Céard é seo?
An t-eagrán is déanaí
Cartlann
Comórtas
Ordú
Teagmháil
Cóipcheart
Údar-lann
Naisc
|
Duais Cholmcille 2013
I mBéal na mBuillí
Ar an Domhnach, 5 Bealtaine, a d’fhógair an moltóir, Caoimhín Mac Giolla Léith, buaiteoirí Duais Cholmcille 2013 sa Leabharlann i dTeach na Páirce, Béal na mBuillí (Strokestown), Co. Ros Comáin. Ar Ghréagóir Ó Dúill, Baile Átha Cliath, a bronnadh an chéad duais de €2,000 ar a dhán dea-shnoite, ‘Boeing 707’, ag ócáid ag a raibh Enda Scahill agus Martin Howley, oirfidigh le We Banjo 3, ag seinnt.
Bhí an file Eiléan Ní Chuilleanáin i láthair agus dhein sí reacaireacht ar dhánta na bhfilí Gàidhlige ar an ngearrliosta, Peter MacKay, Dún Éideann, Albain, agus Lewis McKinnon, Nova Scotia. Léigh stiúrthóir na Féile, Martin Dyar, aistriúcháin i mBéarla orthu seo chomh maith. Bronnadh an dara duais ar Peter Mackay, as a dhán beacht gann-inste, ‘An Tubaist.’
I mbliana roinneadh an tríú duais idir Gabriel Rosenstock, Baile Átha Cliath, agus Maoilios Caimbeul, ón Oileán Sgitheanach, as an dán suaithinseach spraíúil ‘Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill’ agus an saothar ceisteach meitifisiceach ‘Samhla agus Mothachadh’ fá seach.
B’iad na filí eile ar an ngearrliosta ná Peadar Ó hUallaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí, agus Lewis McKinnon, Nova Scotia.
Clár comhpháirtíochta is ea Colmcille idir Foras na Gaeilge agus Bòrd na Gàidhlig, trína gcuirtear úsáid Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban chun cinn, in Éirinn agus in Albain agus idir an dá thír. Tuiscint ar thaithí agus ar chultúr ilghnéitheach phobail na Gaeilge agus na Gàidhlig a chothú an sprioc, agus plé a chothú ar chúrsaí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, d’fhonn féinmhuinín a spreagadh sna pobail seo. Deineann Colmcille urraíocht bhliantúil ar na duaiseanna Gaeilge/ Gàidhlige ag Strokestown International Poetry Festival.
Gréagóir Ó Dúill
Boeing 737
I ndíth ábhair léitheoireachta ar naoi míle méadar, léim arís in athuair
na cartúin ar chúl an taca chloiginn ag an phaisinéir os mo chomhair.
Súim gach brí as na pictiúir bheaga, greannán m’óige.
Is mise an laoch óg i saol seo Boeing agus Ryanair,
gruaig dhorcha, aghaidh gheal, geansaí glas, bríste gorm orm.
Tiocfaidh masc na hocsaoine anuas i dtráth
mar anáil Dé, má bhíonn gá leis. Ní ceart dom bacaint leis an leanbh
go mbíonn m’aghaidh fidil féin feistithe mar is ceart, mo scamháin féin ag líonadh.
Cuirfidh mé mo dhá uilleann ar mo ghlúine, mo lámha thart ar mo cheann,
beidh mé ok.
Is ceart dom déanamh ar an doras is cóngaraí, chun tosaigh nó ar gcúl
nó os cionn na sciathán agus éalú – ar acht nach bhfeicim bladhairí romham.
Beidh soilse beaga ann le cuidiú liomsa réalteolaí más ea nach bhfeicim puinn
agus barraíocht toite san chuid den eitleán ina bhfuilim ag lámhacán.
Siúlfaidh mé ar cheithre ghéag bealach na bó finne chun na sábháilteachta.
Beidh crios tarrthála orm, thuig mé an rang teagaisc faoina chur umam,
ach ní líonfaidh mé é go mbím taobh amuigh den doras,
ar eagla a stoptha amhail corc i mbuidéal.
Nuair a shínfear an sleamhnán, léimfidh mé is sleamhnóidh mé agus rithfidh mé
le mo sheal agus le m’anam. Nílim baineann, ní chrosaim mo dhá lámh ar mo ghlúine
ar eagla mo sciorta sleamhnú aníos faoim choim.
Beidh mé slán.
Peter MacKay
An Tubaist
’S e meadhan an earraich a th’ ann agus craobhan
Coille Chluanaidh fo sgàil, an grioman
air an làrag ’s a’ ghiuthas às an amharc on rathad,
ged a tha làn fhios agad gum bi e an sin,
a’ sgaoileadh a-mach gu slaodach air na stuic,
na geugan. Tha Loch Faschoille mar a bha e riamh,
air neo, co-dhiù, o chaidh damaichean a chur
air an Teimhil ’s a’ Gharadh. Tha am breac ann,
tuigidh mi, agus a’ ghead; san Ògmhios bidh a’ bhànag
a’ tilleadh agus am bradan, a’ sreap an àraidh
len toil dall, ann an achlais a chèile
nan ceudan.
Tha seo uile a’ ciallachadh cumhachd,
an t-uisge sa chùrsa chunbhalach rèidh
a’ brùthadh turbainean, a’ dràibheadh bheartan,
sruth a’ ruith tro ar stuth bunaiteach,
na h-ataman fhèin caochlaideach, a’ cur car,
a-rithist
’s a-rithist, ann an caochan de dhominothan
agus chàrnan.
Tha loidhne chàraichean a’ sìneadh mìle,
a dhà, a-nis mu chuairt nan cnoc: solais casgan-làimhe,
toitean, dòrsan fosgailte. Cuiridh sinn dheth ar rèidiothan,
gus nach cluinn sinn na tha fios againn a tha ann.
Nì ar corragan rat-a-tat air ar cuibhlichean-stiùiridh.
Foclóir
Tubaist - timpist - crash
Meadhan - meán
Fo sgàil - faoi scáth / scáil
Grioman - leicean - lichen
Làrag - learóg - larch
Giuthas - giúis
Rathad - bóthar
Stuic - stoic - trunks
Chaidh - chuaigh
Damaichean - dambaí
Gead - liús - pike
Bànag - bláthán - grilse
Áraidh - dréimire
A’ ciallachadh - ciallaíonn
A’ brùthadh - ag brú
Turbainean - tuirbíní
A’ dràibheadh - ag tiomáint
Stuth bunaiteach - ábhar bunaidh
Na h-ataman - na hadaimh
Caochlaideach - corraithe
A-rithist - arís
Loidhne - líne (carranna)
Mu chuairt - timpeall
Casgan - coscáin
Cuir dheth - cuir as
Rèidiothan - raidiónna
Feasta, Meitheamh 2013
Abhaile
|
barr
|
clár na míosa seo
|