim) (Ó Cadhla 2011:226).
‘Can The Subaltern Speak?’
Is aiste chanónda i léann an iarchoilíneachais í an aiste ‘Can the Subaltern Speak?’ le Gayatri Spivak. Má ghlacann tú le tuairim an údair i leith na haiste seo, áfach, ní cathair mar a thuairisc í in aon chor. Creideann Spivak (2005) nach mbaineann an aiste s’aici le cúrsaí coilíneachais in aon chor, dáiríre, agus áitíonn sí go mbaineann an aiste le ceist eile ar fad: ‘It is about agency: institutionally validated action’2, (Spivak: 2005:xxi). San aiste úd, áitíonn Carolyn Boyce Davies (1998:1009)
...[that] Spivak address[es] the way the ‘subaltern’ ... is already ... represented, spoken for or constructed as absent or silent or not listened to in a variety of discourses ... [The subaltern’s] ... speech is already represented as non-speech.
Labhrann ‘Súil Eile’ TG4 thar cheann an íochtaráin, leis, agus is minic a léiríonn an ‘Súil Eile’ an t-íochtarán Gaeltachta go pictiúrtha nó balbh, fiú. Sa chás seo, is é ‘non-speech’ an (neamh)urlabhra réamhcheaptha a shamhlaítear go huathoibríoch leis an íochtarán ar TG4. D’fhonn súilín ribe na neamhurlabhra a shárú go héiritheach, ní mór don íochtarán modh labhartha éifeachtach a aimsiú, ionas gur féidir leis cur i gcoinne na balbhántachta réamhcheaptha, agus feidhmiú mar ghníomhaí (agent) neamhspleách arís. Conas a thugann Seáinín faoin obair seo, más ea?
Ealaíontacht Sheáinín: Díghnáthú
Nuair a fhéachann lucht féachana TG4 ar an nuacht, bíonn coinne acu le scéalta nuachta dáiríre, agus murab ionann is Fox News, cuirim i gcás, is beag duine a shamhlódh gáire nó greann le nuacht TG4 de ghnáth. Thabharfadh Theodor Adorno (1954:226) ‘foirmlí’ ar mheon an lucht féachana sa chás seo, ‘… formulas which, to a certain degree, pre-establish the attitudinal pattern of the spectator before he is confronted with any specific content and which largely determine the way in which any specific content is being perceived’.
Soláthraíonn Seáinín Smaoiseach ‘nuacht eile’ ar fad dúinn sa mhír ‘Páipéir Shasana, nuacht a dheineann díghnáthú iomlán ar fhoirmlí réamhluaite Adorno. San aiste ‘Art as Technique’, mhínigh Victor Shlovsky an nóisean díghnáthú agus léiríonn Lee T. Lemon agus Marion J. Reis (1965:4) argóint Shlovsky go greanta mar a leanas:
… the habitual way of thinking is to make the unfamiliar as easily digestible as possible. Normally our perceptions are ‘automatic’... The purpose of art [for] ... Shlovsky, is to force us to notice. Since perception is usually too automatic, art develops a variety of techniques to impede [automatized] perception’.
Deineann Seáinín díghnáthú ealaíonta ar an ngnáthinsint nuachta sa mhír seo, díghnáthú a bhaineann siar as an lucht féachana ar an gcéad ásc, agus a thugann orthu dul i ngleic le hábhar na míre seo astu féin gan aon fhoirmle uathoibríoch réamhcheaptha.
Inbheartú Carnabhalach: Súil an ‘Eile’
Ina leabhar Orientalism, rianaigh Edward Said an próiseas dioscúrsúil inar deineadh Eiliú nó ‘Othering’ ar an Domhan Toir ón Eoraip. Samhlaíodh an Eoraip i gcomórtas leis an Domhan Toir a bhí mar ‘... [Europe’s] deepest and most recurring images of the Other … defin[ing] Europe … as its contrasting image’ (Said 1979:1). Is maith a thuig Seathrún Céitinn an próiseas seo i bhfad Éireann sular bhreac Said aon fhocal dá shaothar, agus bhréagnaigh sé na staraithe priompallánacha a bhí ‘… ag iarraidh lochta agus toibhéime a thabhairt do shean-Ghaill agus do Ghaeil’3, le steiritípeanna a shainigh iad mar ‘Eile’ an tSasanaigh.
Cuimsíonn an t-íomháineachas físiúil sa mhír ‘Páipéir Shasana’ na steiritípeanna a samhlaíodh leis an Éireannach i ndioscúrsa an choilíneachais, go háirithe an steiritíp fhoréigneach a samhlaíodh leis an Éireannach san iris Punch, abair, nó i scannánaíocht na Breataine sa chéad seo caite (féach Hill 1998). Deintear Eiliú nó ‘othering’ caolchúiseach ar mhana TG4 sa mhír seo, agus soláthraíonn Seáinín peirspictíocht inbheartaithe a dtugaim súil an ‘Eile’ uirthi. Cuirtear cliché-eanna físiúla os ár gcomhair sa mhír seo agus is i dtéarmaí an ‘Eile’ a léirítear muintir na Gaeltachta, mar dhea.
Tróp coitianta i ndioscúrsa an choilíneachais ab ea an tÉireannach foréigneach, ach bhain défhiús leis an tslí inar léiríodh an tÉireannach i gcónaí, agus ó aimsir Shakespeare i leith léiríodh an t-Éireannach go minic mar ghamal simplí saonta ar stáitse na Breataine. Samhlaítear foréigean le muintir na Gaeltachta sa mhír seo, ach cuimsíonn greann simplí neamhshofaisticiúil na míre seo — ‘Fágadh poll sa bhalla. Tá na Gardaí ag féachaint isteach ann’1 — cuimsíonn an greann sin an gamal Éireannnach go caolchúiseach, leis, más go hindíreach féin é. Ar ndóigh, cuma nó leitmóitíf é an greann simplí tíriúil sa bhfilíocht pobail trí chéile (féach Denvir 2010) rud a chuimsíonn, b’fhéidir, ‘the ambivalence of mimicry’ i mbéarlagar Homi Bhabha, mar is léir go bhfuil greann an fhile phobail ‘almost the same but not quiet’.
Má samhlaíodh foréigean leis an Éireannach sa dioscúrsa coilíneach, is minic a fhaighimid peirspictíocht chomhchosúil ón taobh istigh, mar tá litríocht agus béaloideas na Gaeltachta lán go barra bachall d’eachtraí foréigneacha. An scéal ‘Bullaí Mhártain’ cuirim i gcás, nó ‘Sochraid Neil Chonchubhair Dhuibh’ sa chnuasach céanna (féach Ní Chéileachair 1983). Nó an chéad scéal i mbailiúchán Éamon a’ Búrc, ‘Muintir na mBailteacha ag Troid le Chéile’ (féach Ó Ceannabháin & Mac Coisdeala 1983). An bhfuil an focal ‘foréigean’ oiriúnach sna cásanna seo, áfach, d’fhonn cur síos a dhéanamh ar litríocht na Gaeltachta nó an bhféadfaí an rud a dtugann Stiofán Ó Cadhla (2011:99) ‘… léamha claonta, iasachta nó míthuisceanacha’ orthu a chasadh liom anseo? Ní dóigh liom é, mar sa mhír seo ní inbheartú dénártha simplí atá ar bun ag Seáinín, ach códmheascadh radacach peirspictíochtaí. Soláthraítear éagsúlacht peirspictíochtaí défhiúsacha i dteannta a chéile tríd síos sa mhír seo d’fhonn an coibhneas dénártha— Súil vs. Súil Eile TG4 — a pholladh agus a dhíchonstráidiú. Ar deireadh, bristear an coibhneas dénártha seo agus tuigimid go bhfuil an t-íochtarán ag labhairt, mar is dual do ghuth an dúchais, ‘trí shúilibh an chait’.
Tá an focal ‘foréigean’ tábhachtach san alt seo, áfach. Áitíonn Slavoj Žižek (2008:2) gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir ‘foréigean suibiachtúil’ agus ‘foréigean oibiachtúil’. Míníonn sé an nóisean ‘foréigean suibiachtúil’ mar ‘… violence performed by a clearly identifiable agent [ & which] ... is seen as a perturbation of the ‘normal’ peaceful state of things.’ Is féidir linn an ‘foréigean suibiachtúil’ a aithint gan mórán dua sa mhír ‘Páipéir Shasana’. Chuige sin, áfach, ní mór don ‘fhoréigean oibiachtúil’ a bheith folaithe i gcónaí dar le Žižek, ‘objective violence is invisible since it sustains the very zero-level standard against which we perceive something as subjectively violent’. Is féidir linn an ‘foréigean oibiachtúil’ seo a shamhlú leis na srianta dioscúrsúla atá pléite agam cheana san alt seo. Sa chás seo, más ea, bíonn fadhb bhunúsach againn le léiriú ar bith a chímid ar TG4: ‘… The catch is that subjective and objective violence cannot be perceived from the same standpoint’ (ibid.).
Sa mhír ‘Páipéir Shasana’, réitíonn Seáinín fadhb Žižek mar diúltaíonn éagsúlacht peirspictíochtaí Sheáinín d’aon amharc-phointe nó d’aon ‘súil’ údarásach ar leith. Súile Eile a sholáthraíonn códmheascadh peirspictíochtaí Sheáinín, agus is féidir linn an cur chuige seo a shamhlú le peirspictíochas iar-nua-aoiseach Nietzsche-each. Áitíonn Friedrich Nietzsche:
[that] there is only a perspectival seeing, only a perspectival ‘knowing’; and the more affects we allow to speak about a matter, the more eyes, different eyes, we know how to bring to bear on one and the same matter, that much more complete will our ‘concept’ of this matter … be (liomsa an bhéim)
Bréagnaíonn peirspictíochas na ‘Súile eile’ údarás an ‘tSúil Eile’ go héiritheach sa chás seo, dar liom.
Can The Subaltern Speak?
Freagraíonn Seáinín Spivak!
Cé hé Seáinín Smaoiseach? N’fheadar, déanta na fírinne, agus is cuma, leis, ar shlí, siúd is go bhfuilim deimhnitheach go bhfuil aithne air i measc a phobail féin. B’fhearr go mór an cheist cad é Seáinín Smaoiseach a chur, dar liom, mar is féidir linn an rud a dtugann Louis de Paor (1998) ‘aghaidh fidil’ an scéalaí air a shamhlú le Seáinín Smaoiseach. Is féidir linn an aghaidh fidil seo a thuiscint de réir analaí le tuiscint Stiofáin Uí Chadhla (2011:100), nuair a deir sé go bhfeidhmíonn an ‘aghaidh fidil chun toil nó aigne aicm[e] áirithe a chur chun cinn’. Mar a chéile a fheidhmíonn Seáinín sa mhír seo d’fhonn toil, aigne agus ar deireadh, féiniúlacht an phobail logánta a mhúnlú is a dhaingniú i dtéarmaí tagartha a thuigfear laistigh dá phobal féin go háirithe.
Tá ceist na féiniúlachta lárnach sa mhír seo. Nuair a mhíníonn fear amháin go bhfuilid ‘ag briseadh fuinneogaí i ngeall is nach dtáinig na páipéir amach as Gaillimh arís. News of the World, níl fucking cliú ag muintir na háite céard tá ar an telly an chuid eile den tseachtain’ —bréagnaíonn fianaise an íochtaráin an t-údarás do-earráide a shamhlaíonn scoláirí saonta áirithe leis an leabhar Imagined Communities (Anderson 1991). Más taobh le nuachtáin Shasana atá muintir na Gaeltachta, agus iad sásta raic agus achrann a thógaint toisc nach bhfuil fáil ar an nuachtán úd, is áirithe nach bhfuil féiniúlacht an phobail Ghaeltachta ag teacht le hipitéis shamhalta Anderson. Feidhmíonn Seáinín amhail file pobail anseo d’fhonn féiniúlacht fhreasúrach an phobail logánta a mhúnlú i dtéarmaí tagartha atá préamhaithe i bhfianaise logánta na Gaeltachta. Ealaín Utile is ea í seo — i mbéarlagar Horáit — agus léirítear feidhm agus aidhm phragmatach na healaíne seo go greanta sna samplaí réamhluaite.
Soláthraíonn Seáinín freagra éifeachtach, áititheach, nó taibhitheach, fiú, ar cheist réamhluaite Spivak sa mhír seo, agus ar chuma aisteach éigin, tig linn a rá nach labhrann duine ar bith sa mhír seo, ar shlí, mar is trí mheán na bolgchainte a labhrann Seáinín thar cheann an uile dhuine ó thús deireadh. Sealbhaíonn Seáinín modh reacaireachta agus gothaí uile an tuairisceora nuair a chaitheann sé an aghaidh fidil. Deintear greamanna an tseabhaic d’údarás an tuairisceora láithreach, áfach, mar is léir nach bhfuil an troid agus achrann ag titim amach ar shráidbhaile na Ceathrún Rua in aon chor. Ceistítear bailíocht an ‘Súil Eile’ agus cuirtear i gcoinne údarás an tuairisceora i dteannta a chéile anseo, mar tá an ‘Súil Eile’ dall, dhealródh, agus níl dealramh ar bith le tráchtaireacht nó le scéal an tuairisceora.
Nuair a labhrann Seáinín trí mheán na bolgchainte, ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil inbheartú carnabhalach caolchúiseach i gceist anseo, leis. Conas a labhrann an t-íochtarán, más ea? Labhrann an t-íochtarán trí ghuth agus trí ghothaí an tuairisceora heigeamanaigh nó trí ghuth an uachtaráin. Nó lena chur ar shlí níos dúchasaí, b’fhéidir, labhrann an dúchasach trí shúilibh an chait. Nuair a labhrann ‘fear amháin‘ sa mhír seo — fear dí-ainm ar ndóigh — ag míniú canathaobh go bhfuilid ag briseadh fuinneogaí, is é Seáinín a labhrann dáiríre trí mheán na bolgchainte. Deirtear linn go bhfuil Seáinín Tomaí ‘dhá tannáil féin sa Spáinn’, ach ní labhrann Seáinín Tomaí in aon chor agus labhrann urlabhraí ar a shon. Critíc chaolchúiseach is ea na samplaí seo ar an sealbhú atá déanta ag an ‘Súil Eile’ ar ghuth an phobail logánta.
Nuair a chaitheann Seáinín an aghaidh fidil charnabhalach, iompaítear gnáthrialacha an phobail bun os cionn, agus mar a mhíníonn Peter Burke (1994:187) ‘… maskers … [are] allowed to insult individuals and criticise the authorities’. Siúd is go ndeintear scigaithris ar Mhaolra Mac Donncha tríd síos sa mhír seo, braithim féin gur tábhachtaí go mór fada an chritíc a dheineann Seáinín ar bhréagúdarás an ‘Súil Eile’, dáiríre, agus sa chás seo, is féidir linn obair Sheáinín a thuiscint de réir analaí leis an bhfeiniméan comhaimseartha plúchadh cultúrtha nó ‘cultural jamming’.
Rianaíonn an criticeoir Marc Dery (1990) fréamhacha na healaíne seo siar go dtí carnabhal na méan-aoiseanna. Áitíonn Naomi Klein (2000) i NO LOGO go bhfuil tábhacht ar leith leis na healaíontóirí radacacha seo, toisc go gcuireann siad i gcoinne na n-ollchomhlachtaí domhanda amhail Nike, Nestlé agus Coca Cola gona manaí áititheacha margaíochta. Tugann Dery (1990) ‘sceimhlitheoireacht shiombalach’ nó ‘shéimeolaíoch’ ar chur chuige freasúrach na n-ealaíontóirí seo agus deir sé ‘… cultural jamming on its most profound level is about remaking reality’.
Is maith a oireann an téarma seo do chur chuige Sheáinín Smaoiseach, leis, mar léiríonn Seáinín don lucht féachana gur cliché beagmhaitheasach is ea an mana áititheach, Súil Eile. Tá brí eile ar fad ag an bhfocal cliché, ar ndóigh, mar atá, claonchló. Mar is eol do chách, ní féidir le claonchló ar bith peirspictíocht iomlán a sholáthar dúinn riamh. Sa chiall seo, tá tábhacht ar leith le peirspictíochas freasúrach Sheáinín, mar cruthaíonn sé go caolchúiseach nach féidir leis an gcliché ‘Súil Eile’ cruinneshamhail na Gaeltachta a léiriú go huile is go hiomlán.
Ealaíontóir iar-nua-aoiseach is ea Seáinín Smaoiseach a bhfuil athmhúnlú radacach déanta aige ar fheidhm is ar aidhm an fhile phobail ina shaothar bunúil ceannródaíoch ar YouTube. Soláthraíonn Seáinín ealaín atá dírithe ar a phobal féin go príomha, iad siúd a thuigfidh na tagairtí logánta agus an greann go fuirist, agus a bhainfidh ábhar éigin níos mó pléisiúir as an saothar s’aige ná an lucht féachana i mBeirlín nó i mBostún, abair. Tá aidhm phragmatach ag saothar Sheáinín, leis .i. féiniúlacht an phobail logánta a mhúnlú i dtéarmaí tagartha na cosmhuintire.
Thar aon ní eile, áfach, tá tábhacht ar leith le saothar Sheáinín, toisc go léiríonn sé gur ealaín chosmapolatach agus logánta i dteannta a chéile is ea ealaín na Gaeltachta ar Youtube anois. Ealaín is ea í seo, chomh fada le mo thuairimse, atá chomh beoga bríomhar beathaitheach le rud ar bith a cheap Raifteirí agus na filí pobail eile trí chéile. Fágfaidh mé cloch phréacháin na haiste faoi James McCloskey (in Ó Cadhla 2011):
Táthar ag rá liom ó bhí mé aon bhliain déag go bhfuil an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge marbh. Ritheann sé liom gur bríomhar fuinniúil an marbhán í.
Tagairtí:
Adorno, T. (1954) How to Look at Television. The Quarterly of Film Radio and Television. 8 (3), 213-235.
Anderson, B. (1991) Imagined Communities: Reflections on the Origins and Spread of Nationalism. Verso, New York.
Bhabha, H. (1984) Mimicry and Man: The Ambivalence of Colonial Discourse. Discipleship. 28, 125-133.
Boyce Davies, C. (1998) Migratory Subjectivities. I Literary Theory: An Anthology (eag. Rivkin, J. & Ryan, M.). Blackwell, Malden MA, 996-1015.
Burke, P. (1994) Popular Culture in Early Modern Europe (dara heag.). Scholar, Aldershot.
Denvir, G. (2010) Sé an Saol an Máistir : Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán.
De Paor, (1998) Téacs Agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge (Ní Annracháin, M. & Nic Dhiarmada, B.). Cló Ollscoile Chorcaí, Corcaigh, 8-33.
Dery, M. (1990) The Merry Pranksters and the Art of the Hoax. The New York Times, December 23.
Eagleton, T. (1979) Ideology: An Introduction. Verson, London.
Elliot, S. (1999) Carnival and Dialogue in Bakhtin’s Poetics Of Folklore. Folklore Forum. 30 (1/2), 129-139.
Foucault, M. (1972) The Archaeology of Knowledge. Tavistock Publications, London.
Foucault, M. (1977) Discipline and Punish: The Birth of the Prison. Vintage Books, New York.
Gramsci, A. (1971) Selections from Prison Notebooks (eag. Hoare, Q. & Nowell Smith, G.). Lawrence and Wishart, London.
Hill, J. (1988) Images of Violence. I Cinema and Ireland (Rockett et al. eag.) Syracuse University Press, Syracuse, 147-193.
Honko, L. (1991) The Folklore Process. I Folklore Fellows’ Summer School Programme. FFSS, Turku.
Klein, N. (2000) No Logo : No Space, No Choice, No Jobs, Taking Aim at the Brand Bullies. Flamingo, London.
Lemon, L. T. & Reis, M. J. (eag.) (1965) Russian Formalist Criticism: Four Essays. University of Nebraska Press, Lincoln.
Ní Chéileachair, S. & Ó Céileachair, D. (1983) Bullaí Mhártain. Sairséal Ó Marcaigh, Baile Átha Cliath.
Nic Eoin, M. (1982) An Litríocht Réigiúnach. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath.
Ó Cadhla, S. (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000. Cló Iar-Chonnacht, Conamara.
Ó Ceannabháin, P. & Mac Coisdeala, L. (eag.) (1983) Éamon a’ Búrc: Scéalta. An Clóchomhar, Baile Átha Cliath.
Ó Laoire, L. (1999) Mara gClúdóinn mo Chluasa. I Léachtaí Cholm Cille XXIX: Foinn agus Fonnadóirí (Ó hUiginn eag.). An Sagart, Maigh Nuad, 67-109.
Said, E. (1979) Orientalism. Vintage Books, New York.
Spivak, G. (2005) Foreword: Upon Reading the Companion to Postcolonial Studies. I A Companion to Postcolonial Studies (Schwarz, H. & Ray, S. eag.). Blackwell Publishing, Oxford, xv-xxii.
Žižek, S. (2008) Violence. Picador, New York.
—◊—
1. Ar fáil: http://www.youtube.com/watch?v=qrjLK250lwg
2. Agency = an cumas gníomhaithe atá ag gníomhaí (agent) ar bith.
3. Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating). p.2 - 8, An Díonbhrollach. Ón úghdar gus an léaghthóir. Section 1, ag: http://www.ucc.ie/celt/online/G100054/text001.html
Feasta, Meitheamh 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|
ar ais
|